21.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 296/14


Achomharc arna thabhairt an 17 Feabhra 2023 ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i gcoinne bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Deichiú Dlísheomra méadaithe) an 7 Nollaig 2022 i gCás T-487/21, Neoperl AG v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-93/23 P)

(2023/C 296/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf, T. Klee agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Neoperl AG

An t-ordú atá á lorg ag an achomharcóir

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;

a ordú do gach páirtí a chostais féin a íoc;

an chaingean i gcoinne an chinnidh faoi chonspóid a dhiúltú.

Forais achomhairc agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-achomharcóir foras achomhairc ina líomhnaítear go ndéantar, leis an mbreithiúnas faoi achomharc, sárú ar Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 (1), ar foras achomhairc é lena n-ardaítear saincheist atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas agus forbairt dhlí an Aontais, de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 58a de Reacht na Cúirte Breithiúnais:

1.

Déantar, leis an mbreithiúnas faoi achomharc, sárú ar Airteagal 72(3) de Rialachán 2017/1001 a mhéid a chinntear ann gurb é atá i gceist leis an scrúdú substainteach ar an gcúis le diúltú faoi Airteagal 7(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4, de Rialachán 207/2009 (2), ná réamhcheist dhlíthiúil riachtanach i ndáil leis an gcaingean le haghaidh neamhniú faoina bráid. Theip ar an gCúirt Ghinearálta, dá bhrí sin, a aithint nach raibh gá leis sin i ndáil leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht an chinnidh faoi chonspóid ón mBord Achomhairc. An chúis leis sin ná go bhféadfaí iniúchadh den sórt sin a áirithiú cheana trí scrúdú a dhéanamh ar an gceist i dtaobh cé acu an ndearna an Bhord Achomhairc – mar gheall gur theip air an scrúdú faoi Airteagal 7(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4, de Rialachán 207/2009, a dhéanamh – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 207/2009 agus Airteagal 71(1) de Rialachán 2017/1001 a shárú, mar a mhaígh an t-iarratasóir ina shaincheisteanna dlí ag an gcéad chéim. Chuige sin, ghlac an Chúirt Ghinearálta leis, go héagórach, go raibh an inniúlacht bhunaidh ag an mBord Achomhairc (Airteagal 165(1), Airteagal 66(1) agus Airteagal 70(1) de Rialachán 2017/1001) don scrúdú substainteach ar an gcúis le diúltú faoi Airteagal 7(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4, de Rialachán 207/2009.

2.

Déantar, leis an mbreithiúnas faoi achomhairc, sárú ar Airteagal 72(3) de Rialachán 2017/1001 ós rud é gur thug an Chúirt Ghinearálta, í féin, faoin scrúdú substainteach ábhartha faoi Airteagal 7(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4 de Rialachán 207/2009. Ní raibh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta tabhairt faoin scrúdú sin toisc nach raibh aon chinneadh ón mBord Achomhairc a d’fhéadfaí a athbhreithniú maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 7(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4, de Rialachán 207/2009 lena dhlíthiúlacht. Dá bhrí sin, is ionann scrúdú na Cúirte Ginearálta sa chás seo agus leasú mídhleathach ar an gcinneadh faoi chonspóid. Is amhlaidh gur fheidhmigh an Chúirt Ghinearálta an inniúlacht bhunaidh chuige sin (Airteagail 165(1), Airteagal 66(1) agus Airteagal 70(1) de Rialachán 2017/1001) atá ag an mBord Achomhairc agus, sa chaoi sin, bhain sí an inniúlacht sin go mídhleathach den Bhord Achomhairc.

3.

Is ionann an ‘sárú ar raon feidhme Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 207/2009’ a scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta, ar a tionscnamh féin, seachas na saincheisteanna dlí arna maíomh ag an iarratasóir ag an gcéad chéim, agus dul timpeall mídhleathach ar an riail dhlínse arna leagan síos ag reachtas an Aontais in Airteagal 72 de Rialachán 2017/1001. Mar thoradh air sin, tá an breithiúnas faoi achomharc mídhleathach ina iomláine, ós rud é go mbaineann sin go hiomlán leis an sárú dlíthiúil sin.

4.

Ní mór go gciallaíonn an sárú, leis an mbreithiúnas faoi achomharc, ar Airteagal 72(3) de Rialachán 2017/1001 go raibh ann do sháruithe dlíthiúla eile chun dochair don achomharcóir, eadhon (1) baineadh an inniúlacht bhunaidh (Airteagal 165(1), Airteagal 66(1) agus Airteagal 70(1) de Rialachán 2017/1001) agus an inniúlacht shonrach (an chéad rogha sa dara habairt d’Airteagal 71(1) de Rialachán 2017/100) atá ag an mBord Achomhairc chun scrúdú agus cinneadh a dhéanamh; agus (ii) sáraíodh neamhspleáchas a chomhaltaí i bhfeidhmiú na hinniúlachta sin (Airteagal 166(7) de Rialachán 2017/1001). Thairis sin, cuireann na sáruithe sin isteach go mídhleathach ar an gcosaint dlí il-leibhéil agus shonrach atá ag an iarratasóir ag an gcéad chéim i leith an chinnidh ó scrúdaitheoir EUIPO agus i leith an chinnidh ón mBord Achomhairc, a rinne reachtas an Aontais foráil ina leith (Airteagal 66(1), Airteagal 165(1) agus aithris 30 de Rialachán 2017/1001; Airteagal 72 de Rialachán 2017/1001).

5.

Leis an achomharc‚ ardaítear ‘saincheist atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais’ de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 58a de Reacht na Cúirte Breithiúnais, ós rud é go bhfuil baol ann, leis an mbreithiúnas faoi achomharc, go gcruthófaí easpa deimhneachta dlíthiúla maidir le saincheist ag a bhfuil tábhacht struchtúrach don chóras sonrach agus do ‘loighic an struchtúr institiúidigh’ a rinne reachtas an Aontais foráil ina leith d’fhonn cosaint dlí chuimsitheach, chóir, éifeachtach agus il-leibhéil i leith chinntí EUIPO a áirithiú. Mar gheall ar na tréithe cothrománacha agus bunreachtúla atá aici, tá tábhacht ag an tsaincheist sin i ndáil leis an athbhreithniú breithiúnach ar gach cinneadh ó Bhoird Achomhairc EUIPO in gcásanna trádmharcanna agus dearthaí. Anuas air sin, baineann an tsaincheist freisin leis an gcosaint dlí i leith cinntí ó gach gníomhaireacht AE, dá ndearna reachtas an Aontais foráil d’athbhreithniú sonrach, cuimsitheach agus roimh ré ag bord achomhairc neamhspleách mar ‘choinníoll mionsonraithe’ de réir bhrí an chúigiú mír d’Airteagal 263 CFAE.


(1)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO 2017 L 154, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (leagan códaithe) (IO 2009 L 78, lch. 1).