30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/10


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 13 Feabhra 2023 – Cobult UG v TAP Air Portugal SA

(Cás C-76/23, Cobult)

(2023/C 189/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Cobult UG

Cosantóir: TAP Air Portugal SA

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi go bhfuil ann do chomhaontú i scríbhinn de pháirt an phaisinéara maidir le haisíoc chostais an ticéid, de réir bhrí an chéad fhleasca d’Airteagal 8(1)(a) den Rialachán sin, i bhfoirm dearbhán taistil i gcás ina roghnaíonn an paisinéir dearbhán den sórt sin ar shuíomh idirlín an aeriompróra oibriúcháin, lena n-eisiatar aisíoc chostas an ticéid níos déanaí in airgead, agus ina bhfaigheann sé an dearbhán trí ríomhphost, cé nach bhfuil aisíoc chostas an ticéid in airgead indéanta go dtí go bhfuil teagmháil déanta leis an aeriompróir oibriúcháin?


(1)  Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).