BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (An tOchtú Dlísheomra)

27 Feabhra 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(7) – An coincheap ‘rialaitheoir’ – Ainmniú díreach an rialaitheora de réir an dlí náisiúnta – Eintiteas riaracháin cúnta i seirbhís rialtais réigiúnaigh – Easpa pearsantacht dhlítheanach – Easpa inniúlacht dhlíthiúil – Cinneadh chríocha agus mhodhanna na próiseála)

I gCás C‑638/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 23 Lúnasa 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Deireadh Fómhair 2023, sna himeachtaí

Amt der Tiroler Landesregierung

v

Datenschutzbehörde,

idiragraithe:

Bundesministerin für Justiz,

CW,

tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Jääskinen, Uachtarán an Naoú Dlísheomra, ag gníomhú dó mar Uachtarán ar an Ochtú Dlísheomra, M. Gavalec (Rapóirtéir) agus N. Piçarra, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

an Datenschutzbehörde, ag M. Schmidl agus E. Wagner, i gcáil Gníomhairí,

an Bundesministerin für Justiz, ag E. Riedl, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus C. Gabauer, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, A. Bouchagiar agus M. Heller, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; ‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an Amt der Tiroler Landesregierung (Oifig Rialtas na Tioróile, an Ostair) (‘an Oifig’) agus an Datenschutzbehörde (an tÚdarás um Chosaint Sonraí, an Ostair) maidir le próiseáil neamhdhleathach líomhainte sonraí pearsanta duine nádúrtha ag an Oifig.

An creat dlíthiúil

Dlí an Aontais

3

Léitear aithrisí 1, 7, 10, 45 agus 74 de RGCS mar a leanas:

‘(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(7)

[...] Ba cheart rialú a bheith ag daoine nádúrtha ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus deimhneacht phraiticiúil a fheabhsú do dhaoine nádúrtha, d’oibreoirí eacnamaíocha agus d'údaráis phoiblí.

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...]

[...]

(45)

I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ba cheart bunús a bheith ag an bpróiseáil i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo dlí sonrach a bheith ann do gach próiseáil ar leith. D'fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d’oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. Ba cheart freisin gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé críoch na próiseála a chinneadh. Thairis sin, d’fhéadfadh an dlí sin coinníollacha ginearálta an Rialacháin seo a shonrú lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, na sonraíochtaí a bhunú lena gcinntear an rialaitheoir, cineál na sonraí pearsanta atá faoi réir na próiseála, na hábhair sonraí lena mbaineann, na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh, na teorannuithe de réir cuspóra, an tréimhse stórála agus bearta eile chun próiseáil dhleathach chothrom a áirithiú. Ba cheart gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh freisin maidir le cé acu ar cheart don rialaitheoir a chuireann cúram i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a bheith mar údarás poiblí nó mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a rialaítear faoin dlí poiblí, nó, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, lena n‑áirítear chun críocha sláinte, amhail sláinte phoiblí agus cosaint shóisialta agus bainistiú seirbhísí cúraim sláinte, faoin dlí príobháideach, amhail comhlachas gairmiúil.

[...]

(74)

Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta nó a dhéantar thar ceann an rialaitheora. Go háirithe, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir bearta iomchuí éifeachtacha a chur chun feidhme agus a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíontar an Rialachán seo leis na gníomhaíochtaí próiseála, agus éifeachtacht na mbeart a léiriú freisin. Leis na bearta sin, ba cheart cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála a chur san áireamh agus an riosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha a chur san áireamh freisin.

4

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 1(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.’

5

Is mar seo atá foclaíocht Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

[...]’

6

Foráiltear le hAirteagal 5 den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (‘cruinneas’);

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

(f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’

7

Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’:

‘1.   Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

[...]

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

[...]

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

[...]

