BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

18 Nollaig 2025 ( *1 )

(Achomharc – Comhbheartas maidir le tearmann agus inimirce – Rialachán (AE) 2016/1624 – Bainistiú comhtháite Eorpach teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh – An Garda Teorann agus Cósta Eorpach – An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) – Oibleagáidí atá ar Frontex maidir le cearta bunúsacha a chosaint – Oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag Frontex – Dliteanas neamhchonarthach Frontex – Nasc cúisíoch idir sárú oibleagáidí den sórt sin agus an damáiste a rinneadh)

I gCás C‑679/23 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 14 Samhain 2023,

WS,

WT,

WY,

WZ,

YA,

YB,

dá ndéanann L.-M Komp, A.M. Van Eik, advocaten, agus E. Sharpston, Abhcóide, ionadaíocht,

achomharcóirí,

an páirtí eile sna himeachtaí:

an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), arna hionadú ag H. Caniard, R.-A. Popa agus C. Rueger, i gcáil Gníomhairí, ar dtús, agus ina dhiaidh sin ag H. Caniard, C. Carroll agus R.-A. Popa, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, avocat,

cosantóir ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe, L. Arastey Sahún, I. Ziemele, J. Passer, O. Spineanu-Matei (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, D. Gratsias, M. Gavalec, Z. Csehi agus B. Smulders, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 4 Feabhra 2025,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Meitheamh 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena gcaingean, iarrann na hachomharcóirí go gcuirfí ar neamhní breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Meán Fómhair 2023, WS agus páirtithe eile v Frontex (T‑600/21, an breithiúnas atá faoi achomharc, EU:T:2023:492), lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta dá gcaingean maidir le cúiteamh as díobháil a rinneadh dóibh i ndiaidh mhainneachtain na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a hoibleagáidí, de bhun, ar an gcéad dul síos, de bhun Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO 2016 L 251, lch. 1) a chomhlíonadh, ar an dara dul síos, céimeanna 1 go 5 de nós imeachta oibríochta caighdeánach Frontex chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cearta bunúsacha maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha agus tionscadail phíolótacha arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht sin (‘an nós imeachta oibríochta caighdeánach’) a chomhlíonadh agus, ar an tríú dul síos, Airteagal 4 den Chód Iompair maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh arna gcomhordú ag Frontex (‘Cód Iompair Frontex’) a chomhlíonadh.

I. An dlí lena mbaineann

A.   Rialachán 2016/1624

2

Aisghaireadh Rialachán 2016/1624 le Rialachán (AE) 2019/1986 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO 2019 L 295, lch. 1), le héifeacht ón 3 Nollaig 2019, seachas Airteagail 20, 30 agus 31 de Rialachán 2016/1624, a aisghaireadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, agus dátaí fhíorais na díospóide á gcur san áireamh, tá feidhm ratione temporis fós ag an Rialachán sin i leith na díospóide seo.

3

Áirítear le Rialachán 2016/1624, inter alia, na haithrisí seo a leanas:

‘[...]

(6)

Ba cheart bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte ag [Frontex] agus ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n‑áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad oibríochtaí faireachais teorann muirí agus aon chúraimí rialaithe eile ag teorainneacha. Cé gur ar na Ballstáit a bheidh an phríomhfhreagracht a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú chun a leasa féin agus chun leasa na mBallstát uile, ba cheart [do Frontex] tacú le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a chuireann na bearta sin chun feidhme a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú.

[...]

(14)

Ba cheart cúraimí agus inniúlacht leathnaithe [Frontex] a bheith á gcothromú le coimircí treisithe i dtaca le cearta bunúsacha agus le cuntasacht mhéadaithe.

[...]

(16)

Tá [Frontex] ag brath ar chomhar na mBallstát chun bheith in ann a cúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach [do Frontex] agus do na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus faisnéis chruinn a mhalartú go tráthúil. [...]

[...]

(32)

An 15 Deireadh Fómhair 2015, d'iarr an Chomhairle Eorpach freisin go méadófaí sainordú Frontex maidir le filleadh, chun an ceart a chur san áireamh oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a eagrú ar a thionscnamh féin [...]

(33)

Ba cheart [do Frontex] cur leis an gcúnamh a thugann sí do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tíortha a fhilleadh, faoi réir bheartas um fhilleadh an Aontais agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98). Go háirithe, ba cheart di oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú agus a eagrú ó Bhallstát amháin nó níos mó agus ba cheart di idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú agus a dhéanamh chun córas um fhilleadh na mBallstát sin a bhfuil cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil de dhíth orthu a athneartú nuair atá na Ballstáit sin ag comhlíonadh a n‑oibleagáide náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh i gcomhréir leis an Treoir sin.

(34)

Ba cheart [do Frontex], agus urramú iomlán á thabhairt do chearta an duine, an cúnamh is gá a sholáthar do Bhallstáit agus iad ag eagrú oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh fillithe. Níor cheart di féachaint isteach i dtuillteanas na gcinntí um fhilleadh arna n‑eisiúint ag na Ballstáit. [...]

[...]

(36)

Bíodh is go bhféadfadh socrú a bheith cheana ann idir Ballstát agus tríú tír, ní shaorann sé sin [Frontex] ná na Ballstáit óna gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le prionsabal an non‑refoulement a chomhlíonadh.

(37)

Ba cheart [do Frontex] díormaí a bhunú de lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach, de thionlacaithe don fhilleadh éigeantach agus de speisialtóirí don fhilleadh arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, díormaí ba cheart a imscaradh le linn oibríochtaí um fhilleadh agus ar cheart iad a bheith ina gcuid d'fhoirne saincheaptha idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a bhíonn in úsáid in idirghabhálacha don fhilleadh. Ba cheart daoine a bhfuil saineolas sonrach acu i gcosaint leanaí a bheith ar fhoireann na ndíormaí sin. Ba cheart [do Frontex] an oiliúint riachtanach a chur ar fáil dóibh.

[...]

(39)

Ba cheart foráil speisialta a dhéanamh don fhoireann atá páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh chun go ndéanfaí a gcúraimí, a gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí a shonrú. [...]

[...]

(47)

Ba cheart do Gharda Teorann agus Cósta na hEorpa, lena n‑áirítear [Frontex] agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorann, lena n‑áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, a gcuid cúraimí a chomhall i lán‑urraim do chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, [a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950] an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, [arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Samhain 1989 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1577, lch. 3) agus a tháinig i bhfeidhm an 2 Meán Fómhair 1990], an Coinbhinsiún maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú [a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1249, Uimh. I-20378, lch. 13) agus a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1981], an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe (, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)], a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 agus arna fhorlíonadh leis an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 agus a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967) agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non‑refoulement [...]

(48)

I bhfianaise líon méadaithe na gcúraimí atá ar [Frontex], ba cheart di straitéis a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar chosaint na gceart bunúsach agus chun an chosaint sin a áirithiú. Chuige sin, ba cheart di acmhainní agus foireann leormhaith a sholáthar dá hoifigeach um chearta bunúsacha a bheidh ag freagairt dá shainordú agus do mhéid na hoifige. Ba cheart rochtain a bheith ag an oifigeach um chearta bunúsacha ar an bhfaisnéis uile atá riachtanach dó nó di chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart [do Frontex] a ról a úsáid chun cur i bhfeidhm acquis an Aontais a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a chur chun cinn go gníomhach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha agus le cosaint idirnáisiúnta.

[...]

(50)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo sásra gearán [do Frontex] i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, chun urramú do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile [Frontex] a áirithiú. Ba cheart gur sásra riaracháin a bheadh sa sásra sin faoina mbeidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag [Frontex] a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Ba cheart don oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, gearáin a bhaineann le comhaltaí na bhfoirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, agus bearta leantacha de chuid [Frontex] nó an Bhallstáit sin a chlárú. Ba cheart don sásra bheith éifeachtúil, rud a áiritheoidh go ndéantar bearta leantacha go cuí de dhroim na ngearán. Níor cheart gur dhochar an sásra gearán do rochtain ar leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha agus ní hionann é agus ceanglas chun leigheasanna den sórt sin a lorg. [...]

[...]’

4

Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

4)

ciallaíonn “foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta” foirne gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile ó na Ballstáit rannpháirteacha, lena n‑áirítear gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile atá tugtha ar iasacht ag Ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta chuig [Frontex], a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus mar chuid d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce;

5)

ciallaíonn “Ballstát óstach” ina dtarlaíonn oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh, nó óna seoltar a leithéid d’oibríocht nó d’idirghabháil, nó ina n‑imscartar foireann tacaíochta don bhainistiú imirce;

6)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil ball d'fhoireann Eorpach de chuid an Gharda Teorann agus Cósta ina gharda teorann nó ina garda teorann nó ina bhall foirne ábhartha eile nó ina ball foirne ábhartha eile;

[...]

8)

ciallaíonn “ball na bhfoirne” ball d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta nó foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh a bhíonn rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh nó in idirghabhálacha um fhilleadh;

[...]

11)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

12)

ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh riaracháin nó breithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil fanacht náisiúnaigh tríú tír neamhdhlíthiúil agus lena bhforchuirtear oibleagáid air nó uirthi filleadh nó ina ndeirtear go bhfuil oibleagáid air nó uirthi filleadh agus gur cinneadh é sin lena n‑urramaítear Treoir 2008/115/CE;

13)

ciallaíonn “fillí” náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil agus atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát;

14)

ciallaíonn “oibríocht um fhilleadh” oibríocht arna comhordú ag [Frontex] agus a bhfuil athneartú teicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar ag Ballstát amháin nó níos mó mar chuid di, faoina bhfilleann fillithe ó Bhallstát amháin nó níos mó bíodh sé sin ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach;

15)

ciallaíonn “idirghabháil um fhilleadh” gníomhaíocht de chuid [Frontex] a chuireann cúnamh teicniúil agus oibríochtúil feabhsaithe ar fáil do Bhallstáit, agus gurb é atá i gceist leis ná foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a imscaradh chuig na Ballstáit agus oibríochtaí um fhilleadh a eagrú;

[...]’

5

Foráiltear le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An Garda Teorann agus Cósta Eorpach’, an méid seo a leanas:

‘Beidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach comhdhéanta de [Frontex] agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n‑áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha.’

6

Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip’, an méid seo a leanas:

‘Is iad na comhchodanna seo a leanas a bheidh i mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip:

[...]

(h)

náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n‑eisiúint ag Ballstát a fhilleadh;

[...]’

7

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 5(1) agus (3) de Rialachán 2016/1624, dar teideal ‘Freagracht chomhroinnte’:

‘1.   Cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte de chuid [Frontex] agus na n‑údarás náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha [...]

[...]

3.   Tacóidh [Frontex] le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú i dtaobh na mbeart sin a chur chun feidhme agus i dtaca le bearta um fhilleadh.’

8

Faoi Airteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal ‘Dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta’:

‘[Frontex] agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh [...] beidh siad faoi réir dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus oibleagáid maidir le malartú faisnéise.’

9

Foráiltear le hAirteagal 14 den Rialachán sin, dar teideal ‘Gníomhaíochtaí a dhéanann [Frontex] ag na teorainneacha seachtracha’ an méid seo a leanas:

‘1.   Féadfaidh Ballstát cúnamh a iarraidh ar [Frontex] chun a chuid oibleagáidí a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha. Déanfaidh [Frontex] bearta i gcomhréir le hAirteagal 19 chomh maith.

2.   Eagróidh [Frontex] an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil don Bhallstát óstach agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n‑áirítear prionsabal an non‑refoulement, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh;

[...]’

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 22 den Rialachán sin:

‘1.   Áiritheoidh [Frontex] cur chun feidhme oibríochtúil gnéithe eagrúcháin uile na n‑oibríochtaí comhpháirteacha, na dtreoirthionscadal nó na mear-idirghabhálacha teorann, lena n‑áirítear baill foirne de chuid [Frontex] a bheith i láthair.

[...]

3.   Gníomhóidh an t‑oifigeach comhordúcháin thar ceann [Frontex] i ngach gné d'imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin ná an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát óstach agus na mBallstát rannpháirteach a chothú. Déanfaidh an t‑oifigeach comhordaithe go háirithe an méid seo a leanas:

[...]

(b)

faireachán ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochta, lena n‑áirítear sa mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú do [Frontex] i leith sin;

[...]’

11

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 25(1), (3) agus (4) de Rialachán 2016/1624, dar teideal ‘Gníomhaíochtaí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh’

‘1.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin oibríochtaí [Frontex] a fhoirceannadh más rud é nach bhfuil na coinníollacha chun na gníomhaíochtaí sin a sheoladh á gcomhlíonadh a thuilleadh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann ar an eolas roimh fhoirceannadh den sórt sin.

[...]

3   Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, maoiniú gníomhaíochta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura n‑urramaíonn an Ballstát óstach an plean oibríochtúil.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis don té sin dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, an maoiniú d'oibríocht chomhpháirteach, do mhear-idirghabháil teorann, do threoirthionscadal, d’imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, d'oibríocht um fhilleadh, d'idirghabháil um fhilleadh nó do shocrú oibre a tharraingt siar nó gníomhaíochtaí den sórt sin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go hiomlán nó i bpáirt má mheasann an té sin go bhfuil cearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta á sárú go tromchúiseach agus gur dóchúil go leanfar den sárú sin. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.’

12

Foráiltear le hAirteagal 26 den Rialachán sin, dar teideal ‘Meastóireacht ar ghníomhaíochtaí’ mar seo a leanas:

‘Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí na n‑oibríochtaí comhpháirteacha agus na mear-idirghabhálacha teorann, na dtreoirthionscadal, imscaradh na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus an chomhair oibríochtúil le tríú tíortha. Cuirfidh sé nó sí tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha, chuig an mbord bainistíochta laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí sin. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin d'fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht gníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo, agus áireoidh sé nó sí an anailís sin i dtuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Frontex.’

13

Foráiltear le hAirteagal 27 den Rialachán sin, dar teideal ‘Filleadh’ mar seo a leanas:

‘1.   Maidir le filleadh, agus i gcomhréir leis an urraim do chearta bunúsacha agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta chomh maith, lena n‑áirítear cosaint dídeanaithe agus cearta leanaí, go háirithe, déanfaidh [Frontex] an méid seo a leanas:

(a)

comhordú, ar leibhéal teicniúil agus oibríochtúil, ar ghníomhaíochtaí na mBallstát a bhaineann le filleadh, lena n‑áirítear imeachtaí deonacha, chun córas comhtháite bainistíochta um fhilleadh a bhaint amach i measc údaráis inniúla na mBallstát, córas ina mbeidh údaráis ábhartha tríú tíortha agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach;

(b)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil dúshláin áirithe orthu maidir leis na córais um fhilleadh atá acu;

[...]

2.   Áireofar sa chúnamh teicniúil agus oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 gníomhaíochtaí chun cuidiú le Ballstáit nósanna imeachta um fhilleadh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla a chur i gcrích, go háirithe tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

seirbhísí ateangaireachta;

[...]

(c)

comhairle faoi nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus a bhainistiú i gcomhlíonadh Threoir 2008/115/CE;

(d)

comhairle agus cúnamh maidir leis na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na fillithe ar fáil chun críocha fillte agus chun go gcuirfear cosc ar fhillithe éalú, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE agus leis an dlí idirnáisiúnta.

