17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/24


Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2023 – VA v an Coimisiún

(Cás T-123/23)

(2023/C 134/32)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: VA (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh PMO an 11 Bealtaine 2022 lena gcuirtear deireadh le ceart an iarratasóra liúntais linbh chleithiúnaigh agus liúntais oideachais a fháil, ón 1 Iúil 2021, agus ar an gcaoi sin, lena gcuirtear deireadh leis an laghdú cánach a bhaineann leis an liúntas linbh chleithiúnaigh, a chur ar neamhní;

Cinneadh PMO.1 an 13 Meitheamh 2022 lena bhfógraítear aisghabháil EUR 3 500 de bhun Airteagal 85 de na Rialacháin Foirne a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh EUR 2 441,84 a íoc leis an iarratasóir;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean in aghaidh Chinneadh an 11 Bealtaine 2022, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gcoincheap de leanbh cleithiúnach agus ar an gcoincheap de thinreamh scoile lena dtugtar teidlíocht don iarratasóir liúntais oideachais agus liúntais linbh chleithiúnaigh a fháil go dtí deireadh na scoilbhliana.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear cóir mhíchothrom arna déanamh ag an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) idir leanaí ar éirigh leo ina gcuid staidéir sa chéad seisiún agus iad siúd a chríochnaigh sa dara seisiún.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin.

Mar thaca leis an gcaingean in aghaidh Chinneadh an 13 Meitheamh 2022, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, a ardaíodh go príomha, lena n-éilítear go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal liúntais linbh chleithiúnaigh agus liúntais oideachais a fháil i leith a iníne don tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.

2.

An dara saincheist dlí, a ardaíodh mar mhalairt argóinte, lena n-éilítear go raibh cúis leis an íocaíocht de EUR 3 500 agus nach raibh sí neamhrialta. Agus fiú dá mbeadh an íocaíocht sin neamhrialta, cuireann an t-iarratasóir in iúl nach mór a mheas nach raibh sé ar an eolas faoi chineál neamhrialta na híocaíochta agus, in aon chás, nach raibh an neamhrialtacht soiléir ar bhealach ar bith, sa chaoi go bhféadfadh sé a mheas go dlisteanach go raibh an íocaíocht dleathach.