Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra)

4 Nollaig 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise – Treoir 2001/29/CE – Airteagail 2 go 4 – Ceart atáirgthe – An coincheap ‘saothair’ – Cosaint cóipchirt ar shaothair na n‑ealaíon feidhmeach – Scrúdú ar úrnuacht ábhair na healaíne feidhmí – An coincheap ‘roghanna saora agus cruthaitheacha’ – Critéir chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna sin – Measúnú ar an gcur isteach ar chearta eisiacha)

I gCásanna Uamtha C‑580/23 agus C‑795/23,

dhá IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Svea hovrätt, Patent‑ och marknadsöverdomstolen (an Chúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc um Maoin Tionscail agus Gnóthaí Eacnamaíocha, an tSualainn) (C‑580/23) agus ón Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin) (C‑795/23), trí chinntí an 20 Meán Fómhair 2023 agus an 21 Nollaig 2023 faoi seach, a fuarthas ag an gCúirt an 21 Meán Fómhair 2023 agus an 21 Nollaig 2023 faoi seach, sna himeachtaí

Mio AB,

Mio e-handel AB,

Mio Försäljning AB

v

Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag (C‑580/23),

agus

USM U. Schärer Söhne AG,

v

konektra GmbH,

LN (C‑795/23)

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Chéad Dlísheomra, I. Ziemele (Rapóirtéir) agus A. Kumin, agus S. Gervasoni, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 30 Eanáir 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Mio AB, Mio e-handel AB agus Mio Försäljning AB, ag Å. Hellstadius, M. Johansson agus R. Wessman, advokater,

konektra GmbH agus LN, ag R. Hirsch agus N. Tretter, Rechtsanwälte,

Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag, ag M. Bruder agus H. Wistam, advokater,

USM U. Schärer Söhne AG, ag E. Keller agus V. Zipperich, Rechtsanwälte,

Rialtas na Fraince, ag R. Bénard agus E. Timmermans, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus J. M. Hoogveld, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag C. Faroghi, J. Samnadda agus G. von Rintelen, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 8 Bealtaine 2025

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an dá iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).

2

Rinneadh na hiarrataí seo i dhá shraith imeachtaí idir Mio AB, Mio e-handel AB, faoi seach, agus Mio Försäljning AB, cuideachtaí faoi rialú dhlí na Sualainne (‘Mio’), agus Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag, cuideachta faoi rialú dhlí na Sualainne (‘Asplund’) (C‑580/23), ar thaobh amháin, agus USM U. Schärer Söhne AG, cuideachta faoi rialú dhlí na hEilvéise (‘USM’) agus konektra GmbH, cuideachta faoi rialú dhlí na Gearmáine, agus LN, a stiúrthóir (‘Konektra’) (C‑795/23), ar an taobh eile, maidir le sáruithe líomhnaithe ar chóipcheart.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 2001/29

3

Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 4, 9, 10 agus 60 de Threoir 2001/29:

‘(4)

An creat dlíthiúil comhchuibhithe maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, tacóidh sé le hinfheistíocht mhór sa chruthaíocht agus sa nuálaíocht, lena n‑áirítear bonneagar líonraí, trí dheimhneacht dhlíthiúil bhreise agus trí leibhéal ard cosanta a chur ar fáil ag an am céanna maidir le maoin intleachtúil, agus dá thoradh sin beidh forás ann agus tiocfaidh méadú ar iomaíocht i dtionsclaíocht na hEorpa, i réimse an tsoláthair inneachair agus sa teicneolaíocht faisnéise araon agus, ar bhonn níos ginearálta, ar fud raon leathan earnálacha tionsclaíochta agus cultúrtha. Dá thairbhe sin déanfar fostaíocht a choimirciú agus spreagfar cruthú fostaíochta.

[...]