[...]’

14

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 28, dar teideal ‘Oibríochtaí um fhilleadh’:

‘1.   Gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, cuirfidh [Frontex] an cúnamh is gá ar fáil agus, arna iarraidh sin do Bhallstát rannpháirteach amháin nó níos mó, áiritheoidh sí comhordú nó eagrú oibríochtaí um fhilleadh, lena n‑áirítear trí aerárthaí a chairtfhostú chun críocha na n‑oibríochtaí sin. Féadfaidh [Frontex], ar a tionscnamh féin, a mholadh do Bhallstáit go ndéanfadh sí oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú nó a eagrú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, [Frontex] a chur ar an eolas faoina bpleanáil tháscach maidir le líon na bhfillithe, agus maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, i ndáil le hoibríochtaí náisiúnta ábhartha um fhilleadh, agus maidir lena riachtanais i dtaca le cúnamh nó comhordú ó [Frontex] araon. Tarraingeoidh [Frontex] suas plean oibríochta rollach chun na hathneartuithe is gá, lena n‑áirítear trí threalamh teicniúil, a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha. [...]

[...]

8.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí na n‑oibríochtaí um fhilleadh. Gach sé mhí, déanfaidh sé nó sí tuarascáil mheastóireachta mhionsonraithe lena gclúdófar na hoibríochtaí go léir um fhilleadh a rinneadh sa seimeastar roimhe sin, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha, a tharchur chuig an mbord bainistíochta. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin d'fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht oibríochtaí um fhilleadh a bheidh ann amach anseo. Áireoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an anailís sin i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí [Frontex].

[...]’

15

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 34 den Rialachán sin, dar teideal ‘Cosaint ar chearta bunúsacha agus straitéis um chearta bunúsacha’:

‘1.   Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta – lena n‑áirítear Coinbhinsiún 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis sin maille le hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non‑refoulement.

Chun na críche sin, déanfaidh [Frontex] straitéis um chearta bunúsacha a tharraingt suas, a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear sásra éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha a bheith á n‑urramú i ngníomhaíochtaí uile [Frontex].

2.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach nach ndéanfar aon duine a chur i dtír, a chur i dtír in aghaidh a thola, a sheoladh chuig tír, a thabhairt ar láimh, nó a fhilleadh ar shlí eile, de shárú ar phrionsabal an non‑refoulement, do na húdaráis i dtír ar bith nó i dtír a bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí an duine a dhíbirt aisti nó a fhilleadh chuig tír eile de shárú ar an bprionsabal céanna sin.

3.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach i gcuntas na riachtanais speisialta a bhíonn ag leanaí, ag mionaoisigh neamhthionlactha, ag daoine faoi mhíchumas, ag íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, ag daoine óna dteastaíonn cúnamh liachta, ag daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta, acu siúd atá i nguais ar muir, agus ag daoine eile i gcás an‑leochaileach.

[...]’

16

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 35 de Rialachán 2016/1624, dar teideal ‘Cóid iompair’:

‘[...]

2.   Déanfaidh [Frontex], i gcomhar leis an bhfóram comhchomhairleach, cód iompair a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh, cód iompair i dtaca le fillithe a fhilleadh, ar cód é a mbeidh feidhm aici agus na hoibríochtaí agus na hidirghabhálacha go léir um fhilleadh á gcomhordú nó á n‑eagrú ag [Frontex]. Beidh cur síos sa chód iompair sin ar nósanna imeachta caighdeánaithe coiteanna a mbeidh d'aidhm leo simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a n‑eagraítear oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, agus lena n‑áiritheofar filleadh dínitiúil orthu siúd atá le filleadh agus urraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha go hiomlán, agus go háirithe do phrionsabail maidir le dínit an duine, leis an toirmeasc ar chéasadh agus toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, leis an gceart chun saoirse agus slándála, leis an gceart chun cosaint ar shonraí pearsanta agus leis an gceart ar neamh-idirdhealú.

3.   Tabharfar aird, go háirithe, [i gcód iompair Frontex] um fhilleadh ar oibleagáid na mBallstát foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach faireacháin i dtaca le filleadh éigeantach de réir mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE agus ar an straitéis um chearta bunúsacha.’

17

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 42(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dliteanas sibhialta’:

‘1.   I gcás ina mbeidh baill de na foirne ag feidhmiú i mBallstát óstach, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh na baill le linn a gcuid oibríochtaí.

2.   Más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil a tharlóidh an damáiste sin, féadfaidh an Ballstát óstach dul i dteagmháil leis an mBallstát baile ag lorg aisíocaíochta ón mBallstát baile ar airgead ar bith a d'íoc an Ballstát óstach le híospartaigh nó le daoine a bhfuil teideal acu thar a gceann.’

18

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 60(3) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dliteanas’:

‘I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh [Frontex], i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.’

19

Faoi Airteagal 71 den Rialachán sin, dar teideal ‘An t‑oifigeach um chearta bunúsacha’:

‘ 1.   Ceapfaidh an bord bainistíochta oifigeach um chearta bunúsacha. Is é a bheidh mar chúraimí air nó uirthi cur le straitéis [Frontex] um chearta bunúsacha, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag [Frontex] agus urramú na gceart bunúsach ag [Frontex] a chur chun cinn. [...]

[...]

3.   Rachfar i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na pleananna oibríochta arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 16, le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 33(4). Beidh rochtain aige nó aici ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú i ngníomhaíochtaí uile [Frontex].’

20

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 72 de Rialachán 2016/1624, dar teideal ‘Sásra gearáin’:

‘1.   Déanfaidh [Frontex], i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, na bearta is gá chun sásra gearáin a bhunú i gcomhréir leis an Airteagal seo chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil cearta bunúsacha á n‑urramú i ngníomhaíochtaí uile [Frontex].

2.   Aon duine dá ndéanann gníomhaíochtaí na foirne atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i dtreoirthionscadal, i mear-idirghabháil teorann, in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, in oibríocht um fhilleadh nó in idirghabháil um fhilleadh, difear go díreach, nó gur sáraíodh, dar leis nó léi, a chearta nó a cearta bunúsacha de dhroim na ngníomhaíochtaí sin, nó aon pháirtí a ionadaíonn duine den sórt sin, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a chur faoi bhráid [Frontex].

[...]

4.   Beidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag [Frontex] a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Chun na críche sin, déanfaidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, gearáin maidir le baill na bhfoirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, cur in iúl don údarás nó don chomhlacht ábhartha inniúil do chearta bunúsacha i mBallstát, agus bearta leantacha [Frontex] nó an Bhallstáit sin a chlárú agus a áirithiú.

[...]

10.   [...]

Áiritheoidh [Frontex] go mbeidh faisnéis maidir leis an bhféidearthacht agus nós imeachta gearán a dhéanamh ar fáil go héasca, lena n‑áirítear do dhaoine leochaileacha. Déanfar an fhoirm ghearáin chaighdeánaithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin [Frontex] agus i gcruachóip i rith ghníomhaíochtaí uile [Frontex], i dteangacha a thuigeann náisiúnaigh tríú tír, nó a gcreidtear le réasún a thuigeann. Déanfaidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha gearáin a mheas fiú nuair nach gcuirtear faoina bhráid nó faoina bráid iad san fhoirm ghearáin chaighdeánaithe.

[...]’

B.   Treoir 2008/115

21

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115, dar teideal ‘Cinneadh um fhilleadh’:

‘Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

22

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 8(6) den Rialachán sin, dar teideal ‘Aistriú’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le córas faireacháin éifeachtach le haghaidh filleadh éigeantach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

23

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 12(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Foirm’:

‘Is i scríbhinn a eiseofar cinntí um fhilleadh [...] a eisiúint, agus tabharfar cúiseanna maidir le fíoras agus dlí iontu chomh maith le faisnéis faoi leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

C.   Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta

24

De bhun Airteagal 76(f) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ‘Luafar [sa]n iarratas [...] i gcás inarb iomchuí, aon fhianaise a chuirtear ar fáil nó a tháirgtear’.

25

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 85 den Rialachán sin:

‘1.   Cuirfear fianaise a thabharfar ar aird nó a dhéanfar a thairiscint ar fáil ag an gcéad mhalartú pléadálacha i scríbhinn.

2.   Féadfaidh príomhpháirtí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird nó a thairiscint sa fhreagra nó san athfhreagra mar thaca lena argóintí, ar choinníoll go bhfuil údar leis an moill sin agus an fhianaise sin á tíolacadh.

3.   Féadfaidh na príomhpháirtithe tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird nó a thairiscint go heisceachtúil tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta nó sula ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta cinneadh breith a thabhairt gan cuid ó bhéal den nós imeachta ar choinníoll go bhfuil údar leis an moill sin agus an fhianaise sin á tíolacadh.

4.   Gan dochar don chinneadh a bheidh le déanamh ag an gCúirt Ghinearálta ar inghlacthacht na fianaise a thabharfar ar aird nó a tháirgfear de bhun mhíreanna 2 agus 3, tabharfaidh an tUachtarán deis don pháirtí eile freagra a thabhairt ar an bhfianaise sin.’

II. Cúlra na díospóide

26

Rinneadh cúlra na díospóide a leagan amach i míreanna 2 go 16 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus is féidir achoimre a dhéanamh air mar seo a leanas.

27

Is teaghlach de náisiúnaigh na Siria iad na hachomharcóirí a tháinig ar oileán Milos (an Ghréig) an 9 Deireadh Fómhair 2016 i measc grúpa dídeanaithe. An 14 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin, aistríodh iad chuig lárionad glactha agus aitheantais atá suite sa Ghréig, áit ar chuir siad in iúl gur mhaith leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta.

28

An 20 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin, tar éis oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag Frontex, aistríodh na hachomharcóirí chuig an Tuirc, chuig ionad glactha sealadach in oirdheisceart na tíre sin.

29

An 2 Samhain 2016, d’eisigh údaráis na Tuirce doiciméid chosanta shealadacha agus cead taistil sealadach do na hachomharcóirí chun taisteal go Sanliurfa (an Tuirc). Bhog na hachomharcóirí go dtí Saruj (an Tuirc) ar bhonn sealadach, sular chuir siad fúthu in Erbil (an Iaráic).

30

An 4 Eanáir 2017, thaisc na hachomharcóirí an chéad ghearán le hOifigeach um Chearta Bunúsacha Frontex, inar mhaígh siad gur cuireadh ar ais ón nGréig chuig an Tuirc iad mar thoradh ar oibríocht um fhilleadh arna stiúradh ag Frontex. Ag an am céanna, thug na hachomharcóirí caingean i gcoinne na Poblachta Heilléanaí os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

31

An 15 Feabhra 2017, dearbhaíodh go raibh an gearán sin inghlactha agus cuireadh ar aghaidh é chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Frontex agus chuig Ombudsman na Gréige, a chuir ar aghaidh chuig póilíní na Gréige é, agus cuireadh na hachomharcóirí ar an eolas faoi an 7 Meitheamh ina dhiaidh sin.

32

An 17 Iúil 2018, thaisc na hachomharcóirí an dara gearán leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha maidir le láimhseáil a gcéad ghearáin, ar cuireadh faisnéis ina leith chucu an 25ú lá den mhí sin. An 9 Lúnasa ina dhiaidh sin, dearbhaíodh go raibh a ndara gearán inghlactha agus cuireadh i gceangal leis an gcéad ghearán é.

33

An 29 Samhain 2018, chuir an tOifigeach um Chearta Bunúsacha in iúl do na hachomharcóirí go raibh Frontex fós ag fanacht le torthaí an imscrúdaithe inmheánaigh a rinne údaráis phóilíneachta na Gréige maidir leis an gcéad ghearán. An 25 Samhain 2019, chuir sé in iúl dóibh go ndearna na húdaráis sin an t-imscrúdú sin a fhoirceannadh agus gur chinn siad gan an tuarascáil a bhaineann leis an imscrúdú sin a sheoladh de bharr gur tuarascáil de chineál rúnda í. An 6 Deireadh Fómhair 2020, sheol sé a thuarascáil chríochnaitheach maidir leis na gearáin chuig na hachomharcóirí agus rinne sé an nós imeachta láimhseála gearán a fhoirceannadh.

34

Le ríomhphost an 8 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin a seoladh chuig an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, mhaígh na hachomharcóirí nár tugadh aghaidh sa tuarascáil chríochnaitheach sin ar ról Frontex san oibríocht um fhilleadh ná ar an dara gearán. Ina fhreagra an 13 Deireadh Fómhair, dúirt an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go raibh Frontex tar éis a oibleagáidí maidir le láimhseáil a ngearán a chomhlíonadh.

35

San iarratas ar achomharc, thuairiscigh na hachomharcóirí, ar teaghlach iad ina bhfuil beirt tuismitheoirí agus ceathrar leanaí ar Coirdínigh eitneacha iad, gur shonraigh siad os comhair na Cúirte Ginearálta gur fhormheas an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine dearbhú maidir le réiteach cairdiúil, arna shíniú ag na páirtithe, an 19 Feabhra 2023 sa chaingean a tugadh os a comhair i gcoinne na Poblachta Heilléanaí. Le linn na héisteachta os comhair na Cúirte, chuir siad i bhfios, agus an dearbhú sin á chur chun feidhme, gur aontaigh an Phoblacht Heilléanach EUR 12500 a íoc don achomharcóir le haghaidh damáistí ábhartha agus neamhábhartha, is é sin le rá, EUR 75000 san iomlán, agus EUR 1500 a íoc le haghaidh na gcostas agus an chaiteachais.

III. Imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

36

Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 20 Meán Fómhair 2021, thionscain na hachomharcóirí caingean le haghaidh damáistí, ag lorg cúiteamh as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain díobh mar gheall ar iompar neamhdhleathach líomhainte Frontex roimh an oibríocht um fhilleadh atá i gceist, lena linn agus ina dhiaidh, a mheasann siad a bheith cothrom le EUR 96 212.55, a mhéid a bhaineann leis an damáiste ábhartha agus EUR 40000, a mhéid a bhaineann leis an damáiste neamhábhartha, móide ús.

37

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, maidir le hinghlacthacht doiciméad áirithe arna dtabhairt ar aird ag na hachomharcóirí, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, i míreanna 43 go 46 den bhreithiúnas sin, go raibh Iarscríbhinní C.1 agus C.3 go C.6 a ghabhann leis an bhfreagra do-ghlactha toisc gur tíolacadh iad as am gan údar cuí. Ar an dara dul síos, agus ar an gcúis chéanna, i míreanna 49 go 51 den bhreithiúnas sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’Iarscríbhinn E.1, arna taisceadh ag na hachomharcóirí an 7 Márta 2023, is é sin le rá, an lá roimh an éisteacht.

38

Maidir leis an tsubstaint, tar éis di a thabhairt faoi deara, i mír 53 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur coinníollacha carnacha iad na coinníollacha chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais a thabhú faoin dara mír d’Airteagal 340 CFAE, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 55 den bhreithiúnas sin, scrúdú a dhéanamh, sa chéad áit, ar an gcoinníoll maidir le nasc cúisíoch a bheith ann idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste a líomhnaítear.

