11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/58


Caingean arna tabhairt an 24 Feabhra 2023 – Darila v EUIPO – Original Buff (Buffet)

(Cás T-101/23)

(2023/C 127/71)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Michal Darila (an Bhratasláiv, an tSlóvaic) (ionadaí: M. Holič, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Original Buff, SA (Igualada, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Buffet – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 285 108

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Nollaig 2022 i gCás R 528/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú;

seasamh le cinneadh ón Rannán Freasúra maidir le freasúra Uimh. B 3 136 022;

an freasúra a dhíbhe;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.