BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)
3 Iúil 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 273 – Airteagal 49(3) agus Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal ne bis in idem – Carnadh pionós coiriúil agus riaracháin i leith an tsáraithe chéanna – Pionós airgid agus áitreabh tráchtála a chur faoi shéala – Feidhmíocht shealadach an tséala– Prionsabal na comhréireachta)
I gCás C‑733/23,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Аdministrativen sad Burgas (Cúirt Riaracháin Burgas, an Bhulgáir), trí bhreith an 21 Samhain 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 1 Nollaig 2023, sna himeachtaí
‘Beach and bar management’ EOOD
v
Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Burgas pri Direktsia ‘Operativni deynosti’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite,
tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, ag gníomhú mar Bhreitheamh sa Chéad Dlísheomra, A. Kumin, I. Ziemele agus S. Gervasoni, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
‘Beach and bar management’ EOOD, ag M. Yakimov, |
|
– |
Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova agus S. Ruseva, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag P. Carlin agus D. Drambozova, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Feabhra 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 325 CFAE, ar an dara dul síos, ar Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1, ‘Treoir CBL’) agus, ar an tríú dul síos, ar an gcéad mhír d’Airteagal 47, Airteagal 48(1), Airteagal 49(3) agus Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an chuideachta trádála ‘Beach and bar management’ EOOD agus Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Burgas pri Direktsia ‘Operativni deynosti’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite (Ceann na Roinne ‘Gníomhaíochtaí Oibríochtúla’ - Cathair Burgas, laistigh den Stiúrthóireacht um ‘Ghníomhaíochtaí Oibríochtúla’ laistigh den Ghníomhaireacht Náisiúnta Ioncaim, an Bhulgáir) (‘an t‑údarás cánach’), maidir le beart riaracháin comhéigneach arna fhorchur tar éis fianaise a fháil ar sháruithe atá faoi réir pionóis airgid freisin, arna bhforchur go carnach leis an mbeart sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
CFAE
|
3 |
Foráiltear le Airteagal 325 CFAE an méid seo a leanas: ‘1. Déanfaidh an tAontas [Eorpach] agus na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bheidh mar chosc agus a thabharfaidh cosaint éifeachtúil sna Ballstáit agus in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais. 2. Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin. 3. Gan dochar d’fhorálacha eile na gConarthaí, comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh siad, i dteannta leis an gCoimisiún [Eorpach], dlúthchomhar rialta idir na húdaráis inniúla. 4. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus [Comhairle an Aontais Eorpaigh], ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le [Cúirt Iniúchóirí na hEorpa], na bearta is gá maidir le calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac d’fhonn cosaint éifeachtúil choibhéiseach a thabhairt sna Ballstáit agus in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais. 5. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain ar na bearta a glacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.’ |
An Chairt
|
4 |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 49(3) den Chairt: ‘Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach leis an gcion coiriúil.’ |
|
5 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 50 den Chairt: ‘Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.’ |
Treoir CBL
|
6 |
Faoi Airteagal 2(1)(a) de Threoir CBL, tiocfaidh soláthairtí earraí arna ndéanamh ar chomaoin laistigh de chríoch Bhallstáit ag duine inchánach atá ag feidhmiú sa cháil sin faoi réir cáin bhreisluacha (CBL). |
|
7 |