(9)

Ní mór leibhéal ard cosanta a bheith mar bhunús maidir le haon chomhchuibhiú cóipchirt agus cearta gaolmhara, ó tharla a ríthábhachtaí atá cearta den sórt sin maidir le maoin intleachtúil a chruthú. Má dhéantar iad a chosaint, cuidíonn sin chun cruthaíocht a choinneáil agus a fhorbairt, rud a théann chun sochair d'údair, taibheoirí, táirgeoirí, tomhaltóirí, cultúr, tionsclaíocht agus don phobal i gcoitinne. Dá bhrí sin, sainaithníodh maoin intleachtúil mar chuid dhílis de mhaoin.

(10)

Más amhlaidh go bhfuil údair nó taibheoirí le leanúint de bheith ag gabháil dá saothar cruthaitheach agus ealaíne, ní mór dóibh cúiteamh iomchuí a fháil as a saothair a úsáid. Is mór an infheistíocht atá de dhíth chun táirgí amhail fónagraim, scannáin nó táirgí ilmheánacha, agus seirbhísí amhail seirbhísí ‘ar éileamh’, a tháirgeadh. Tá cosaint dhlíthiúil dhóthanach maidir le cearta maoine intleachtúla riachtanach chun a ráthú go mbeidh cúiteamh dá shórt ar fáil agus chun an deis a thabhairt toradh sásúil a fháil ar an infheistíocht sin.

[...]

(60)

Ní dhéanfaidh an chosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo difear d’fhorálacha dlí náisiúnta nó Comhphobail i réimsí eile, amhail maoin thionsclaíoch, cosaint sonraí, rochtain choinníollach agus seirbhísí rochtana, rochtain ar dhoiciméid phoiblí agus riail chróineolaíocht na meán, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chosaint cóipchirt nó ceart gaolmhar.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart atáirgthe’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach atáirgeadh díreach nó indíreach, sealadach nó buan a údarú nó a chosc ar aon bhealach agus i bhfoirm ar bith, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

d'údair, ar a gcuid saothar;

(b)

a bheith ag taibheoirí, maidir lena dtaibhléirithe a fhosú;

(c)

a bheith ag léiritheoirí fónagram, maidir lena bhfónagraim;

(d)

a bheith ag na léiritheoirí a dhéanann an chéad fhosú ar scannáin, maidir le bunchóip agus cóipeanna a gcuid scannán;

(e)

le haghaidh eagraíochtaí craolacháin, maidir lena gcraoltaí a fhosú, is cuma má dhéantar na craoltaí seo a thraschur trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear ar chábla nó trí shatailít.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart cumarsáide maidir le saothair a chur in iúl don phobal agus an ceart ábhar eile a chur ar fáil don phobal’:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair aon chur i láthair dá saothair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear a saothair a chur ar fáil don phobal ar bhealach trína bhféadfadh duine den phobal rochtain a fháil orthu ón áit agus ag an am dá rogha féin, a údarú nó a thoirmeasc.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach chun cur ar fáil don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, a údarú nó a thoirmeasc, ar bhealach ina bhféadfaidh daoine den phobal rochtain a fháil orthu ó áit agus ag am dá rogha féin:

(a)

a bheith ag taibheoirí, maidir lena dtaibhléirithe a fhosú;

(b)

a bheith ag léiritheoirí fónagram, maidir lena bhfónagraim;

(c)

a bheith ag na léiritheoirí a dhéanann an chéad fhosú ar scannáin, maidir le bunchóip agus cóipeanna a gcuid scannán;

(d)

le haghaidh eagraíochtaí craolacháin, maidir lena gcraoltaí a fhosú, is cuma má dhéantar na craoltaí seo a thraschur trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear ar chábla nó trí shatailít.

3.   Na cearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní ídeofar iad trí aon ghníomh cumarsáide leis an bpobal ná aon ghníomh cur ar fáil don phobal mar a leagtar amach san Airteagal seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir céanna, dar teideal ‘ceart dáileacháin’:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair, bunchóip a saothar nó cóipeanna, aon chineál dáilte ar an bpobal trí dhíolachán nó ar shlí eile, a údarú nó a thoirmeasc.

