(Cás T-349/23)
Monica Semedo
v
Parlaimint na hEorpa
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) an 12 Márta 2025
(Dlí institiúideach – Feisire na Parlaiminte – Ciapadh síceolaíoch – Cinntí Uachtarán na Parlaiminte go ndearnadh ciapadh síceolaíoch i ndáil le cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe agus lena bhfógraítear i gcoinne an Fheisire pionós lena gcailltear an ceart chun liúntais chothaithe ar feadh 10 lá – An ceart chun éisteacht a fháil – Cearta cosanta
Parlaimint na hEorpa – Feisirí – Bearta araíonachta – Pionóis – Ciapadh síceolaíoch – Ceart an Fheisire chun an comhad imscrúdaithe a rochtain – Leagan anaithnidithe de na ráitis ó fhinnéithe nach léiríonn substaint na ndearbhuithe ó na finnéithe – Easpa féidearthachta don Fheisire barúlacha a chur in iúl go fónta roimh an gcinneadh ón Uachtarán – Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil – Iarmhairtí
(Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, Airteagal 176)
(féach míreanna 30-35, 41-49, 60-62)
Parlaimint na hEorpa – Feisirí – Bearta araíonachta – Pionóis – Ciapadh síceolaíoch – Ceart an Fheisire chun an comhad imscrúdaithe a rochtain – Easpa rochtana ar fhianaise i scríbhinn a úsáideadh chun a chinneadh go raibh ciapadh i gceist – Easpa féidearthachta don Fheisire barúlacha a chur in iúl go fónta roimh an gcinneadh ón Uachtarán – Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil – Iarmhairtí
(Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, Airteagal 176)
(féach míreanna 51-62)
Résumé
I gcaingean arna tabhairt ag Monica Semedo, iar-Fheisire Pharlaimint na hEorpa, chinn an Chúirt Ghinearálta, ina suí i ndlísheomra méadaithe, na cinntí ó Uachtarán na Parlaiminte inar mheas sí gurbh ionann gníomhartha áirithe arna líomhain i gcoinne an iarratasóra agus ciapadh síceolaíoch de réir bhrí Airteagal 12a(3) de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní agus inar fhorchuir sí pionós uirthi arbh é agus an ceart chun liúntais chothaithe a chailleadh ar feadh 10 lá. Sa chomhthéacs sin, sonraíonn an Chúirt Ghinearálta an cásdlí a bhaineann le cearta na cosanta a urramú i gcomhthéacs gearán maidir le ciapadh i gcoinne Fheisire na Parlaiminte agus, go sonrach, a bhaineann le rochtain an Fheisire sin ar ráitis ó fhinnéithe agus fianaise i scríbhinn a úsáideadh chun a chinneadh go raibh ciapadh den sórt sin ann.
I mí an Mhárta 2022, chuir an Coiste Comhairleach um Ghearáin faoi chiapadh ag Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa (‘an coiste’) in iúl don iarratasóir go ndearnadh imscrúdú a thionscnamh ina coinne mar gheall ar ghearán a rinne a hiarchúntóir parlaiminteach creidiúnaithe (‘an gearánaí’) agus sheol sé achoimre de líomhaintí an ghearánaí chuici mar aon leis an bhfianaise neamhrúnda arna tabhairt ar aird ag an ngearánaí.
I mí na Samhna 2022, ghlac an coiste a thuarascáil maidir leis an ngearán agus a mholtaí (‘tuarascáil an choiste’) inar tháinig sé ar an gconclúid gur ciapadh síceolaíoch a bhí sna fíorais arna maíomh ag an ngearánaí agus mhol sé pionós a chur ar an iarratasóir arb é atá ann ná an ceart chun liúntais chothaithe a chailleadh ar feadh 20 lá.
I mí na Nollag 2022, chuir Uachtarán na Parlaiminte in iúl don iarratasóir leagan anaithnidithe de thuarascáil an choiste agus d’iarr sí uirthi a barúlacha i scríbhinn ar an tuarascáil sin a chur in iúl. I mí Eanáir 2023, chuir an t-iarratasóir barúlacha in iúl inar iarr sí, inter alia, go gcuirfear comhad iomlán an choiste ar fáil di, lena n-áirítear na ráitis ó fhinnéithe nárbh fhéidir a anaithnidiú. Ní bhfuair an t-iarratasóir rochtain ar na nithe sin, áfach. I mí Aibreáin 2023, ghlac Uachtarán na Parlaiminte na cinntí atá faoi chonspóid.
