2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/34 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2023 – E.N.I., Y.K.I. v HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG
(Cás C-86/23, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung)
(2023/C 155/45)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven kasatsionen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí ar phointe dlí: E.N.I., Y.K.I.
Freagróir: HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG
An cheist a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) a léiriú sa chaoi go bhféadfaí foráil den dlí náisiúnta ar nós na forála faoi cheist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go ndéanfar bunphrionsabal de chuid dhlí an Bhallstáit, ar nós phrionsabal na cothroime, a chur i bhfeidhm agus an cúiteamh le haghaidh damáiste neamhábhartha á chinneadh i gcásanna inar cailleadh dlúthdhuine mar thoradh ar mhíghníomh, a mheas mar fhoráil shainordaitheach sháraitheach de réir bhrí an Airteagail sin? |