3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/44 |
Caingean arna tabhairt an 17 Aibreán 2023 – Domingo Alonso Group v EUIPO – Ald Automotive agus Salvador Caetano Auto (my CARFLIX)
(Cás T-200/23)
(2023/C 235/58)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Domingo Alonso Group, SL (Las Palmas de Gran Canaria, an Spáinn) (ionadaí: J. García Domínguez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ald Automotive, SA (Majadahonda, an Spáinn), Salvador Caetano Auto (SGPS), SA (Vila Nova de Gaia, an Phortaingéil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánaigh an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta Domingo Alonso Group, SL agus páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc Salvador Caetano Auto (SGPS), SA
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha ‘my CARFLIX’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 124 505
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 2213/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus costais na caingne seo, chomh maith le costais na caingne os comhair an Chuigiú Bord de EUIPO, a fhorchur.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 60(1) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.