25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/29


Ordú ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 24 Iúil 2023 – Zentiva agus Zentiva Pharma v an Coimisiún

(Cás T-278/23 R)

(Bearta eatramhacha - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Údarú margaíochta - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Iarratas ar urghaire - Easpa práinne)

(2023/C 338/38)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Zentiva k.s. (Prág, Poblacht na Seice), Zentiva Pharma GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese agus J. Stuyck, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Mathieu, L. Haasbeek agus A. Spina, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar fionraí oibriú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 3067 final ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 601 final ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 lena ndeonaítear údarú margaíochta (‘Údarú Margaíochta’) don táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine Tecfidera – Fúmaráit dé-mheitil faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1) arna leasú, agus aon chinneadh nó gníomh ina dhiaidh sin lena leathnaítear nó lena n-ionadaítear an cinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a bhaineann siad leo, agus, ar an dara dul síos, urghaire lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach staonadh ó aon bhearta eile a dhéanamh arb ionann é agus an t-údarú margaíochta a tharraingt siar nó toirmeasc ar tháirgí cineálacha d’fjhúmaráit dé-mheitil a chur ar an margadh.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2.

Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an iarratas ar idiragairt a chuir Biogen Netherlands BV isteach ná ar an iarratas ar chóireáil rúnda a chuir Zentiva k.s. agus Zentiva Pharma GmbH isteach.

3.

Forchoimeádtar na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.

4.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin, i ndáil leis an iarratas ar idiragairt a chuir Biogen Netherlands isteach, a íoc.