39

I ndáil leis sin, i mír 56 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn sí nach mór go mbeidh an damáiste líomhainte ina iarmhairt sách díreach ar an iompar a ndearnadh gearán ina leith, arbh é ba chúis chinntitheach leis an damáiste, agus nach raibh aon oibleagáid ann aon iarmhairtí a bhaineann le gach iarmhairt dhíobhálach a bhaineann le staid neamhdhleathach a shlánú, fiú iarmhairt scoite.

40

Ar an gcéad dul síos, chinn sí, i mír 61 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhféadfadh na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí agus iad ag taisteal go dtí an Ghréig teacht go díreach ón iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith, ós rud é go raibh siad ann roimh an oibríocht um fhilleadh atá i gceist.

41

Ina dhiaidh sin, i mír 62 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh argóintí na n‑achomharcóirí a bhaineann le nasc cúisíoch a bheith ann idir na sáruithe a bhfuil Frontex cúisithe ina leith maidir lena oibleagáidí cearta bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs na hoibríochta sin agus na cinn damáiste líomhainte eile bunaithe ar thoimhde mhícheart, eadhon, gan na sáruithe sin, nach n‑aistreofaí na hachomharcóirí go dtí an Tuirc agus go bhfaigheadh siad cosaint idirnáisiúnta sa Ghréig, agus dá bhrí sin an cúnamh ábhartha a mbeidís ina theideal, agus mar thoradh air sin nach bhfulaingeoidís an damáiste lena mbaineann.

42

I ndáil leis sin, i míreanna 64 agus 65 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Chúirt Ghinearálta nach raibh de chúram ar Frontex, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(a) agus (b) agus Airteagal 28(1) de Rialachán 2016/1624 agus Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115 agus Airteagal 2(f) agus Airteagail 4, 6, 8 agus 31 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60) ach amháin, i gcomhthéacs na hoibríochta um fhilleadh atá i gceist, tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit, agus ní scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh na ndaoine a áirítear san oibríocht sin, ós rud é go bhfuil na cinntí sin agus na cinntí a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú bunaithe ar mheasúnú a thagann faoi inniúlacht na mBallstát amháin.

43

Dá bhrí sin, i mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta nár suíodh nasc cúisíoch díreach maidir leis, ar an gcéad dul síos, an damáiste ábhartha a bhaineann leis na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí sa Tuirc agus san Iaráic agus, ar an dara dul síos, damáiste neamhábhartha arb é atá ann, inter alia, eagla a bhaineann leis an eitilt fillte go dtí an Tuirc, ar eitilt í a mheas sí, thairis sin, a bheith, i bprionsabal, faoi dhlínse an Bhallstáit óstaigh amháin, de bhun Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán 2016/1624.

44

Ina theannta sin, i míreanna 67 go 69 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus í den tuairim go raibh an damáiste líomhainte mar thoradh díreach ar an neamhdhleathacht líomhainte, seachas ar rogha an achomharcóra maidir le conas freagairt don ghníomh neamhdhleathach líomhainte, chinn an Chúirt Ghinearálta gur mar thoradh ar roghanna na n‑achomharcóirí féin a rinneadh an damáiste ábhartha agus neamhábhartha líomhainte maidir leis na costais a bhaineann le ligean ar cíos agus soláthar in Saruj, na costais a tabhaíodh agus iad ag taisteal go dtí an Iaráic, na costais éagsúla a tabhaíodh ó bunaíodh iad sa tír sin agus eagla agus fulaingt mar thoradh ar an turas deacair chuig an tír sin.

45

I ndáil leis sin, i mír 68 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn sí, go bunúsach, gur léir, ar thaobh amháin, ón gcomhad gur eascair bogadh na n‑achomharcóirí go Saruj mar thoradh as a rogha gan na treoracha a bhí sa chead taistil sealadach arna eisiúint ag údaráis na Tuirce a chomhlíonadh agus, ar an taobh eile, as pléadálacha i scríbhinn na n‑achomharcóirí, go raibh a dteitheadh go dtí an Iaráic mar thoradh ar an eagla go gcuirfeadh na húdaráis sin ar ais chuig an tSiria iad toisc nár chomhlíon siad na treoracha sin.

46

Ar deireadh, i mír 70 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dlíodóra nó comhairleora in imeachtaí réamhdhlíthíochta éigeantach, nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir costais na hionadaíochta sin agus aon iompar a bhféadfaí an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ina leith. Sna himthosca sin, chinn sí nach bhféadfaí an damáiste ábhartha líomhainte a bhaineann leis na costais a bhaineann le cúnamh dlíthiúil arna dtabhú ag na hachomharcóirí i gcomhthéacs na ngearán a taisceadh le Frontex a chur go díreach i leith Frontex.

47

Mar chonclúid, chinn an Chúirt Ghinearálta gur mhainnigh na hachomharcóirí nasc cúisíoch atá díreach go leor a chruthú idir na fíorais a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste líomhainte agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sí don chaingean le haghaidh damáistí ina hiomláine.

IV. Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc

48

Trína n‑achomharc, iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus, go príomha, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

de rogha air sin, a dhearbhú go bhfuil fiúntas ag baint leis na pléadálacha dlí a d’ardaigh siad ina gcaingne ag an gcéad chéim;

a ordú do Frontex na costais a tabhaíodh sna himeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc, mar aon le hús.

49

Iarrann Frontex ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe agus

a ordú do na hachomharcóirí costais na n‑imeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc.

V. An t-achomharc

50

Mar thaca lena n‑achomharc, maíonn na hachomharcóirí ceithre fhoras achomhairc.

51

Leis an gcéad fhoras achomhairc, a bhaineann go bunúsach le míreanna 62 go 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, líomhnaítear, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh nach raibh aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste a líomhnaítear mar thoradh ar na hachomharcóirí a áireamh san oibríocht um fhilleadh atá i gceist. Go bunúsach, tá trí chuid san fhoras achomhairc sin.

52

Leis an dara foras achomhairc, a bhaineann freisin le míreanna 62 go 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, éilítear, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach raibh aon nasc cúisíoch idir iompar Frontex agus an damáiste neamhábhartha líomhainte a eascraíonn as sáruithe ar chearta bunúsacha a líomhnaítear a rinneadh le linn na heitilte fillte chuig an Tuirc. Go bunúsach, tá dhá chuid san fhoras achomhairc sin.

53

Leis an tríú foras achomhairc, ina bhfuil dhá chuid a bhaineann le míreanna 67 go 71 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh gur briseadh an nasc cúisíoch is gá idir na gníomhaíochtaí agus na neamhghníomhaíochtaí a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus damáiste líomhainte áirithe mar gheall ar roghanna na n‑achomharcóirí féin.

54

Ar deireadh, éilítear leis an gceathrú foras achomhairc, a bhaineann le míreanna 44 go 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh go raibh doiciméid éagsúla, arna dtaisceadh ag na hachomharcóirí mar thaca lena gcaingean le haghaidh damáistí, do-ghlactha.

A.   An dara agus an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc

1. Argóintí na bpáirtithe

55

Leis an dara agus an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, ar cheart iad a scrúdú le chéile agus sa chéad áit, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain rialú a thabhairt, sula ndearnadh scrúdú ar an gceist an raibh nasc cúisíoch ann, ar na hocht saincheist dlí sa chaingean lenar fhéach na hachomharcóirí lena shuíomh gurb ann do neamhrialtachtaí arna ndéanamh ag Frontex, go háirithe maidir leis an ochtú ceann de na saincheisteanna dlí sin, a bhain leis an scrúdú a rinne Frontex ar a ngearáin. Áitíonn na hachomharcóirí go ndearna an neamhghníomhaíocht sin difear don chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá faoi achomharc toisc, dá ndéanfadh an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar na pléadálacha sin, gur ghá go mbeadh measúnú déanta aici ar ghníomhaíochtaí agus neamhghníomhaíochtaí Frontex mar a luaitear sna saincheisteanna dlí sin iad agus go gcinnfeadh sí gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le dliteanas neamhchonarthach na gníomhaireachta sin a thabhú.

56

Measann Frontex go bhfuil an chéad fhoras achomhairc do-ghlactha ina iomláine, ós rud é nach sainaithníonn na hachomharcóirí forais an bhreithiúnais atá faoi achomharc dá dtagraítear le cruinneas leordhóthanach. Ina theannta sin, tá an dara agus an tríú cuid den fhoras achomhairc sin neamhéifeachtach agus, in aon chás, gan bhunús, ós rud é, má chinneann an Chúirt nach gcomhlíontar ceann de na trí choinníoll maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais, nach gceanglaítear uirthi measúnú a dhéanamh ar an dá choinníoll eile.

2. Measúnú na Cúirte

57

Ar an gcéad dul síos, maidir le do-ghlacthacht an chéad fhorais achomhairc a d’ardaigh Frontex, sa mhéid nár shainaithin na hachomharcóirí forais an bhreithiúnais atá faoi achomharc dá dtagraítear sna codanna éagsúla den fhoras achomhairc sin le cruinneas leordhóthanach, leanann sé ón dara fomhír d’Airteagal 256(1) CFAE, ón gcéad mhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ó Airteagal 168(1)(d) agus ó Airteagal 169(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais nach mór na pointí atá faoi chonspóid d’fhorais an chinnidh a bhfuil a neamhniú á lorg agus na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn go sonrach mar thaca leis an iarratas sin a léiriú go beacht, agus mura ndéanfar sin beidh an t‑achomharc nó an foras achomhairc lena mbaineann do-ghlactha (féach ordú an 26 Aibreán 1993, Kupka-Floridi v CESE, C‑244/92 P, EU:C:1993:152, míreanna 8 agus 9, agus breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2015, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑398/13 P, EU:C:2015:535, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 15 Iúil 2021, Deutsche Lufthansa v an Coimisiún, C‑453/19 P, EU:C:2021:608, mír 95).

58

Sa chás seo, is leor a thabhairt faoi deara go ndealraíonn sé go bhfuil argóintí na n‑achomharcóirí sa dara agus sa tríú cuid den chéad fhoras achomhairc soiléir go leor, ina n‑iomláine, chun na gnéithe den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus na hargóintí dlíthiúla a bhfuiltear ag brath orthu mar thaca leis an gcáineadh sin a shainaithint go beacht agus, dá bhrí sin, go gcuireann siad ar chumas na Cúirte a hathbhreithniú ar dhlíthiúlacht a dhéanamh.

59

Ar an dara dul síos, maidir leis an scrúdú ar shubstaint an dara agus an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, ba cheart a mheabhrú, mar réamhphointe, go bhforáiltear le hAirteagal 60(3) de Rialachán 2016/1624 – amhail an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, a bhfuil sé ina léiriú sonrach dó – i gcás dliteanas neamhchonarthach, go ndéanfaidh Frontex, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, a chúiteamh. Dá bhrí sin, tá cásdlí na Cúirte maidir leis an bhforáil sin de Chonradh FAE ábhartha sa chás seo.

60

De réir chásdlí socair na Cúirte, chun go dtabhóidh an tAontas Eorpach dliteanas neamhchonarthach faoin dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, eadhon sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair, fírinne an damáiste agus nasc cúisíoch díreach a bheith ann idir an sárú ar an oibleagáid atá ar údar an ghnímh agus an damáiste a bhain do na páirtithe díobhálaithe (breithiúnais an 5 Márta 1996, Brasserie du Pêcheur agus Factortame, C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 51, agus an 5 Márta 2024, Kočner v Europol, C‑755/21 P, EU:C:2024:202, mír 117 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61

Is léir freisin ón gcásdlí sin, i gcás nach gcomhlíontar ceann de na coinníollacha sin, nach mór an chaingean a dhíbhe ina hiomláine gan scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha eile maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais, agus nach gceanglaítear ar Chúirteanna an Aontais na coinníollacha sin a scrúdú in ordú ar leith (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, United Parcel Service v an Coimisiún, C‑297/22 P, EU:C:2023:1027, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62

Dá bhrí sin, ba é, i bprionsabal, gan earráid a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh ar an gcoinníoll a bhaineann le nasc cúisíoch a bheith ann, gan scrúdú a dhéanamh ar dtús ar na hocht saincheist dlí lenar fhéach na hachomharcóirí lena shuíomh gurbh ann do neamhrialtachtaí arna ndéanamh ag Frontex. Ar an dara dul síos, ós rud é gur tháinig sé ar an gconclúid ón scrúdú sin nár comhlíonadh an coinníoll sin, níor ceanglaíodh air, thairis sin, scrúdú a dhéanamh ar an dá choinníoll eile maidir le dliteanas neamhchonarthach Frontex a thabhú, go háirithe an coinníoll a bhaineann le cineál neamhdhleathach líomhainte iompar Frontex, a bhí ina ábhar do na hocht saincheist dlí a ndéanann na hachomharcóirí gearán ina leith nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta iad.

63

Dá bhrí sin, níl bunús leis an dara agus leis an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc.

B.   An chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus an chéad chuid den dara foras achomhairc

64

Éilítear leis an gcéad chuid den chéad fhoras achomhairc, go bunúsach, sárú, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 14(2), Airteagal 27(1), Airteagal 28(1) agus Airteagal 34(1) go (3) de Rialachán 2016/1624 agus, ar an dara dul síos, ar Airteagal 5(1) den Rialachán sin, tráth a chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste a líomhnaítear mar thoradh ar na hachomharcóirí a áireamh san oibríocht um fhilleadh atá i gceist, a mhaíonn siad a bheith neamhdhleathach in éagmais cinntí um fhilleadh arna nglacadh ina leith.

65

Tá an chéad chuid den dara foras achomhairc bunaithe ar shárú ar na forálacha céanna ar a bhfuil an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc bunaithe, nuair a chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste a líomhnaítear mar thoradh ar sháruithe ar a gcearta bunúsacha a líomhnaítear a rinneadh le linn na heitilte fillte chuig an Tuirc i gcomhthéacs na hoibríochta um fhilleadh atá i gceist. Ina theannta sin, déantar athrá sa chuid seo den dara foras achomhairc ar an gcáineadh a rinneadh i gcomhthéacs an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc.

66

Ós rud é go n-éilítear leis an gcéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc, go bunúsach, go ndearnadh sárú ar na forálacha céanna agus go mbaineann siad leis an measúnú céanna a rinne an Chúirt Ghinearálta, eadhon an measúnú a leagtar amach i míreanna 62 go 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní mór iad a scrúdú le chéile.

1. Argóintí na bpáirtithe

67

Tá an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, ina n-éilíonn na hachomharcóirí go raibh a n‑aistriú go dtí an Tuirc neamhdhleathach ar an bhforas nár ghlac údaráis na Gréige aon chinneadh um fhilleadh ina leith, comhdhéanta de dhá ghearán.

68

Leis an gcéad ghearán, cáineann na hachomharcóirí an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, as a chinneadh go hintuigthe nach raibh aon oibleagáid ar Frontex a fhíorú gurb ann do chinneadh den sórt sin.

69

Áitíonn siad go leanann sé, ar an gcéad dul síos, ó Airteagal 2(13) agus (14) de Rialachán 2016/1624 go gceanglaítear ar údaráis náisiúnta cinneadh um fhilleadh i scríbhinn a ghlacadh sular féidir náisiúnach tríú tír a aistriú go dleathach óna chríoch i gcomhthéacs oibríocht um fhilleadh agus, ar an dara dul síos, ó Airteagal 14(2), Airteagal 27(1) agus Airteagal 34 (1) go (3) den Rialachán sin nach mór do Frontex a áirithiú nach n‑áirítear daoine in oibríocht um fhilleadh a chomhordaíonn sé mura ndearnadh cinneadh den sórt sin ina leith.