De réir Airteagal 273 den Treoir sin: ‘Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir an cheanglais maidir le cóir chomhionann amhail idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánacha agus ar choinníoll nach n‑eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as oibleagáidí den sórt sin maidir le trádáil idir Ballstáit. Ní fhéadtar brath ar an rogha faoin gcéad mhír chun oibleagáidí breise maidir le sonrascadh a fhorchur os cionn na n‑oibleagáidí atá leagtha síos i gCaibidil 3.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Bulgáire
An Dlí maidir le CBL
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 118(1) den Zakon za danak varhu dobavenata stoynost (an Dlí maidir le Cáin Bhreisluacha) (DV Uimh. 63 an 4 Lúnasa 2006), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí atá i gceist (‘an Dlí maidir le CBL’), an méid seo a leanas: ‘Tá sé d’oibleagáid ar aon duine atá cláraithe nó nach bhfuil cláraithe chun críocha an Dlí sna soláthairtí agus na díolacháin a dhéanann sé nó sí ar áitreabh tráchtála a chlárú agus a thaifeadadh i scríbhinn trí admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint arna giniúint ag gléas fioscach (admháil scipéid) nó admháil scipéid ón gclár airgid arna giniúint ag córas bainistíochta gnó comhtháite uathoibríoch (admháil chórais) a eisiúint, beag beann an iarrtar doiciméad tacaíochta cánach eile nó nach n‑iarrtar. Ní mór don fhaighteoir an admháil scipéid nó admháil chórais a fháil agus é a choinneáil go dtí go mbeidh an t‑áitreabh fágtha aige nó aici.’ |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 185(1) agus (2) den Dlí sin: ‘(1) I gcás nach n‑eisítear doiciméad tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(1), gearrfar fíneáil, i gcás daoine nádúrtha nach trádálaithe iad, idir 100 agus 500 [leva Bulgárach] (BGN) [idir EUR 50 agus 250] agus, i gcás daoine dlítheanacha agus trádálaithe aonair, pionós airgeadais idir BGN 500 agus BGN 2000 [idir EUR 250 agus 1000]. (2) Amach ó na cásanna dá bhforáiltear i mír 1, aon duine a dhéanann cion dá bhforáiltear in Airteagal 118 nó i ngníomh reachtach lena gcuirtear an t‑Airteagal sin chun feidhme, nó a cheadaíonn cion den sórt sin a dhéanamh, dlífear fíneáil idir BGN 300 agus BGN 1000 [idir EUR 150 agus 500] a chur air nó uirthi i gcás daoine nádúrtha nach trádálaithe iad, nó pionós airgeadais idir BGN 3000 agus BGN 10000 [idir EUR 1500 agus 5000] i gcás daoine dlítheanacha agus trádálaithe aonair. I gcás nach n‑eascróidh mainneachtain le hioncam ó cháin a léiriú mar thoradh ar an gcion, forchuirfear na pionóis dá bhforáiltear i mír 1.’ |
|
10 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 186 den Dlí sin, sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí atá i gceist: ‘(1) Ordófar an beart riaracháin comhéigneach lena ndéantar áitreabh tráchtála a shéalú ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá, beag beann ar na fíneálacha nó ar na pionóis airgeadais dá bhforáiltear, i gcoinne aon duine:
[...] (3) Cuirfear an beart comhéigneach riaracháin faoi mhír 1 i bhfeidhm trí ordú réasúnaithe ón tseirbhís fhioscach nó ó oifigeach atá údaraithe ag an tseirbhís sin. (4) Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le [an Administrativnoprotsesualen kodeks (Cód an Nós Imeachta Riaracháin) (DV Uimh. 30 an 11 Aibreán 2006), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na díospóide atá i gceist sna príomhimeachtaí].’ |
|
11 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 187(1) den Dlí sin: ‘I gcás ina gcuirfear an beart riaracháin comhéigneach dá bhforáiltear in Airteagal 186(1) i bhfeidhm, déanfar rochtain ar áitreabh tráchtála an duine a thoirmeasc freisin agus déanfaidh an duine sin nó a ionadaí údaraithe nó a hionadaí údaraithe an mhaoin atá san áitreabh sin agus sna saoráidí stórála atá taobh leis an áitreabh a aistriú ón áitreabh. Beidh feidhm ag an mbeart riaracháin comhéigneach maidir leis an áitreabh inar braitheadh na sáruithe, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil an t‑áitreabh faoi bhainistíocht tríú páirtí tráth an tséalaithe, más eol don tríú páirtí sin go gcuirfear an t‑áitreabh faoi shéala. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta Ioncaim liosta de na háitribh thráchtála atá le cur faoi shéala agus a suíomh a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Measfar go bhfuil an duine ar an eolas faoi shéalú an áitribh sa chás go bhfuil fógra séalaithe greamaithe go buan ar an áitreabh nó i gcás inar foilsíodh faisnéis faoin áitreabh tráchtála atá le cur faoi shéala agus a suíomh ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta Ioncaim.’ |
