11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/60


Caingean arna tabhairt an 2 Márta 2023 – Papier-Mettler v EUIPO (Cruth mála)

(Cás T-114/23)

(2023/C 127/74)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Papier-Mettler KG (Morbach, an Ghearmáin) (ionadaithe: D. Graetsch agus M. Bergermann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an trádmhairc thríthoisigh de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth mála) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 580 606

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2022 i gCás R 765/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.