BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Seachtú Dlísheomra)
16 Eanáir 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 8(1)(a) – An ceart chun aisíocaíocht a fháil ar thicéad aerlíne i gcás eitilt a bheith curtha ar ceal – Rogha idir aisíocaíocht in airgead nó i bhfoirm dearbháin taistil – Airteagal 7(3) – An coincheap ‘comhaontú sínithe ag an bpaisinéir’ – Cuntas dílseachta cruthaithe ag an bpaisinéir ar shuíomh gréasáin an aeriompróra)
I gCás C‑642/23,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Landgericht Düsseldorf (an Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin), trí bhreith an 16 Deireadh Fómhair 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 26 Deireadh Fómhair 2023, sna himeachtaí
Flightright GmbH
v
Etihad Airways P.J.S.C.,
tugann AN CHÚIRT (an Seachtú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. Gavalec (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, Z. Csehi agus F. Schalin, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: L. Medina,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Flightright GmbH, ag M. Michel agus R. Weist, Rechtsanwälte, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag G. von Rintelen agus N. Yerrell, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Flightright GmbH, sannaí ceart paisinéara (‘an sannóir’), agus Etihad Airways P.J.S.C. (‘Etihad Airways’), aeriompróir, maidir le haisíocaíocht thicéad an tsannóra sin, ar cuireadh a heitilt ar ceal. |
An dlí lena mbaineann
|
3 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 1, 2, 4 agus 20 de Rialachán 261/2004:
[...]
[...]
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 261/2004: ‘I gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, maidir leis na paisinéirí lena mbaineann:
[...]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
5 |
Foráiltear in Airteagal 7 den Rialachán sin, dar teideal ‘Ceart chun cúitimh’, i míreanna 1 agus 3, don mhéid seo a leanas: ‘1. I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, gheobhaidh paisinéirí cúiteamh [...] [...] 3. Íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 in airgead tirim, trí aistriú bainc leictreonach, trí aistriú bainc nó trí sheiceanna nó, le comhaontú sínithe ag an bpaisinéir, i bhfoirm dearbháin taistil agus/nó i seirbhísí eile.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
6 |
In Airteagal 8 den Rialachán sin, dar teideal ‘Cúnamh’: an ceart chun aisíocaíochta nó athródú’, foráiltear don mhéid seo a leanas i mír 1 de: ‘I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, tabharfar rogha do phaisinéirí idir:
[...]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
7 |
Bhí áirithint dheimhnithe ag an sannóir le haghaidh eitilt a bhí le hoibriú ag Etihad Airways an 7 Meán Fómhair 2020 ó Düsseldorf (an Ghearmáin) go Brisbane (an Astráil) le nasceitilt in Abu Dhabi (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha). Bhí ticéad fillte ‘oscailte’ ag gabháil leis an áirithint, is é sin le rá nár socraíodh dáta na heitilte fillte. Ba é EUR 1189 in aghaidh an phaisinéara an praghas iomlán a íocadh as an eitilt amach agus an eitilt fillte sin. D’íoc an sannóir an tsuim sin le tionscnóir turas. |
|
8 |
Cuireadh an eitilt ó Düsseldorf go Abu Dhabi ar ceal, áfach. De bharr go ndeachaigh an tionscnóir turas i bhféimheacht i mí Iúil 2020 gan an ticéad a aisíoc, chuaigh athair an tsannóra i dteagmháil le Etihad Airways thar a ceann. Mhol an t‑aeriompróir sin athrú foirmiúil a dhéanamh ar an áirithint, agus ghlac athair an tsannóra leis sin. |