3.   Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais; nó

(b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh ga léi le haghaidh cúram chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Féadfaidh forálacha sonracha a bheith sa bhunús dlí sin chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú,, lena n‑áirítear na coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí ag an rialaitheoir; an cineálacha sonraí atá faoi réir a bpróiseála; na hábhair sonraí lena mbaineann; na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a nochtadh dóibh; an teorannú de réir cuspóra; tréimhsí stórála; agus oibríochtaí próiseála agus nósanna imeachta próiseála, lena n‑áirítear bearta chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú, amhail iad sin do staideanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX. [...]‘

Dlí na hOstaire

Rialachán 1989 maidir le Cúige na Tioróile

8

Foráiltear le hAirteagal 56(1) (1989) de Landesverfassungsgesetz über die Verfassung des Landes Tirol (Tiroler Landesordnung 1989) (Dlí Réigiúnach maidir le Bunreacht Chúige na Tioróile (Rialachán Chúige na Tioróile)) an 21 Meán Fómhair 1988, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘Rialachán 1989 maidir le Cúige na Tioróile’), dar teideal ‘Landeshauptmann (Gobharnóir na Cúige, an Ostair); (‘an Gobharnóir’)’:

‘Déanann an [Gobharnóir] ionadaíocht ar Chúige na Tioróile.’

9

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 58 de Rialachán Chúige na Tioróile, 1989, dar teideal ‘[Oifig]’, i mír 1:

‘Ní mór don [Ghobharnóir], do Rialtas an Chúige agus dá chomhaltaí an [Oifig] a úsáid chun déileáil lena ngnóthaí. Beidh an [Gobharnóir] ina (h)Uachtarán ar an [Oifig].’

TDVG

10

Foráiltear le hAirteagal 2 den Tiroler Datenschutzgesetz (an Dlí maidir le próiseáil sonraí Chúige na Tioróile; ‘TDVG’):

‘1.   Measfar an méid seo a leanas a bheith ina rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 4(7) de [RGCS]:

a)

an [Oifig];

[...]

‘3.   I gcás ina ndéanann nó ina n‑ordaíonn Cúige na Tioróile an phróiseáil sonraí, measfar an [Oifig] a bheith freagrach i gcónaí as an bpróiseáil sin a mhéid:

a)

nach bhfuil aon fhreagracht chomhpháirteach ann de réir bhrí mhír 1(b) nó (c), agus

b)

nár cuireadh aon phróiseáil de chúram de réir bhrí Airteagal 5.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear

11

Mar chuid de bhearta chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, sheol an Oifig, eintiteas riaracháin cúnta a fhreastalaíonn ar an nGobharnóir agus ar Rialtas Chúige na Tioróile, ‘litir mheabhrúcháin vacsaínithe’ chuig gach duine fásta atá ina chónaí i gCúige na Tioróile nár vacsaíníodh in aghaidh an víris go fóill. Chun faighteoirí na litreacha sin a shainaithint, thug an Oifig treoir do dhá chuideachta phríobháideacha, a rinne cros-seiceáil ar na sonraí sa chlár lárnach vacsaínithe agus sa chlár othar, a léirigh a seoladh cónaithe.

12

An 21 Nollaig 2021, rinne CW, duine de na faighteoirí sin, gearán leis an Údarás um Chosaint Sonraí i gcoinne na hOifige as próiseáil neamhdhleathach a shonraí pearsanta. Os comhair an údarás sin, dúirt an Oifig go raibh stádas ‘rialaitheora’ aici agus gurbh ise a scríobh an litir a seoladh chuig CW.

13

Le cinneadh an 22 Lúnasa 2022, chinn an t‑údarás sin gur sháraigh an Oifig ceart CW chun a shonraí pearsanta a chosaint, a mhéid, chun ‘litir meabhrúcháin vacsaínithe’ a sheoladh chuige, a cheadaigh an Oifig sonraí an duine lena mbaineann sa chlár vacsaínithe, cé nach raibh aon cheart rochtana aige ar an gclár sin ná ar chlár na n‑othar. Dá bhrí sin, bhí próiseáil sonraí pearsanta CW neamhdhleathach.

14

Thug an Oifig caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Bundesverwaltungsgericht (Cúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair). Chinn an chúirt sin, ar bhonn an dlí náisiúnta is infheidhme, go raibh stádas rialaitheora ag an Oifig, ach nach raibh sé de cheart aici an clár vacsaínithe a cheadú chun meabhrúchán a sheoladh amhail an meabhrúchán a seoladh chuig CW. Ós rud é gur dhiúltaigh an chúirt sin don chaingean a thionscain an Oifig, thionscain an Oifig achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur.