70

Dá bhrí sin, bhí an Chúirt Ghinearálta mícheart brath ar thoirmeasc atá ar Frontex aghaidh a thabhairt ar fhiúntas cinnidh um fhilleadh, a leagtar síos in Airteagal 28(1) de Rialachán 2016/1624, chun é a dhíolmhú ó aon oibleagáid ina leith sin.

71

Leis an dara gearán, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 5(1) de Rialachán 2016/1624, lena mbunaítear dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar thaobh Frontex agus an Bhallstáit lena mbaineann as an damáiste a bhain do dhaoine a áiríodh in oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh mar thoradh ar sháruithe a rinneadh ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs na hoibríochta sin.

72

Ar deireadh, leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, dá ndéanfadh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid atá ar Frontex a fhíorú, go raibh siad faoi réir cinneadh um fhilleadh go hiarbhír a chur san áireamh, gur cheart di a chinneadh go raibh nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an láimhseáil neamhdhleathach a mhaíonn siad a d’fhulaing siad le linn na heitilte fillte, ós rud é go gceanglófaí ar Frontex a n‑aistriú neamhdhleathach a chosc dá gcomhlíonfaí an oibleagáid sin. Thairis sin, athdhearbhaíonn siad a n‑argóintí maidir le dliteanas comhpháirteach a bheith ann.

73

Maíonn Frontex, go príomha, go bhfuil an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus an chéad chuid den dara foras achomhairc do-ghlactha. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, tá siad bunaithe ar amhras a chaitheamh ar chinneadh na Cúirte Ginearálta gurb ann do chinneadh um fhilleadh. Ar an dara dul síos, is gearán nua é an gearán a bhaineann le dliteanas comhpháirteach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, a cuireadh ar aghaidh sa dá chuid sin, ós rud é nár ardaíodh dliteanas den sórt sin os comhair na Cúirte Ginearálta. Ar an tríú dul síos, ní shainaithníonn na hachomharcóirí na forais sa bhreithiúnas atá faoi achomharc a bhaineann leis na codanna sin ar bhealach atá beacht go leor.

74

Mar mhalairt air sin, cuireann Frontex i gcoinne fhiúntas na gcodanna sin.

75

Murab ionann agus an méid a mhaíonn na hachomharcóirí, i dteannta leis an bhfíoras nár aicmigh an Chúirt Ghinearálta a gcaingean go mícheart mar bheith dírithe i gcoinne chinntí údaráis na Gréige diúltú cosaint idirnáisiúnta a dheonú dóibh agus a bhfilleadh a ordú, measann Frontex, ar an gcéad dul síos, go bhfuil na hachomharcóirí ag brath ar léiriú mícheart ar fhorálacha Rialachán 2016/1624 ar a bhfuil siad ag brath, rud atá contrártha le prionsabal an chomhair dhílis agus le prionsabal na tabhartha, a leagtar amach, faoi seach, in Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(1) agus (2) CAE.

76

Go deimhin, ar thaobh amháin, chiallódh prionsabal an chomhair dhílis gur ghá go mbeadh Frontex in ann glacadh leis go hiontaofa go bhfuil na doiciméid arna gcur ar fáil ag na húdaráis náisiúnta, sa chás seo, liosta de na daoine atá faoi réir na hoibríochta um fhilleadh atá i gceist, beacht, lena gcuirfí san áireamh toimhde dlíthiúlachta, arb é atoradh an oibleagáid na doiciméid sin a aithint mar dhoiciméid atá bailí ó thaobh an dlí de. Ní fhéadfadh Frontex amhras a chaitheamh ar an toimhde sin ach amháin i gcásanna ina bhfuil an ghníomhaireacht sin ar an eolas faoi imthosca fíorasacha atá oibiachtúil agus sainráite go leor lena léirítear go bhféadfadh na doiciméid a chuireann na húdaráis náisiúnta ar fáil a bheith mícheart, rud a fhágann go bhfuil oibleagáid ann fíorú a dhéanamh. Níor mhaígh na hachomharcóirí os comhair na Cúirte Ginearálta go raibh imthosca fíorasacha den sórt sin ann sa chás seo.

77

Ar an taobh eile, áitíonn Frontex, go bunúsach, go gceanglaítear air le prionsabal na tabhartha inniúlacht eisiach na mBallstát a urramú maidir leis an bhféidearthacht cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus cinntí um fhilleadh a ghlacadh.

78

Ina dhiaidh sin, maíonn Frontex nach féidir aon inniúlacht a thabhairt dó le forálacha na Cairte nach bhfuil aici faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais.

79

Ar deireadh, maidir le dliteanas comhpháirteach a bheith ann ó thaobh an chúitimh de, measann Frontex, ar thaobh amháin, nach scaoiltear na hachomharcóirí mar thoradh ar dhliteanas den sórt sin a bheith ann, ó chruthú, inter alia, go raibh ann do nasc cúisíoch díreach, a mhainnigh siad a dhéanamh. Ar an taobh eile, glactar leis, má tá dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar Frontex, go bhfuil dliteanas ar údaráis na Gréige, rud lena gceanglófaí ar an gCúirt Ghinearálta measúnú a dhéanamh a thagann faoin dlí náisiúnta agus nach dtagann faoina dlínse. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an fíoras nach ndearna sé measúnú ina leith sin a bheith ina shárú ar dhlí an Aontais.

2. Measúnú na Cúirte

(a) Inghlacthacht an chéad ghearáin agus an dara gearán sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus sa chéad chuid den dara foras achomhairc

80

Sa chéad áit, maíonn Frontex go bhfuil an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, ina hiomláine, agus an chéad chuid den dara foras achomhairc do-ghlactha ar an bhforas, go gcaitheann na hachomharcóirí amhras, leis na codanna sin, ar chinneadh fíoras ón gCúirt Ghinearálta, eadhon cinneadh um fhilleadh arna ghlacadh ag údaráis na Gréige ina leith.

81

I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara go mbraitheann an argóint sin ar mhíléamh ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Go deimhin, sa bhreithiúnas sin, rinne an Chúirt Ghinearálta a measúnú ar dhliteanas neamhchonarthach Frontex a theorannú do scrúdú a dhéanamh ar an gcoinníoll amháin go raibh nasc cúisíoch ann idir an t‑iompar a ndearnadh gearán ina leith agus an damáiste líomhainte, gan rialú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh na hachomharcóirí faoi réir cinneadh um fhilleadh.

82

Sa dara háit, maidir leis an dara gearán sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, a leagtar amach arís agus arís eile go háirithe i gcomhthéacs an chéad chuid den dara foras achomhairc agus a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach agus leithleach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, cuireann Frontex i gcoinne na hinghlacthachta ar an bhforas go líomhnaítear gur gearán nua é. Deimhníonn na hachomharcóirí mar sin féin gur chuir siad pléadáil os comhair na Cúirte Ginearálta maidir le dliteanas neamhchonarthach den sórt sin agus déanann siad tagairt i ndáil leis sin do phointí 5 agus 13 den iarratas ag an gcéad chéim. Cuireann siad leis sin, maidir leis an tsubstaint, nach scaoiltear ceachtar páirtí ó dhliteanas i leith a ghníomhaíochtaí toisc go bhfuil baint ag níos mó ná gníomhaí amháin le damáiste agus nach gá a fháil amach ar chomhlíon an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí féin.

83

I gcomhréir le hAirteagal 170(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfar ábhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a athrú san achomharc. Dá bhrí sin, tá dlínse na Cúirte Breithiúnais in achomharc teoranta d’athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí dlí maidir leis na saincheisteanna dlí agus na hargóintí a áitíodh os comhair na Cúirte Ginearálta. Dá bhrí sin, ní féidir le páirtí saincheist dlí nár ardaigh sé os comhair na Cúirte Ginearálta a chur ar aghaidh os comhair na Cúirte Breithiúnais den chéad uair, ós rud é gurbh ionann é sin agus cead a thabhairt di cás atá níos leithne ná an cás a tháinig os comhair na Cúirte Ginearálta a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, a bhfuil a dlínse in achomhairc teoranta (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sigma Alimentos Exterior v an Coimisiún, C‑50/19 P, EU:C:2021:792, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

84

Sa chás seo, ní mór a mheas gur mhaígh na hachomharcóirí, sa dá mhír den iarratas ag an gcéad chéim dá ndéanann siad tagairt, gur mhaígh siad go bhféadfadh Frontex dliteanas a thabhú i leith ghníomhartha a oifigeach féin, i gcomhthráth le dliteanas na mBallstát i leith ghníomhartha a n‑oifigeach féin.

85

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i bprionsabal, go dtugtar le tuiscint le dliteanas comhpháirteach agus leithleach, i gcás ina ndéantar damáiste do thríú páirtí mar thoradh ar iompar éagórach comhpháirteach roinnt daoine, go gceanglaítear ar gach duine acu an damáiste ina iomláine a shlánú, go bhfuil an tríú páirtí a ndearnadh damáiste dó i dteideal cúiteamh iomlán a éileamh do gach duine acu go dtí go ndéanfar é a chúiteamh go hiomlán, faoi réir an éilimh ar ranníocaíocht a d’fhéadfadh an duine faoi dhliteanas, a shlánaigh an damáiste a fulaingíodh ina hiomláine, a thabhairt i gcoinne aon chomhdhliteanas eile i ndáil lena dhliteanas coibhneasta i leith an damáiste. Tá córas dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh den sórt sin de mhaolú ar phrionsabail ghinearálta dhliteanas neamhchonarthach an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 2024, Kočner v Europol, C‑755/21 P, EU:C:2024:202, míreanna 62 agus 64).

86

Ar thaobh amháin, ní mór a thabhairt faoi deara, i míreanna a gcaingne os comhair na Cúirte Ginearálta dá dtagraíonn siad chun úrnuacht an ghearáin maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach a dhíospóid, nár líomhain na hachomharcóirí gurb ann do dhliteanas den sórt sin, rud a chuirfeadh oibleagáid ar Frontex iad a chúiteamh go hiomlán as iarmhairtí díobhálacha mhí-iompar comhpháirteach a fhoirne agus foirne na Poblachta Heilléanaí, gan beann ar iarmhairtí iarbhír a mí-iompair faoi seach. Go deimhin, níor mháigh na hachomharcóirí ach gur thabhaigh Frontex dliteanas as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar iompar éagórach a sheirbhísí nó a ghníomhairí, i gcomhthráth le dliteanas an Bhallstáit sin as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar iompar éagórach a n-oifigeach féin, agus, dá bhrí sin, go raibh sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir dualgais agus oibleagáidí Frontex agus dualgais agus oibleagáidí an Bhallstáit, agus iad á chur in iúl, mar a dhéanann siad freisin i gcomhthéacs an achomhairc, go bhféadfaí Frontex a chur faoi dhliteanas gan beann ar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí.

87

Ar an taobh eile, cé go bhfuil achomharcóir i dteideal achomharc a dhéanamh os comhair na Cúirte Breithiúnais ina mbraitheann sé ar fhorais achomhairc lena bhféachtar fiúntas na measúnuithe de chineál dlíthiúil a eascraíonn as an mbreithiúnas atá faoi achomharc féin a cháineadh, a mhéid gurb ionann iad agus na forais ar ar bhunaigh an Chúirt Ghinearálta cuid dá measúnuithe, gan beann ar na hargóintí a d’ardaigh na páirtithe os a comhair (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Samhain 2007, Stadtwerke Schwäbisch Hall agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑176/06 P, EU:C:2007:730, mír 17, agus an 3 Iúil 2025, an Pharlaimint v TC, C‑529/23 P, EU:C:2025:521, mír 82), ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach sliocht amháin sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, sa chás seo, a bhaineann le dliteanas comhpháirteach féideartha a bheith ar Frontex. Os a choinne sin, ní féidir gur fhreagair an Chúirt Ghinearálta an cheist sin go hintuigthe. Go deimhin, baineann an cheist sin le cinneadh an damáiste ar féidir cúiteamh a bhronnadh ina leith do dhuine a aithníodh roimhe sin mar chomhdhéantóir an damáiste sin. Dá bhrí sin, ní bhaineann an cheist sin le scrúdú a dhéanamh ar an gcoinníoll a bhaineann le nasc cúisíoch a bheith ann idir an locht a ndearnadh gearán ina leith agus an damáiste a líomhnaítear, rud a theorannaigh an Chúirt Ghinearálta í féin sa bhreithiúnas atá faoi achomharc.

88

Dá bhrí sin, tá an dara gearán sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, a bhaineann le dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, a athdhearbhaíodh freisin go háirithe i gcomhthéacs an chéad chuid den dara foras achomhairc, do-ghlactha.

89

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, maidir le doghlacthacht na gcodanna sin a bhfuil Frontex ag brath orthu mar gheall ar an mainneachtain forais an bhreithiúnais atá faoi achomharc dá dtagraítear sa chuid sin a shainaithint ar bhealach atá beacht go leor, ní mór diúltú di ar na cúiseanna céanna a leagtar amach i mír 58 den bhreithiúnas seo.

(b) Fiúntas an chéad ghearáin sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus sa chéad chuid den dara foras achomhairc

90

Leis an gcéad ghearán sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí neamhaird a thabhairt ar an oibleagáid a fhorchuirtear ar Frontex le Rialachán 2016/1624 a áirithiú go raibh aon duine a áirítear in oibríocht um fhilleadh arna comhordú aici faoi réir cinneadh i scríbhinn um fhilleadh, cé gur luaigh siad nach ndearnadh cinneadh den sórt sin ina leith. Baineann siad de thátal as sin, mura ndearna sí an earráid sin, gur cheart don Chúirt Ghinearálta a chinneadh go raibh nasc cúisíoch idir iompar Frontex agus an damáiste a mhaíonn siad a bhain díobh, go háirithe mar thoradh ar an gcaoi gur seoladh an eitilt fillte chuig an Tuirc.

91

Os comhair na Cúirte Ginearálta, rinne na hachomharcóirí gearán gur chomhordaigh Frontex oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh ina ndearnadh sárú ar roinnt dá gcearta bunúsacha, rud a d’fhág go ndearnadh damáiste ábhartha agus neamhábhartha éagsúil ar lorg siad cúiteamh ón ngníomhaireacht sin ina leith.

92

Maidir leis na hachomharcóirí a áireamh san oibríocht sin, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, i míreanna 64 agus 65 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar an gcéad dul síos, go dtugtar le hAirteagal 2(f) agus Airteagail 4, 6, 8 agus 31 de Threoir 2013/32 agus Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115 inniúlacht eisiach do na Ballstáit chun scrúdú a dhéanamh, faoi seach, ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus ar fhiúntas cinntí um fhilleadh, agus, ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(a) agus (b) agus Airteagal 28(1) de Rialachán 2016/1624, gurb é Frontex amháin atá freagrach as tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit, gan aghaidh a thabhairt ar fhiúntas cinntí um fhilleadh. Tháinig sí ar an gconclúid, i mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ós rud é go bhfuil inniúlacht maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh inchurtha i leith na mBallstát, agus ní i leith Frontex, nach bhféadfaí nasc cúisíoch díreach a shuí idir an t‑iompar a bhfuil an ghníomhaireacht sin cúisithe ina leith agus an damáiste ábhartha líomhainte a bhaineann leis na speansais arna dtabhú ag na hachomharcóirí sa Tuirc agus san Iaráic agus an damáiste neamhábhartha líomhainte arb é atá ann, inter alia, eagla a bhaineann leis an eitilt fillte chuig an Tuirc.

