BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Seachtú Dlísheomra)

10 Aibreán 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – An comhbheartas talmhaíochta (CBT) – An Comhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Airteagal 54 – Cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 – Airteagal 3 – Méideanna deontais a íocadh go míchuí a aisghabháil – Tréimhse theorann – Teorainn ama tháscach)

I gCás C‑657/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, Poblacht na Seice), trí bhreith an 4 Deireadh Fómhair 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 7 Samhain 2023, sna himeachtaí

M. K.

v

Ministerstvo zemědělství,

tugann AN CHÚIRT (an Seachtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. Gavalec (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, Z. Csehi agus F. Schalin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 11 Nollaig 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

M. K., ag F. Šimák, advokát,

Ministerstvo zemědělství, ag R. Pokorný, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Seice, ag J. Benešová, J. Očková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova agus R. Stoyanov, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Radu Bouyon agus K. Walkerová, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549, agus a ceartaíodh le IO 2016 L 130, lch. 13).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir M. K. agus an Ministerstvo zemědělství (an Aireacht Talmhaíochta, Poblacht na Seice) maidir le cinneadh lena n‑ordaítear méideanna fóirdheontais a íocadh go míchuí a aisghabháil ó M. K.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95

3

Sonraítear leis an tríú haithris de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1):

‘de bhrí [...] go bhfuil sé tábhachtach [...] ionsaithe ar leasanna airgeadais na gComhphobal [Eorpach] i ngach réimse a chomhrac’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Faoi théarmaí Airteagal 1 den Rialachán sin:

‘1.   D’fhonn leasanna airgeadais [an Aontais] a chosaint, glacfar rialacha ginearálta maidir le seiceálacha aonchineálacha agus maidir le bearta agus pionóis riaracháin a bhaineann le neamhrialtachtaí i dtaca le dlí [an Aontais].

2.   Ciallaíonn “neamhrialtacht” aon sárú ar fhoráil de chuid dhlí an Chomhphobail de thoradh gníomh nó easnamh ag oibreoir eacnamaíochta, a raibh, nó a mbeadh, sé mar thoradh air dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta na gComhphobal nó do na buiséid a bhainistíonn siad, trí ioncam a fhabhraíonn óna n‑acmhainní féin atá bailithe go díreach thar ceann na gComhphobal, nó trí mhír neamhdhlisteanach chaiteachais a laghdú nó a chailliúint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid a leanas in Airteagal 3 den Rialachán sin:

‘1.   4 bliana a bheidh sa tréimhse theorann le haghaidh imeachtaí amhail ón tráth a rinneadh an neamhrialtacht dá dtagraítear in Airteagal 1(1). Mar sin féin, féadfar foráil a dhéanamh le rialacha earnála do thréimhse nach féidir a bheith níos gaire ná 3 bliana.

I gcás neamhrialtachtaí leanúnacha nó neamhrialtachtaí a tharlaíonn arís agus arís eile, tosóidh an tréimhse theorann ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an neamhrialtacht. I gcás clár ilbhliantúil, mairfidh an tréimhse theorann ar aon chuma go dtí go gcuirfear deireadh go cinntitheach leis an gclár.

Brisfear an tréimhse theorann le haon ghníomh ag an údarás inniúil, a dtabharfar fógra ina leith don duine i dtrácht, a bhaineann le himscrúdú nó le himeachtaí dlíthiúla a bhaineann leis an neamhrialtacht. Tosóidh an tréimhse theorann arís tar éis gach gnímh briste.

Tiocfaidh an teorainn i bhfeidhm, áfach, ar a dhéanaí ar an lá a rachaidh tréimhse atá comhionann le dhá oiread na tréimhse teorann in éag gan pionós a bheith gearrtha ag an údarás inniúil, ach amháin i gcás inar cuireadh an nós imeachta riaracháin ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 6(1).

2.   3 bliana a bheidh sa tréimhse chun an cinneadh lena mbunaítear an pionós riaracháin a chur chun feidhme. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá a thiocfaidh an cinneadh chun bheith críochnaitheach.

Beidh cásanna um briseadh agus um fhionraí faoi rialú ag forálacha ábhartha an dlí náisiúnta.

