6.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 83/30 |
Caingean arna tabhairt an 24 Eanáir 2023 – Markt-Pilot v EUIPO (MARKT-PILOT)
(Cás T-22/23)
(2023/C 83/39)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Markt-Pilot GmbH (Beilstein, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Nielen, agus A. Puff, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtithe sna himeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú focalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “MARKT-PILOT” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 531 626
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Samhain 2022 i gCás R 672/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |