3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/9


Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 15 Márta 2023 – T.G. v Minister van Sociale Zaken en Werkelegenheid

(Cás C-158/23, Keren (1))

(2023/C 235/13)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: T.G.

Freagróir: Minister van Sociale Zaken en Werkgelegenheid

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú (2) a léiriú sa hcaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 7b den Wet inburgering (Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta), lena gcuirtear sealbhóirí stádais tearmainn faoin oibleagáid, faoi phian fhíneála, chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta?

2.

An gcaithfear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta lena bhforáiltear, i bprionsabal, go n-íocfaidh sealbhóirí stádais tearmainn iad féin costais iomlána na gclár lánpháirtíochta?

3.

Agus an dara ceist á freagairt, an bhfuil sé tábhachtach gur féidir le sealbhóirí stádais tearmainn iasacht rialtais a fháil chun costais na gclár lánpháirtíochta a íoc agus go dtarscaoilfear an iasacht sin má éiríonn leo sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta in am trátha nó má tá siad díolmhaithe ón oibleagáid lánpháirtíochta nó má scaoiltear uaithi iad in am trátha?

4.

Má cheadaítear, faoi Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, go mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóirí stádais tearmainn, faoi phian fhíneála, pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta agus go n-íocfaidh siad costais iomlána na gclár lánpháirtíochta, an mbaineann méid na hiasachta a bheidh le haisíoc, mar aon leis an bhfíneáil, más iomchuí, an bonn ansin de chur i gcrích chuspóir agus éifeacht úsáideach Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú?


(1)  Tá ainm an cháis seo bréagach agus ní fhreagraíonn sé d’ainm iarbhír aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).