3.   Coinneoidh na Ballstáit an deis tréimhse a chur i bhfeidhm atá níos faide ná an tréimhse dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 faoi seach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 1306/2013

6

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 37 de Rialachán Uimh. 1306/2013:

‘(37)

Maidir [leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT)], ba cheart suimeanna arna n‑aisghabháil a aisíoc leis an gCiste i gcás nach bhfuil an caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach bhfuil aon teidlíocht ann. Ionas go mbeidh dóthain ama ann do na nósanna imeachta riaracháin is gá, lena n‑áirítear rialú inmheánach, ba cheart do na Ballstáit aisghabháil a iarraidh ar an tairbhí laistigh de 18 mhí tar éis tíolacadh tuarascála rialaithe nó doiciméid den chineál sin, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht, gur formheasadh é agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuair an ghníomhaireacht íocaíochta nó an comhlacht atá freagrach as an aisghabháil é. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le córas freagrachta airgeadais i leith neamhrialtachtaí in éagmais [aisghabháil] iomlán. I ndáil leis seo, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfaidh an Coimisiún [Eorpach] leasanna bhuiséad an Aontais [Eorpaigh] a chosaint trína chinneadh suimeanna a cailleadh de thoradh neamhrialtachtaí agus nár aisghabhadh laistigh de thréimhse réasúnach a ghearradh go páirteach ar na Ballstáit lena mbaineann. I gcásanna áirithe faillí ar thaobh an Bhallstáit, tá údar maith leis an tsuim iomlán a ghearradh ar an mBallstát lena mbaineann. Mar sin féin, faoi réir [comhlíonadh] oibleagáidí ag na Ballstáit faoina nósanna imeachta inmheánacha, ba cheart an t‑ualach airgeadais a roinnt go cothrom idir an tAontas agus an Ballstát. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha céanna maidir [leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)], faoi réir an cheanglais, áfach, go bhfanfaidh suimeanna a aisghabhtar nó a chuirtear ar ceal i ndiaidh neamhrialtachtaí ar fáil do na cláir forbartha tuaithe [fhormheasta] den Bhallstát lena mbaineann mar gur leithdháileadh na suimeanna sin ar an mBallstát sin. Ba cheart forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit a leagan amach freisin.’

7

Faoi théarmaí Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1306/2013, dar teideal ‘Caiteachas CETFT’:

‘Déanfar CETFT a chur chun feidhme trí bhainistiú comhpháirteach idir na Ballstáit agus an tAontas. Maoineofar leis ranníocaíocht airgeadais an Aontais le cláir forbartha tuaithe a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le tacaíocht d’fhorbairt na tuaithe.’

8

I dTeideal IV de Rialachán Uimh. 1306/2013, dar teideal ‘Bainistiú Airgeadais na gCistí’, bhí Caibidil IV, dar teideal ‘Cuntais a imréiteach’, lenar bhain Roinn III den Chaibidil sin le ‘Neamhrialtachtaí’.

9

I Roinn III, foráladh le hAirteagal 54 den Rialachán sin, dar teideal ‘Forálacha coiteanna’, don mhéid seo a leanas:

‘1.   Má dhéantar íocaíocht neamhdhlite tar éis neamhrialtachta nó faillí, déanfaidh na Ballstáit iarratas ar aisghabháil ón tairbhí laistigh de 18 mí tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, agus i gcás inarb infheidhme, a fháil, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht. Déanfar na méideanna comhfhreagracha a thaifeadadh, tráth a ndéanfar an t‑iarratas ar aisghabháil, i mórleabhar na bhféichiúnaithe atá ag an ngníomhaireacht íocaíochta.

2.   Mura bhfuil an íocaíocht aisghafa laistigh de cheithre bliana ón dáta a fhaightear an t‑iarratas ar aisghabháil, nó laistigh d’ocht mbliana i gcás ina gcuirtear an aisghabháil faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta, is ar an mBallstát lena mbaineann a bheidh 50 % d’iarmhairtí airgeadais na neamh-aisghabhála agus is ar bhuiséad an Aontais a bheidh an 50 % eile, gan dochar don cheanglas atá ar an mBallstát lena mbaineann dul i mbun nósanna imeachta aisghabhála d’fhonn Airteagal 60 a chomhlíonadh.

I gcás ina dtaifeadtar in ionstraim riaracháin nó dhlíthiúil de chineál cinntitheach nach ann do neamhrialtacht, i gcomhthéacs an nós imeachta aisghabhála, maífidh an Ballstát lena mbaineann do na Cístí gur caiteachas é an t‑ualach airgeadais atá air de réir na chéad fhomhíre.