2.   Ní ídeofar an ceart dáileacháin laistigh den Chomhphobal [Eorpach] a bhaineann le bunchóip nó le cóipeanna saothair ach amháin i gcás ina ndíolfaidh an sealbhóir cirt an ábhair sin den chéad uair laistigh den Chomhphobal nó ina n‑aistreofar úinéireacht an ábhair sin ar bhealach eile laistigh den Chomhphobal nó lena thoiliú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2001/29, dar teideal ‘Eisceachtaí agus teorainneacha’:

‘1.   Gníomhartha sealadacha atáirgthe dá dtagraítear in Airteagal 2, ar gníomhartha díomuan nó teagmhasacha iad agus ar cuid dhílis agus riachtanach de phróiseas teicneolaíoch iad agus arb é an t‑aon chuspóir atá leo an méid seo a leanas a chumasú:

(a)

traschur a dhéanann idirghabhálaí i líonra idir tríú páirtithe, nó

(b)

úsáid dhleathach

díolmhófar saothair nó ábhair eile a dhéanfar, agus nach bhfuil tábhacht eacnamaíoch neamhspleách ag baint leo, díolmhófar iad ón gceart atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 2.

[...]

5.   Ní chuirfear na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 i bhfeidhm ach amháin i gcásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú an tsaothair nó ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnta do leasanna dlisteanacha an tsealbhóra cirt.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir sin, dar teideal ‘Cur i bhfeidhm leanúnach forálacha eile’, nach ndéanfaidh an Treoir difear d’fhorálacha a bhaineann le réimsí eile.

Treoir 98/71/CE

9

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 8 de Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO 1998 L 289, lch. 28):

‘Ós rud é, in éagmais chomhchuibhiú dhlí an chóipchirt, go bhfuil sé tábhachtach prionsabal an charntha maidir le cosaint faoi dhlí sonrach um chosaint dearaí cláraithe agus faoi dhlí an chóipchirt a bhunú, lena bhfágtar saoirse ag na Ballstáit méid na cosanta cóipchirt agus na coinníollacha faoina dtugtar an chosaint sin a chinneadh.’

10

Foráiltear le hAirteagal 17 den Treoir sin, dar teideal ‘Gaol le cóipcheart’:

‘Maidir le dearadh atá faoi chosaint ag ceart dearaidh atá cláraithe i mBallstát nó i ndáil le Ballstát i gcomhréir leis an Treoir seo, beidh an dearadh sin incháilithe freisin do chosaint faoi dhlí cóipchirt an Stáit sin ón dáta a cruthaíodh nó a socraíodh an dearadh i bhfoirm ar bith. Cinnfidh gach Ballstát a mhéid a thabharfar cosaint den sórt sin, lena n‑áirítear an leibhéal úrnuachta is gá, agus na coinníollacha i leith an chosaint a thabhairt.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 6/2002

11

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 32 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO 2002 L 3, lch. 1):

‘In éagmais comhchuibhiú iomlán ar dhlí an chóipchirt, tá sé tábhachtach prionsabal carntha na cosanta faoin dearadh Comhphobail agus faoi dhlí an chóipchirt a bhunú, lena bhfágtar saoirse ag na Ballstáit méid na cosanta cóipchirt agus na coinníollacha faoina dtugtar an chosaint sin a chinneadh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Sainmhínítear in Airteagal 3(a) den Rialachán sin an coincheap ‘dearadh’ sna téarmaí céanna le hAirteagal 1(a) de Threoir 98/71.