|
9 |
I gcomhrá eile ar an teileafón le gníomhaire sheirbhís cúnaimh Etihad Airways, fuair athair an tsannóra deimhniú go dtabharfaí, ar an gcéad dul síos, ‘mílte’ don sannóir agus don phaisinéir a bhí chun taisteal léi, a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh eitilt arna hoibriú ag Etihad Airways, de luach a fhreagraíonn do luach na híocaíochta a rinneadh chun a dticéad a cheannach agus a bheadh bailí ar feadh dhá bhliain, ar an dara dul síos, ‘mílte’ breise ar luach USD 400 (EUR 380) agus, ar an tríú dul síos, 5000‘míle’‘Etihad Guest’ breise. Chuige sin, bhí ar gach paisinéir cuntas dílseachta a chruthú ar shuíomh gréasáin Etihad Airways, rud a rinneadh. |
|
10 |
Cé gur tugadh na mílte a bhí geallta don phaisinéir a bhí le bheith in éineacht leis an sannóir, níor tugadh iad don sannóir. |
|
11 |
I litir dar dáta an 16 Márta 2021, chuir Flightright in iúl do Etihad Airways go raibh sé ag feidhmiú, thar ceann athair an tsannóra agus an phaisinéara a bhí le bheith in éineacht léi, an chirt chun rogha a thugtar dóibh le hAirteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004 agus d’éiligh sé aisíocaíocht iomlán an ticéid, laistigh de sheacht lá, i leith gach cuid den turas nach ndearnadh. |
|
12 |
I litir dar dáta an 13 Lúnasa 2021, luaigh an sannóir ‘chun na gcríoch uile’ go raibh sí ‘[ag iarraidh] aisíocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(a), an chéad fhleasc, de Rialachán Uimh. 261/2004’ agus go raibh sí ag sannadh ‘[a g]cearta aisíocaíochta do [Flightright] in athuair’. |
|
13 |
I gcaingean ag an gcéad chéim arna tabhairt ag Flightright ag lorg aisíocaíocht ar phraghas iomlán an ticéid, rinne Amtsgericht Düsseldorf (an Chúirt Dúiche, Düsseldorf, an Ghearmáin) an chaingean sin a dhíbhe ar an bhforas go bhféadfadh Flightright, ar a mhéad, cúiteamh a éileamh as na costais a bhaineann leis an eitilt amach, cúiteamh nach raibh cainníochtaithe aige, áfach, fiú tar éis don chúirt sin a iarraidh air é sin a dhéanamh. |
|
14 |
Rinne Flightright achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Landgericht Düsseldorf (an Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, agus d’iarr sé ordú go n‑íocfadh Etihad Airways suim EUR 1189, móide ús ón 24 Márta 2021 ar aghaidh. |
|
15 |
Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur i ndáil le dhá rud. Ar an gcéad dul síos, tá sí in amhras an bhfuil Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(3) den Rialachán sin, le léiriú sa chaoi, trí ghlacadh le haisíocaíocht i bhfoirm ‘mílte’ agus trí chuntas dílseachta a oscailt ar shuíomh gréasáin Etihad Airways, a raibh na ‘mílte’ sin le cur air, ar thug an sannóir a ‘comhaontú sínithe’, de réir bhrí Airteagal 7(3), maidir leis an bhfoirm aisíocaíochta sin, cé nár dheimhnigh sí an comhaontú chuige sin le síniú lámhscríofa. |
|
16 |
Ar an dara dul síos, más freagra dearfach a thabharfar, fiafraíonn an chúirt sin an bhféadfaidh an sannóir an rogha a rinne sí chun aisíocaíocht a fháil i bhfoirm ‘mílte’ a tharraingt siar, agus aisíocaíocht an ticéid a éileamh arís i bhfoirm suim airgid, i gcás nach gcuireann an t‑aeriompróir oibriúcháin na ‘mílte’ lena cuntas dílseachta, d’ainneoin an chomhaontaithe a tugadh i gcrích chuige sin. |
|
17 |
Sna himthosca sin, chinn Landgericht Düsseldorf (an Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
|
