|
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/38 |
Caingean arna tabhairt an 3 Feabhra 2023 – Pollen + Grace v EUIPO – Grace Foods (POLLEN + GRACE)
(Cás T-41/23)
(2023/C 112/49)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Pollen + Grace Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: P. Johnson, Abhcóide Dlí, agus L. Buckley, Aturnae)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grace Foods Ltd (Castries, Saint Lucia)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh POLLEN + GRACE – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 099 623
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2022 i gCás R 1815/2021 – 4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a gcostais féin a íoc agus costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle. |