22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/65


Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 – Fritz Egger agus páirtithe eile v ECHA

(Cás T-163/23)

(2023/C 179/91)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Fritz Egger GmbH & Co. OG (St Johann in Tirol, an Ostair) agus seacht bpáirtí eile (ionadaí: M. Ahlhaus, Dlíodóir)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh a ghlac an cosantóir an 16 Nollaig 2022 agus a foilsíodh an 17 Eanáir 2023, a mhéid a áirítear mealaimín (“an tSubstaint” nó “mealaimín”) sa liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú mar Shubstaintí ar Ábhar Mór Imní iad (“SVHC”) i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (CE) 1907/2006 (“REACH”) (“Cinneadh a chonspóidtear”), a chur ar neamhní;

A ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear go sáraíodh, leis an gCinneadh a chonspóidtear, prionsabal an dea-chleachtais riaracháin. Imíonn an Cinneadh a chonspóidtear agus an bonn cirt leis sin le mealaimín a shainaithint mar SVHC de réir Airteagal 57(f) REACH ón treoir sheanbhunaithe. Mar gheall ar an imeacht sin, ní hamháin go bhfuil sé deacair an bonn eolaíoch sonrach a shainaithint don chonclúid gur féidir leibhéal coibhéiseach imní a shuíomh, ach ní chomhlíontar, leis an gcur chuige doiléir agus neamhréireach a cuireadh chun cinn sa Chinneadh a chonspóidtear agus an bonn cirt leis sin, na réamhriachtanais a chumhdaítear in Airteagal 57(f) REACH. Chuige sin, sáraítear, leis an gCinneadh a chonspóidtear, prionsabal an dea-riaracháin mar gheall ar neamhréireacht an iompair riaracháin taobh thiar de sin agus is sárú é ar ionchais dhlisteanacha na n-iarratasóirí maidir leis an nós imeachta, an measúnú bunúsach, agus an próiseas cinnteoireachta.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear gur theip ar an gcosantóir a thaispeáint, i gcomhréir leis na réamhriachtanais a chumhdaítear in Airteagal 57(f) REACH, go bhfuil mealaimín ina chúis le héifeachtaí tromchúiseacha dóchúla ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as a n-eascraíonn leibhéal coibhéiseach imní do na héifeachtaí a shainaithnítear in Airteagal 57(a) go (e) REACH ós rud é go bhfuil an Cinneadh a chonspóidtear bunaithe ar éifeachtaí nach n-eascraíonn as airíonna intreacha mealaimín agus nach mór, dá bhrí sin, neamhaird a thabhairt air sin i dtaca le mealaimín a shainaithint mar shubstaint ar ábhar mór imní é.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 57(f) REACH, a mhéid is go bhfuil an Cinneadh a chonspóidtear glactha ag an gcosantóir gan a thaispeáint, ar bhonn fianaise eolaíoch leordhóthanach, go bhféadfadh mealaimín éifeacht thromchúiseach dhóchúil a imirt ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol ar leibhéal coibhéiseach imní do shubstaintí a bhfuil airíonna guaise acu, dá dtagraítear in Airteagal 57(a) go (e) REACH, agus, dá bhrí sin, tá an Cinneadh a chonspóidtear bunaithe ar earráid shoiléir sa mheasúnú.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear go sáraítear, leis an gCinneadh a chonspóidtear, ceart na n-iarratasóirí éisteacht a fháil agus an ceart chun trácht a dhéanamh ar fhianaise nua arna cur faoi bhráid Choiste na mBallstát amháin. Líomhnaíonn na hiarratasóirí, go bunúsach, nár éisteadh iad maidir leis na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla go léir as ar glacadh an Cinneadh a chonspóidtear, agus gur léir go ndearna an cosantóir earráid agus fianaise nua chomhfhreagrach á breithniú aige.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena líomhnaítear gur sárú ar phrionsabal na comhréireachta é an Cinneadh a chonspóidtear chomh maith le sárú ar phrionsabail na hintuarthachta, cosaint ionchas dlisteanach agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid is go ndéantar mealaimín a shainaithint mar SVHC agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé faoi ghrinnscrúdú rialála, cé go meastar gur rogha oiriúnach é mealaimín do shubstaintí eile atá faoi réir bearta rialála níos déine faoi REACH cheana féin. Thairis sin, ní féidir a mheas gur beart iomchuí é mealaimín a shainaithint mar SVHC i ndáil leis an aidhm fhoriomlán a bhaineann le SVHC a shainaithint mar a dtacaíonn an cosantóir leis.