Sa chomhthéacs sin, thug an t-iarratasóir caingean os comhair na Cúirte Ginearálta chun na cinntí sin a chur ar neamhní.
Measúnú na Cúirte Ginearálta
Sa chéad áit, maidir le rochtain an iarratasóra ar na ráitis ó fhinnéithe, tugann an Chúirt Ghinearálta chun cuimhne, i nós imeachta chun ciapadh a shuí, go bhfágann an prionsabal ginearálta maidir le cearta na cosanta a urramú, i gcomhréir le ceanglais fhéideartha maidir le rúndacht, go gcuirfear in iúl don duine atá faoi imscrúdú, sula nglactar an cinneadh lena ndéantar dochar dó, na doiciméid go léir sa chomhad, inchoiritheach agus saorthach, a bhaineann leis an gciapadh sin agus éistfear é i ndáil leo sin. Ar mhaithe lena chuid barúlacha a chur in iúl, tá sé de cheart ag an duine a gcuirtear ciapadh ina leith go gcuirfear in iúl dó, ar a laghad, achoimre ar na dearbhuithe ó na daoine éagsúla a chuathas i gcomhairle leo le linn an nós imeachta imscrúdaithe, a mhéid a d’úsáid an coiste na dearbhuithe sin ina thuarascáil chun moltaí a dhéanamh le hUachtarán na Parlaiminte, agus tá an achoimre sin le cur in iúl, más iomchuí, i gcomhréir leis an bprionsabal go n-urramófar rúndacht.
Tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, sa chás seo, gur cuireadh leagan neamhrúnda de thuarascáil an choiste in iúl don iarratasóir, ina raibh achoimre ar na dearbhuithe ó fhinnéithe, ach nár léirigh an achoimre sin substaint na ráiteas ó fhinnéithe a glacadh le linn an imscrúdaithe. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, ní léir na difríochtaí sna dearcthaí ón doiciméad sin. Ar an dara dul síos, tá roinnt difríochtaí idir ábhar an doiciméid sin agus an achoimre ar éisteachtaí na bhfinnéithe atá in iarscríbhinn rúnda le tuarascáil an choiste sin. Dá bhrí sin, níor urramaigh an Pharlaimint cearta cosanta an iarratasóra.
Sa dara háit, maidir le rochtain an iarratasóra ar an bhfianaise i scríbhinn, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar mhaithe lena chosaint, nach mór don duine atá faoi imscrúdú an deis a bheith aige mionscrúdú a dhéanamh ar na doiciméad sa chomhad ar a bhfuil na líomhaintí ina choinne a deimhníodh sna cinntí a bhaineann leis bunaithe.
Cé nár chuir an t-iarratasóir ina choinne go bhfuil na ríomhphoist agus na teachtaireachtaí aici arbh iad sin an fhianaise i scríbhinn a úsáideadh chun a chinneadh go raibh ciapadh i gceist, ós rud é gurbh ise ab údar dóibh, níor cuireadh in iúl di na doiciméid go léir sa chomhad ar a raibh na líomhaintí ina coinne a deimhníodh le linn an nós imeachta riaracháin bunaithe. Tagann an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid ón méid sin nár urramaoídh cearta cosanta an iarratasóra i ndáil leis sin.
Mar fhocal scoir, ní raibh rochtain ag an iarratasóir ar achoimre de shubstaint na ráiteas ó fhinnéithe arna nglacadh ag an gcoiste ná ar na doiciméid sa chomhad ar a raibh na líomhaintí a deimhníodh ina coinne bunaithe, cé gur cuireadh an fhaisnéis sin san áireamh chun a chinneadh go raibh ciapadh i gceist agus chun an pionós a ghlacadh. Dá bhrí sin, measann an Chúirt Ghinearálta gur baineadh an deis di chun a cosaint a áirithiú ar bhealach níos fearr agus go bhfuil tionchar ag an neamhrialtacht sin ar inneachar na gcinntí atá faoi chonspóid.