15

Measann an chúirt sin, chun go mbeidh sí in ann rialú a dhéanamh ar an gcás atá os a comhair, gur gá a chinneadh an bhfuil stádas ‘rialaitheora’ ag an Oifig, i gcomhthéacs an cháis sin, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS.

16

I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i bhfios go láidir nár chuir an Oifig ach togra faoi bhráid an Ghobharnóra chun ‘litir mheabhrúcháin maidir le vacsaíniú’ a sheoladh, togra a d’fhormheas sé ina cháil mar Uachtarán ar an Oifig agus mar ionadaí ar Chúige na Tioróile, i gcomhréir, faoi seach, le hAirteagail 58 agus 56(1) de Rialachán 1989 maidir le Cúige na Tioróile. Dá bhrí sin, níor chuir an Oifig in iúl don Ghobharnóir, ar an gcéad dul síos, ach an chríoch atá le sonraí pearsanta a phróiseáil, eadhon méadú ar an ráta vacsaínithe, agus, ar an dara dul síos, an modh a chuirfí chun feidhme ar bhonn na próiseála sin, eadhon ‘litir meabhrúcháin vacsaínithe’ den sórt sin a sheoladh trí úsáid a bhaint as na sonraí ón gclár lárnach vacsaínithe agus ó chlár na n‑othar.

17

De réir na cúirte a rinne an tarchur, i bhfianaise an fhormheasa sin ón nGobharnóir, is é an Gobharnóir amháin a chinn an chríoch agus an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil, agus mar thoradh air sin, ní féidir stádas ‘rialaitheora’ a bheith ag an Oifig de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 4(7) de RGCS.

18

Mar sin féin, fiafraíonn an chúirt sin an bhféadfaí an Oifig a ainmniú go bailí mar Oifig den sórt sin le foráil den dlí náisiúnta, eadhon Airteagal 2(1) (a) de TDVG.

19

Ní duine dlítheanach ná údarás í an Oifig atá freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil as ar eascair ‘litir meabhrúcháin vacsaínithe’ a sheoladh chuig CW. Ní dhearna an Oifig idirghabháil sa phróiseáil sin ach amháin mar eintiteas riaracháin cúnta i seirbhís údarás poiblí. Níl pearsantacht dhlítheanach ná a hinniúlacht dhlítheanach féin aici. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an bhféadfar, sna himthosca sin, an Oifig a mheas mar ‘ghníomhaireacht nó comhlacht eile’, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 4(7) de RGCS, a d’fhéadfaí a ainmniú mar rialaitheoir faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 4(7) den Rialachán sin.

20

Ina theannta sin, meabhraíonn an chúirt sin, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS, nach bhféadfar rialaitheoir a ainmniú go díreach ach amháin a mhéid a chinntear leis an dlí náisiúnta críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann. Cé go n‑ainmnítear an Oifig mar rialaitheoir in Airteagal 2(1)(a) de TDVG, ní shonraítear go nithiúil ann na cineálacha próiseála a fhéadfaidh an Oifig a dhéanamh ar shonraí pearsanta, na críocha ar cheart na hoibríochtaí próiseála sin a shaothrú ná na modhanna a d’fhéadfadh an Oifig a úsáid chuige sin.

21

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur leis sin go leanann sé ó Airteagal 6(1)(c) agus (e) de RGCS go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más gá sin chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh nó má tá sé riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Eascraíonn sé as na coinníollacha dlíthiúlachta sin agus as an gcuspóir a shaothraítear le hAirteagal 4(7) de RGCS cosaint éifeachtach agus fhairsing a áirithiú d’ábhair sonraí nach bhféadfaidh na Ballstáit a ainmniú mar rialaitheoir ach amháin duine nó eintiteas atá in ann críocha agus modhanna próiseála sonraí pearsanta a chinneadh nó, ar a laghad, páirt a ghlacadh sa chinneadh sin.