Mar sin féin i gcás nach bhféadfaidh aisghabháil tarlú taobh istigh den teorainn ama a shonraítear sa chéad fho-mhír, ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith an Bhallstáit lena mbaineann, agus má sháraíonn an méid a bheidh le haisghabháil EUR 1 mhilliún, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát, an teorainn ama a shíneadh go dtí tréimhse suas le leath den tréimhse bhunaidh.

3.   Ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan aisghabháil a lorg. Ní féidir an cinneadh sin a dhéanamh ach sna cásanna seo a leanas:

a)

más mó ná an méid atá le haisghabháil na costais iomlána atá ann cheana féin nó na costais is dócha a dhéanfar, […]

[...]

b)

mura bhfuil an aisghabháil indéanta de bharr dhócmhainneacht, arna taifeadadh agus arna haithint faoin dlí náisiúnta, an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht.

I gcás ina nglactar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo sula gcuirtear an méid atá gan íoc faoi réir na rialacha dá dtagraítear i mír 2, is ar bhuiséad an Aontais a bheidh iarmhairt airgeadais na neamh-aisghabhála.

4.   Cuirfidh na Ballstáit na méideanna atá le híoc acu faoi mhír 2 den Airteagal seo isteach sna cuntais bhliantúla atá le cur chuig an gCoimisiún faoi phointe [(c)(iv) d’Airteagal 102(1)]. Seiceálfaidh an Coimisiún go bhfuil an méid sin déanta, agus déanfaidh sé aon choigeartú is gá sa [ghníomh] cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 51.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, ar fhoráil go bhfuil an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(3) leanta aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n‑eiseofar mhaoiniú an Aontais suimeanna arna ngearradh ar bhuiséad an Aontais sna cásanna seo a leanas:

a)

murar chloígh an Ballstát leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1;

b)

má mheasann sé nach bhfuil bonn cuí leis an gcinneadh atá glactha ag Ballstát gan aisghabháil a lorg de bhun mhír 3;

c)

má mheasann sé gur toradh an neamhrialtacht nó an easpa aisghabhála ar neamhrialtacht nó faillí arb iad na húdaráis riaracháin nó comhlacht oifigiúil eile de chuid an Bhallstáit is cúis léi.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).’

10

Mar chuid de Roinn III, foráiltear le hAirteagal 56 den Rialachán sin, dar teideal ‘Forálacha a bhaineann go sonrach le CETFT’:

‘I gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí nó faillí in oibríochtaí forbartha tuaithe nó i gcláir, déanfaidh na Ballstáit coigeartuithe airgeadais lena gcuirfear ar ceal an maoiniú lena mbaineann de chuid an Aontais i bpáirt nó ina iomláine. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na cineálacha neamhrialtachtaí a bhraitear agus a thromchúisí atá siad, agus leibhéal an chaillteanais airgeadais ó thaobh CETFT de.

Déanfar na méideanna de mhaoiniú an Aontais a rinneadh faoi CETFT a chuirtear ar ceal agus na méideanna a aisghabhtar, chomh maith leis an ús ar na méideanna sin, a athdháileadh ar an gclár lena mbaineann. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit na cistí Aontais a cuireadh ar ceal nó a aisghabhadh a athúsáid le haghaidh oibríocht faoin gclár forbartha tuaithe céanna ar choinníoll nach n‑athdháiltear na cistí ar oibríochtaí a bhí faoi réir coigeartaithe airgeadais. Nuair a dhúntar clár forbartha tuaithe, aisíocfaidh an Ballstát na suimeanna arna n‑aisghabháil le buiséad an Aontais.’

11

I dTeideal V de Rialachán Uimh. 1306/2013, dar teideal ‘Córais rialaithe agus pionóis’, bhí Caibidil I, dar teideal ‘Rialacha ginearálta’, a raibh Airteagail 58 go 66 den Rialachán sin mar chuid de.

12

Foráiltear le hAirteagal 58(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint’:

‘1.   Glacfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú [an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)], na forálacha reachtacha, rialúcháin agus riaracháin ar fad is gá agus glacfaidh siad aon bhearta eile is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

[...]

e)

íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin de réir mar is gá.’

