3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Rómáin) a taisceadh an 21 Márta 2023 – Centrul Român pentru Administrarea Drepturilor Artiștilor Interpreți (Credidam) v Guvernul României, Ministerul Finanțelor

(Cás C-179/23, Credidam)

(2023/C 235/14)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casație și Justiție

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí – Cosantóirí: Guvernul României, Ministerul Finanțelor

Freagróir – Iarratasóir: Centrul Român pentru Administrarea Drepturilor Artiștilor Interpreți (Credidam)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ionann bailiú, dáileadh agus íocaíocht luach saothair ag comheagraíochtaí bainistíochta i gcomaoin táille agus agus soláthar seirbhísí, de réir bhrí Airteagal 24(1) agus Airteagal 25(c) de Threoir 2006/112/CE (1) (an Treoir CBL), do shealbhóirí cóipchirt agus do shealbhóirí cearta gaolmhara?

2.

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist an ionann an obair a dhéanann comheagraíochtaí bainistíochta ar son sealbhóirí cearta agus soláthar seirbhísí de réir bhrí na Treorach CBL fiú má mheastar nach soláthraíonn sealbhóirí cirt, a mbailíonn comheagraíochtaí bainistíochta luach saothair thar a gceann, seirbhísí d’úsáideoirí a gceanglaítear orthu an luach saothair a íoc?


(1)  Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).