13

Foráiltear le hAirteagal 96(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘An gaol le cineálacha eile cosanta faoin dlí náisiúnta’:

‘Beidh dearadh atá faoi chosaint ag dearadh Comhphobail incháilithe freisin do chosaint faoi dhlí cóipchirt na mBallstát ón dáta a cruthaíodh nó a fosaíodh an dearadh i bhfoirm ar bith. Cinnfidh gach Ballstát a mhéid a thabharfar cosaint den sórt sin, lena n‑áirítear an leibhéal úrnuachta is gá, agus na coinníollacha i leith an chosaint a thabhairt.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Sualainne

14

Faoi Airteagal 1 den Lagen om upphovsrätt till litterära och konstnärliga verk (1960:729) (an Dlí maidir le cóipcheart i saothair liteartha agus ealaíonta (1960:729)) (SFS 1960, Uimh. 729), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí i gCás C‑580/23 (‘an Dlí maidir le cóipcheart i saothair liteartha agus ealaíone’):

‘Tá cóipcheart sa saothar sin ag an duine a chruthaigh saothar litríochta nó ealaíne, cibé acu:

1.

saothar de chuid na hintinne nó saothar atá go hiomlán tuairisciúil, i scríbhinn nó ó bhéal,

2.

ríomhchlár,

3.

saothar ceoil nó drámaíochta,

4.

saothar cineamatagrafach,

5.

saothar grianghrafadóireachta nó saothar eile de na healaíona plaisteacha,

6.

saothar ailtireachta nó ealaíon feidhmeach, nó

7.

saothar a cuireadh in iúl ar bhealach eile.’

15

Faoi Airteagal 2 den Dlí maidir le cóipcheart i saothair liteartha agus ealaíonta, áirítear le cóipcheart, faoi réir teorainneacha áirithe, an ceart eisiach chun an saothar a dhiúscairt trína atáirgeadh agus trína chur ar fáil don phobal, ina fhoirm bhunaidh nó i bhfoirm atá modhnaithe, aistrithe nó athoibrithe i seánra liteartha nó ealaíonta eile nó trí theicníc eile. Is éard a thuigfear ó ‘shaothar a atáirgeadh’ ná aon atáirgeadh díreach nó indíreach, sealadach nó buan, ar aon mhodh agus in aon fhoirm, ar an saothar ar fad nó ar chuid de. Cuirtear saothar ar fáil don phobal, mar shampla, nuair a tharchuirtear chuig an bpobal é nó nuair a thairgtear cóipeanna de lena dhíol, lena fháil ar cíos nó lena thabhairt ar iasacht, nó nuair a scaiptear ar bhealach eile ar an bpobal é.

16

Foráiltear le hAirteagal 53b den Dlí maidir le cóipcheart i saothair liteartha agus ealaíne go bhféadfaidh cúirt, faoi réir pionóis, toirmeasc a chur ar dhuine a ghlacann beart, nó a ghlacann páirt i mbeart, lena sáraítear cóipcheart leanúint den bheart sin.

Dlí na Gearmáine

17

Foráiltear le Airteagal 2(1)(4) den Gesetz über Urheberrecht und verwandte Schutzrechte (Urheberrechtsgesetz) (an Dlí maidir le Cóipcheart) an 9 Meán Fómhair 1965 (BGBl. 1965 I, lch. 1273), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí i gCás C‑795/23, dar teideal ‘Saothair faoi chosaint’, go n‑áirítear i saothair litríochta, eolaíochta agus ealaíne faoi chosaint, go háirithe saothair mhínealaíon, lena n‑áirítear saothair ailtireachta agus na healaíona feidhmeacha, agus sceitsí de shaothair den sórt sin. Faoi Airteagal 2(2), ní saothair iad ach saothair intleachtúil phearsanta de réir bhrí an dlí sin.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Cás C‑580/23

18

Déanann Asplund troscán dearadh intí a dhearadh agus a mhonarú. Áirítear i raon táirgí Asplund, inter alia, táblaí itheacháin sa tsraith ‘Palais Royal’.

19

Déanann Mio trádáil mhiondíola in earnáil an troscáin agus an mhaisiúcháin intí. Áirítear i raon táirgí Mio, inter alia, táblaí itheacháin sa tsraith troscáin ‘Cord’.