|
12 |
Faoi Airteagal 188(1) den Dlí sin, sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí atá i gceist: ‘Beidh an beart riaracháin comhéigneach dá dtagraítear in Airteagal 186(1) faoi réir forfheidhmiú sealadach de réir Airteagal 60(1) go (7), [den Chód um Nós Imeachta Riaracháin].’ |
An Dlí maidir le Sáruithe agus Pionóis Riaracháin
|
13 |
Faoi Airteagal 22 den Zakon za administrativnite narushenia i nakazania (an Dlí maidir le Sáruithe agus Pionóis Riaracháin) (DV Uimh. 92 an 28 Samhain 1969) sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, foráiltear an méid seo a leanas: ‘Féadfar bearta riaracháin comhéigneacha a chur i bhfeidhm chun sáruithe riaracháin a chosc agus chun deireadh a chur leo, chomh maith le hiarmhairtí díobhálacha na sáruithe sin a chosc agus a dhíothú.’ |
|
14 |
Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 27(1), (2), (4) agus (5) den Dlí sin: ‘(1) Déanfar pionós riaracháin a shocrú i gcomhréir le forálacha an Dlí seo laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos don sárú a rinneadh. (2) Agus an pionós sin á chinneadh, cuirfear san áireamh déine an tsáraithe, na cúiseanna lena ndearnadh an tsárú agus imthosca maolaitheacha agus géaraitheacha eile, chomh maith le staid airgeadais an té atá sárú déanta acu. [...] (4) Ní fhéadfar pionóis de chineál níos éadroime a chur in ionad na bpionós a ghabhann le sáruithe, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 15(2). (5) Ní bheidh sé incheadaithe ach oiread pionós a ghearradh atá faoi bhun an phionóis íosta a leagtar síos, cibé acu an fhíneáil nó dícháiliú sealadach den cheart chun gairm nó gníomhaíocht ar leith a shaothrú atá i gceist.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
|
15 |
Is duine dlítheanach é Beach and bar management faoi rialú dhlí na Bulgáire a oibríonn áitreabh tráchtála ina bhfuil beár agus bialann. |
|
16 |
An 4 Lúnasa 2022, le linn cigireacht a rinneadh san áitreabh sin, chinn cigirí ón nGníomhaireacht Náisiúnta Ioncaim nár thaifead Beach and bar management 85 dhíolachán trí bhíthin dearbháin oifige cánach, nár eisíodh dá bhrí sin do chustaiméirí. Ar an mbonn sin, ullmhaíodh 85 ghníomh maidir le sáruithe riaracháin ar an Dlí maidir le CBL san iomlán. |
|
17 |
An 12 Lúnasa 2022, d’eisigh an t‑údarás cánach ordú lena bhforchuirtear beart riaracháin comhéigneach chun ‘an t‑áitreabh a shéalú agus rochtain air a thoirmeasc’ ar feadh 14 lá. Bhí ordú ag gabháil leis an mbeart sin lenar údaraíodh a fhorfheidhmiú sealadach. |
|
18 |
Bhí an beart séalaithe agus an t‑ordú forfheidhmiúcháin sealadach, a ionchorpraíodh san urghaire féin, ina n‑ábhar achomhairc os comhair Administrativen sad Burgas (Cúirt Riaracháin Burgas, an Bhulgáir), in dhá imeacht ar leith. Díbheadh na hachomhairc a bhí i gceist. Rinneadh an toirmeasc ar shéalú agus ar rochtain ar feadh 14 lá. |
|
19 |
Ina theannta sin, forchuireadh pionós airgeadais BGN 500 (thart ar EUR 250) i gcás gach ceann de na 85 shárú arna ndéanamh ag Beach and bar management. Dá bhrí sin, b’ionann an pionós iomlán as na sáruithe sin go léir agus BGN 42500 (thart ar EUR 21250), agus ba é BGN 268.02 (thart ar EUR 134) an méid iomlán CBL a seachnaíodh mar thoradh ar mhainneachtain dearbháin a eisiúint le haghaidh na n‑íocaíochtaí uile a chomhfhreagraíonn do na cionta sin, a rinneadh trí chlár airgid thirim. |
|
20 |
Mar is léir ón ordú tarchuir, rinneadh agóid i gcoinne dhlíthiúlacht na 85 phionós airgeadais os comhair Rayonen sad Burgas (Cúirt Dúiche Burgas, an Bhulgáir). Dhiúltaigh an chúirt sin do na caingne a bhain leis na bearta sin sular tugadh breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98 (C‑97/21, EU:C:2023:371). Ar fhorais na gcinntí a thug sí, níor chuir an chúirt sin san áireamh, tar éis an ordaithe lena bhforchuirtear an beart riaracháin comhéigneach i ndáil le gach ceann de na 85 shárú agus forfheidhmiú sealadach an bhirt sin, go ndearnadh séalú an áitribh tráchtála lena mbaineann agus an toirmeasc ar rochtain air ar feadh thréimhse 14 lá a fhorghníomhú, nó gur scrúdaíodh iad agus gur cuireadh san áireamh éifeachtaí dlíthiúla an fhorfheidhmithe sin ar an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na bpionós airgeadais arna bhforchur go comhthreomhar. |
|
21 |
Bhí gach ceann de 85 chinneadh na cúirte sin ina n‑ábhar achomhairc os comhair Administrativen sad Burgas (Cúirt Riaracháin Burgas), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. |
|
22 |
Tugann an chúirt sin dá haire, i gcás sárú ar Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL, go bhforáiltear leis an Dlí sin, in Airteagal 185, ní hamháin pionós airgeadais a fhorchur ach freisin, in Airteagal 186, maidir leis an oibleagáid, ar bhonn na bhfíoras céanna, beart riaracháin comhéigneach a eisiúint chun an t‑áitreabh lena mbaineann a chur faoi shéala. |
|
23 |
Sonraíonn sí go bhforchuirtear an pionós airgeadais agus an séalú airgeadais ag deireadh imeachtaí ar leithligh agus uathrialacha agus, i gcás achomharc i gcoinne an dá bheart sin, go dtagann gach ceann acu faoi dhlínse cúirteanna éagsúla ag an gcéad chéim, eadhon an Rayonen sad (an Chúirt Dúiche) le haghaidh an phionóis airgeadais agus an Administrativen sad (an Chúirt Riaracháin) maidir le séalú, agus nach bhforáiltear le rialacha nós imeachta na Bulgáire don fhéidearthacht go gcuirfí bac ar nós imeachta amháin go dtí go ndúnfar an ceann eile, agus mar thoradh air sin nach bhfuil aon sásra ann le haghaidh comhordú idir na himeachtaí sin. Ina theannta sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, cé gur chinn an Chúirt, ina breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV — 98 (C‑97/21, EU:C:2023:371), gur de chineál coiriúil é beart riaracháin comhéigneach séalaithe, go bhfuil sí den tuairim, sa chás seo, gur mó an cineál coisctheach ná cineál pionósach an bhirt sin, nach mbeadh sé beartaithe leis ach teorainn a chur le méid na n‑iarmhairtí a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. |
|
24 |
Ar deireadh, measann an chúirt sin, gan Airteagal 325 CFAE agus Airteagal 273 Threoir CBL a shárú, nach féidir réasúnaíocht bhreithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98 (C‑97/21, EU:C:2023:371) a bheith curtha i bhfeidhm ar phionós 85 chion ar leithligh, ós rud é nach féidir a fháil amach an bhfuil éifeacht dhíspreagthach iarbhír ag na bearta arna nglacadh agus go dtugtar cosaint éifeachtach leo chun aisghabháil mhéid beacht CBL arna imghabháil a áirithiú agus chun seachaint cánach a chosc. |
|
25 |
Sna himthosca sin, chinn an Administrativen sad - Burgas (Cúirt Riaracháin Burgas) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:
|
Na ceisteanna a tharchuirtear
Inghlacthacht
|
26 |
Dar le Rialtas na Bulgáire, tá an chéad cheist agus an tríú ceist do-ghlactha, toisc nach bhfuil baint acu le hábhar na bpríomhimeachtaí, a mhéid a bhaineann siad le forchur birt riaracháin comhéignigh. Níl gá ag an gcúirt a rinne an tarchur leis an léiriú atá á lorg chun an díospóid atá os a comhair a réiteach. |
|
27 |
Thairis sin, áitíonn Beach agus bar management go bhfuil an tríú ceist do-ghlactha, ós rud é nach dtugtar caingean i gcoinne beart riaracháin comhéigneach os comhair na cúirte a rinne an tarchur. |
|
28 |
Measann an Coimisiún, óna thaobh féin de, go bhféadfaí an chéad cheist a athfhoirmliú chun go mbeadh sí inghlactha, cé nach bhfuil an tríú ceist. |
|
29 |
I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta, sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a chinneadh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú rialú a thabhairt ar cheist a tharchuirtear chun réamhrialú ó chúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú atá á lorg ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 8 Bealtaine 2025, Stadt Wuppertal, C‑130/24, EU:C:2025:340, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
