|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 223/31 |
Caingean arna tabhairt an 7 Aibreán 2023 – Ballmann v EDPB
(Cás T-183/23)
(2023/C 223/43)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lisa Ballmann (Innsbruck, an Ostair) (ionadaí: F. Mikolasch, Dlíodóir)
Cosantóir: An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (“EDPB”) an 7 Feabhra 2023 lena ndiúltaítear rochtain ag an iarratasóir ar an gcomhad a bhaineann le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó EDPB maidir leis an díospóid a chuir Údarás Maoirseachta na hÉireann maidir le Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhís Facebook (Airteagal 65 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (“RGCS”) (1)), de bhun Airteagal 41(2)(b) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní; agus |
|
— |
a ordú do EDPB costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear gur sháraigh EDPB Airteagal 41(2)(b) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”)
|
— |
Sháraigh EDPB Airteagal 41(2)(b) den Chairt nuair a dhiúltaigh sé d’iarratas an iarratasóra rochtain a fháil ar an gcomhad a bhaineann le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó EDPB ar na forais nach bhfuil na gearánaigh (an t-iarratasóir agus a hionadaí faoi Airteagal 80(1) RGCS an t-ionad neamhbhrabúis NOYB-European Center for Digital Rights) i dteideal ceart rochtana ar an gcomhad toisc nár dhócha go ndéanfadh Cinneadh Ceangailteach 3/2022 difear dóibh; |
|
— |
Seachas faoi Airteagal 41(2)(a) den Chairt, ní gné d’Airteagal 41(2)(b) den Chairt é “dochar” agus, dá bhrí sin, ní gá é a chomhlíonadh; |
|
— |
Lorgaíonn an t-iarratasóir rochtain ar “a comhad” faoi Airteagal 41(2)(b) den Chairt. Déileálann an cás go díreach lena gearán pearsanta faoi Airteagal 77 RGCS i gcoinne Meta ar a sonraí pearsanta. Tagraítear le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 don “ghearán” agus don “ghearánach” níos mó ná 160 uair. Is é tuairim EDPB féin i gCinneadh Ceangailteach 3/2022 go mbaineann an Dréacht-Chinneadh atá i gceist le “fiosrúchán bunaithe ar ghearán”, cé gur thaisc an t-iarratasóir an gearán. Tagraítear le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 don iarratasóir agus don ionad neamhbhrábúis NOYB – European Center for Digital Rights araon, a rinne ionadaíocht di faoi Airteagal 80(1) RGCS, mar “ghearánach”; |
|
— |
Is ceart neamhspleách é an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad d'Airteagal 41(2)(b). Le hAirteagal 41 den Chairt, déantar idirdhealú soiléir idir an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus an ceart chun éisteacht a fháil. Tá raon feidhme agus cuspóir na gceart seo difriúil. Is ceart cosantach den chuid is mó é an dara ceann. Ar an taobh eile, is gné den chomhionannas arm agus den cheart chun leigheas éifeachtach é an ceart rochtain a fháil ar an gcomhad. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais féin aghaidh ar an teidlíocht do gach ceann den dá cheart ar leith agus ní chuireann sí coinníoll maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad i ndáil leis an gceart chun éisteacht a fháil; |
|
— |
Fiú dá mbeadh “dochar” mar ghné d’Airteagal 41(2)(b) den Chairt (rud nach bhfuil) chomhlíonfaí an coinníoll seo, ós rud é:
|
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).