11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/28


Achomharc arna thabhairt an 24 Feabhra 2023 ag PT Pelita Agung Agrindustri, PT Permata Hijau Palm Oleo i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-143/20, PT Pelita Agung Agrindustri agus PT Permata Hijau Palm Oleo v an Coimisiún

(Cás C-112/23 P)

(2023/C 127/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: PT Pelita Agung Agrindustri, PT Permata Hijau Palm Oleo (iondaithe: F. Graafsma agus J. Cornelis, advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Bord Bithdhíosail Eorpach (EBB)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 an 28 Samhain 2019 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (1) a chur ar neamhní; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-achomharcóirí ó na himeachtaí achomhairc seo agus ó na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc; nó de rogha air sin

an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta; agus

costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus costais imeachtaí an achomhairc a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hachomharcóirí sé shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, léiríodh Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”) go mícheart agus rinneadh saobhadh ar an bhfianaise go raibh ann do bhrú suntasach ar phraghsanna, leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc.

Ar an dara dul síos léiríodh torthaí thuarascáil phainéil na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) dar teideal “An tAontas Eorpach – Bearta frithdhumpála maidir le bithdhíosal ón Indinéis”, a glacadh an 25 Eanáir 2018 (WT/DS 480/R), go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, nó, de rogha air sin, níor cuireadh na torthaí sin san áireamh ann.

Ar an tríú dul síos, léiríodh torthaí thuarascáil phainéil na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) dar teideal “An tSín – Bearta Frithdhumpála agus Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Gríosachán ó na Stáit Aontaithe”, a glacadh an 2 Lúnasa 2013 (WT/DS 427/R), go mícheart maraon le cásdlí ábhartha eile WTO agus AE leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc.

Ar an gceathrú dul síos, léiríodh Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc nuair a cinneadh go gcomhlíonann ríomh sladghearrtha a thugann neamhaird ar 45 % de dhíolacháin thionscal an Aontais an ceanglas dlíthiúil maidir le hanailís arna bhunú ar scrúdú oibiachtúil agus ar fhianaise dheimhneach.

Ar an gcúigiú dul síos, rinneadh an fhianaise a shaobhadh trína chinneadh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc nár deonaíodh na fóirdheontais faoi scéim an Chiste um Plandáil Pailmeacha Ola faoi threoir na gcainníochtaí arna monarú, arna dtáirgeadh, arna n-onnmhairiú nó arna n-iompar.

Ar an séú dul síos, tugadh neamhaird ar argóint na n-achomharcóirí agus léiríodh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc.


(1)  IO 2019 L 317, lch. 42.

(2)  IO 2016 L 176, lch. 55.