30 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú nach bhfuil baint ag a príomhimeachtaí ar chaingean i gcoinne shéalú an áitribh tráchtála atá i gceist, ar beart riaracháin comhéigneach é. Mar thoradh air sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil an tríú ceist a tharchuirtear chun réamhrialú do-ghlactha go follasach, toisc nach bhfuil aon bhaint aici le hábhar na díospóide sna príomhimeachtaí. |
|
31 |
Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 37 dá Thuairim, is léir ón iarraidh sin go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, trína céad cheist, go bunúsach, a chinneadh an bhfuil na pionóis airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí comhsheasmhach le dlí an Aontais agus go mbaineann an cheist sin go soiléir le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, agus í athfhoirmlithe, ní mór a mheas go bhfuil an chéad cheist inghlactha. |
An chéad cheist
|
32 |
Leis an gcéad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 325 CFAE, Airteagal 273 de Threoir CBL agus Airteagal 50 den Chairt le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ngearrfar pionós airgeadais ar dhuine inchánach ar an bhforas nár eisigh sé fáltais airgid a bhaineann le díolacháin a rinneadh i gcás inar forchuireadh beart riaracháin comhéigneach cheana féin chun an t‑áitreabh gnó ina ndearnadh an sárú sin a shéalú, mar aon le toirmeasc ar rochtain a fháil air. |
|
33 |
Maidir leis an measúnú ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hionchúisimh agus na pionóis faoi Airteagal 50 den Chairt de chineál coiriúil, ba cheart go gcuimhneofaí, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, go bhfuil trí chritéar ábhartha. Is é an chéad cheann ná aicmiú dlíthiúil an tsáraithe faoin dlí náisiúnta, baineann an dara ceann le cineál an tsáraithe agus baineann an tríú ceann le déine an phionóis a d’fhéadfaí a chur ar an duine lena mbaineann (breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
34 |
Mar sin féin, níl cur i bhfeidhm Airteagal 50 den Chairt teoranta d’ionchúisimh agus do phionóis a aicmítear mar ‘c[h]oiriúil’ faoin dlí náisiúnta, ach go gcuimsítear leis, beag beann ar aicmiú den sórt sin faoin dlí náisiúnta, ionchúisimh agus pionóis nach mór a mheas mar a bheith de chineál coiriúil ar bhonn an dá chritéar eile dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo. D’fhéadfadh tréithriú den sórt sin a eascair ó nádúr an tsáraithe atá i gceist agus ar dhéine na bpionós is dóichí a bheidh i gceist leis (breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
35 |
Sa chás seo, ba cheart a mheabhrú go bhféadfaí beart lena gcuirtear áitreabh tráchtála faoi shéala ar feadh thréimhse 30 lá, go háirithe i gcás trádálaí aonair nach bhfuil ach áitreabh tráchtála amháin aige nó aici, a aicmiú mar bheart atá dian, go háirithe, ós rud é go gcuireann sé cosc air nó uirthi a bheith i mbun a ghnó nó a gnó, rud a bhaineann a ioncam nó a hioncam de nó di (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 47). |
|
36 |
Maidir leis an bpionós airgeadais, ar an gcéad dul síos, ós rud é nach féidir a mhéid, i ndáil leis an gcéad sárú, a bheith níos lú ná BGN 500 (tuairim agus EUR 250) agus go bhféadfaidh sé a bheith chomh hard le BGN 2000 (tuairim agus EUR 1000), agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an gaol idir CBL a seachnaíodh mar gheall ar mhainneachtain dearbháin a eisiúint go dtí go n‑eisítear dearbháin le haghaidh na n‑íocaíochtaí go léir a chomhfhreagraíonn do na sáruithe atá i gceist sna príomhimeachtaí, is é sin le rá, ar mhéid iomlán BGN 268.02 (tuairim agus EUR 134), agus an pionós a fhorchuirtear ina thaobh, arb ionann é, de réir a fianaise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, agus BGN 42500 (tuairim agus EUR 21250), rud a léiríonn go bhfuil an pionós sin dian (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 48). |
|
37 |
Sa chomhthéacs sin, más rud é nach mór na pionóis airgeadais atá i gceist a aicmiú mar phionóis de chineál coiriúil, ní mór a mheas go bhfuil teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 50 den Chairt i gceist le carnadh na bpionós sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 49). |
|
38 |
Go deimhin, chinn an Chúirt nach mór Airteagal 273 de Threoir CBL agus Airteagal 50 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar cáiníocóir a bheith faoi réir, mar gheall ar an sárú céanna ar oibleagáid chánach agus i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspleách ar a chéile, beart maidir le pionóis airgeadais a fhorchuirfear air nó uirthi agus beart chun áitreabh tráchtála a chur faoi shéala, ar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart ar leithligh sin os comhair cúirteanna éagsúla, sa mhéid nach n‑áirithítear leis an reachtaíocht sin go ndéanfar comhordú ar na himeachtaí sin a fhágann gur féidir an t‑ualach breise a bhaineann le carnadh na mbeart sin a laghdú go dtí an méid atá fíor-riachtanach agus nach n‑áirithítear go mbeidh déine na bpionós sin go léir a fhorchuirtear i gcomhréir le tromchúis na sáruithe lena mbaineann (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV – 98, C‑97/21, EU:C:2023:371, mír 63). |
|
39 |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, ní gá go mbeadh an réiteach a leagtar síos i mbreithiúnas an 4 Bealtaine 2023, MV — 98 (C‑97/21, EU:C:2023:371) inaistrithe in imthosca an cháis sna príomhimeachtaí, ós rud é, sa chás seo, go ngearrtar pionós ar 85 shárú ar leith le beart riaracháin comhéigneach aonair. Go deimhin, i ndáil le cineál atriallach, nó ‘córasach,’ na hiompraíochta a ngearrtar pionós ina leith, níl sé i gceist leis an mbeart sin ach teorainn a chur le méid na n‑iarmhairtí a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, agus mar thoradh air sin go bhféadfadh a chineál coisctheach a bheith níos mó ná a chineál pionósach. |
|
40 |
Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 63 dá Thuairim, nach féidir glacadh leis an measúnú sin ag an gcúirt a rinne an tarchur, ós rud é nach bhfuil an chuid choisctheach de bheart séalaithe an áitribh tráchtála atá i gceist sna príomhimeachtaí ceangailteach ar bhealach a fhágann go bhfuil forlámhas aige ar ghné phionósach an bhirt sin. |
|
41 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go dtagann an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin bprionsabal nach bhfuil pionós le cuspóir pionósach aige de chineál a fhágann nach féidir a aicmiú mar phionós coiriúil de réir bhrí Airteagal 50 den Chairt a bhaint de (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 31). |
|
42 |
I bhfianaise an chinnidh atá i mír 40 den bhreithiúnas seo, ní chailleann an beart comhéigneach atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar phionós coiriúil de réir bhrí na forála sin díreach toisc go bhfuil cuspóir coisctheach aige freisin. |
|
43 |
In aon chás, mar a cuireadh in iúl i mír 34 den bhreithiúnas seo, is é déine intreach shéalú na n‑áitreabh tráchtála a thugann údar lena aicmiú mar rud coiriúil agus a bhfuil infheidhmeacht Airteagal 50 den Chairt mar thoradh air. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 61 agus 64 dá Thuairim, go bhféadfadh sé gur cuireadh tréimhse shéalaithe i bhfad níos faide i bhfeidhm ar an áitreabh gnó atá i gceist sna príomhimeachtaí mar thoradh ar an líon mór sáruithe a rinneadh sa chás seo. |
|
44 |
Ní mór a mheas, mar thoradh air sin, go gcoinníonn an beart riaracháin maidir le séalú agus toirmeasc ar rochtain ar áitribh tráchtála ar feadh 14 lá a chineál pionósach, cibé acu a fhorchuirtear é mar fhreagairt ar shárú sonrach aonair ar an Dlí maidir le CBL nó tar éis 85 shárú ar an dlí sin ina iomláine a bheith déanta ar feadh tréimhse shonraithe. |
|
45 |
I bhfianaise an mhéid sin go léir, ní mór an chéad cheist a fhreagairt, go bunúsach, sa chaoi go bhfuil Airteagal 325 CFAE, Airteagal 273 de Threoir CBL agus Airteagal 50 den Chairt le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ngearrfar pionós airgeadais ar dhuine inchánach ar an bhforas nár eisigh sé fáltais airgid a bhaineann le díolacháin a rinneadh i gcás inar forchuireadh beart riaracháin comhéigneach cheana féin chun an t‑áitreabh gnó ina ndearnadh an sárú sin a shéalú, mar aon le toirmeasc ar rochtain a fháil air. |
