|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/36 |
Caingean arna tabhairt an 12 Eanáir 2023 – UC v an Chomhairle
(Cás T-6/23)
(2023/C 104/56)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: UC (ionadaithe: P. Bekaert agus S. Bekaert, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2398 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2397 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (“na gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir, agus |
|
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí: sárú ar a cumhachtaí, sárú ar Airteagail 75 agus 215 CFAE, sárú ar Airteagal 13(1) CAE, sárú ar Airteagal 15(3) CFAE agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.
|
|
2. |
An dara saincheist dlí: leis an dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2010/788 agus Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na héifeachtachta. Ina theannta sin, tá Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 níos fairsinge ná an gníomh dlíthiúil a chuireann sé chun feidhme.
|
|
3. |
An tríú saincheist dlí: sárú ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus Airteagal 296 CFAE (oibleagáid cúiseanna a lua)
|
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta agus sárú ar Airteagal 41(2)(a) agus (b) den Chairt. Sárú ar Airteagal 215 CFAE.
|
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí: sárú ar an gceart chun maoine agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
|
|
6. |
An séú saincheist dlí: sáraítear an tsaoirse gluaiseachta, sáraítear an ceart cónaithe agus bunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Chairt agus Airteagail 20 agus 21 CFAE agus sáraítear prionsabal na comhréireachta.
|
|
7. |
An seachtú saincheist dlí: sárú ar an gceart cosanta agus ar an gceart chun cosanta éifeachtaí breithiúnaí, de bhun Airteagal 47 den Chairt.
|