93

Leis na breithnithe sin, chuir an Chúirt Ghinearálta as an áireamh, dá bhrí sin, nasc cúisíoch a bheith ann idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste lena mbaineann, gan rialú a dhéanamh ar dtús ar cé acu a glacadh nó nár glacadh cinneadh um fhilleadh i leith na n‑achomharcóirí, agus í ag cinneadh nach raibh an cinneadh sin ábhartha in éagmais inniúlacht Frontex measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cinnidh den sórt sin.

94

Maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go bhfuil na breithnithe sin curtha ó bhail mar gheall ar earráid dlí sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo oibleagáidí Frontex féin maidir le cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh phrionsabal annon‑refoulement, faoina gceanglaítear ar an ngníomhaireacht sin a áirithiú go raibh na daoine a áirítear in oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag Frontex faoi réir cinneadh um fhilleadh.

95

I ndáil leis sin, faoi Airteagal 51(1) den Chairt, dírítear forálacha na Cairte chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus mar thoradh air sin urramaíonn siad cearta, agus prionsabail na Cairte agus cuireann siad cur i bhfeidhm na gceart agus na bprionsabal sin chun cinn, i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí faoi seach agus laistigh de theorainneacha inniúlachtaí an Aontais mar a thugtar dó leis na Conarthaí.

96

Léirítear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 34 de Rialachán 2016/1624 na hoibleagáidí sin trí Frontex agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorainneacha, arb ionann iad le chéile, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán sin, agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, trína cheangal air cosaint na gceart bunúsach a áirithiú i gcomhlíonadh a chúraimí faoin Rialachán sin, go háirithe prionsabal an non‑refoulement. Chun na críche sin, foráiltear leis an dara fomhír de mhír 1 nach mór do Frontex straitéis um chearta bunúsacha a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear sásra éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha a bheith á n‑urramú i ngníomhaíochtaí uile na gníomhaireachta sin.

97

Maidir leis an oibleagáid sin a bhaineann cosaint na gceart bunúsach a áirithiú i gcomhlíonadh chúraimí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh faoi Rialachán 2016/1624, atá, dá bhrí sin, ar Frontex go háirithe, tugtar léiriú nithiúil di freisin i ndáil leis an ngníomhaireacht sin le forálacha éagsúla den Rialachán sin.

98

Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 16(2) agus (3) de Rialachán 2016/1624, i gcás aon oibríocht chomhpháirteach ag na teorainneacha seachtracha, go ndéanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Frontex plean oibríochtúil a tharraingt suas, a chomhaontófar leis an mBallstát óstach i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha, a mbeidh na páirtithe uile a bhfuil baint acu leis an oibríocht sin faoina cheangal. Leagfar amach sa phlean sin gnéithe eagraíochtúla agus nós imeachta an phlean a mheasfar a bheith riachtanach chun é a chur chun feidhme, lena n‑áirítear tuairisc ar na cúraimí agus ar na freagrachtaí maidir le cearta bunúsacha a urramú. I gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus (3)(b) den Rialachán sin, áiritheoidh Frontex cur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, go háirithe trí na hoifigigh chomhordúcháin arna gceapadh ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bhfuil baint acu le gach gné d’imscaradh fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil maidir le cearta bunúsacha a chosaint.

99

Maidir le filleadh, go háirithe, foráiltear le hAirteagal 27(1) agus (2) de Rialachán 2016/1624, inter alia, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cosaint dídeanaithe agus cearta leanaí, go ndéanfaidh Frontex comhordú ar an leibhéal teicniúil agus oibríochtúil ar ghníomhaíochtaí na mBallstát a bhaineann le filleadh, agus go gcuirfidh sé cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit a bhfuil ‘dúshláin’ ar leith rompu maidir leis na córais um fhilleadh atá acu, lena n‑áirítear comhairle maidir le nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus a bhainistiú i gcomhréir le Treoir 2008/115.

100

Go sonrach, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí um fhilleadh, i gcomhréir le hAirteagal 2(12) agus (14) de Rialachán 2016/1624, ar oibríochtaí iad arna gcomhordú ag Frontex, a bhaineann le daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh a chur ar ais, agus a chomhlíonann Treoir 2008/115, foráiltear le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin go dtabharfaidh Frontex, i gcomhréir leis an Treoir sin, an cúnamh is gá agus, arna iarraidh sin do Bhallstát rannpháirteach amháin nó níos mó, go n‑áiritheoidh sé comhordú nó eagrú na n‑oibríochtaí um fhilleadh.

101

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 77 dá Tuairim, leanann sé ó na forálacha go léir dá dtagraítear i míreanna 96 agus 98 go 100 den bhreithiúnas seo nach bhféadfaidh baint a bheith ag oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh arna gcomhordú ag Frontex ach amháin le daoine a bhí faoi réir cinntí in‑fhorfheidhmithe aonair um fhilleadh, nach mór a eisiúint i scríbhinn faoi Airteagal 12(1) de Threoir 2008/115.

102

Dá réir sin, i bhfianaise na n‑oibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar Frontex le Rialachán 2016/1624 i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a chomhordú, ceanglaítear ar an ngníomhaireacht sin a fhíorú gurb ann do chinntí den sórt sin do na daoine go léir a bhfuil sé beartaithe ag Ballstát iad a áireamh in oibríochtaí den sórt sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na daoine sin na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán sin agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, agus go háirithe prionsabal an non‑refoulement.

103

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí nach raibh aon oibleagáid ar Frontex maidir leis na cinntí um fhilleadh nach mór a ghlacadh i leith na ndaoine a chumhdaítear le hoibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag an ngníomhaireacht sin, ar an bhforas nach bhfuil de chúram ar an ngníomhaireacht ach tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit, gan bheith in ann staidéar a dhéanamh ar fhiúntas na gcinntí um fhilleadh. Go deimhin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 79 dá Tuairim, ní bhaineann an fíorú gurb ann do chinntí den sórt sin le haon scrúdú ar a bhfiúntas agus, dá bhrí sin, ní chuireann sé isteach ar inniúlacht eisiach na mBallstát sa réimse sin faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115.

104

Ina theannta sin, níl na hargóintí a raibh Frontex ag brath orthu chun tacú leis an argóint, go bunúsach, nach nglacann sé le hoibleagáid ina leith sin, ag baint le hábhar.

105

Ar thaobh amháin, ní sháraítear prionsabal na tabhartha a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) CAE, ar dá réir nach bhfuil an tAontas Eorpach le gníomhú ach amháin laistigh de theorainneacha na n‑inniúlachtaí a thugann na Ballstáit dó sna Conarthaí chun na cuspóirí a leagtar amach sna Conarthaí sin a bhaint amach, ar bhealach ar bith leis an oibleagáid atá ar Frontex a fhíorú gurb ann do chinntí um fhilleadh, ós rud é go bhforchuirtear an oibleagáid sin air le Rialachán 2016/1624 i gcomhréir le hinniúlachtaí na mBallstát.

106

Ar an taobh eile, is fíor go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le prionsabal an chomhair dhílis, a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE agus a mheabhraítear go sonrach, i gcomhthéacs Rialachán 2016/1624, in Airteagal 9 de, a bhaineann le dualgas comhoibriú de mheon macánta, a bhfuil Frontex agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh faoina réir, i gcomhthéacs an chaidrimh idir an ghníomhaireacht sin agus na húdaráis náisiúnta sin laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach.

107

Mar sin féin, ní féidir léiriú a dhéanamh ar phrionsabal an chomhair dhílis sa chaoi go gceadaítear do Frontex éalú ó na hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear air le Rialachán 2016/1624 i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a chomhordú, agus go háirithe an dualgas maidir le fíorú go bhfuil cinntí um fhilleadh i scríbhinn agus in‑fhorfheidhmithe ann do na daoine go léir a bhfuil sé beartaithe ag Ballstát a áireamh in oibríochtaí den sórt sin, chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán sin agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, agus go háirithe prionsabal an non‑refoulement.

108

Os a choinne sin, le dualgas an chomhair dhílis, a mhéid atá an dualgas sin ar Frontex, déantar na hoibleagáidí sin a neartú agus d’fhéadfaí Frontex a spreagadh chun tacú leis na Ballstáit ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí i gcomhthéacs na n‑oibríochtaí sin ar bhealach lena n‑urramaítear go hiomlán dlí an Aontais, agus go háirithe, cearta bunúsacha.

109

Ina theannta sin, níl an cheist, mar a áitíonn Frontex, an eascraíonn toimhde dlíthiúlachta as prionsabal an chomhair dhílis a bhaineann, in éagmais imthosca speisialta, le doiciméid arna dtíolacadh ag na Ballstáit, ábhartha sa chás seo. Go deimhin, mar a dheimhnigh an ghníomhaireacht sin le linn na héisteachta os comhair na Cúirte, níor chuir údaráis na Gréige liosta ar fáil di de na daoine a cuireadh faoi réir cinntí um fhilleadh, roimh an oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh atá i gceist, ach níor sheol siad chuici ach liosta de na daoine nár chuir aon iarratas ar thearmann isteach. Ní bhaineann an liosta deireanach sin, ann féin, le cinntí um fhilleadh a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115, agus mar thoradh air sin, fiú dá bhféadfadh doiciméad den sórt sin tairbhe a bhaint as toimhde dlíthiúlachta, níor ceadaíodh do Frontex leis glacadh leis go raibh na hiarratasóirí faoi réir cinntí i scríbhinn agus in‑fhorfheidhmithe um fhilleadh.

110

Leanann sé ón méid uile roimhe seo go bhfuil measúnú na Cúirte Ginearálta i mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir, go bunúsach, nach féidir aon nasc cúisíoch a bheith ann idir iompar Frontex agus an damáiste líomhainte dá dtagraítear sa mhír sin den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bunaithe ar an gcinneadh earráideach ar dá réir, go bunúsach, nach bhfuil aon oibleagáid ar Frontex maidir leis an gceist an raibh nó nach raibh na daoine uile a chumhdaítear le hoibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag an ngníomhaireacht sin faoi réir cinneadh um fhilleadh.

111

Mar sin féin, murab ionann agus an méid a mhaíonn na hachomharcóirí sa chéad chuid den dara foras achomhairc, ní chiallaíonn an fíoras go bhfuil oibleagáid ina leith sin ar Frontex a fhíorú go bhfuil nasc cúisíoch idir sárú féideartha ar an oibleagáid sin agus an damáiste go léir nó cuid den damáiste a mhaíonn na hachomharcóirí a d’fhulaing siad.

112

Is fíor nach mór scrúdú a dhéanamh ar nasc cúisíoch den sórt sin a bheith ann i bhfianaise na hoibleagáide fíoraithe sin agus, ar bhonn níos ginearálta, i bhfianaise na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear ar Frontex, chun a áirithiú go gcomhlíonann oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh na ceanglais a eascraíonn as Rialachán 2016/1624 agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann. Mar sin féin, ní mór go ndéanfaí an scrúdú sin trína chur san áireamh na fiorais uile, ar faoin gCúirt Ghinearálta atá sé iad a chinneadh, agus na measúnuithe dlíthiúla is gá a dhéanamh.

113

Is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo go bhfuil fiúntas ag baint leis an gcéad ghearán sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc agus nach mór diúltú don chéad chuid den dara foras achomhairc toisc í a bheith gan bhunús.

C.   An dara cuid den dara foras achomhairc

1. Argóintí na bpáirtithe

114

Leis an dara cuid den dara foras achomhairc, cáineann na hachomharcóirí measúnú na Cúirte Ginearálta i mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ar dá réir gur ar an bPoblacht Heilléanach amháin atá an dliteanas i leith aon sárú ar a gcearta bunúsacha a rinneadh le linn na heitilte fillte chun na Tuirce.

115

Maíonn siad go bhfuil an measúnú sin, atá bunaithe ar Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán 2016/1624, mícheart, ós rud é nach mbaineann na forálacha sin ach amháin le dliteanas fhoireann an Bhallstáit óstaigh ‘ar leibhéal feidhmiúcháin níos ísle’, agus ní le freagracht Frontex as mainneachtain a fhoirne a hoibleagáidí faoin Rialachán sin a chomhlíonadh. Is é Airteagal 60(3) den Rialachán sin an fhoráil atá ábhartha ina leith sin, a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach Frontex as aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

116

De réir na n‑achomharcóirí, le léiriú na Cúirte Ginearálta ar Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán 2016/1624 baintear an bhrí d’Airteagail 16, 22, 25, 26, 28, agus 34 den Rialachán sin, Airteagal 4 de Chód Iompair Frontex agus céimeanna 1 go 5 den nós imeachta oibríochta caighdeánach, arb ionann iad agus na forálacha uile lena bhforchuirtear ar Frontex a dualgais féin chun faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh na gceart bunúsach a áirithiú. Bhainfeadh an léiriú sin an bonn freisin de chur i bhfeidhm cuí Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115, faoina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le córas éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar fhilleadh éigeantach.

117

Déanann na hachomharcóirí athrá freisin ar an ngearán maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, mar a ceapadh i gcomhthéacs an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc.

118

Measann Frontex, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an dara cuid den dara foras achomhairc neamhéifeachtach, ós rud é go dtugtar an réasúnaíocht i mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a bhaineann le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán 2016/1624 mar chúis bhreise.

119

Ina dhiaidh sin, tá an gearán lena líomhnaítear go bhfuil dliteanas comhpháirteach agus leithleach ann do-ghlactha mar gheall ar a úrnuacht.

120

Ar deireadh, níl fiúntas ag baint leis an dara cuid den dara foras achomhairc, ina ndéanann na hachomharcóirí athrá ar argóintí a chuir siad chun cinn ag an gcéad chéim, maidir leis na hinniúlachtaí a líomhnaítear a bheith ag Frontex, inter alia, chun a fhíorú go raibh na daoine a áirítear in oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh faoi réir cinneadh um fhilleadh, ós rud é nár thug reachtóir an Aontais inniúlacht den sórt sin dó.

2. Measúnú na Cúirte

121

Sa chéad áit, maidir le cineál neamhéifeachtach líomhainte an dara cuid den dara foras achomhairc, leanann sé ó mhír 110 den bhreithiúnas seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina measúnú ar dá réir nach mór diúltú d’aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste arna líomhain ag na hachomharcóirí ar an bhforas nach bhfuil aon oibleagáid ar an ngníomhaireacht sin chun a fhíorú gurb ann do chinneadh um fhilleadh a bhaineann le daoine a áirítear in oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh arna comhordú ag an ngníomhaireacht sin. Dá réir sin, níl an chuid sin, a bhaineann le hearráid bhreise dlí arna déanamh ag an gCúirt Ghinearálta agus í ag cinneadh, go bunúsach, gur ar an mBallstát óstach amháin atá an dliteanas i leith sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a rinneadh le linn eitilt fillte, neamhéifeachtach.