An dara ceist
|
46 |
Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 273 de Threoir CBL agus Airteagal 49(3) den Chairt le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, mar phionós riaracháin, do mhéid ard de bheart airgid gan an chúirt a éisteann agóid i gcoinne an bhirt sin agus an fhéidearthacht nós imeachta a bheith aici méid níos ísle ná an méid dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin nó le cineál pionóis níos éadroime eile a fhorchur. |
|
47 |
Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 49(3) den Chairt, nár cheart déine na bpionós a bheith díréireach leis an sárú. Ar an gcaoi chéanna, chinn an Chúirt, in éagmais bearta reachtacha de chuid an Aontais i réimse na bpionós is infheidhme, go bhfuil na Ballstáit inniúil chun cineál agus leibhéal na bpionós sin a chinneadh, i gcomhréir, inter alia, le prionsabal na comhréireachta (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, G. ST. T. (Comhréireacht an phionóis i gcás sárú), C‑655/21, EU:C:2023:791, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
48 |
De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis an bprionsabal sin, ní rachaidh na bearta pionósacha a cheadaítear faoin reachtaíocht náisiúnta thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a shaothraítear go dlisteanach leis an reachtaíocht sin a bhaint amach. Ní mór déine na bpionós a bheith i gcomhréir le tromchúis na sáruithe ar a bhforchuirtear iad, go háirithe trí fhíoréifeacht dhíspreagthach a áirithiú, agus gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, G. ST. T. (Comhréireacht an phionóis i gcás sárú), C‑655/21, EU:C:2023:791, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
49 |
Thairis sin, ceanglaítear le prionsabal na comhréireachta, agus an pionós á chinneadh agus méid na fíneála á shocrú, nach mór imthosca aonair an cháis a chur san áireamh (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, G. ST. T. (Comhréireacht an phionóis i gcás sárú), C‑655/21, EU:C:2023:791, mír 67). |
|
50 |
Ní mór a chur san áireamh freisin, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na bpionós, an fhéidearthacht atá ar fáil don chúirt náisiúnta an t‑aicmiú i ndáil leis an aicmiú a leagtar amach sa díotáil a athrú, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cur i bhfeidhm pionóis nach bhfuil chomh dian céanna, agus an fhéidearthacht an pionós i ndáil le tromchúis an tsáraithe a aimsíodh a mhodhnú (breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, G. ST. T. (Comhréireacht an phionóis i gcás sárú), C‑655/21, EU:C:2023:791, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
51 |
Faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil an fhéidearthacht chun aicmiú an tsáraithe atá i gceist a athrú in easnamh sa reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí. |
|
52 |
Thairis sin, ós rud é nach féidir, faoin reachtaíocht sin, méid an phionóis airgeadais i leith an chéad sáraithe a bheith níos lú ná BGN 500 (thart ar EUR 250) agus go bhfuil an méid sin beagnach 200 uair níos airde ná CBL a seachnaíodh i gcás gach sáraithe a rinneadh sa chás seo, is é sin le rá BGN 2.70 (thart ar EUR 1.35), is cosúil go bhfuil sé thar a bheith deacair pionós a shocrú nach sáraíonn déine an phionóis sin tromchúis an tsáraithe a suíodh. |
|
53 |
I bhfianaise an mhéid sin go léir, ní mór an dara ceist a fhreagairt, go bunúsach, sa chaoi go bhfuil Airteagal 273 de Threoir CBL agus Airteagal 49(3) den Chairt le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, mar phionós riaracháin, do mhéid ard de bheart airgid gan an chúirt a éisteann agóid i gcoinne an bhirt sin agus an fhéidearthacht nós imeachta a bheith aici méid níos ísle ná an méid dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin nó le cineál pionóis níos éadroime eile a fhorchur. |
Costais
|
54 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.