22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/57 |
Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2023 – PAN Europe v an Coimisiún
(Cás T-104/23)
(2023/C 179/82)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Bailleux, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 agus ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir an 13 Nollaig 2022, chun diúltú go páirteach d’iarratas deimhnithe arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a chur ar neamhní; (1) |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear go sáraítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún:
— |
Airteagal 2(1), an dara fleasc d’Airteagal 4(2), agus an dara fomhír d’Airteagal 4(3), de Rialachán Uimh. 1049/2001; agus |
— |
Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (2) |
Go sonrach, ní mór cinneadh an Choimisiúin a chur ar neamhní a mhéid a dhiúltaítear leis rochtain ar dhoiciméid bunaithe ar chur i bhfeidhm neamhdhleathach na n-eisceachtaí a bhaineann le cosaint imeachtaí cúirte [an dara fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001] agus ar an bpróiseas cinnteoireachta [an dara fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001].
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméad de chuid Parlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43)
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO 2006 L 264, lch. 13).