Dlí Phoblacht na Seice

13

Míníonn an chúirt a rinne an tarchur, ar dháta íoctha an fhóirdheontais atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon an 7 Iúil 2015, nár foráladh le dlíchóras Phoblacht na Seice do thréimhse theorann chun fóirdheontas a íocadh go míchuí óna thairbhí a aisghabháil.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

14

An 28 Meitheamh 2012, chuir M. K., duine nádúrtha Seiceach, iarratas isteach ar dheontas faoin gclár forbartha tuaithe do Phoblacht na Seice, Beart III.1.2 ‘Tacaíocht do chruthú agus d’fhorbairt gnó’ (‘PDR’), do thionscadal dar teideal ‘Oiriúnú d’fhoirgneamh le haghaidh gníomhaíocht tráchtála’.

15

An 13 Márta 2013, trí chomhaontú deontais a shíniú, gheall M. K. go gcloífeadh sé le rialacha an chláir forbartha tuaithe.

16

An 7 Iúil 2015, íocadh deontas CZK 5239422 (thart ar EUR 210000) le M. K. i leith an tionscadail lena mbaineann.

17

Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an tionscadal sin, a bhí ar siúl an 29 Aibreán 2016, chinn an Státní zemědělský intervenční fond (an Ciste Idirghabhála Talmhaíochta), i dtuairim an 24 Bealtaine 2016, nár úsáideadh an foirgneamh atá i gceist chun críocha na gníomhaíochta tráchtála lena mbaineann agus gurbh ionann sárú M. K. ar rialacha PDR agus laghdú 100 % ar an deontas a íocadh.

18

An 12 Meán Fómhair 2016, dheimhnigh Bord Athbhreithnithe na hAireachta Talmhaíochta an tuairim sin.

19

An 11 Meitheamh 2018, ghlac an Ciste Idirghabhála Talmhaíochta cinneadh lenar ordaíodh na cistí go léir a íocadh go míchuí leis dá bhrí sin a aisghabháil ó M. K., is é sin le rá, CZK 5239422.

20

An 7 Bealtaine 2020, dhíbh an Aireacht Talmhaíochta achomharc riaracháin M. K. i gcoinne an chinnidh sin.

21

Agus í ag éisteacht le caingean arna tabhairt ag M. K. i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear don achomharc riaracháin sin, chinn an Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág, Poblacht na Seice), tar éis scrúdú a dhéanamh ar an ngearán go ndeachaigh údarú an Bhallstáit lena mbaineann chun an deontas atá i gceist sna príomhimeachtaí a aisghabháil ó M. K. i léig, ar an bhforas go ndearna údaráis inniúla na Seice an t‑iarratas ar aisghabháil an deontais sin tar éis dhul in éag na tréimhse 18 mí a leagtar síos in Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, nach ndeachaigh an t‑údarú sin i léig sa chás os a comhair, ós rud é gur teorainn ama tháscach seachas tréimhse theorann a bhí sa tréimhse sin, agus nach bhféadfadh ach mainneachtain an dara tréimhse sin a chomhlíonadh a bheith ina cúis le díothú an údaraithe sin.

22

Lena breithiúnas, d’imigh an chúirt sin, i ndáil leis sin, ó chásdlí an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, Poblacht na Seice), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, mar thoradh ar chinneadh ó naoú dlísheomra na cúirte sin, tar éis di a chinneadh gur tréimhse theorann í tréimhse amhail an tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí.

23

Bhí breithiúnas an Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág) ina ábhar achomhairc ar phointe dlí os comhair na cúirte a rinne an tarchur, inar sannadh an cás sna príomhimeachtaí dá cúigiú dlísheomra.

24

Rinne cúigiú dlísheomra na cúirte a rinne an tarchur an cás sin a tharchur ar ais chuig dlísheomra méadaithe na cúirte sin, ós rud é gur mheas sé, ós rud é gur tréimhse ama í an tréimhse 18 mí a leagtar síos in Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus go raibh an Ballstát lena mbaineann i dteideal, dá bhrí sin, aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite a éileamh ar thairbhí an deontais atá i gceist fiú tar éis dhul in éag na tréimhse sin, gur ghá imeacht ón gcásdlí náisiúnta atá ann cheana.

25

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go gceanglaítear uirthi tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú toisc, ar an gcéad dul síos, go bhfuil éagsúlacht ina cásdlí féin maidir le haicmiú na tréimhse a leagtar síos in Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, ar an dara dul síos, nach féidir a mheas go bhfuil ceann de na léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann soiléir, inchreidte agus níos diongbháilte ná na léirithe eile agus, ar deireadh, nach bhfuil freagra ann ina leith sin ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

26

Maidir leis an léiriú atá le glacadh ar Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, ar thaobh amháin, murab ionann agus an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, déantar cur síos sainráite ar an tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 mar thréimhse theorann.

