22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/52


Caingean arna tabhairt an 20 Eanáir 2023 – Feport v an Coimisiún

(Cás T-17/23)

(2023/C 179/77)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Federation of European Private Port Operators (Feport) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: B. Le Bret, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú i gCás SA.33828 – scéim cánach tonnáiste na Gréige gan an nós imeachta foirmiúil a oscailt i gcoinne na Gréige, agus ar aon chuma gan seasamh soiléir a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán Nós Imeachta (1) agus Airteagal 108 CFAE;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, measann an t-iarratasóir go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le mainneachtain gníomhú de bhun Airteagal 265 CFAE sa chás seo agus go bhfuil roinnt sáruithe ar Chonarthaí, ar phrionsabail agus ar dhlí tánaisteach an Aontais i gceist leis an mainneachtain sin. I ndáil leis sin, maíonn sé ceithre shaincheist dlí:

1.

An chéad saincheist, dlí lena n-éilítear gur theip ar an gCoimisiún a chonclúidí maidir le Cás SA.33828 – scéim cánach tonnáiste na Gréige agus a threoirlínte 2003 maidir le Státchabhair don mhuiriompar (Treoirlínte Muirí) a chomhlíonadh toisc nár cuireadh tús leis an nós imeachta foirmiúil i gcoinne na Gréige.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear nár chomhlíon an Coimisiún Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (Rialachán Nós Imeachta, Airteagal 23) agus Airteagal 108 CFAE toisc nár cuireadh tús leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil seacht mbliana tar éis chinneadh Airteagal 23, agus trí dhiúltú seasamh soiléir a ghlacadh ina leith sin go ndearna an Coimisiún dochar do chearta páirtithe leasmhara de shárú ar an Rialachán Nós Imeachta (Airteagal 24), ar an Chairt um Chearta Bunúsacha (Airteagail 41 agus 47) agus ar phrionsabail an Aontais (amhail ionchais dhlisteanacha).

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún prionsabal na córa comhionainne a chomhlíonadh mar a chosnaítear le Cairt an Aontais Eorpaigh (Airteagail 20 agus 21) agus a dhualgas maidir le comhar dílis (Airteagal 4(3) CAE, trí dhiúltú ad vitam eternam gníomhú bunaithe ar Airteagal 107 CFAE i gcoinne scéim cánach tonnáiste na Gréige, agus scéimeanna coibhéiseacha státchabhrach á ndíchóimeáil chun calafoirt i mBallstáit eile laistigh de thréimhse ama theoranta.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún caighdeáin idirnáisiúnta chánach agus dlí cánach agus gealltanais an Aontais a chomhlíonadh, maidir le rialacha cánachais íosta nach mór do na Ballstáit uile a chur chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2024 ar bhonn Chomhaontú Cholún a Dó ECFE (Nollaig 2021) agus ar bhonn Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le cánachas íosta domhanda a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (Nollaig 2021) mar a chomhaontaigh Comhairle ECOFIN i mí na Nollag 2022.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).