|
11.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 127/51 |
Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Beauty Biosciences v EUIPO – Société de Recherche Cosmétique (BEAUTYBIO)
(Cás T-80/23)
(2023/C 127/62)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Beauty Biosciences LLC (Dallas, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: D. Mărginean, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Société de Recherche Cosmétique SARL (Lucsamburg, Lucsamburg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais BEAUTYBIO – Trádmharc de chuid an Aontais Uimh. 16 919 342
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2022 i gCás R 1038/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní amhail go ndiúltófaí don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta ina iomláine agus an trádmharc atá faoi chonspóid a choinneáil cláraithe mar atá do na hearraí cláraithe go léir in Aicme 3; |
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú amhail go ndiúltaítear don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta ina iomláine agus an trádmharc atá faoi chonspóid a choinneáil cláraithe mar atá do na hearraí cláraithe go léir in Aicme 3; |
|
— |
a ordú do Société de Recherche Cosmétique SARL na costais go léir a íoc arna dtabhú ag Beauty Biosciences LLC sa chaingean seo, sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc agus sna himeachtaí os comhair an Rannáin Cealúcháin. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna comhthacú le hAirteagal 7(1)(c) den Rialachán sin; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna comhthacú le hAirteagal 7(1)(b) den Rialachán sin. |