122

Sa dara háit, maidir le hathrá an ghearáin ina líomhnaítear go bhfuil dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, tá an gearán sin do-ghlactha, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 83 go 87 den bhreithiúnas seo.

123

Sa tríú háit agus ar deireadh, maidir le fiúntas an dara cuid den dara foras achomhairc, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón gcuid dheireanach den dara habairt de mhír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán 2016/1624, go raibh an eitilt fillte chun na Tuirce faoi fhreagracht leithleach an Bhallstáit óstaigh i bprionsabal, faoi réir aon achomharc a d’fhéadfadh an Ballstát sin a thabhairt faoi mhír 2 den airteagal sin, i gcoinne Bhallstát baile an bhaill foirne i leith damáiste a rinneadh mar thoradh ar mhórfhaillí nó mí-iompar toiliúil arna dhéanamh ag an mball foirne sin.

124

Agus an méid sin á dhéanamh aici, chinn an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe nach bhfuil aon oibleagáid ag Frontex i ndáil le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a dhéantar le linn eitilt fillte a tharlaíonn i gcomhthéacs oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh. Dá réir sin, ní féidir sáruithe den sórt sin a chur ina leith in aon chás agus, dá bhrí sin, ní féidir aon nasc cúisíoch a bheith ann idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste neamhábhartha a eascraíonn as sáruithe ar chearta bunúsacha na n‑achomharcóirí a d’fhulaing siad le linn na heitilte fillte chun na Tuirce.

125

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, go leagtar síos le hAirteagal 42(1) de Rialachán 2016/1624 an prionsabal, i gcás ina n‑oibríonn foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta i mBallstát óstach, go measfar an Ballstát sin a bheith faoi dhliteanas i leith aon damáiste arna dhéanamh ag baill na bhfoirne sin. Tá an dliteanas sin comhsheasmhach leis an riail a leagtar síos in Airteagal 21(1) agus Airteagal 40(3) den Rialachán sin, ar dá réir a thabharfaidh an Ballstát óstach treoir do bhaill na bhfoirne agus nach bhféadfaidh siad cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha agus, mar riail ghinearálta, i láthair gardaí teorann nó ball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí de chuid an Bhallstáit óstaigh a bhaineann le filleadh.

126

Mar sin féin, ní féidir léiriú a dhéanamh ar Airteagal 42(1) de Rialachán 2016/1624 sa chaoi go n‑eisiafaí go hiomlán le dliteanas an Bhallstáit óstaigh aon dliteanas ar thaobh Frontex as sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha arna ndéanamh le linn oibríocht um fhilleadh.

127

Go deimhin, faoi Airteagal 60(3) den Rialachán sin, ní mór do Frontex dliteanas neamhchonarthach a ghlacadh as aon damáiste arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, i gcomhréir leis na prionsabail chéanna lena rialaítear dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh a priori go bhféadfadh dliteanais chomhthráthacha a bheith ann.

128

In imthosca amhail imthosca an cháis seo, ní féidir dliteanas Frontex a chur as an áireamh ach amháin má shuitear nach gá go mbaineann na neamhrialtachtaí ar a bhfuiltear ag brath le haon ghníomh nó neamhghníomh éagórach arna dhéanamh ag ranna nó ag foireann Frontex, nó nach mbaineann teipeanna líomhainte na gníomhaireachta sin ar a bhfuiltear ag brath leis an damáiste líomhainte in aon chás.

129

Mar sin féin, ní hamhlaidh atá an cás sa chás seo.

130

Mar is léir ó mhíreanna 96 go 102 den bhreithiúnas seo, forchuirtear le Rialachán 2016/1624 dualgais ar Frontex chun a áirithiú go gcomhlíonfar, inter alia, cearta bunúsacha i gcomhthéacs oibríochtaí um fhilleadh arna gcomhordú aici, a eascraíonn, ar an gcéad dul síos, as oibleagáid ghinearálta an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, a bhfuil Frontex ina comhpháirt de, cosaint na gceart bunúsach a ráthú i gcomhlíonadh chúraimí an chóir sin faoin Rialachán sin agus, ar an dara dul síos, as oibleagáid Frontex faireachán éifeachtach a dhéanamh ar urramú na gceart bunúsach i ngníomhaíochtaí uile na gníomhaireachta. Go háirithe, ní mór na hoibleagáidí sin go léir a chur chun feidhme, inter alia, tríd an bplean oibríochtúil dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Rialachán sin, nach mór do Frontex a tharraingt suas do gach oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh agus atá ceangailteach ar na páirtithe uile a bhfuil baint acu leis an oibríocht sin, ós rud é go luaitear in Airteagal 21(1) agus (3) den Rialachán sin go gcomhlíonfaidh an Ballstát óstach iad maidir leis na treoracha a sheolann sí chuig foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta le linn a n‑imscartha, faoi mhaoirseacht Oifigeach Comhordúcháin Frontex.

131

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán 2016/1624, tríd an oifigeach sin, féadfaidh Frontex a cuid barúlacha a chur in iúl don Bhallstát óstach faoi na treoracha arna dtabhairt ag an mBallstát sin. Thairis sin, ceadaítear do Frontex le hAirteagal 20(1) den Rialachán sin saineolaithe óna fhoireann féin a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh mar aon le hoifigigh chomhordúcháin.

132

Leanann sé ó na breithnithe sin go bhfuil ag Frontex, faoi Rialachán 2016/1624, sraith oibleagáidí atá beartaithe chun urraim do chearta bunúsacha a áirithiú i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh. Dá réir sin, ní féidir a chur as an áireamh a priori go bhféadfadh sárú ar na hoibleagáidí sin ag a ranna nó ag a foireann, i gcomhthéacs oibríocht ar leith, cur le sáruithe ar chearta bunúsacha le linn eitilt fillte chun dochair do na daoine atá á n‑aistriú. Ní bhaineann sé le hábhar, i ndáil leis sin, gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Threoir 2008/115, agus mar a mheabhraítear in Airteagal 29(4) de Rialachán 2016/1624, faireachán a dhéanamh ar fhilleadh éigeantach. Faoi Airteagal 28(1) den Rialachán sin, ní mór an cúnamh a chuireann Frontex ar fáil nó an comhordú nó an eagrúchán a áirithíonn sí le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a chur ar fáil i gcomhréir leis an Treoir sin agus, faoin Rialachán sin, beidh oibleagáidí faireacháin ag Frontex atá sa bhreis ar oibleagáidí na mBallstát.

133

Thairis sin, a mhéid a bhíonn oifigigh Frontex rannpháirteach in oibríochtaí den sórt sin nó a mhéid a fhéadfaidh siad féin a bheith rannpháirteach iontu, cibé acu mar oifigigh chomhordúcháin nó mar shaineolaithe arna n‑imscaradh i gcomhthéacs na n‑oibríochtaí sin, ní féidir a chur as an áireamh a priori go bhféadfadh nasc cúisíoch a bheith ann idir gníomhaíochtaí éagóracha nó neamhghníomhaíochtaí na n‑oifigeach sin agus sáruithe den sórt sin ar chearta bunúsacha.

134

Is léir ó na breithnithe uile roimhe seo go bhfuil fiúntas ag baint leis an dara cuid den dara foras achomhairc.

D.   An tríú foras achomhairc

135

Tá dhá chuid sa tríú foras achomhairc, a bhaineann, go bunúsach, le míreanna 67 go 71 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Baineann an chéad cheann le measúnú na Cúirte Ginearálta nach bhfuil aon nasc cúisíoch díreach ag an damáiste ábhartha agus neamhábhartha líomhainte a bhaineann le lonnú sealadach na n‑achomharcóirí sa Tuirc agus lena dteitheadh go dtí an Iaráic, agus ansin lena lonnú sa tír sin, leis an iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith. Baineann an dara ceann le measúnú comhchosúil na Cúirte Ginearálta ar an damáiste ábhartha a líomhnaíonn na hachomharcóirí maidir le costais an chúnaimh dhlíthiúil a bhaineann leis na gearáin a thaisc siad leis an ngníomhaireacht sin.

1. An chéad chuid den tríú foras achomhairc

(a) Argóintí na bpáirtithe

136

Leis an gcéad chuid den tríú foras achomhairc, atá comhdhéanta de cheithre ghearán, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí trína chinneadh, i míreanna 67 go 69 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhí nasctha lena lonnú sealadach sa Tuirc agus a dteitheadh chuig an Iaráic mar thoradh ar a rogha féin, seachas ar an iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith, agus mar thoradh air sin nár shuigh na hachomharcóirí i ndáil leis sin go raibh nasc cúisíoch a bhí díreach go leor idir an damáiste líomhainte agus an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith.

137

Ar an gcéad dul síos, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le nasc cúisíoch a chur i bhfeidhm go mícheart i gcás iompar faillíoch nó rogha an pháirtí dhíobhálaithe féin. Go deimhin, ní fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rannchuidiú an pháirtí dhíobhálaithe leis an damáiste ach teorannú ar an gcúiteamh is iníoctha ag an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin ní féidir é a mheas mar chúis le briseadh sa nasc cúisíoch.

138

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, go bunúsach, os rud é nár chuir sí staid leochaileach na n‑achomharcóirí mar iarrthóirí ar thearmann san áireamh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 den Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus le hAirteagal 4 den Chairt, cé go raibh sé mar thoradh ar an staid leochaileach sin nach raibh fíor rogha acu maidir lena cinneadh chun teitheadh chuig an Iaráic.

139

Ar an tríú dul síos, maíonn na hachomharcóirí, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar cé acu an raibh nó nach raibh rogha acu, go ndearna an Chúirt Ghinearálta torthaí agus measúnuithe fíorasacha éagsúla a bhí mícheart ó thaobh na bhfíoras de.

140

Ar deireadh, ar an gceathrú dul síos, déanann na hachomharcóirí athrá freisin ar an ngearán maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bheith ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, mar a ceapadh i gcomhthéacs an chéad fhorais achomhairc agus mar a chuirtear in iúl i míreanna 71 agus 72 den bhreithiúnas seo.

141

Maíonn Frontex, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, go bhfuil na hargóintí a chuir na hachomharcóirí chun cinn i gcomhthéacs, go háirithe, an chéad chuid den tríú foras achomhairc do-ghlactha sa mhéid go bhfuil éilimh éagsúla iontu lena bhféachann siad le hamhras a chaitheamh ar na cinntí fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta, agus iad ag maíomh nach bhfuil an damáiste lena mbaineann mar thoradh ar a rogha féin.

142

Ina dhiaidh sin, tá an gearán lena líomhnaítear go bhfuil dliteanas comhpháirteach agus leithleach ann do-ghlactha freisin mar gheall ar a úrnuacht.

143

Ar deireadh, in aon chás, cuireann Frontex i gcoinne fhiúntas an chéad chuid den tríú foras achomhairc, agus í ag maíomh go mbraitheann na hachomharcóirí ar chásdlí nach bhfuil ábhartha sa chás seo, ós rud é go mbaineann sé le cásanna inar rannchuidigh an tAontas Eorpach agus an páirtí a ndearnadh damáiste dó araon leis an damáiste sin, cé gur chinn an Chúirt Ghinearálta, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurbh iad roghanna na n‑achomharcóirí amháin ba chúis lena an damáiste atá i gceist.

(b) Measúnú na Cúirte

144

Sa chéad áit, maidir le hinghlacthacht an tríú gearán sa chéad chuid den tríú foras achomhairc, leanann sé ón dara fomhír d’Airteagal 256(1) CFAE agus ón gcéad fhomhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach gurbh í an Chúirt Ghinearálta amháin atá inniúil chun na fíorais a chinneadh, ach amháin i gcás ina bhfuil míchruinneas substainteach a cinntí soiléir ó na doiciméid a cuireadh faoina bráid, agus chun measúnú a dhéanamh ar na fíorais sin. Mar thoradh air sin, ní hionann measúnú ar na fíorais, ní hionann measúnú na bhfíoras, ach amháin i gcás shaobhadh na fianaise a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime, agus ceist dlí atá faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt (breithiúnas an 25 Meitheamh 2020, CSUE v KF, C‑14/19 P, EU:C:2020:492, míreanna 103 agus 104 agus an cásdlí dá dtagraítear).

145

Leis an ngearán sin, cuireann na hachomharcóirí i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta maidir le mainneachtain na treoracha maidir leis an gcead taistil sealadach a d’eisigh údaráis na Tuirce dóibh a chomhlíonadh agus maidir leis an eagla go n‑aistreoidh na húdaráis sin chuig an tSiria iad mar gheall ar an mainneachtain sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, féachann siad le hamhras a chaitheamh ar thorthaí áirithe de chineál fíorasach atá sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, gan saobhadh a líomhain. Dá bhrí sin, tá an tríú gearán do-ghlactha.

146

Ar an taobh eile, maidir leis an gceathrú gearán, lena n‑éilítear go bhfuil dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar Frontex agus ar an bPoblacht Heilléanach, tá an gearán sin do-ghlactha, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 83 go 87 den bhreithiúnas seo.

147

Sa dara háit, maidir le substaint an chéad dá ghearán sa chéad chuid den tríú foras achomhairc, ní mór a mheabhrú gur chinn an Chúirt Ghinearálta, tar éis di a chur i dtreis gur ghá go n‑eascródh an damáiste líomhainte go díreach ón iompar a ndearnadh gearán ina leith, gurbh as a rogha féin a d’eascair an damáiste a bhí nasctha le lonnú sealadach na n‑achomharcóirí sa Tuirc agus a dteitheadh go dtí an Iaráic. Mar thaca leis an measúnú sin, chinn sí, ar thaobh amháin, gur eascair a lonnú in Saruj as an rogha a rinne siad gan treoracha údaráis na Tuirce a chomhlíonadh agus, ar an taobh eile, gur eascair a dteitheadh chuig an Iaráic ón eagla a bhí orthu go gcuirfeadh na húdaráis sin ar ais chuig an tSiria iad mar gheall ar mhainneachtain na treoracha sin a chomhlíonadh.

148

Ní mór a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais mar a luadh i mír 60 den bhreithiúnas seo, ionas go mbeidh dliteanas neamhchonarthach ar an Aontas Eorpach, nach mór go mbeidh nasc cúisíoch díreach ann idir an t‑iompar a ndéantar gearán ina leith agus an damáiste a líomhnaítear.

149

I ndáil leis sin, bhí deis ag an gCúirt cheana féin a chur in iúl nach féidir leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE ná leis na prionsabail is coiteann do dhlíthe na mBallstát dá dtagraítear san Airteagal sin údar a thabhairt le hoibleagáid aon iarmhairtí díobhálacha, fiú más iarmhairtí fánacha iad, a bhaineann leis an ngníomh neamhdhleathach a shlánú (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 1979, Dumortier agus páirtithe eile v an Chomhairle, 64/76, 113/76, 167/78, 239/78, 27/79, 28/79 agus 45/79, EU:C:1979:223, mír 21).

