13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/63


Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Domator24 v EUIPO – Acer (PREDATOR)

(Cás T-33/23)

(2023/C 94/76)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Domator24 sp. z o.o. (Zielona Góra, an Pholainn) (ionadaí: T. Gawliczek, Aturnae)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Acer, Inc. (Taipei, an Téaváin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “PREDATOR” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 757 262

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Samhain 2022 i gCás R 381/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ó EUIPO an 9 Samhain 2022 atá faoi chonspóid a chur ar páirt-neamhní (pointí 1 agus 2 den chuid oibríochtúil) agus a dhearbhú nár comhalladh sa chás seo na coinníollacha ar fad a leagtar amach in Airteagal 53(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, seasamh leis an gcinneadh sa chéad chéim agus diúltú don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta maidir le trádmharc EUTM-016757262 “PREDATOR” ina iomláine;

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus, de réir Airteagal 190(2) de na Rialacha Nós Imeachta, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir de riachtanas chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc;

i gcás idirghabhála ag an bpáirtí eile, a ordú dó a chostais féin a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 53(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (an leagan códaithe) an 26 Feabhra 2009;

Sárú ar phrionsabal na saormheastóireachta ar fhianaise agus ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 55(1) agus (2) agus Airteagal 22(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/625 ón gCoimisiún.