27

Ar an taobh eile, tugann an chúirt sin dá haire go rialaítear le hAirteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 an caidreamh idir an Ballstát lena mbaineann agus an tAontas Eorpach, agus ní an caidreamh idir an Ballstát sin agus tairbhí an deontais atá i gceist.

28

Ar an lámh eile, trí thagairt a dhéanamh do bhreithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Järvelaev (C‑580/17, EU:C:2019:391), deir an chúirt sin gur féidir míreanna 95 agus 96 de a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar léiriú ar dá réir is teorainn ama tháscach í an tréimhse 18 mí dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, sa chaidreamh idir an Ballstát lena mbaineann agus an tAontas Eorpach, agus is tréimhse theorann í, sa chaidreamh idir an Ballstát sin agus tairbhí an deontais atá i gceist.

29

Sna himthosca sin, chinn an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, Poblacht na Seice) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An bhfuil Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 le léiriú sa chaoi go rachaidh údarú an Bhallstáit chun íocaíochtaí neamhdhlite a iarraidh ón tairbhí as feidhm ar dhul in éag don teorainn ama 18 mí atá leagtha síos san fhoráil sin?’

An cheist a tharchuirtear

30

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach mbaineann an cheist a tharchuirtear ach le hAirteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, maidir le díothú cheart an Bhallstáit lena mbaineann aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite fóirdheontais faoi CETFT a éileamh ó thairbhí an deontais sin, gur léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur in amhras an dtugtar tréimhse theorann isteach leis an bhforáil sin sa chaidreamh idir an Ballstát sin agus an tairbhí sin, gan cur i bhfeidhm na tréimhse teorann a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 a chur san áireamh.

31

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, de réir a ceiste, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, arna léamh i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an nós imeachta chun méideanna deontais a íocadh go míchuí faoi CETFT a aisghabháil a thionscnamh ó thairbhí an deontais sin tar éis dhul in éag na tréimhse 18 mí tar éis an fhormheasa agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, lena léirítear gurb ann do neamhrialtacht.

32

Ba cheart a mheabhrú go dtugtar isteach le hAirteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 ‘rialacha ginearálta a bhaineann le seiceálacha aonchineálacha agus le bearta riaracháin agus pionóis a bhaineann le neamhrialtachtaí maidir le dlí [an Aontais]’ d’fhonn, mar is léir ón tríú haithris sa bhrollach a ghabhann leis an Rialachán sin, ‘gníomhartha [a chomhrac] a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an [Aontais] i ngach réimse’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] (breithiúnais an 24 Meitheamh 2004, Handlbauer, C‑278/02, EU:C:2004:388, mír 31, agus an 22 Nollaig 2010, Corman, C‑131/10, EU:C:2010:825, mír 36).

33

Mar is léir ó Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 2988/95, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis na bearta riaracháin sin an buntáiste a fuarthas go míchuí leis an oibleagáid na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc a tharraingt siar gan bheith de chineál pionóis, áfach (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2014, Cruz & Companhia, C‑341/13, EU:C:2014:2230, mír 45, chomh maith leis an 7 Aibréan 2022, IFAP, C‑447/20 agus C‑448/20, EU:C:2022:265, mír 46).

34

Mar sin, tá an tréimhse theorann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 infheidhme maidir le neamhrialtachtaí as ar eascair forchur pionóis riaracháin, de réir bhrí Airteagal 5 den Rialachán sin, agus maidir le neamhrialtachtaí, amhail na neamhrialtachtaí atá i gceist sna príomhimeachtaí, atá ina n‑ábhar do bheart riaracháin arb é is aidhm dóibh an buntáiste a fuarthas go míchuí a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Márta 2017, Glencore Céréales France, C‑584/15, EU:C:2017:160, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear, chomh maith leis an 6 Feabhra 2025, Emporiki Serron – Emporias kai Diathesis Agrotikon Proionton, C‑42/24, EU:C:2025:56, mír 18).