150

Go deimhin, ní mór cineál díreach an naisc chúisíoch a thuiscint, ní ar bhealach sriantach ach sa chaoi nach mór go n‑eascraíonn an damáiste ar bhealach atá díreach go leor as iompar neamhdhleathach na n‑institiúidí (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 1979, Dumortier agus páirtithe eile v an Chomhairle, 64/76, 113/76, 167/78, 239/78, 27/79, 28/79 agus 45/79, EU:C:1979:223, mír 21, agus an 30 Bealtaine 2017, Safa Nicu Sepahan v an Chomhairle, C‑45/15 P, EU:C:2017:402, mír 61). Dá bhrí sin, baineann an coinníoll a bhaineann leis an nasc cúisíoch idir an t‑iompar a ndéantar gearán ina leith agus an damáiste a líomhnaítear le nasc cúisíoch atá díreach go leor a bheith ann, a mhéid nach mór don iompar a ndéantar gearán ina leith a bheith ina chúis chinntitheach leis an damáiste a líomhnaítear (breithiúnais an 13 Nollaig 2018, an tAontas Eorpach v Gascogne Sack Deutschland agus Gascogne, C‑138/17 P agus C‑146/17 P, EU:C:2018:1013, mír 22, agus an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach, C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 32).

151

Thairis sin, is féidir an nasc sin a bhriseadh, inter alia, le gníomh arna dhéanamh ag páirtí díobhálaithe a thagann chun cinn idir an t‑iompar a ndéantar gearán ina leith agus an damáiste a líomhnaítear, ar choinníoll gurb é an gníomh sin is cúis chinntitheach leis an damáiste sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Márta 2010, Trubowest Handel agus Makarov v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑419/08 P, EU:C:2010:147, mír 61).

152

D’fhéadfadh cinneadh ón bpáirtí díobhálaithe a bheith i gceist le gníomh den sórt sin, go háirithe, ar choinníoll, áfach, nach raibh an cinneadh sin ina cheangal ar an duine sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Iúil 2009, an Coimisiún v Schneider Electric, C‑440/07 P, EU:C:2009:459, mír 205, agus an 13 Nollaig 2018, an tAontas Eorpach v Gascogne Sack Deutschland agus Gascogne, C‑138/17 P agus C‑146/17 P, EU:C:2018:1013, mír 31).

153

Dá bhrí sin, is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 148 go 152 den bhreithiúnas seo nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, ar an gcéad dul síos, i mír 67 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach leor an fíoras go raibh an t‑iompar a ndearnadh gearán ina leith ina choinníoll riachtanach chun go ndéanfaí damáiste, sa chiall nach dtarlódh sé in éagmais an iompair sin, chun nasc cúisíoch a shuí agus, ar an dara dul síos, nuair a scrúdaigh sí, sa chás seo, an fhéidearthacht go ndearnadh an nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste lena mbaineann a bhriseadh le gníomhaíochtaí áirithe de chuid na n‑achomharcóirí.

154

Mar sin féin, ní mór go ndéanfaí scrúdú den sórt sin in concreto agus trí na himthosca ábhartha uile a bhaineann le staid an pháirtí dhíobhálaithe a chur san áireamh.

155

Dá bhrí sin, cé gur féidir a bheith ag súil le cinnteoireacht iomlán réasúnach ó oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil baint acu le bainistiú na rioscaí a bhaineann lena ngnáthghníomhaíochtaí a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Iúil 2009, an Coimisiún v Schneider Electric, C‑440/07 P, EU:C:2009:459, míreanna 200 go 206, agus an13 Nollaig 2018, an tAontas Eorpach v Gascogne Sack Deutschland agus Gascogne, C‑138/17 P agus C‑146/17 P, EU:C:2018:1013, míreanna 23 go 31), ní féidir iompar den chineál sin a ardú chun bheith ina chritéar ginearálta, go háirithe nuair a bhaineann sé le daoine nádúrtha.

156

Is amhlaidh atá go háirithe i gcás baill teaghlaigh a theith óna dtír thionscnaimh ar thóir cosaint idirnáisiúnta agus a bhfuil imthosca eisceachtúla agus rioscaí neamh-intuartha rompu. Go deimhin, d’fhéadfadh iarrthóirí ar thearmann a bheith an‑leochaileach mar gheall ar gach rud a raibh sé tríothu le linn a n‑imirce agus mar gheall ar an taithí thrámach a bhí acu roimhe sin sa turas sin (ECtHR, 18 Samhain 2021, M.H. agus páirtithe eile v an Chróit, CE:ECHR:2021:1118JUD001567018, § 207), agus d’fhéadfadh an leochaileacht sin difear a dhéanamh dá mbreithiúnas.

157

Dá bhrí sin, i gcás eisceachtúil den sórt sin, d’fhéadfadh an nasc cúisíoch idir an t‑iompar a ndéantar gearán ina leith agus an damáiste a líomhnaítear leanúint de bheith ann in ainneoin cinneadh ón bpáirtí díobhálaithe a rinne idirghabháil idir an t‑iompar sin agus an damáiste sin i gcás ina bhféadfaí an cinneadh sin, cé nach é an t‑aon fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith ann, a mheas mar fhreagairt réasúnach, ag féachaint do na himthosca go léir a bhí mar shaintréith den chás sin.

158

Tá an chonclúid sin níos láidre fós i gcás inar tugadh iarrthóirí ar thearmann chuig tír ina bhfuil baol nithiúil ann go sárófar prionsabal an non‑refoulement.

159

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur mhaígh na hachomharcóirí os comhair na Cúirte Ginearálta gurbh é ba chúis lena gcinneadh taisteal go Erbil ná an eagla go gcuirfeadh údaráis na Tuirce ar ais chuig an tSiria iad, mar gheall ar an tuiscint atá acu ar dhlí agus ar chleachtas na Tuirce maidir le náisiúnaigh de chuid na Siria a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu a fhilleadh ar an tSiria, de shárú ar phrionsabal an non‑refoulement, ar fíoras é a d’fhéach siad a shuí trí thuarascáil shaineolach a luadh ina n‑iarratas os comhair na Cúirte Ginearálta, ar faoin gCúirt Ghinearálta amháin atá sé measúnú a dhéanamh air.

160

Ní mór a thabhairt faoi deara, gur aicmigh an Chúirt Ghinearálta, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, na cinntí a rinne na hachomharcóirí tar éis iad a aistriú chuig an Tuirc ‘dá rogha féin’ gan scrúdú a dhéanamh in concreto ar an gcomhthéacs ina ndearnadh an rogha sin – go háirithe a staid teaghlaigh, a staid leochaileach agus baol díbeartha a d’fhéadfadh a bheith ann don tSiria – chun a chinneadh, i bhfianaise an chomhthéacs sin, an bhféadfaí a mheas go bhfuil na cinntí sin réasúnta.

161

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i mír 69 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach féidir a mheas go n‑eascraíonn an damáiste lena mbaineann go díreach as an iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith, mar gheall ar roghanna a rinne na hachomharcóirí tar éis na hoibríochta um fhilleadh atá i gceist gan measúnú in concreto a dhéanamh ar réasúntacht na roghanna sin i bhfianaise na n‑imthosca uile a bhí mar shaintréithe den chomhthéacs ina ndearnadh na roghanna sin.

162

Dá bhrí sin, tá fiúntas ag baint leis an gcéad chuid den tríú foras achomhairc sa dara gearán agus ní mór diúltú di toisc í a bheith do-ghlactha nó gan bhunús maidir leis an gcuid eile.

2. An dara cuid den tríú foras achomhairc

(a) Argóintí na bpáirtithe

163

Leis an dara cuid den tríú foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i mír 70 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurbh é a rogha féin cúnamh a fháil ó dhlíodóirí i gcomhthéacs gearáin a taisceadh le Frontex, agus mar thoradh air sin nach raibh aon nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus na costais a bhaineann leis an gcúnamh sin. In imthosca an cháis seo, bhí gá leis an gcúnamh sin, ós rud é nach saoránaigh den Aontas iad na hachomharcóirí, nach féidir leo cumarsáid a dhéanamh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus go raibh siad i staid an‑leochaileach.

164

Deir na hachomharcóirí freisin gur cheart don Chúirt Ghinearálta a mheas gurb é ba chúis leis na costais cúnaimh dhlíthiúil sin, den chuid is mó ar a laghad, ná gur láimhseáil Frontex a ngearáin go faillíoch mar gheall ar scrúdú mall a dhéanamh ar na gearáin sin agus mar gheall ar neamhéifeachtacht an tsásra gearán, de shárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar a gceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 72 de Rialachán 2016/1624.

165

Maíonn Frontex go bhfuil an chuid sin den fhoras do-ghlactha, ós rud é gur ceist fíorais í an cheist an raibh gá le hionadaíocht dhlíthiúil i gcomhthéacs gearán a taisceadh le Frontex, nach féidir a scrúdú i gcomhthéacs achomhairc.

(b) Measúnú na Cúirte

166

Leis an dara cuid den foras achomhairc, déanann na hachomharcóirí gearán, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta measúnú mícheart ar an ngá atá le cúnamh a fháil ó dhlíodóirí i gcomhthéacs na ngearán a thaisc siad le Frontex, faoin sásra gearán dá bhforáiltear in Airteagal 72 de Rialachán 2016/1624, agus, dá bhrí sin, ar an nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith maidir le sáruithe líomhainte ar a gcearta bunúsacha atá inchurtha i leith na gníomhaireachta sin agus an damáiste a eascraíonn as costais an chúnaimh sin.

167

I mír 70 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dlíodóra nó comhairleora in imeachtaí réamhdhlíthíochta éigeantach, nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir costais na hionadaíochta sin agus aon iompar a bhféadfaí an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ina leith. Ós rud é gur faoin duine lena mbaineann atá sé, sa chomhthéacs sin, dul i muinín comhairle dlíodóra, ní féidir é a chur i leith na hinstitiúide nó an chomhlachta atá i gceist.

168

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt nach mór na costais a bhaineann le dul i gcomhairle le dlíodóir, faoi seach, ag céim gearáin riaracháin nó i gcomhthéacs tarchur chuig an Ombudsman Eorpach, a idirdhealú ó tháillí na ndlíodóirí a tabhaíodh le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte (breithiúnais an 9 Márta 1978, Herpels v an Coimisiún, 54/77, EU:C:1978:45, mír 45, agus an 28 Meitheamh 2007, Internationaler Hilfsfonds v an Coimisiún, C‑331/05 P, EU:C:2007:390, mír 25).

169

Mar sin féin, cé gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sna cásanna as ar eascair na breithiúnais a luaitear sa mhír roimhe seo, go raibh cúnamh dlíodóra bunaithe ar ‘rogha féin’ (breithiúnas an 9 Márta 1978, Herpels v an Coimisiún, 54/77, EU:C:1978:45, mír 48) nó ar ‘shaor-rogha’ na ndaoine lena mbaineann (breithiúnas an 28 Meitheamh 2007, Internationaler Hilfsfonds v an Coimisiún, C‑331/05 P, EU:C:2007:390, mír 27), is é sin i bhfianaise shaintréithe gach ceann de na nósanna imeachta sin, agus ní ar bhonn tuiscint bhunúsach ar ghearáin riaracháin nó ar mhodhanna malartacha chun díospóidí a réiteach.

170

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach ceart de chuid shaoránaigh an Aontais Eorpaigh é an sásra gearán dá bhforáiltear in Airteagal 72 de Rialachán 2016/1624 lena bhféachtar deireadh a chur le cásanna drochriaracháin ar mhaithe le leas an phobail. Os a choinne sin, faoi Airteagal 72(2) agus (3) den Rialachán sin, níl rochtain air ach ag daoine a ndéantar difear díreach dóibh mar gheall ar ghníomhaíochtaí na foirne atá rannpháirteach, go háirithe, in oibríocht um fhilleadh, agus a mheasann gur sáraíodh a gcearta bunúsacha go sonrach mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin.

171

Ar an dara dul síos, cé go bhfeidhmíonn an tOifigeach um Chearta Bunúsacha a chúraimí nó a cúraimí go neamhspleách, déanann sé nó sí amhlaidh i gcomhthéacs Frontex a eagrú. Ina theannta sin, tá duine os comhair an oifigigh sin atá, mar a luaitear i mír 156 den bhreithiúnas seo, i staid an‑leochaileach, in imthosca amhail imthosca an cháis seo, chun sárú sonrach ar cheart bunúsach mar thoradh ar ghníomhaíocht fhoireann Frontex féin a thuairisciú.

172

Ar an tríú dul síos, ní ráthaítear leis an sásra gearán a bunaíodh le hAirteagal 72 de Rialachán 2016/1624 go mbainfidh an gearánach tairbhe, ag am áirithe, as na coimircí a bhaineann leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil, lena n‑áirítear an ceart chun comhairle, cosaint agus ionadaíocht a fháil a ráthaítear sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt. Murab ionann agus an nós imeachta gearáin riaracháin atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 9 Márta 1978, Herpels v an Coimisiún (54/77, EU:C:1978:45), níl an sásra láimhseála gearán, mar is léir ó aithris 50 den Rialachán sin, ina réamhchoinníoll chun leigheas breithiúnach a fheidhmiú.

173

Leanann sé ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 167 go 172 den bhreithiúnas seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i mír 70 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trína chinneadh, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dlíodóra nó comhairleora in imeachtaí réamhdhlíthíochta éigeantach, nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir costais na hionadaíochta sin agus aon iompar a bhféadfaí an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ina leith.

174

Dá bhrí sin, tá fiúntas ag baint leis an dara cuid den tríú foras achomhairc.

E.   An ceathrú foras achomhairc

1. Argóintí na bpáirtithe

175

Leis an gceathrú foras achomhairc, a bhaineann le míreanna 44 go 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, trí dhiúltú do dhoiciméid áirithe a thug siad ar aird ag an gcéad chéim toisc iad a bheith do-ghlactha, eadhon Iarscríbhinní C.1 agus C.3 go C.6 a ghabhann leis an bhfreagra agus Iarscríbhinn E.1, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 85(2) dá Rialacha Nós Imeachta agus prionsabal na sáraíochta.

176

Maíonn siad nach gcumhdaítear le hAirteagal 85(2) fianaise nua agus méadú ar thairiscintí fianaise, ós rud é go gcuirtear isteach iad mar fhreagairt ar argóintí a chuir an páirtí freasúrach chun cinn ina chosaint. Is amhlaidh an cás a fortiori inar doiciméad é a bhfuil rochtain ag an bpobal air ar ar bhunaigh na hachomharcóirí a n‑argóintí agus ar chaith Frontex amhras ar a luach cruthúnais ina cosaint. Dá bhrí sin, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a mheas gurbh ionann Iarscríbhinní C.1 agus C.4 go C.6 a ghabhann leis an bhfreagra agus ‘fianaise dá mhalairt’ agus gurbh ionann Iarscríbhinn C.3 a ghabhann leis an bhfreagra agus ‘maolú’ ar na tairiscintí fianaise. A mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn E.1, cé gur taisceadh é tar éis an chuid i scríbhinn den nós imeachta a fhoirceannadh, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a chinneadh nach bhféadfadh cearta cosanta Frontex a shárú le tabhairt ar aird an doiciméid sin ós rud é gur doiciméad é a tháinig ón ngníomhaireacht sin.

177

Áitíonn Frontex, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an ceathrú foras achomhairc neamhéifeachtach, ós rud é go sonraíonn na hachomharcóirí, i gcomhthéacs an fhorais sin, cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na doiciméid lena mbaineann i gcomhad na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, nach raibh aon tionchar aige sin ar thoradh a gcaingne le haghaidh damáistí.

