11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/24


Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2023 ag Poblacht na Fraince i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 23 Samhain 2022 i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20, CWS Powder Coatings agus páirtithe eile v an Coimisiún agus Cás T-283/20, Billions Europe agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-71/23 P)

(2023/C 127/30)

Teangacha an cháis: an Ghearmáinis agus an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Fodda, J.-L. Carré, G. Bain, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, CWS Powder Coatings GmbH, Billions Europe Ltd, Cinkarna Metalurško-kemična Industrija Celje d.d. (Cinkarna Celje d.d.), Evonik Operations GmbH, Kronos Titan GmbH, Precheza a.s., Tayca Corp., Tronox Pigments (Holland) BV, Venator Germany GmbH, Brillux GmbH & Co. KG, Daw SE, Ettengruber GmbH Abbruch und Tiefbau, Ettengruber GmbH Recycling und Verwertung, TIGER Coatings GmbH & Co. KG, an Chomhairle Eorpach um Thionscal na gCeimiceán (Cefic), Conseil Européen de l’Industrie des Peintures, des Encres d’Imprimerie et des Couleurs d’Art (CEPE), British Coatings Federation Ltd (BCF), American Coatings Association, Inc. (ACA), Mytilineos SA, Delfi-Distomon Anonymos Metalleytiki Etaireia, Sto SE & Co. KGaA, Rembrandtin Coatings GmbH, Ríocht na Danmhairge, Ríocht na hÍsiltíre, Ríocht na Sualainne, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, Poblacht na Slóivéine, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an 23 Samhain 2022, i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20, CWS Powder Coatings agus páirtithe eile v an Coimisiún agus i gCás T-283/20, Billions Europe agus páirtithe eile v an Coimisiún a chur ar neamhní;

breith a thabhairt aisti féin ar an díospóid agus diúltú do na caingne a thionscain CWS Powder Coatings GmbH, Billions Europe Ltd, Brillux GmbH & Co. KG agus Daw SE ag an gcéad chéim i gCásanna T-279/20, T-283/20 agus T-288/20, nó, i gcás ina measann an Chúirt Bhreithiúnais nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí go ndéanfar breith, iad a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú do CWS Powder Coatings GmbH, Billions Europe Ltd, Brillux GmbH & Co. KG agus Daw SE na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn Rialtas na Fraince ceithre shaincheist dlí::

An chéad saincheist dlí: le meas gur “staidéar cinntitheach” ab ea staidéar Heinrich, ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an fianaise a cuireadh faoina bráid a shaobhadh agus, ar an dara dul síos, rinne sí earráid dlí ós rud é gur sháraigh sí na prionsabail a bhunaítear le Rialachán Uimh. 1272/2008 maidir le substaintí a aicmiú mar carcanaigineach, eadhon an prionsabal measúnú a dhéanamh ar thromachar na fianaise agus scrúdú a dhéanamh ar gach eolas ábhartha eile d’fhonn na substaintí a bhfuil sé d’acmhainn iontu ailse a chothú a aicmiú i gcatagóirí éagsúla guaise.

An dara saincheist dlí: sháraigh an Chúirt Ghinearálta teorainneacha an athbhreithnithe bhreithiúnaigh le measúnú a dhéanamh ar níos mó ná earráid fhollasach agus lena mheasúnú féin a chur in ionad mheasúnúan Choiste um Measúnú Riosca den Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.

An tríú saincheist dlí: mhainnigh an Chúirt Ghinearálta san oibleagáid cúiseanna a lua atá de cheangal uirthi.

An ceathrú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas go bhfuil léiriú le déanamh ar phointe 3.6.2.2.1 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (1) amhail go bhféadfaí a mheas go bhfuil airí intreach ag substaintí chun ailse a chothú i gcás ina bhfuil carcanaigineacht na substainte sin le sonrú i méid áirithe cáithníní.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO 2008 L 353, lch. 1).