25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 338/28 |
Ordú ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 24 Iúil 2023 – Zaklady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún
(Cás T-258/23 R)
(Bearta eatramhacha - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Údarú margaíochta - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Iarratas ar urghaire - Easpa práinne)
(2023/C 338/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Zaklady Farmaceutyczne Polpharma S.A. (Starogard Gdański, an Pholainn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Mathieu, L. Haasbeek agus A. Spina, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar fionraí oibriú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 3067 final ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023, lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 601 final ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 lena ndeonaítear údarú margaíochta (‘Údarú Margaíochta’) don táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Tecfidera – Fúmaráit dé-mheitil faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach 2004 (IO 2004, L 136, lch. 1), arna leasú, agus aon chinneadh nó gníomh ina dhiaidh sin lena gcuirtear síneadh nó lena gcuirtear in ionad an cinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a bhaineann siad leis, agus, ar an dara dul síos, urghaire lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach staonadh ó aon bhearta eile a dhéanamh arb ionann é agus an t-údarú margaíochta atá aige a tharraingt siar nó toirmeasc a chur ar tháirgí cineálacha d'fhúmaráit dé-mheitil a chur ar an margadh.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha. |
2. |
Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar na hiarratais ar idiragairt a chuir Biogen Netherlands BV agus Biogaran SAS isteach ná ar na hiarratais ar chóireáil rúnda a chuir Zaklady Farmaceutyczne Polpharma S.A. isteach. |
3. |
Forchoimeádtar na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha. |
4. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin, i ndáil leis na hiarratais ar idiragairt a chuir Biogen Netherlands agus Biogaran isteach, a íoc. |