35

Socraítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 tréimhse theorann atá infheidhme, inter alia, maidir le bearta riaracháin den sórt sin agus a thosaíonn ón tráth a ndearnadh an neamhrialtacht, agus an neamhrialtacht sin, de réir Airteagal 1(2) den Rialachán sin, a bheith mar ‘aon sárú ar fhoráil de dhlí [an Aontais] ar sárú é atá mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an [Aontais]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] (breithiúnais an 29 Eanáir 2009, Josef Vosding Schlacht‑, Kühl- und Zerlegebetrieb agus páirtithe eile, C‑278/07 go C‑280/07, EU:C:2009:38, mír 21, agus an 7 Aibreán 2022, IFAP, C‑447/20 agus C‑448/20, EU:C:2022:265, mír 47).

36

Trí Rialachán Uimh. 2988/95 a ghlacadh, go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de, chinn reachtóir an Aontais riail ghinearálta maidir le teorannú a bhunú a bhí infheidhme sa réimse sin, trína raibh sé beartaithe aige, ar thaobh amháin, íostréimhse a shainiú arna cur i bhfeidhm sna Ballstáit go léir agus, ar an taobh eile, chun an fhéidearthacht imeachtaí a thionscnamh maidir le neamhrialtacht atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais a tharscaoileadh tar éis dul in éag tréimhse 4 bliana tar éis don neamhrialtacht a bheith déanta (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Eanáir 2009, Josef Vosding Schlacht‑, Kühl- und Zerlegebetrieb agus páirtithe eile, C‑278/07 go C‑280/07, EU:C:2009:38, mír 27, agus an 7 Aibreán 2022, IFAP, C‑447/20 agus C‑448/20, EU:C:2022:265, mír 48).

37

Sonraítear sa dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) go bhfuil an tréimhse theorann 4 bliana sin infheidhme in éagmais ‘rialacha earnála’, eadhon na rialacha sin arna nglacadh ar leibhéal an Aontais agus ní ar an leibhéal náisiúnta, lena bhforáiltear do ‘thréimhse níos giorra nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 3 bliana’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Corman, C‑131/10, EU:C:2010:825, míreanna 41 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Dá bhrí sin, ón dáta a tháinig Rialachán Uimh. 2988/95 i bhfeidhm, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát imeachtaí a thionscnamh laistigh de thréimhse 4 bliana, de ghnáth, agus seachas sna hearnálacha ina bhfuil tréimhse níos giorra forordaithe ag reachtóir an Aontais, maidir le haon neamhrialtacht a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 2019, Eesti Pagar, C‑349/17, EU:C:2019:172, mír 117 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Mar sin féin, i gcás inar roghnaigh reachtóir an Aontais oibleagáid a chruthú, i riail ghinearálta eile nó i riail earnála, chun cistí mí-úsáidte nó cistí a fuarthas go neamhrialta a aisghabháil, is é an riail sin atá ina bunús dlí ábhartha chun na cistí sin a aisghabháil (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Coimisiún v PB, C‑721/22 P, EU:C:2024:836, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Dá bhrí sin, i gcás ina n‑aisghabhtar suimeanna a íocadh go míchuí, amhail na suimeanna atá i gceist sna príomhimeachtaí, i gcomhthéacs clár cabhrach, arna fhormheas agus arna chómhaoiniú ag CETFT faoin gclárthréimhse 2007-2013, tar éis dheireadh na clárthréimhse sin, is é sin le rá tar éis an 1 Eanáir 2014, ní mór an aisghabháil sin a bheith bunaithe ar fhorálacha Rialachán Uimh. 1306/2013, agus go háirithe Airteagal 56 den Rialachán sin (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eesti Vabariik (Põllumajanduse Registrite ja Informatsiooni Amet), C‑437/22, EU:C:2024:176, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, atá i dTeideal IV den Rialachán sin, dar teideal ‘Bainistiú Airgeadais na gCistí’, agus, go sonrach, i gCaibidil IV de, dar teideal ‘Cuntais a imréiteach’, go ginearálta, ‘[m]á dhéantar íocaíocht neamhdhlite tar éis neamhrialtachta nó faillí, déanfaidh na Ballstáit iarratas ar aisghabháil ón tairbhí’.

42

Rialaítear le hAirteagal 54 de Rialachán Uimh. 1306/2013, i gcomhthéacs an chórais dliteanais airgeadais i leith neamhrialtachtaí ar ina ndiaidh nach mór méideanna a íocadh go míchuí de dheontas a ghnóthú ó thairbhí an deontais sin, dáileadh na n‑iarmhairtí airgeadais idir buiséad an Aontais agus buiséad an Bhallstáit atá freagrach as na méideanna sin a ghnóthú.

