Cás T-102/23
SBK Art OOO
v
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 30 Aibreán 2025
(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a áireamh agus a choinneáil ar an liosta – Coincheap ‘comhlachas’ – Airteagal 2(1), in fine, de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1), in fine, de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cearta cosanta – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Pléadáil neamhdhleathachta)
Imeachtaí breithiúnacha – Teorainn ama chun fianaise a chur isteach – Airteagal 85(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta – Fianaise a chur isteach roimh chlabhsúr an chuid ó bhéal – Inghlacthacht – Coinníollacha – Cur isteach déanach bailí – Easpa bonn cirt
(Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagal 85(1), (2) agus (3))
(féach míreanna 37 go 40, 44 go 48)
Imeachtaí breithiúnacha – An t-ordú atá á lorg – Leasú le linn na n-imeachtaí – Cinneadh lena leasaítear an cinneadh atá faoi chonspóid le linn na n-imeachtaí – Leasú ar an ordú atá á lorg agus ar na forais tosaigh – Inghlacthacht – Coinníollacha – Teorainn ama
[Airteagal 263(6) CFAE; Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagal 86(1) agus (2) agus Airteagal 246(3); Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847; Rialacháin 269/2014, 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 50 go 52)
Imeachtaí breithiúnacha – Teorainneacha ama chun caingean a thabhairt – Éag – Cúinsí neamh-intuartha nó force majeur – Coincheap ina bhfuil eilimintí oibiachtúla agus suibiachtúla – Teorainneacha
(Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 45(2d) agus Airteagal 53)
(féach míreanna 56 go 64)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Critéir maidir le bearta sriantacha a ghlacadh – Duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint aige le duine atá ar cláraithe ar an liosta atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena n-éilítear soiléireacht, beachtas agus intuarthacht éifeachtaí na rialacha dlíthiúla a urramú
[Airteagal 21(2)(c) CAE; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/329, 2022/2477, 2023/572, 2023/1767 agus 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 77 go 78, 89)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Critéir maidir le bearta sriantacha a ghlacadh – Duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint aige le duine atá ar cláraithe ar an liosta atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid – Coincheap ‘comhlachas’ – Leasanna coiteanna – Naisc chaipitil – Cuimsiú – Gá le nasc díreach idir an duine lena mbaineann agus na cúiseanna leis an duine atá faoi réir bearta sriantacha a liostú nó leis an staid san Úcráin – Neamhláithreacht
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 47; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 82 go 86, 164 go 172, 201)
Gníomhartha na n-institiúidí – Cúiseanna – Oibleagáidí – Raon feidhme – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí daoine agus eintiteas áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin – Oibleagáid an fhianaise shonrach agus nithiúil lena dtugtar údar leis an mbeart sin a shainaithint sa ráiteas ar chúiseanna – Cinneadh a thagann faoi chomhthéacs atá ar eolas ag an duine lena mbaineann, lena gcuirtear ar a chumas raon feidhme an bhirt a rinneadh ina choinne a thuiscint
[Airteagal 29 CAE; Airteagal 215 agus Airteagal 296(2) CFAE; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/329, (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1) agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis; Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), agus Iarscríbhinn I, 2022/330, 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 95-104)
Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Cearta cosanta – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Oibleagáid cúiseanna aonair agus sonracha a thabhairt maidir leis na cinntí a dhéantar – Oibleagáid chun a chumasú don duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach maidir leis na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath ina choinne – Raon feidhme
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41(2)(a); Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847; Rialacháin 269/2014, 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 111 go 115)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Cearta cosanta – Fianaise inchoiritheach a chur in iúl – Cinneadh tosaigh lena n-áirítear ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine a chumhdaítear leis na bearta sin – Mainneachtain fógra aonair a thabhairt – Éifeacht gan choinne – Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil – Neamhláithreacht
[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2477, Iarscríbhinn; Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Iarscríbhinn I, agus Rialachán 2022/2476 ón gComhairle]
(féach míreanna 116 go 124)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Cearta cosanta – Fianaise inchoiritheach a chur in iúl – Cinneadh ina dhiaidh sin lena gcoimeádtar ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine a chumhdaítear leis na bearta sin – Easpa cúiseanna nua – Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil – Neamhláithreacht
[Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Iarscríbhinn, Rialacháin 269/2014, Iarscríbhinn I, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 125 go 130)
An tAontas Eorpach – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n-institiúidí – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Raon feidhme an athbhreithnithe – Cruthúnas go bhfuil bunús maith leis an mbeart – Oibleagáid ar údarás inniúil an Aontais, i gcás díospóide, bunús maith na bhforais a úsáideadh a bhunú i gcoinne na ndaoine nó na heintitis lena mbaineann – Liostú bunaithe ar fhianaise atá sonrach, beacht agus comhsheasmhach – Earráid mheasúnaithe – Neamhláithreacht
[Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 134-136, 202)
An tAontas Eorpach – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n-institiúidí – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Raon feidhme an athbhreithnithe – An t-iarratasóir a chur ar an liosta atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid mar gheall ar an mbaint atá aige le duine atá faoi réir bearta sriantacha – Doiciméid atá ar fáil don phobal – Luach cruthúnais – Prionsabal an mheasúnaithe gan srian ar fhianaise
[Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 137, 138, 149, 153)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Critéir maidir le bearta sriantacha a ghlacadh – Daoine, eintitis nó comhlachtaí a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus le daoine a bhfuil baint acu leo – Oibleagáid ar an gComhairle measúnú nuashonraithe a dhéanamh agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta sriantacha
[Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach mír 139)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Cistí daoine, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a reo – Coincheap – Iarraidh ar mhaolú chun cistí áirithe a scaoileadh – Díol an iarratasóra le hinfheisteoir coigríche – Easpa údaraithe deonaithe ag an údarás náisiúnta inniúil – Easpa éifeachta faoi dhlí an Aontais ar aistriú úinéireachta
[Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/329 agus (CBES) 2022/1272, Airteagal 2(15); Rialacháin 269/2014, Airteagal 1(f) agus Airteagal 6b(2b) agus 2022/330 ón gComhairle]
(féach míreanna 176 go 182, 189 go 200)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Cistí daoine, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a reo – Raon feidhme ratione loci – Cistí atá lonnaithe san Aontas atá faoi úinéireacht cuideachta atá bunaithe sa Rúis – Deimhnithe taiscí agus bannaí in-chomhshóite ar chuideachta atá bunaithe san Aontas – Cuimsiú
[Rialachán ón gComhairle Uimh. 269/2014, Airteagal 17(a)]
(féach míreanna 184 go 186)
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin – Critéir maidir le bearta sriantacha a ghlacadh – Daoine, eintitis nó comhlachtaí a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus le daoine a bhfuil baint acu leo – Prionsabal na comhréireachta a urramú
[Airteagal 5(4) agus 21(2)(c) CAE; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/329, (CBES) 2022/2477, (CBES) 2023/572, (CBES) 2023/1767 agus (CBES) 2024/847, Airteagal 2(1); Rialacháin 269/2014, Airteagal 3(1), 2022/2476, 2023/571, 2023/1765 agus 2024/849 ón gComhairle]
(féach míreanna 210 go 221)
Achoimre
Ina breithiúnas, díbheann an Chúirt Ghinearálta an chaingean le haghaidh neamhniú a thionscain an t-iarratasóir i gcoinne na ngníomhartha inar cláraíodh a ainm ar 16 Nollaig 2022 ( 1 ), a choinnigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ansin in 2023 ( 2 ) agus in 2024 ( 3 ), ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Leis an gcás sin, cuirtear ar chumas na Cúirte Ginearálta, inter alia, rialú a thabhairt ar an gceist chothrománach maidir le cur i bhfeidhm na maoluithe dá bhforáiltear i Rialachán Uimh. 269/2014 maidir le haistriú cuideachta atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach a bhfuil cistí reoite acu san Aontas Eorpach.
Is i gcomhthéacs sraith beart sriantach a ghlac an tAontas Eorpach tar éis fhogha míleata Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022 a thugtar an breithiúnas seo. Is cuideachta faoi dhliteanas teoranta atá bunaithe sa Rúis é an t-iarratasóir, a raibh a hainm ar na liostaí atá i gceist mar eintiteas a bhfuil baint aige ( 4 ) le Sberbank, cuideachta atá ar na liostaí sin mar eintiteas a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise agus mar eintiteas a oibríonn in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim di.
Mar thaca lena chaingean le haghaidh neamhniú, líomhnaíonn an t-iarratasóir, inter alia, earráid mheasúnaithe ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm chritéar an chomhlachais.
Measúnú na Cúirte Ginearálta
Mar réamhbharúil, ba cheart a thabhairt faoi deara go maíonn an t-iarratasóir gur stop sé de bheith ina fhochuideachta de chuid Sberbank ón 31 Deireadh Fómhair 2022, nuair a dhíol na fochuideachtaí Sberbank a raibh sé ina seilbh acu é le hinfheisteoir Éimíríoch. Dá bhrí sin, ar an dáta a cuireadh a ainm san áireamh agus a coinníodh ar na liostaí atá i gceist ( 5 ), áitíonn sé nach raibh sé ina fhochuideachta de chuid Sberbank a thuilleadh.