22

Sna himthosca sin, chinn an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘An bhfuil Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí; ‘RGCS’) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm foráil den dlí náisiúnta [amhail, sa chás seo, Mír 2(1) den Tiroler Datenverarbeitungsgesetz (Dlí na Tioróile maidir le próiseáil sonraí)] ina bhforáiltear do rialaitheoir faoi leith de réir bhrí an dara cuid d’Airteagal 4(7) de RGCS ach

níl ann ach seirbhís (amhail, sa chás seo, Amt der Tiroler Landesregierung (Oifig Rialtais Cúige na Tioróile)), agus cé gur bunaíodh le dlí é, ní duine nádúrtha ná dlítheanach é, ná údarás, sa chás seo, ach feidhmíonn sé mar fheiste cúnta d’údarás den sórt sin agus níl aon inniúlacht dhlíthiúil iomlán ná páirteach dá chuid féin aige;

ainmnítear é gan tagairt do phróiseáil shonrach sonraí pearsanta, agus é de thoradh air sin nach gcinneann an Ballstát na críocha agus na modhanna próiseála sonraí ach an oiread;

nár chinn na críocha agus na modhanna próiseála sonraí pearsanta atá i gceist sa chás seo ina aonar ná gcomhpháirt le daoine eile?’

An cheist a tharchuirtear

23

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(7) de RGCS le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑ainmnítear, mar rialaitheoir, eintiteas riaracháin cúnta nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ná inniúlacht dhlíthiúil dá chuid féin aige, gan a shonrú, go sonrach, oibríochtaí sonracha próiseála sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin freagrach astu nó cuspóir na n‑oibríochtaí sin. Is mian leis an gcúirt sin a fháil amach freisin an bhfuil Airteagal 4(7) de RGCS le léiriú sa chaoi nach mór d’eintiteas arna ainmniú ag an dlí náisiúnta mar rialaitheoir, i gcomhréir leis an bhforáil sin, cinneadh a dhéanamh i ndáiríre maidir leis na críocha agus na modhanna a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ionas go mbeidh sé de cheangal air freagra a thabhairt, mar rialaitheoir, ar iarrataí a chuireann ábhair sonraí faoina bráid ar bhonn a gceart faoi RGCS.

24

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 4(7) de RGCS, go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘rialaitheoir’ daoine nádúrtha nó dlítheanacha, údaráis phoiblí, seirbhísí nó comhlachtaí eile a chinneann, ina n‑aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála. Sonraítear san fhoráil sin freisin, i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin, inter alia, le dlí Ballstáit, go bhféadfar an rialaitheoir a ainmniú nó go bhféadfar foráil a dhéanamh leis an dlí sin do na critéir shonracha dá ainmniú.

25

Leanann sé ó chásdlí na Cúirte go bhfuil sé i gceist leis an bhforáil sin cosaint éifeachtach agus iomlán na n‑ábhar sonraí a áirithiú, trí shainmhíniú leathan ar choincheap an ‘rialaitheora’ (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 29, agus Deutsche Wohnen, C‑807/21, EU:C:2023:950 mír 40).

26

Ar an gcéad dul síos, ní mór a mheabhrú gurb é atá sa chuspóir atá á shaothrú ag RGCS, mar is léir ó Airteagal 1 agus ó aithrisí 1 agus 10 de, go háirithe, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a gceart chun príobháideachais maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagal 8(1) den Chairt agus in Airteagal 16(1) CFAE (breithiúnas an 7 Márta 2024, IAB Europe, C‑604/22, EU:C:2024:214, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27

I bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 4(7) de RGCS, arna léamh i bhfianaise an chuspóra sin, chun a chinneadh an gá duine nó eintiteas a aicmiú mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí na forála sin, is gá a fháil amach an gcinneann an duine nó an t‑eintiteas sin, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála nó an gcinntear leis an dlí náisiúnta iad. I gcás ina gcinntear an méid sin leis an dlí náisiúnta, ní mór a fhíorú ansin an ainmnítear an rialaitheoir leis an dlí sin nó an ndéantar foráil do chritéir shonracha is infheidhme maidir lena ainmniú (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 29).

