31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Bealtaine 2023 – LS v PL

(Cás C-291/23, Hantoch (1))

(2023/C 271/21)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LS

Cosantóir: PL

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil an léiriú ar Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 (2), maidir leis an gceist an raibh ann do shócmhainní de chuid an eastáit i mBallstát na cúirte a bhfuiltear os a comhair, bunaithe ar am an chomharbais nó ar an am a tionscnaíodh an chaingean?


(1)  Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107).