30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Venezia (an Iodáil) a taisceadh an 2 Márta 2023 – UD, QO, VU, LO, CA v Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell'Interno
(Cás C-126/23 Burdene (1))
(2023/C 189/24)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Ordinario di Venezia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: UD, QO, VU, LO, CA
Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell'Interno
Na ceisteanna a tharchuirtear
Sna himthosca dá dtagraítear i mír A, maidir le caingean i leith damáistí arna dtionscnamh ag saoránaigh Iodálacha a bhfuil buanchónaí orthu san Iodáil i gcoinne an Reachtóra Stáit toisc nár chuir siad chun feidhme na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, (2) a a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, agus, go háirithe, maidir leis an oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 12(2) de, ar thaobh na mBallstát, a thabhairt isteach, faoin 1 Iúil 2005 dá bhforáiltear in Airteagal 18(1) ina dhiaidh sin), ar bhonn córais ghinearálaithe cúitimh, atá oiriúnach chun faoiseamh leordhóthanach agus cothrom a ráthú, i bhfabhar íospartaigh na gcoireanna foréigneacha go léir a d’aon ghnó sna cásanna nach féidir leo cúiteamh iomlán a fháil i leith na ndamáistí a bhain leis na déantóirí díreacha) agus i ndáil le trasuí míthráthúil (agus/nó neamhiomlán) sa dlí náisiúnta de Threoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas:
a) |
i bhfianaise na forála in Airteagal 11(2a) de Dhlí Uimh. 122/2016, a fhágann go bhfuil íocaíocht cúitimh le tuismitheoirí agus deirfiúr íospartach an dúnmharaithe coinníollach ar chéile agus leanaí an íospartaigh a bheith as láthair, fiú má tá breithiúnas ann a bhfuil feidhm res judicata aige a dhéanann cainníochtú freisin ar an gceart chun cúitimh as an díobháil a bhain don chiontóir:
|
b) |
maidir leis an teorainn ar chúiteamh a íoc:
|
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.