28

Ní mór a thabhairt faoi deara, i bhfianaise an tsainmhínithe leathain ar an gcoincheap ‘rialaitheoir’, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, gur féidir go mbeidh cinneadh na gcríoch agus na modhanna próiseála agus, más ábhartha, ainmniú an rialaitheora sin faoin dlí náisiúnta intuigthe, chomh maith lena bheith sainráite. I gcás ina bhfuil siad intuigthe, is gá go n‑eascraíonn an cinneadh sin go sách cinnte ón ról, ón misean agus ó na cumhachtaí arna mbronnadh ar an duine nó ar an eintiteas lena mbaineann (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 30)

29

Is i bhfianaise na réamhbhreithnithe sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar an gceist a tarchuireadh. Chuige sin, is gá, ar an gcéad dul síos, a chinneadh a mhéid is féidir leis an reachtas náisiúnta eintiteas riaracháin cúnta a ainmniú go bailí i seirbhís na n‑údarás poiblí mar rialaitheoir, de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS, i gcás nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag an eintiteas sin agus ina bhfuil a inniúlacht dhlítheanach iomlán féin aige.

30

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt cheana féin gur léir ó fhoclaíocht shoiléir Airteagal 4(7) de RGCS go bhféadfadh rialaitheoir a bheith ní hamháin ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ach ina údarás poiblí, ina ghníomhaireacht nó ina chomhlacht poiblí freisin, agus nach gá go mbeadh pearsantacht dhlítheanach ag na heintitis sin faoin dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil ag iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 36).

31

Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar eintiteas a aicmiú mar ‘rialaitheoir’, de réir bhrí na forála sin, fiú mura bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige.

32

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an gá a inniúlacht dhlíthiúil iomlán féin a bheith ann chun eintiteas a aicmiú mar ‘rialaitheoir’, nó an leor é chun na críche sin go mbeadh inniúlacht áirithe ag an eintiteas lena mbaineann cinneadh a dhéanamh agus gníomhú i gcomhthéacs sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart a mheabhrú gur léir ó aithris 74 de RGCS go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais go mbeadh an fhreagracht atá ar an rialaitheoir comhionann beag beann ar phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéanann sé, bíodh sin ann féin nó trí thríú páirtí, ach thar a cheann. Bhí sé mar aidhm ag an reachtas sin freisin a áirithiú go bhfuil sé de cheangal ar an rialaitheoir bearta iomchuí agus éifeachtacha a chur chun feidhme agus go bhfuil sé in ann a léiriú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí próiseála an Rialachán sin, lena n‑áirítear éifeachtacht na mbeart atá i gceist, nach mór cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus an riosca a bhaineann léi do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a chur san áireamh.

33

Sa mhéid sin, cumhdaítear le hAirteagal 5(2) de RGCS prionsabal freagrachta, faoina bhfuil an rialaitheoir freagrach as comhlíonadh na bprionsabal a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 5(1), agus foráiltear leis nach mór don rialaitheoir sin a bheith in ann a léiriú go gcomhlíontar na prionsabail sin.

34

I bhfianaise na n‑oibleagáidí dlíthiúla a bhfuil an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de RGCS faoina réir, ní mór don rialaitheoir sin, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann, a bheith in ann freagra a thabhairt, i bhfíoras agus i ndlí, ar na hoibleagáidí sin, gan é a bheith ábhartha i ndáil leis sin an bhfuil pearsantacht dhlítheanach dá chuid féin ag an eintiteas sin nó nach bhfuil.

35

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an bhfuil sé de chumhacht ag an Oifig, faoi dhlí na hOstaire, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an rialaitheoir le RGCS a ghlacadh uirthi féin, ag féachaint go háirithe don fhíoras nach ndearnadh agóid ina choinne os comhair na gcúirteanna náisiúnta ar tugadh an díospóid sna príomhimeachtaí os a gcomhair, go bhféadfaidh an Oifig caingean a thionscnamh i gcoinne chinneadh an údaráis cosanta sonraí, díreach mar a d’fhéadfadh sí a bheith ina ábhar gearáin os comhair an údaráis sin. Féadfaidh an chúirt a rinne an tarchur a chur san áireamh freisin gur thug an Oifig treoir do dhá ghnóthas phríobháideacha sonraí pearsanta atá i gclár lárnach na vacsaíní agus i gclár na n‑othar atá ina gcónaí i gCúige na Tioróile a phróiseáil.

36

Ar an dara dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir le reachtas náisiúnta eintiteas a ainmniú mar rialaitheoir, faoin dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS, gan sonrú a dhéanamh, go sonrach, ar phróiseáil sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas sin a dhéanamh, ar a gcríoch nó ar na modhanna beachta a d’fhéadfadh sé a úsáid chun críocha na próiseála sin.

