27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/40 |
Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Olive Line International v EUIPO – Santa Rita Harinas (SANTARRITA)
(Cás T-52/23)
(2023/C 112/52)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Olive Line International, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: K. Guridi Sedlak, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Santa Rita Harinas, SLU (Loranca de Tajuña, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “SANTARRITA” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 236 520
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Nollaig 2022 i gCás R 577/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a dhearbhú nach ann do bhaol mearbhaill idir na trádmharcanna ós rud é nár shuigh an comhchosantóir, dílseánach an trádmhairc freasúra, úsáid íosta agus fírinneach a chomhartha d’earraí oinniún friochta; |
— |
mar mhalairt air sin, agus go carnach, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a dhearbhú nach ann do bhaol mearbhaill idir na trádmharcanna i ndáil leis na hearraí ológ próiseáilte agus oinniún friochta in aicme 29 ós rud é gur earraí difriúla iad; |
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile, i gcás go bhfuil sé i láthair ag na himeachtaí seo, na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.