|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite v Legafact EOOD
(Cás C-122/23, Legafact)
(2023/C 173/31)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite
Freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Legafact EOOD
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An sáraítear prionsabail an chomhchórais cánach breisluacha san Aontas Eorpach le foráil náisiúnta faoina gcaitear, i ndáil leis an díolúine ó cháin faoi Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112 (1) ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, go héagsúil le daoine inchánach ag brath ar a thapúla is a shroicheann siad an tairseach láimhdeachais le haghaidh clárú éigeantach do cháin bhreisluacha? |
|
2. |
An gcuirtear cosc, le Treoir 2006/112 ón gComhairle, ar fhoráil náisiúnta más rud é go mbraitheann an díolúine ó cháin i leith soláthair faoi Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112 ón gComhairle ar chomhlíonadh na hoibleagáide atá ar an soláthraí chun cur isteach ar chlárú éigeantach do cháin bhreisluacha in am trátha? |
|
3. |
Cé hiad na critéir, arna n-eascairt ón léiriú ar an Treoir maidir le cáin bhreisluacha, chun a chinneadh cé acu an ionann an fhoráil náisiúnta thuasluaite, lena bhforáiltear do thabhú dliteanais cánach i gcás ina gcuirtear an t-iarratas le haghaidh clárú éigeantach do cháin bhreisluacha isteach go déanach, agus forail phionósach nó nach ionann? |