18 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(3) den Rialachán sin, le léiriú sa chaoi, i gcás ina gcuireann an t‑aeriompróir oibriúcháin eitilt ar ceal, go measfar go bhfuil ‘comhaontú sínithe’ tugtha ag an bpaisinéir go n‑aisíocfar an ticéad i bhfoirm dearbháin taistil má tá cuntas dílseachta cruthaithe aige ar shuíomh gréasáin an aeriompróra sin, ar a raibh na dearbháin sin le haistriú chuige, gan comhaontú a bheith deimhnithe aige sé leis an gcineál sin aisíocaíochta le síniú lámhscríofa. |
|
19 |
De bhun Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(a) den Rialachán sin, tá an paisinéir i dteideal, i gcás ina gcuirfear a eitilt ar ceal, aisíocaíocht a fháil as an ticéad laistigh de 7 lá, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(3) den Rialachán sin, ar an bpraghas ar ar ceannaíodh é. |
|
20 |
Sonraítear san fhoráil dheireanach sin go ndéanfar an aisíocaíocht in airgead tirim, trí aistriú bainc leictreonach, trí orduithe bainc nó trí sheic nó, le comhaontú sínithe ag an bpaisinéir, i bhfoirm dearbháin taistil agus/nó seirbhísí eile. |
|
21 |
Is léir ó Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar lena chéile, gur leag reachtas an Aontais síos, leis na forálacha sin, na socruithe maidir le haisíocaíocht an ticéid i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal. Chuige sin, tugtar le tuiscint le struchtúr Airteagal 7(3) den Rialachán sin nach mór aisíocaíocht a dhéanamh ar an ticéad, go príomha, i bhfoirm suim airgid. Os a choinne sin, is modh tánaisteach aisíocaíochta í aisíocaíocht i bhfoirm dearbháin taistil, ós rud é go bhfuil sí faoi réir an choinníll bhreise a bhaineann le ‘comhaontú sínithe ag an bpaisinéir’ (breithiúnas an 21 Márta 2024, Cobult, C‑76/23, EU:C:2024:253, mír 20). |
|
22 |
Cé nach sainmhínítear i Rialachán Uimh. 261/2004 an coincheap ‘comhaontú sínithe ag an bpaisinéir’, dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de, chinn an Chúirt mar sin féin, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Rialachán sin maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do phaisinéirí agus i bhfianaise dhualgas an aeriompróra oibriúcháin faisnéis a sholáthar, mar a leagtar amach, go bunúsach, in aithrisí 1, 2, 4 agus 20 den Rialachán sin, tugtar le tuiscint leis an gcoincheap sin, ar an gcéad dul síos, gur cuireadh an paisinéir lena mbaineann ar a chumas rogha éifeachtach agus eolasach a dhéanamh agus, dá bhrí sin, a thoiliú a thabhairt faoi shaoirse agus go feasach le haisíocaíocht a thicéid i bhfoirm dearbháin taistil seachas i bhfoirm suim airgid (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2024, Cobult, C‑76/23, EU:C:2024:253, míreanna 21 agus 26 go 29). |
|
23 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an bhfoirm ina mbeidh comhaontú an phaisinéara, thug an Chúirt dá haire, ar choinníoll go bhfuil faisnéis shoiléir agus iomlán faighte ag an bpaisinéir sin, go bhféadfar a chumhdach lena ‘chomhaontú sínithe’, de réir bhrí Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, inter alia, go nglacann sé go sainráite, go cinntitheach agus go haonchiallach le haisíocaíocht an ticéid i bhfoirm dearbhán taistil, trí fhoirm arna líonadh isteach ag an bpaisinéir sin a sheoladh ar shuíomh gréasáin an aeriompróra oibriúcháin gan síniú lámhscríofa nó scanta an phaisinéara a bheith san fhoirm sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2024, Cobult, C‑76/23, EU:C:2024:253, mír 34). |
|
24 |