37

Mar a meabhraíodh i mír 28 den bhreithiúnas seo, i gcás ina n‑ainmnítear eintiteas mar rialaitheoir leis an dlí náisiúnta, d’fhéadfadh sé a bheith intuigthe go gcinntear críocha agus modhanna na próiseála leis an dlí sin, ar choinníoll go leanann an cinneadh sin le deimhneacht leordhóthanach ón ról, ón gcúram agus ó na cumhachtaí a thugtar don eintiteas sin. Comhlíontar an coinníoll sin más léir na críocha agus na modhanna sin, go bunúsach, ó fhorálacha an dlí náisiúnta lena rialaítear gníomhaíocht an eintitis sin.

38

Rannchuidíonn ainmniú díreach eintitis, ag an reachtas náisiúnta, mar rialaitheoir le cuspóir na deimhneachta dlíthiúla a shaothraítear le RGCS, mar is léir ó aithris 7 de, trí chead a thabhairt do dhaoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta faoi réir próiseála an t‑eintiteas atá freagrach as comhlíonadh a gceart faoin Rialachán sin a shainaithint go héasca.

39

Tá bailíocht ainmniúcháin den sórt sin, áfach, faoi réir an choinníll go gcinntear leis an reachtaíocht náisiúnta raon feidhme na próiseála a dhéantar ar na sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin ainmnithe mar an t‑eintiteas atá freagrach astu, gan é a bheith riachtanach don reachtas sin na hoibríochtaí próiseála go léir a bhfuil an t‑eintiteas sin ainmnithe mar sin ina leith a bheith liostaithe go huileghabhálach. Mar a luaitear in aithris 45 den Rialachán sin, ‘fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d'oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil’.

40

Dá bhrí sin, tá reachtaíocht náisiúnta lena n‑ainmnítear eintiteas mar rialaitheoir gan na hoibríochtaí próiseála sonracha uile ar shonraí pearsanta a bhfuil sé freagrach astu a liostú go sainráite nó gan críoch na n‑oibríochtaí próiseála sin a liostú go sainráite i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de RGCS, ar choinníoll go gcinntear leis an reachtaíocht sin, go sainráite nó go hintuigthe ar a laghad, raon feidhme na próiseála ar na sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin ainmnithe mar an t‑eintiteas atá freagrach astu.

41

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach, ar an gcéad dul síos, an bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig chun críocha na ‘litreacha meabhrúcháin vacsaínithe’ atá i gceist sna príomhimeachtaí a ullmhú agus a sheoladh ag luí leis na críocha atá le comhlíonadh trí phróiseáil sonraí pearsanta ar ainmníodh an Oifig mar an duine atá freagrach astu, ós rud é gur léir na críocha sin, go hintuigthe ar a laghad, ó fhorálacha uile an dlí náisiúnta lena rialaítear a gníomhaíocht agus, anuas ar sin, ó na modhanna a fhéadfaidh sí a chur chun feidhme chun na críche sin. Ní leor an fíoras nach sonraítear sna forálacha náisiúnta sin, i gcás inarb iomchuí, ar bhealach sonrach, na hoibríochtaí próiseála a údaraítear don Oifig a chur i gcrích, chun gur féidir bac a chur ar eintiteas amhail an Oifig a aicmiú mar rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 4(7) RGCS.

42

Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfidh eintiteas arna ainmniú leis an reachtaíocht náisiúnta mar rialaitheoir, faoin dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS, cinneadh a dhéanamh freisin uaithi féin, nó i gcomhar le húdaráis inniúla eile, maidir le críocha agus modhanna próiseála sonraí pearsanta a bhfuil sé ainmnithe mar eintiteas atá freagrach astu, chun go mbeidh sé de cheangal air freagra a thabhairt, sa cháil sin, ar iarrataí a chuireann ábhair sonraí faoina bhráid ar bhonn a gceart faoi RGCS.

43

I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara gur chun stádas rialaitheora eintitis a shuí, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 4(7) de RGCS, gur gá scrúdú a dhéanamh an raibh tionchar iarbhír ag an eintiteas sin, chun a chríoch féin, ar chinneadh chríocha agus mhodhanna na próiseála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, míreanna 30 agus 31).

