11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/19


Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā rajona tiesa (an Laitvia) an 19 Eanáir 2023 — SIA Citadeles nekustamie īpašumi v Valsts ieņēmumu dienests

(Cás C-22/23, Citadeles nekustamie īpašumi)

(2023/C 127/23)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā rajona tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SIA Citadeles nekustamie īpašumi

Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear an coincheap “soláthraí seirbhísí do cuideachtaí” a chumhdaítear in Airteagal [3](7)(c) de Theoir 2015/849 (1) a léiriú sa chaoi go dtagraítear leis do sheirbhís ar leithligh nach n-eascraíonn as idirbheart lena gcuirtear eastáit réadacha ar a bhfuiltear mar úinéir ar cíos agus nach mbaineann le hidirbheart den sórt sin, gan beann ar ar thug nó nár thug an [léasóir] a chomhthoil go gcláródh an léasaí a oifig chláraithe san eastát réadach atá ar cíos agus go gcuirfeadh sé idirbhearta i gcrích ann?

2)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist, an gcaithfear an coincheap “soláthraí seirbhísí do cuideachtaí” a chumhdaítear in Airteagal [3](7)(c) de Threoir 2015/849 a léiriú sa chaoi, i gcás go gcuireann duine nádúrtha an eastát réadach ar cíos, gur cheart na ceanglais chéanna a chur i bhfeidhm i leith an duine sin is a mbeadh ar dhuine dlítheanach nó ar shocrú dlíthiúil, gan beann ar na himthosca fíorasacha, mar shampla, ar líon na n-eastát réadach atá ag an duine nádúrtha sin agus a chuireann sé ar cíos, ar an bhfíoras nach mbaineann an ghníomhaíocht chun an eastát réadach a chur ar cíos leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, nó ar imthosca eile?


(1)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73).