Dá réir sin, chinn an Chúirt, i gcás ina gcuireann an t‑aeriompróir oibriúcháin eitilt ar ceal, go measfar go bhfuil ‘comhaontú sínithe’ tugtha ag an bpaisinéir go n‑aisíocfar an ticéad i bhfoirm dearbhán taistil i gcás inar líon sé isteach foirm ar líne ar shuíomh gréasáin an aeriompróra sin, trínar roghnaigh sé modh aisíocaíochta den sórt sin, seachas aisíocaíocht i bhfoirm suim airgid, ar choinníoll gurbh fhéidir leis an bpaisinéir rogha éifeachtach agus eolasach a dhéanamh, agus dá réir sin, gurbh fhéidir leis toiliú feasach a thabhairt go n‑aisíocfaí a thicéad i bhfoirm dearbhán taistil seachas i bhfoirm suim airgid, rud a thugann le tuiscint gur chuir an t‑aeriompróir faisnéis shoiléir agus iomlán ar fáil don phaisinéir ar bhealach cóir maidir leis na socruithe éagsúla aisíocaíochta atá ar fáil dó (breithiúnas an 21 Márta 2024, Cobult, C‑76/23, EU:C:2024:253, mír 37). |
|
25 |
Dá bhrí sin, ní féidir an coincheap ‘comhaontú sínithe ag an bpaisinéir’, de réir bhrí Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, a léiriú go sriantach sa chaoi go bhforchuirtear coinníoll foirmiúil amhail síniú lámhscríofa an phaisinéara, chun go bhféadfaidh paisinéir a chur in iúl go bailí go nglacann sé go sainráite, go cinntitheach agus go haonchiallach le haisíocaíocht a thicéid i bhfoirm dearbhán taistil. |
|
26 |
Sa chás seo, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras an leor go gcruthódh an paisinéir cuntas dílseachta ar shuíomh gréasáin Etihad Airways ionas go gcuirfear na ‘mílte’ a bhí geallta aige don phaisinéir ar an gcuntas sin chun go mbeidh comhaontú sainráite, cinntitheach agus aonchiallach den sórt sin tugtha ag an bpaisinéir i ndáil le haisíocaíocht a thicéid san fhoirm sin. |
|
27 |
Ní féidir a mheas gur leor an fíoras gur cruthaíodh cuntas dílseachta den sórt sin ar shuíomh gréasáin an aeriompróra, ann féin, chun a mheas gur ghlac paisinéir go sainráite, go cinntitheach agus go haonchiallach leis, ós rud é go bhféadfadh an cruthú sin a bheith ina léiriú ar rún tomhaltóra a bheith rannpháirteach, go ginearálta, i gclár dílseachta aeriompróra, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú. |
|
28 |
I bhfianaise na bhforas thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(3) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi, i gcás ina gcuirfidh an t‑aeriompróir oibriúcháin eitilt ar ceal, nach measfar go bhfuil ‘comhaontú sínithe’ tugtha ag an bpaisinéir go n‑aisíocfar an ticéad i bhfoirm dearbhán taistil i gcás inar chruthaigh sé, ar shuíomh gréasáin an iompróra sin, cuntas dílseachta ar a raibh na dearbháin sin le haistriú chuige, gan é a bheith deimhnithe aige go n‑aontaíonn sé leis an modh aisíocaíochta sin, trí ghlacadh go sainráite, go cinntitheach agus go haonchiallach leis. |
An dara ceist
|
29 |
I bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, ní gá freagra a thabhairt ar an dara ceist. |
Costais
|
30 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
i gcás ina gcuirfidh an t‑aeriompróir oibriúcháin eitilt ar ceal, nach measfar go bhfuil ‘comhaontú sínithe’ tugtha ag an bpaisinéir go n‑aisíocfar an ticéad i bhfoirm dearbhán taistil i gcás inar chruthaigh sé, ar shuíomh gréasáin an iompróra sin, cuntas dílseachta ar a raibh na dearbháin sin le haistriú chuige, gan é a bheith deimhnithe aige go n‑aontaíonn sé leis an modh aisíocaíochta sin, trí ghlacadh go sainráite, go cinntitheach agus go haonchiallach leis. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.