15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/26


Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2023 — An Coimisiún Eorpach v An Phoblacht Heilléanach

(Cás C-180/23)

(2023/C 173/36)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou agus P. Messina, Gníomhairí)

Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain an comhaontú conarthach idir údaráis na Gréige agus OSE a thabhairt i gcrích agus a fhoilsiú, comhlacht bainistíochta bonneagair na Gréige gur mhainnigh an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 30 (2) agus (6) den Treoir 2012/34 (1), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn V a ghabhann léi;

a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Níor thug an Phoblacht Heilléanach an comhaontú dá bhforáiltear in Airteagal 30 de Threoir 2012/34 maidir le bonneagar iarnróid i gcrích leis an gcomhlacht bainistíochta bonneagair (OSE). Mar sin féin, ba cheart an comhaontú a bheith tugtha i gcrích faoin 16 Meitheamh 2015 (Airteagal 64 den Treoir) agus ba cheart gnéithe uile Iarscríbhinn V a chumhdach ann.


(1)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar iarnróid Eorpach aonair (athmhúnlú) (IO 2012 L 343, lch. 32).