8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/30


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação do Porto (an Phortaingéil) an 16 Eanáir 2023 — SF v MV, Instituto da Segurança Social, IP, Autoridade Tributária e Aduaneira, Cofidis SA — Sucursal em Portugal

(Cás C-20/23, Instituto da Segurança Social agus páirtithe eile)

(2023/C 164/39)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação do Porto

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SF

Cosantóirí: MV; Instituto da Segurança Social, IP; Autoridade Tributária e Aduaneira; Cofidis SA — Sucursal em Portugal

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 23(4) de Threoir [2019/1023] (1) a léiriú sa chaoi nach gceadaítear leis fiachais eile (seachas na fiachais a sonraítear ina phointí faoi seach) a eisiamh ach amháin nuair atá “údar cuí” leis?

2)

An gcaithfear an fhéidearthacht go n-eiseoidh na Ballstáit catagóirí áirithe d’fhiachais ó urscaoileadh fiachais (ar chuntar go bhfuil údar cuí leis an eisiamh sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 23(4) de Threoir 2019/1023) a léiriú sa chaoi go gceadaítear léi do na Ballstáit dliteanais chánach a eisiamh (nach sonraítear san Airteagal sin), agus staid fhabhrach a chruthú sa chaoi sin ina leith?

3)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar na ceisteanna sin, cad iad na critéir nach mór a chomhlíonadh leis an údar sin, de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh, d’fhonn prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais agus na cearta bunúsacha a urramú, a bhfuil reachtóirí an Aontais agus na reachtóirí náisiúnta faoina réir [“toirmeasc ar idirdhealú de bhíthin náisiúntachta” (Airteagal 18 CFAE) agus “an tsaoirse chun gnó a sheoladh” (Airteagal 16 den [Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh]), chomh maith leis na saoirsí eacnamaíocha bunúsacha den mhargadh inmheánach]?

4)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin, an gcumhdaítear leis na sainmhínithe (de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh agus d’fhonn an Treoir atá i gceist a léiriú) ar na coincheapa “fiachais a eascraíonn as pionóis choiriúla nó atá nasctha leis na pionóis sin” agus “fiachais a eascraíonn as dhliteanas de dhroim torta” fiachais chánach freisin, mar a fhoráiltear sa ghníomh reachtach inmheánach lena dtrasuitear Treoir 2019/1023 (Dlí Uimh. 9/2022 an 11 Eanáir)?


(1)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO 2019 L 172, lch. 18).