17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/18


Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2023 – Iceland Foods v EUIPO – Íslandsstofa (Promote Iceland) agus páirtithe eile (ICELAND)

(Cás T-105/23)

(2023/C 134/25)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Iceland Foods Ltd (Deeside, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Vos, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Íslandsstofa (Promote Iceland) (Reykjavik, an Íoslainn) Iceland, SA – Business Iceland (Reykjavik)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “ICELAND” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 673 374

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ó Ard-Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollaig 2022 i gCás R 1238/2019-G

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an Rannán Cealúcháin;

a ordú do EUIPO costais an iarratais seo a íoc agus a ordú do Íslandsstofa (Promote Iceland), Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hÍoslainne agus SA – Business Iceland costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Cealúcháin agus an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.