178

Ar an dara dul síos, measann Frontex nach raibh na doiciméid sin ina bhfianaise dá mhalairt agus luann sí gur chinn an Chúirt Ghinearálta nár thug na hachomharcóirí údar leis na doiciméid sin a chur isteach ag céim na freagartha.

2. Measúnú na Cúirte

179

Sa chéad áit, maidir le cineál neamhéifeachtach líomhainte an cheathrú foras achomhairc, ní mór a mheas nach bhfuil aon tionchar ag tuairim na n‑achomharcóirí ar dá réir nach raibh na doiciméid lena mbaineann cinntitheach maidir le toradh a gcaingne le haghaidh damáistí ar a gceart iad a thabhairt ar aird os comhair na Cúirte Ginearálta, faoi réir a n‑inghlacthachta. Níl baint ag an gceart sin lena riachtanas oibiachtúil don díospóireacht, ós rud é go bhfuil sé ceart ag gach páirtí measúnú a dhéanamh ar a úsáidí atá na doiciméid a bhfuil sé ar intinn aige a thaisceadh chun bunús a thabhairt lena sheasamh nó chun léargas a thabhairt ar an gCúirt. Dá réir sin, murab ionann agus dearbhú Frontex, níl an foras sin neamhéifeachtach.

180

Sa dara háit, maidir le fiúntas an fhorais achomhairc sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar síos le hAirteagal 76(f) agus le hAirteagal 85(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta an riail nach mór do na páirtithe a gcomhad fianaise a shuí nó tairiscintí fianaise a dhéanamh ag céim an chéad mhalartaithe pléadálacha, eadhon ag céim an iarratais agus na cosanta. Is í riail teorannaithe atá i gceist leis sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Meán Fómhair 2020, BP v FRA, C‑669/19 P, EU:C:2020:713, mír 41, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 43).

181

Cuirtear san áireamh leis na forálacha sin prionsabail na sáraíochta agus an chomhionannais arm agus an ceart chun triail chóir a fháil. Go deimhin, ceanglaítear leo go gcuirfear na páirtithe eile ar an eolas faoin bhfianaise a thacaíonn leis na hargóintí a cuireadh chun cinn agus tá siad ceaptha a chur ar a gcumas cosaint nó freagra úsáideach a ullmhú, i gcomhréir leis na prionsabail agus leis an dlí sin. Ina theannta sin, tá údar leis an gceanglas fianaise agus tairiscintí fianaise a chur isteach ag an gcéad chéim de na himeachtaí freisin mar gheall ar an gcuspóir maidir le dea-riarachán an cheartais, sa mhéid is gceadaítear leis an gceanglas sin go ndéanfaí an cás a láimhseáil laistigh de thréimhse réasúnach ama trí na comhaid a ullmhú laistigh de thréimhse réasúnta ama (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Aibreán 2005, Gaki-Kakouri v an Chúirt Bhreithiúnais, C‑243/04 P, EU:C:2005:238, mír 30, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 41).

182

De mhaolú ar an riail phrionsabail a leagtar síos in Airteagal 76(f) agus i mír 1 d’Airteagal 85 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, údaraítear le hAirteagal 85(2), mar sin féin, do na páirtithe fianaise nó tairiscintí fianaise a thíolacadh sa dara malartú pléadálacha, ar choinníoll go bhfuil údar leis an moill ar fhianaise den sórt sin a thíolacadh nó ar thairiscintí fianaise den sórt sin.

183

Dá bhrí sin, léiríonn Airteagal 85(2) an ceanglas maidir le nós imeachta cothrom agus, go háirithe, cosaint chearta cosanta an pháirtí a bhfuil sé ar intinn aige fianaise áirithe nó tairiscintí fianaise a chur isteach ag an gcéim sin, a bhféadfadh údar a bheith leo, inter alia, toisc nach raibh an fhianaise atá i gceist ag an bpáirtí sin roimhe sin nó toisc gur gá an comhad a fhorlíonadh i gcás doiciméid a bheith á gcur isteach go déanach ag an bpáirtí freasúrach, ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfar prionsabal na sáraíochta (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Aibreán 2005, Gaki-Kakouri v an Chúirt Bhreithiúnais, C‑243/04 P, EU:C:2005:238, mír 33, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, míreanna 42 agus 43).

184

Ós rud é nach mór údar a thabhairt leis an moill ar thíolacadh fianaise nó tairiscintí fianaise, tá sé de chumhacht ag an gCúirt Ghinearálta athbhreithniú a dhéanamh ar fhiúntas na cúise leis an moill sin agus, de réir mar a bheidh, ar ábhar na fianaise nó na dtairiscintí fianaise sin agus, i gcás inarb iomchuí, neamhaird a thabhairt uirthi mura bhfuil údar maith lena tíolacadh déanach de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá nó mura bhfuil sé gan bhunús (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Meán Fómhair 2020, BP v FRA, C‑669/19 P, EU:C:2020:713, mír 33, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 43).

185

Is mar eisceacht ar an méid sin, maidir leis an riail phrionsabail a leagtar síos in Airteagal 76(f) agus i mír 1 d’Airteagal 85 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus maidir leis an maolú a shainmhínítear in Airteagal 85(2), go n‑údaraítear le hAirteagal 85(3) do na páirtithe tuilleadh fianaise nó tairiscintí fianaise a thíolacadh ag céim níos déanaí, eadhon sula gcuirfear deireadh leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta nó sula dtabharfaidh an Chúirt Ghinearálta breith gan cuid ó bhéal den nós imeachta, ar choinníoll i gcónaí go bhfuil údar leis an moill ar an tíolacadh sin. Tá feidhm a fortiori ag na breithnithe a leagtar amach i míreanna 183 agus 184 den bhreithiúnas seo maidir leis an bhfianaise a thugtar ar aird agus na tairiscintí fianaise a dhéantar ag an gcéim níos déanaí sin, ós rud é go nglactar leis lena n‑admháil go bhfuil imthosca eisceachtúla ann (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Aibreán 2005, Gaki-Kakouri v an Chúirt Bhreithiúnais, C‑243/04 P, EU:C:2005:238, mír 33, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 44).

186

Leanann sé ó na breithnithe uile roimhe seo gurb é cur i bhfeidhm beacht na rialacha a leagtar síos in Airteagal 85 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta lenar féidir a áirithiú go n‑urramófar prionsabail na sáraíochta agus chomhionannas na n‑arm agus an ceart chun triail chóir a fháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 45).

187

Sa chás seo, ar thaobh amháin, maidir le hIarscríbhinní C.1 agus C.3 go C.6 a ghabhann leis an bhfreagra, leanann sé ó mhír 42 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur doiciméid phoiblí a bhí iontu sular taisceadh an t‑iarratas, cé is moite d’aistriúchán ar ráiteas gan dáta ó dhuine de na hachomharcóirí agus ar ‘thuairim shaineolach’, ar comhairliúchán dlíthiúil é, i ndáiríre, a bunaíodh go sainráite sa chás atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta.

188

I mír 45 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta údar le do-ghlacthacht na n‑iarscríbhinní sin trína chinneadh, go bunúsach, nach cúis bhailí é le hábharthacht líomhainte na ndoiciméad a aimsiú le linn na n‑imeachtaí chun údar a thabhairt lena dtíolacadh as am, ós rud é go bhfuil na doiciméid sin beartaithe chun fíorais a líomhnaítear san iarratas a shuí agus go raibh an chuid is mó acu ann roimh an iarratas.

189

Agus an méid sin á dhéanamh aici, chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 85(2) dá Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm i gceart. Go deimhin, i gcás ina bhfuil an mhoill maidir le doiciméad a thaisceadh ar bhonn na forála sin bunaithe ar fhianaise nó líomhain arna cur isteach ag páirtí freasúrach, ciallaíonn an bonn cirt atá le moill den sórt sin, a cheanglaítear leis an bhforáil sin chun bheith in ann tairbhe a bhaint as an maolú dá bhforáiltear léi, nach mór don pháirtí a thaisceann an doiciméad sin a chinneadh cad a mheastar a éilíonn go ndéanfadh páirtí freasúrach an doiciméad sin a chur isteach go déanach, le beachtas leordhóthanach, chun go mbeidh an Chúirt in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an mbonn cirt sin, mar a cheanglaítear uirthi a dhéanamh.

190

Sa chás seo, is léir ó mhír 41 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, d’fhonn údar a thabhairt le tabhairt ar aird déanach na n‑iarscríbhinní atá i gceist, gur mhaigh na hachomharcóirí, ag an éisteacht, nach raibh ábharthacht na n‑iarscríbhinní sin soiléir dóibh go dtí gur tháinig siad ar an eolas faoi na hargóintí arna bhforbairt ag Frontex sa chosaint. Mar sin féin, is léir ón scrúdú ar fhreagra na n‑achomharcóirí ag an gcéad chéim nár chuir siad aon sonraí ar fáil maidir leis na líomhaintí a rinne Frontex bhféadfaí údar a thabhairt le taisceadh na ndoiciméad sin.

191

Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbreithnithe agus an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 180 go 186 den bhreithiúnas seo, níor sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na sáraíochta ná cearta cosanta na n‑achomharcóirí trí dhiúltú d’Iarscríbhinní C.1 agus C.3 go C.6 a ghabhann lena bhfreagra ar an bhforas nach raibh fiúntas ag baint leis an moill ar a dtabhairt ar aird de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá.

192

Ar an taobh eile, maidir le hIarscríbhinn E.1, a tugadh ar aird ar lá tosaigh na héisteachta os comhair na Cúirte Ginearálta, is léir ó mhíreanna 47 agus 50 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gurb é a bhí sa doiciméad sin doiciméad a sheol Frontex chuig na hachomharcóirí sular tionscnaíodh a gcaingean, agus é ráite ag na hachomharcóirí go raibh an mhainneachtain an doiciméad sin a thabhairt ar aird ag céim an iarratais mar thoradh ar neamhaird, rud a chinn an Chúirt Ghinearálta nach foras bailí é a thug údar lena thíolacadh as am.

193

Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 185 den bhreithiúnas seo, ní chomhlíontar sin na ceanglais maidir le ráiteas ar chúiseanna lena dtugtar údar le doiciméad a thaisceadh faoi Airteagal 85(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta le foras den sort sin. Dá réir sin, chuir an Chúirt Ghinearálta an fhoráil sin i bhfeidhm i gceart trí neamhaird a thabhairt ar Iarscríbhinn E.1.

194

Níl argóint na n‑achomharcóirí nach raibh taisceadh an doiciméid sin de chineál a sháródh cearta cosanta Frontex, ós rud é gur ó Frontex a tháinig an doiciméad sin, ag baint le hábhar i ndáil leis sin.

195

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, ní féidir a thuiscint ó Airteagal 85 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta go gceanglaítear ar an gCúirt Ghinearálta, mar phrionsabal, glacadh le doiciméid a chuirtear isteach go déanach mura gcinneann sí go bhfuil gá lena ndiúltú chun a áirithiú go n‑urramófar cearta nó prionsabail ghinearálta áirithe, go háirithe cearta cosanta an pháirtí fhreasúraigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services, C‑758/21 P, EU:C:2023:917, mír 46), agus mír 1 den airteagal sin lena leagtar síos riail maidir le teorannú bunaithe ar an bprionsabal contrártha, ar dá réir nach mór doiciméid a thabhairt ar aird ag céim an chéad mhalartaithe pléadálacha. Ar an taobh eile, mar is léir ó mhír 181 den bhreithiúnas seo, ní hamháin go bhfuil sé i gceist le hAirteagal 85(1) de na Rialacha Nós Imeachta sin a chur ar chumas an pháirtí fhreasúraigh cosaint nó freagra úsáideach a ullmhú, ach saothraítear cuspóir maidir le dea-riarachán an cheartais leis an airteagal sin freisin.

196

Is léir ó na breithnithe sin go léir nach mór diúltú don cheathrú foras achomhairc toisc í a bheith gan bhunús.

197

I bhfianaise fhiúntas an chéad ghearáin sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, sa dara cuid den dara foras achomhairc, sa dara gearán sa chéad chuid den tríú foras achomhairc agus sa dara cuid den tríú foras achomhairc, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal a mhéid a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, leis an mbreithiúnas sin, do chaingean na n‑achomharcóirí le haghaidh damáistí mar gheall nach raibh nasc cúisíoch atá díreach go leor ann idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste a líomhnaítear, cé is moite den damáiste a bhaineann leis na costais arna dtabhú ag na hachomharcóirí agus iad ag taisteal go dtí an Ghréig, ar na forais seo a leanas, go bunúsach:

ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs chúraimí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, ní fhorchuirtear le Rialachán 2016/1624 aon oibleagáid ar Frontex maidir leis na cinntí um fhilleadh nach mór do dhaoine a áirítear in oibríocht chomhpháirteach um fhilleadh a bheith faoina réir;

ar an dara dul síos, sa chomhthéacs céanna, go mbeadh an Ballstát óstach amháin freagrach as aon sáruithe ar chearta bunúsacha a dhéantar le linn eitilt fillte, d’eisiamh aon dliteanais ar thaobh Frontex,

ar an tríú dul síos, gur briseadh aon nasc cúisíoch a bhí díreach go leor idir an t‑iompar a bhfuil Frontex cúisithe ina leith agus an damáiste líomhainte, mar thoradh roghanna na n‑iarratasóirí féin, maidir lena lonnú sealadach sa Tuirc, a dteitheadh go dtí an Iaráic agus a lonnú sa tír sin, gan measúnú sonrach a dhéanamh ar réasúntacht na roghanna sin i bhfianaise na n‑imthosca uile a bhí mar shaintréithe den chomhthéacs sonrach ina ndearnadh an rogha sin, agus,

ar an gceathrú dul síos, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dlíodóra nó comhairleora in imeachtaí réamhdhlíthíochta éigeantach, nach bhfuil aon nasc cúisíoch ann idir costais na hionadaíochta sin agus aon iompar a bhféadfaí an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ina leith, i bprionsabal.

VI. An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

198

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 61(1) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuireann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh ón gCúirt Ghinearálta ar ceal, féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid, nó féadfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

199

Sa chás seo, ós rud é nár rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar fhormhór phléadálacha na n‑achomharcóirí, measann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil sí in ann rialú a thabhairt ar shubstaint an cháis.

200

Dá bhrí sin, ní mór an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

VII. Costais

201

Ós rud é gur tarchuireadh an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ní mór na costais a bhaineann leis an achomharc seo a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt Ghinearálta (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Déantar breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Meán Fómhair 2023, WS agus páirtithe eile v Frontex (T‑600/21, EU:T:2023:492), a chur ar ceal, seachas a mhéid, ar thaobh amháin, go ndiúltaítear leis an mbreithiúnas sin d’Iarscríbhinn C.1 agus C.3 go C.6 den fhreagairt agus d’Iarscríbhinn E.1. arna taisceadh ag WS, WT, WY, WZ, YA agus YB toisc iad a bheith do-ghlactha agus, ar an taobh eile, a chinntear leis an mbreithiúnas sin nach bhfuil ann do nasc cúisíoch idir an t‑iompar a bhfuil an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) cúisithe ina leith agus an damáiste arna líomhain ag WS, WT, WY, WZ, YA agus YB a mhéid a bhaineann leis na costais arna dtabhú chun taisteal chuig an Ghréig.

 

2.

Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

 

3.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.