19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 216/55


Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2023 – Bonami.CZ v EUIPO – Royal Print (bonami)

(Cás T-299/23)

(2023/C 216/72)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Bonami.CZ, a.s (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: M.-G. Marinescu, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SC Roval Print SRL (Galati, an Rómáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “bonami” sna dathanna buí, dearg, bándearg, corcra, gorm, glas dorcha agus glas éadrom – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 024 693

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2023 i gCás R 1292/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus diúltú go hiomlán don fhreasúra;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar cheanglais nós imeachta a bhaineann le bunús (ar líne) an fhreasúra;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.