44

Os a choinne sin, chun stádas rialaitheora eintitis a shuí, de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 4(7) de RGCS, mar is léir ó fhoclaíocht shoiléir na forála sin, ní gá don eintiteas sin tionchar a imirt ar chinneadh chríocha agus mhodhanna na próiseála sin.

45

Dá bhrí sin, ní gá d’eintiteas den sórt sin, arna ainmniú ag an dlí náisiúnta mar rialaitheoir, cinneadh a dhéanamh maidir le críocha agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta chun go gceanglófar air freagra a thabhairt, mar rialaitheoir, ar iarrataí a dhéanann ábhair sonraí chuige ar bhonn a gceart faoi RGCS.

46

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin nach ndéantar difear do bhailíocht ainmniúcháin dhírigh toisc nach bhfeidhmíonn an t‑eintiteas atá ainmnithe mar rialaitheoir, faoin dlí náisiúnta, aon rialú ar na sonraí pearsanta a cheanglaítear air a phróiseáil. (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil ag iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, míreanna 37 agus 38).

47

Tá léiriú den sórt sin comhsheasmhach le cuspóir na deimhneachta dlíthiúla a shaothraítear le RGCS. Mar a chuir an Coimisiún in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, bhainfí an bonn den chuspóir sin dá mba rud é, d’fhonn a bheith in ann a mheas go ndearna an reachtas náisiúnta an t‑ainmniú sin go bailí, go gceanglófaí ar na hábhair sonraí a fhíorú go bhfuil sé de chumhacht ag an eintiteas atá ainmnithe mar rialaitheoir ar a gcuid sonraí pearsanta críocha agus modhanna na próiseála sin a chinneadh é féin.

48

Tá sé tábhachtach freisin a chur in iúl, nach gciallaíonn an fíoras go bhfuil eintiteas arna ainmniú ag an dlí náisiúnta mar rialaitheoir i dteideal cinneadh a dhéanamh freisin maidir le críocha agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta ionas go gceanglófar air freagairt, mar rialaitheoir, d’iarrataí arna seoladh chuige ag na hábhair sonraí ar bhonn a gceart faoi RGCS, go gceiltear ar na daoine sin, áfach, an fhéidearthacht na hiarrataí sin a sheoladh chuig eintiteas eile a mheasann siad a bheith freagrach nó freagrach go comhpháirteach as a sonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall ar an tionchar a d’fheidhmigh an t‑eintiteas eile sin ar chríocha agus modhanna na próiseála atá i gceist a chinneadh.

49

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 4(7) de RGCS a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑ainmnítear, mar rialaitheoir, eintiteas riaracháin cúnta nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ná inniúlacht dhlíthiúil aige féin, gan sonrú a dhéanamh, go sonrach, ar oibríochtaí sonracha próiseála sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin freagrach astu nó cuspóir na n‑oibríochtaí sin ar choinníoll, ar an gcéad dul síos, go bhfuil eintiteas den sórt sin in ann, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sin, na hoibleagáidí atá ar rialaitheoir i leith na n‑ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus, ar an dara dul síos, go gcinntear leis an reachtaíocht náisiúnta sin, go sainráite nó ar a laghad trí impleacht, raon feidhme na próiseála sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin freagrach astu.

Costais

50

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní chuirtear cosc leis ar rialachán náisiúnta lena n‑ainmnítear, mar rialaitheoir, eintiteas riaracháin cúnta nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ná inniúlacht dhlíthiúil aige féin, gan sonrú a dhéanamh, go sonrach, ar oibríochtaí sonracha próiseála sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin freagrach astu nó cuspóir na n‑oibríochtaí sin [ar choinníoll], ar an gcéad dul síos, go bhfuil eintiteas den sórt sin in ann, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sin, na hoibleagáidí atá ar rialaitheoir i leith na n‑ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus, ar an dara dul síos, go gcinntear leis an reachtaíocht náisiúnta sin, go sainráite nó ar a laghad trí impleacht, raon feidhme na próiseála sonraí pearsanta a bhfuil an t‑eintiteas sin freagrach as.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.