3.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 121/15


Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Nextrend v EUIPO – Xiamen Axent Corporation agus Axent Switzerland (Aonaid leithreas (cuid de -))

(Cás T-82/23)

(2023/C 121/21)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nextrend GmbH (Flörsheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Weiland agus C. Corbet, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Xiamen Axent Corporation Ltd (Haicang, an tSín), Axent Switzerland AG (Rapperswil-Jona, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 769 299-0001

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Nollaig 2022 i gCás R 1604/2021-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil an dearadh atá faoi cheist neamhbhailí;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 63(2) i gcomhar le hAirteagal 53(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.