17.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 252/25 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Sigmaringen (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Aibreán 2023 – Karl und Georg Anwander GbR Güterverwaltung v Land Baden-Württemberg
(Cás C-239/23, Karl und Georg Anwander Güterverwaltung)
(2023/C 252/29)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Sigmaringen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Karl und Georg Anwander GbR Güterverwaltung
Cosantóir: Land Baden-Württemberg
Páirtí leasmhar: Freistaat Bayern
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An bhfuil foráil riaracháin agus cleachtas tacaíochta náisiúnta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 31(1), Airteagal 31(2), Airteagal 32(1)(a), an chéad fhomhír d’Airteagal 32(2) agus an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 1305/2013 (1), ar foráil riaracháin agus cleachtas tacaíochta náisiúnta iad lena gcuirtear cosc ar liúntas cúitimh a íoc le haghaidh talamh i limistéir sléibhe agus limistéir áirithe a bhfuil srianta ag gabháil dóibh toisc amháin go bhfuil an talamh a dtabharfaí tacaíocht ina leith leis an liúntas cúitimh lasmuigh den réigiún den Bhallstát, de réir bhrí phointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013, a dheonaíonn an liúntas cúitimh? An critéar ceadaithe é áit ghnó an fheirmeora atá ag bainistiú na talún chun idirdhealú a dhéanamh ina leith sin? |
2. |
An gcaithfear an chéad fhomhír d’Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013 a léiriú sa chaoi nach mór rialacha Ballstáit nó réigiún den Bhallstát a chinn go ndeonófar íocaíochtaí d’fheirmeoirí i limistéir sléibhe agus i limistéir eile a bhfuil srianta ag gabháil dóibh, de réir bhrí Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013, a shainiú sa chaoi nach mór an íocaíocht a dheonú i leith talamh atá aicmithe ag Ballstát eile nó réigiún eile den Bhallstát céanna sin a chinn freisin go ndeonófar íocaíochtaí d’fheirmeoirí i limistéir sléibhe agus limistéir eile a bhfuil srianta ag gabháil dóibh, de réir bhrí Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013 mar limistéar sléibhe nó limistéar eile a bhfuil srianta ag gabháil dóibh, de réir bhrí Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013? |
3. |
An gcaithfear an chéad fhomhír d’Airteagal 31(1) agus Airteagal 31(2) de Rialachán Uimh. 1305/2013 a léiriú sa chaoi go n-eascraíonn teidlíocht faoi dhlí AE d’fheirmeoir, i bprionsabal, go díreach ón riail sin, go ndeonóidh an Ballstáit nó an réigiún den Bhallstát an íocaíocht (liúntas cúitimh) más feirmeoir gníomhach an feirmeoir agus má bhainistíonn sé talamh atá aicmithe ag an mBallstát nó ag an réigiún den Bhallstát mar limistéar sléibhe nó limistéar eile a bhfuil srianta ag gabháil dó, de réir bhrí Airteagal 32(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013, agus gur chinn an Ballstát lena mbaineann nó a réigiún íocaíochtaí (liúntais chúitimh), de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013, a thairiscint? I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar an gceist sin:
|
4. |
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 3: An gcaithfear an chéad fhomhír d’Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013 a léiriú sa chaoi nach mór stádas dlí a bheith le rialacha Ballstáit nó ceann dá réigiúin, arb iad na rialacha ina leagtar síos na coinníollacha chun íocaíocht (liúntas cúitimh) de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 1305/2013 a dheonú ionas go bhfuil teidlíocht ag feirmeoirí go ndeonófar an íocaíocht (liúntas cúitimh) má chomhlíonann siad na coinníollacha íocaíochta a leagtar síos sa Bhallstát faoi cheist nó ina réigiúin, beag beann ar chleachtas tacaíochta iarbhír an Bhallstáit nó a réigiúin? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO 2013 L 347, lch. 487).