15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/41


Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2023 – VR v an Pharlaimint

(Cás T-171/23)

(2023/C 173/54)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: VR (ionadaithe: L. Levi and P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

agus dá bhrí sin,

cinneadh an 9 Meitheamh 2022 lena gcuirtear in iúl don iarratasóir go gcuirfí deireadh lena chonradh agus, a mhéid is gá, cinneadh an 20 Nollaig 2022 lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra i gcoinne chinneadh an 9 Meitheamh 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir an damáiste a d’fhulaing an t-iarratasóir a shlánú;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na forais leis an gcinneadh agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, go sonrach, an ceart chun éisteacht a fháil, an oibleagáid cúiseanna a lua, comhlíonadh cheanglas na neamhchlaontachta ar thaobh an riaracháin agus dualgas na dícheallachta.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim.