31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Bayerischen Verwaltungsgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 4 Aibreán 2023 – Hauser Weinimport GmbH v Freistaat Bayern

(Cás C-216/23, Hauser Weinimport)

(2023/C 271/19)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bayerischer Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Hauser Weinimport GmbH

Cosantóir: Freistaat Bayern

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear Airteagal 3(4)(c) de Rialachán (AE) 251/2014 (1) a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear freisin leis an téarma ‘alcól’ deoch ina bhfuil alcól nach táirge fíniúna de réir bhrí Airteagal 3(4)(a) den Rialachán sin é?

2.

An gciallaíonn ‘curtha léi’ de réir bhrí Airteagal 3(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 nach mór méadú a bheith ar neart alcóil an táirge deiridh i gcomparáid leis an táirge fíniúna arna úsáid faoi Airteagal 3(4)(a) den Rialachán sin?

3.

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I(1)(b)(ii), a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an téarma ‘bia-ábhar blaisithe’ deoch a bhfuil alcól ann de réir bhrí Cheist 1?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO 2014 L 84, lch. 14).