30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/25


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 30 Márta 2023 — AX

(Cás C-208/23 Martiesta (1))

(2023/C 189/33)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AX

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 1(2) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (2) maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach a léiriú sa chiall nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt suas ban torrach nó máithreacha a bhfuil leanaí mionaoiseacha acu atá ina gcónaí leo a dhiúltú nó a chur siar ar aon chuma?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gceist sin, an bhfuil Airteagal 1(2) agus (3), agus Airteagail 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ag luí le hAirteagail 3, 4, 7, 24 agus 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus na dtraidisiún bunreachtúil is coiteann do na Ballstáit, a mhéid is gá leo bean nó máthair atá ag iompar clainne a thabhairt suas trí naisc a scaradh le leanaí mionaoiseacha a chónaíonn léi gan “best interest of the child” a chur san áireamh?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).