15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/27


Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht Mhálta

(Cás C-181/23)

(2023/C 173/37)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ladenburger, E. Montaguti, J. Tomkin, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht Mhálta

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí chlár institiúidithe a bhunú agus a oibriú, amhail Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach bunaithe ar Airteagal 10(9) den Acht um Shaoránacht Mhálta arna leasú leis an Acht um Shaoránacht Mhálta (Leasú Uimh. 2), 2020, agus na Rialacháin um Shaoránacht a Dheonú as Seirbhísí Eisceachtúla, 2020, lena gcuirtear eadóirseacht ar fáil in éagmais fíornasc idir na hiarratasóirí agus an tír, mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, nár chomhlíon Poblacht Mhálta a hoibleagáidí faoi Airteagal 20 CFAE agus faoi Airteagal 4(3) CAE;

a ordú do Phoblacht Mhálta na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tar éis leasú a dhéanamh ar an Acht um Shaoránacht Mhálta i mí na Samhna 2013, thug Málta isteach a chéad scéim saoránachta d’infheisteoirí in 2014.

Cuireadh an clár “Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach” in ionad Scéim 2014, ina dhiaidh sin, in 2020. Bunaíodh an scéim nua leis an Acht um Shaoránacht Mhálta (Leasú Uimh. 2), 2020 agus leis na Rialacháin um Shaoránacht a Dheonú as Seirbhísí Eisceachtúla, 2020.

Le dlí an Aontais Eorpaigh, cuirtear cosc ar scéimeanna náisiúnta d’infheisteoirí saoránachta lena gceadaítear náisiúntacht Ballstáit a dheonú go córasach mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe in éagmais ceanglas maidir le fíornasc idir an Stát agus na daoine aonair lena mbaineann.

Measann an Coimisiún gur scéim neamhdhleathach infheisteoirí saoránachta den sórt sin atá i Scéim Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach (2020). Trí scéim den sórt sin a bhunú agus a choinneáil ar bun, cuireann Málta as do bunbhrí agus sláine shaoránacht an Aontais Eorpaigh agus baineann sé an bonn de, de shárú ar Airteagal 20 CFAE agus de shárú ar phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE.