22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Upravni sud u Zagrebu (an Chróit) a taisceadh an 20 Márta 2023 – UP CAFFE d.o.o. v Ministarstvo financija Republike Hrvatske
(Cás C-171/23, UP CAFFE)
(2023/C 179/28)
Teanga an cháis: an Chróitis
An chúirt a rinne an tarchur
Upravni sud u Zagrebu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UP CAFFE d.o.o.
Cosantóir: Ministarstvo financija Republike Hrvatske
An cheist a tharchuirtear
An bhforchuirtear oibleagáid le dlí an Aontais ar na húdaráis náisiúnta agus ar na cúirteanna dliteanas i leith cáin bhreisluacha a chinneadh (agus gan éileamh ar aisíocaíocht a dhiúltú) i gcás ina léirítear le fíricí oibiachtúla an cháis go ndearnadh calaois CBL trí chuideachta nua a chruthú, is é sin le rá, trí chur isteach ar leanúnachas ghníomhaíocht inchánach na cuideachta roimhe sin, i gcás ina raibh a fhios ag an duine inchánach, nó inar cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin, agus i gcás, tráth a tharla an teagmhas inmhuirir, nach ndearna an dlí náisiúnta foráil maidir le cinneadh dliteanais den chineál sin?