8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/46


Caingean arna taisceadh an 17 Feabhra 2023 – Uniper Global Commodities v ACER

(Cás T-96/23)

(2023/C 164/62)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Uniper Global Commodities SE (Düsseldorf, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Richter, M. Schellberg, C. Sieberg agus M. Schleifenbaum, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh de chuid Bhord Achomhairc an chosantóra an 9 Nollaig 2022 (Uimh. A 003-2022) a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, cinneadh an chosantóra an 25 Feabhra 2022 (Uimh. 03/2022) a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena phríomhéileamh, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí

Rinne Bord Achomhairc an chosantóra earráid nuair a chinn sé go raibh cinneadh an chosantóra (Uimh. 03/2022) “dírithe chuig duine eile” de réir bhrí Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2019/942 (1) agus gur chinneadh de chúram an iarratasóra “go díreach” é ach ní “go leithleach”:

Tá cinneadh an Bhoird Achomhairc ag brath ar léiriú neamhdhleathach ar Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2019/942 agus ar mheasúnú neamhleor ar an gcinneadh a bheith de chúram an iarratasóra go sonrach.

Bhunaigh an Bord Achomhairc an easpa cúraim leithligh arna líomhain ar ráitis ón gcásdlí ar an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, nach bhféadfaí a chur i leith an cháis seo nó nár measadh i gceart.

2.

An dara saincheist dlí

Dheimhnigh an Bord Achomhairc gur ghníomh rialúcháin de réir an tríú rogha sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE é cinneadh an chosantóra, ach léiriú neamhdhleathach ar Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2019/942 ab ea an léiriú a bhí aige nach raibh an t-iarratasóir – de mhaolú ar an tríú rogha sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE – i dteideal achomhairc ar aon nós:

Le léiriú an Bhoird Achomhairc, ní chuirtear aidhm agus cuspóir an nós imeachta achomhairc ná ról an chosantóra san áireamh i gcomhthéacs fhéinrialúchán an mhargaidh i leith fhuinnimh don chothromú, atá faoi réir formheasa, faoi Rialachán (AE) 2017/2195 (2).

Is é toradh léiriú an Bhoird Achomhairc ná easpa cosanta dlíthiúla atá contrártha don dlí príomha.

In aghaidh bharúil an Bhoird Achomhairc, ní chuirtear cosc, le foclaíocht na forála, ar léiriú go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal achomhairc.

Mar thaca lena éileamh malartach, ardaíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir na hinniúlachtaí arna dtabhairt dó faoin dara habairt d’Airteagal 5(1) agus d’Airteagal 5(6), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(3), de Rialachán (AE) 2017/2195, a mhéid is nár ghlac sé cinneadh ar an iarratas ó ENTSO-E (European Network of Transmission System Operators for Electricity), ach gur ghlac sé cinneadh ar ábhar eile ar fad.

2.

An dara saincheist dlí

Ba chóir don chosantóir gan na teorainneacha praghsanna a chinneadh, fiú dá nglacfaí leis go raibh an inniúlacht aige faoi Rialachán (AE) 2017/2195 agus Rialachán (AE) 2019/942, gan comhairliúcháin nua faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/2195.

3.

An tríú saincheist dlí

Níl aon bhunús dlí leis an teorainn praghsanna arna cinneadh ag an gcosantóir.

4.

An ceathrú saincheist dlí

Contrártha d’Airteagal 14(7) de Rialachán (AE) 2019/942 agus Airteagal 296 CFAE, níor shonraigh an cosantóir go leordhóthanach na réasúin ar bun iad leis an gcinneadh ar an teorainn praghsanna.

5.

An cúigiú saincheist dlí

Leis an gcinneadh, sháraigh an cosantóir na forálacha in Airteagal 3(1)(a), (b) agus (e) de Rialachán (AE) 2017/2195.

6.

An séú saincheist dlí

Agus an teorainn praghsanna á cinneadh, sháraigh an cosantóir prionsabal na comhréireachta faoin gcéad agus faoin dara habairt d’Airteagal 5(4) CAE agus Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/2195.


(1)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO 2019 L 158, lch. 22).

(2)  Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO 2017 L 312, lch. 6).