Ós rud é nach ndéanann an t-iarratasóir díospóid gur cruthaíodh é in 2021, chun na deimhnithe taisce agus na bannaí in-chomhshóite atá i seilbh Sberbank in Fortenova Group TopCo atá lonnaithe san Ísiltír, a d’aistrigh Sberbank chuig an iarratasóir an 5 Aibreán 2022, a shealbhú, measann an Chomhairle, mar sin féin, nach bhfuil aon éifeacht ag an díolachán san Aontas, toisc nár údaraigh údarás inniúil náisiúnta é i gcomhréir leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 6b(2b) de Rialachán Uimh. 269/2014. Rinneadh na deimhnithe taiscí agus na bannaí in-chomhshóite atá i seilbh an iarratasóra a reo amhail ó cuireadh ainm Sberbank ar na liostaí atá i gceist, an 21 Iúil 2022, de bhun Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 269/2014.
I ndáil leis sin, measann an Chúirt, de bhun an choincheapa ‘reo cistí’, a shainmhínítear in Airteagal 1(f) de Rialachán Uimh. 269/2014, nach bhféadfadh na deimhnithe taiscí agus na bannaí in-chomhshóite atá i seilbh an iarratasóra a bheith faoi réir aon ghluaiseachta nó modhnaithe a thuilleadh a d’fhágfadh go n-athrófaí a n-úinéireacht nó aon athrú eile a d’fhéadfadh a n-úsáid a chumasú, ós rud é go n-áireofaí ainm Sberbank ar na liostaí atá i gceist. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha sin a scaoileadh ach amháin tar éis Sberbank a bhaint de na liostaí atá i gceist nó de bhun ceann de na maoluithe dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, go háirithe an maolú dá bhforáiltear go sonrach do Sberbank in Airteagal 6b(2b) den Rialachán sin, arna leasú le Rialachán 2022/330 ( 6 ).
Sa chás seo, tugann an Chúirt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nár iarradh aon údarú ar údarás náisiúnta inniúil na hÍsiltíre maidir leis an iarratasóir a aistriú chuig an infheisteoir Emirati. Cuirtear in iúl freisin go n-aistreofaí cistí laistigh de chríoch an Aontais mar thoradh ar an aistriú sin agus, i bhfianaise raon feidhme Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 269/2014, go raibh an Rialachán sin infheidhme, dá bhrí sin, maidir leis an aistriú sin.
A mhéid a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear in Airteagal 6b(2b) de Rialachán Uimh. 269/2014, measann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil feidhm aici maidir le díol ceart dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach Sberbank le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas Eorpach, amhail na deimhnithe taiscí agus na bannaí in-chomhshóite atá i gceist in Fortenova Group TopCo.
Ina theannta sin, tá sé i gceist leis na maoluithe teorainn shoiléir a chur leis na cásanna ina bhféadfaidh na heintitis a áirítear ar na liostaí atá i gceist údaruithe a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta inniúla chun sócmhainní reoite a dhíol agus, ar an gcaoi sin, éifeachtacht na mbeart sriantach a áirithiú. Dá bhrí sin, ní féidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a n-ainmneacha ar na liostaí atá i gceist úinéireacht cistí reoite a aistriú chuig daoine eile lasmuigh den Aontas Eorpach, gan dul i muinín maolú. Dá mba amhlaidh an cás, bheadh éifeachtaí na mbeart sriantach ar neamhní go hiomlán. Dá bhrí sin, tá aistriú deimhnithe taisce agus bannaí in-chomhshóite arna sealbhú laistigh den Aontas Eorpach ag an iarratasóir in Fortenova Group TopCo agus arna reo ó cuireadh ainm Sberbank ar na liostaí atá i gceist, gan údarú ó údarás náisiúnta inniúil, contrártha d’fhorálacha Rialachán Uimh. 269/2014 ag Sberbank chuig infheisteoir Emirati agus ní mór a mheas nach bhfuil aon éifeacht ag an aistriú sin faoi dhlí an Aontais.
Dá bhrí sin, sa chomhthéacs sin, ós rud é go leanann an t-iarratasóir de bheith i seilbh na ndeimhnithe taiscí agus na mbannaí in-chomhshóite in Fortenova Group TopCo, a bhí reoite tar éis ainm Sberbank a áireamh ar na liostaí atá i gceist, léirítear go bhfuil leasanna coiteanna ann a nascann é le Sberbank.
( 1 ) Cinneadh (CBES) 2022/2477 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 322 I, lch. 466), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2476 ón gComhairle an 16 Noll 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 322 I, lch. 318).
( 2 ) Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 1); Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3).
( 3 ) Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/847) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/849).
( 4 ) Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329.
( 5 ) Eadhon an 16 Nollaig 2022 agus dáta glactha na ngníomhartha coimeádta in 2023 agus 2024.
( 6 ) Airteagal 6b(2b) de Rialachán Uimh. 269/2014: ‘De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 108 d’Iarscríbhinn I, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun deireadh a chur, faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, le díol agus aistriú ceart dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an eintitis sin i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas.’ Féach freisin, ina leith sin, Airteagal 2(15) de Chinneadh 2014/145, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329.