43

Sa chomhthéacs sin, foráiltear le hAirteagal 54(1) do thréimhse 18 mí, ón dáta a fhaightear go foirmiúil go bhfuil neamhrialtacht ann, ar laistigh di go ‘[n]déanfaidh’ do na Ballstáit a cheangal go n‑aisghabhfaí na méideanna ón tairbhí lena mbaineann, dá uireasa sin gearrfar méideanna an deontais lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 54(5)(a).

44

I gcomhréir leis an bhforáil dheireanach sin, féadfaidh an Coimisiún, ar choinníoll gur leanadh an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(3) de Rialachán Uimh. 1306/2013, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n‑eisiatar ó mhaoiniú an Aontais méideanna arna ngearradh ar bhuiséad an Aontais más rud é nár chomhlíon an Ballstát lena mbaineann an tréimhse 18 mí dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán sin.

45

Thairis sin, de réir aithris 37 den Rialachán sin, ‘ba cheart do na Ballstáit aisghabháil a iarraidh ar an tairbhí laistigh de 18 mhí tar éis tíolacadh tuarascála rialaithe nó doiciméid den chineál sin, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht, gur formheasadh é agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuair an ghníomhaireacht íocaíochta nó an comhlacht atá freagrach as an aisghabháil é’, ag tabhairt dá n‑aire ‘[b]a cheart foráil a dhéanamh maidir le córas freagrachta airgeadais i leith neamhrialtachtaí in éagmais [aisghabháil iomlán]’ agus ‘ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfaidh an Coimisiún leasanna bhuiséad an Aontais a chosaint trína chinneadh suimeanna a cailleadh de thoradh neamhrialtachtaí agus nár aisghabhadh [laistigh] de thréimhse réasúnach a ghearradh go páirteach ar na Ballstáit lena mbaineann’.

46

Má dhéantar íocaíocht neamhdhlite tar éis neamhrialtachta nó faillí, déanfaidh na Ballstáit iarratas ar aisghabháil ón tairbhí laistigh de 18 mí tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, agus i gcás inarb infheidhme, a fháil, lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht. Dá bhrí sin, féadfaidh Ballstát an aisghabháil sin a dhéanamh a luaithe is féidir agus, ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais acmhainní an Aontais Eorpaigh, ní mór dó é sin a dhéanamh (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Järvelaev, C‑580/17, EU:C:2019:391, míreanna 95 agus 96).

47

Dá bhrí sin, baineann Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, maidir le méideanna a íocadh go míchuí mar gheall ar neamhrialtacht ón tairbhí lena mbaineann, leis an gcaidreamh airgeadais idir an tAontas Eorpach agus an Ballstát lena mbaineann, ionas nach mbeidh feidhm ag an bhforáil sin maidir leis an ngaol idir an tairbhí sin agus tairbhí na n‑íocaíochtaí neamhdhlite.

48

Dá bhrí sin, ó dhul in éag na tréimhse 18 mí tar éis formheasa agus, i gcás inarb infheidhme, ag an ngníomhaireacht íocaíochta nó ag an gcomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, lena léirítear go bhfuil neamhrialtacht ann, de réir bhrí na forála sin, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh ar cheart Ballstáit a cheangal ar íocaíochtaí neamhdhlite deontais a aisghabháil ón tairbhí. Ar an lámh eile, is dócha go mbeidh iarmhairtí don Bhallstát sin maidir leis na hoibleagáidí atá air i dtéarmaí bainistiú airgeadais acmhainní ó bhuiséad an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na tréimhse sin.

49

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 54(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, arna léamh i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar thionscnamh an nós imeachta chun méideanna a íocadh go míchuí de dheontas CETFT a aisghabháil ón tairbhí tar éis dhul in éag na tréimhse 18 mí tar éis an fhormheasa agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, lena léirítear gurb ann do neamhrialtacht.

Costais

50

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, arna léamh i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní chuirtear cosc ar thionscnamh an nós imeachta chun méideanna a íocadh go míchuí de dheontas CETFT a aisghabháil ón tairbhí tar éis dhul in éag na tréimhse 18 mí tar éis an fhormheasa agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fhormheas, lena léirítear gurb ann do neamhrialtacht.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an tSeicis.