|
22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/62 |
Caingean arna tabhairt an 18 Márta 2023 – VK v an Coimisiún
(Cás T-148/23)
(2023/C 179/87)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: VK (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Na cinntí seo a leanas a chur ar neamhní:
|
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an dlí, sa mhéid nach gcomhlíonann forálacha ginearálta cur chun feidhme Airteagal 77(1) den Reacht na teorainneacha atá leagtha síos san airteagal sin. Ardaíonn an t-iarratasóir saincheist mhalartach maidir le neamhdhleathacht faoi Airteagal 277 CFAE i gcoinne na bhforálacha cur chun feidhme sin ar an bhforas go bhfuil sé contrártha leis an reachtaíocht uachtarach. |
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí i léiriú choincheap force majeure agus forálacha airgeadais, a mhéid nach riail léirmhínithe ar an dlí é coincheap force majeure, ach gné a oibríonn go seachtrach, lena gcoisctear cur i bhfeidhm forálacha áirithe maidir le feidhmiú cirt a fhorghéilleadh. |