15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/21


Achomharc arna thabhairt an 22 Feabhra 2023 ag Autoridad Portuaria de Bilbao i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-126/20, Autoridad Portuaria de Bilbao v an Coimisiún

(Cás C-110/23 P)

(2023/C 173/29)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Autoridad Portuaria de Bilbao (ionadaithe: D. Sarmiento Ramírez-Escudero agus X. Codina García-Andrade, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Go gcuirfear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar neamhní, ar bhonn na gcúiseanna a leagtar amach sa trí shaincheist dlí agus go ndearbhófar go bhfuil earráid dlí sa bhreithiúnas;

Go dtabharfar breith ar shubstaint an cháis, i gcomhréir le hAirteagal 61 den Reacht agus Airteagal 170 de na Rialacha Nós Imeachta, lena ndearbhaítear nach mór glacadh leis an gcaingean le haghaidh neamhniú maidir leis na cinntí faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta, arna tabhairt ag an gcéadchéim ag Autoridad Portuaria de Bilbao;

Go n-ordófar don Choimisiún na costais arna dtabhú ag Autoridad Portuaria de Bilbao a íoc, sna himeachtaí céadchéime agus sna himeachtaí seo os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist dlí:

Tá earráid dlí i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta, mar gheall ar shárú ar Airteagal 107(1) CFAE, trí ghlacadh leis nach ndearna an Coimisiún, agus é ag teacht chun na conclúide gur buntáiste í díolúine ó cháin na Bioscáine, anailís air sin mar thacar casta.

Mar thaca leis an gcéad saincheist dlí, maítear go bhfuil réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta chun a chinneadh nach bhfuil aon bhearta de chineál casta ann bunaithe ar fhorais atá foirmiúil amháin nach gcomhlíonann an anailís substaintiúil a éilítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais.

An dara saincheist dlí:

Tá earráid dlí sa bhreithiúnas, mar gheall ar shárú ar Airteagal 107 CFAE, Rialachán 2015/1589 (1) agus an cásdlí lena léirítear iad, i gcomhar le hAirteagail 4(3) CAE, 296 CFAE agus 41 den Chairt, trí theacht chun na conclúide nach bhfuil ar an gCoimisiún anailís iomlán a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil nuair is léir nach bhfuil ach tairbhí amháin ann den scéim cabhrach.

Mar thaca leis an dara saincheist dlí, maítear go bhfuil láithreacht eintitis aonair is tairbhí de dhíolúine ó cháin na Bioscáine (Autoridad Portuaria de Bilbao) ina fhíoras faoina bhfuil cách ar an eolas agus arna bhunú ag dlíchóras na Spáinne. Sa chás sin, cé gur féidir an beart a rangú mar “scéim cabhrach” chun críocha Rialachán 2015/1589, ní mór don Choimisiún anailís iomlán a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil. Is é sin an cás má fhéachtar ar bhunchuspóir an chásdlí lena gceadaítear don Choimisiún gan anailís den sórt sin a dhéanamh, arna léiriú i bhfianaise Airteagail 4(3) CAE, 296 CFAE agus 41 den Chairt.

An tríú saincheist dlí:

Tá earráid dlí sa bhreithiúnas, mar gheall ar shárú ar Airteagal 108 CFAE agus Rialachán 2015/1589, i bhfianaise Airteagal 4(3) CAE, trí mheas, i nós imeachta comhair, go bhfuil oibleagáidí níos teoranta ar an gCoimisiún is a bhfuil i nós imeachta fiosrúcháin.

Mar thaca leis an tríú saincheist dlí, maítear go ndearbhaítear i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta, gan údar a thabhairt dó ar aon bhealach, go bhfuil níos lú ráthaíochtaí ag Ballstát i nós imeachta comhair faoi Airteagal 21 de Rialachán 2015/1589, ná mar atá aige i nós imeachta fiosrúcháin. Sa tsaincheist dlí seo, maítear ar bhonn fhoclaíocht Airteagail 21 go 23 de Rialachán 2015/1589, agus an dlúthbhaint idir Airteagal 108 CFAE, as a n-eascraíonn an nós imeachta comhair de Rialachán 2015/1589, agus prionsabal an chomhair dhílis d’Airteagal 4(3) CAE, gur chóir don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an mBallstát.


(1)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).