20

I mí Dheireadh Fómhair 2021, thug Asplund caingean i gcoinne Mio os comhair an Patent‑ och marknadsdomstolen (an Chúirt Phaitinne agus Tráchtála, an tSualainn), mar gheall ar shárú cóipchirt. Sa chaingean sin, d’áitigh Asplund, inter alia, gur cheart don chúirt sin toirmeasc a chur ar Mio, faoi phionóis, ó tháblaí itheacháin a mhonarú, a mhargú nó a dhíol sa tsraith troscáin‘Cord’, ag áitiú go raibh na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’ faoi chosaint cóipchirt mar shaothair ealaíne fheidhmeach agus, dá bhrí sin, gurbh ionann na táblaí itheacháin sa tsraith troscáin ‘Cord’ agus sárú cóipchirt a mhéid a léirigh siad cosúlachtaí láidre leis na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’.

21

D’easaontaigh Mio go raibh na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’ faoi chosaint cóipchirt, ag áitiú nach raibh na táblaí sin úrnua go leor chun an chosaint chomhfhreagrach a fháil. De réir Mio, níl dearadh na dtáblaí sin bunaithe ach ar athruithe ar dhearaí a bhí ar eolas roimhe sin agus a bhí i gclár dearaí arna chlárú san Aontas Eorpach. In aon chás, fiú dá mbeadh na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’ faoi chosaint cóipchirt, bheadh an chosaint sin teoranta agus srianta agus bheadh na difríochtaí idir an dá shamhail den tábla lena mbaineann leordhóthanach chun a léiriú nach bhfuil aon sárú ar chóipcheart ag na táblaí Mio.

22

Sheas an Patent‑ och marknadsdomstolen (an Chúirt Phaitinne agus Tráchtála) le héileamh Asplund, ag cinneadh go raibh na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’ faoi chosaint cóipchirt mar shaothair ealaíne fheidhmeach agus gurbh ionann na táblaí itheacháin sa tsraith troscáin ‘Cord’ agus sárú cóipchirt.

23

Rinne Mio achomharc i gcoinne chinneadh an Patent‑ och marknadsdomstolen (an Chúirt Phaitinne agus Tráchtála) os comhair an Svea hovrätt, Patent‑ och marknadsöverdomstolen (Cúirt Achomhairc, Paitinní agus Cúirt Achomhairc Tráchtála Svea, Stócólm, an tSualainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

24

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an dtarbhíonn na táblaí sa tsraith ‘Palais Royal’ do chosaint cóipchirt mar ‘shaothair’. Ardaíonn sí ceisteanna maidir leis na critéir chun úrnuacht an ábhair a chinneadh chun é a mheas mar ‘shaothar’, de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2001/29, i gcomhréir leis an gcásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel (C‑683/17, EU:C:2019:721).

25

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, chun gur féidir an t‑ábhar a mheas mar úrnua, go bhfuil sé riachtanach agus leordhóthanach go léiríonn sé pearsantacht a údair, mar léiriú ar a roghanna saora agus cruthaitheacha. I gcás ina gcinntear cur i gcrích ábhar le breithnithe teicniúla, rialacha nó srianta eile, nach bhfuil aon áit fágtha acu do shaoirse chruthaitheach, ní féidir a mheas go bhfuil an úrnuacht is gá ag an ábhar chun go bhféadfaí é a mheas mar saothar é. Mar sin féin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhféadfadh an t‑ábhar an ceanglas sin maidir le húrnuacht a chomhlíonadh, fiú má chinntear a chur i gcrích le cúinsí teicniúla, ar choinníoll nár chuir a chur i gcrích cosc ar a údar a phearsantacht a léiriú san ábhar sin, mar léiriú ar roghanna saora agus cruthaitheacha.

26

I ndáil leis sin, meabhraíonn an chúirt a rinne an tarchur, chun a mheas an saothar úrnua é ábhar, nach mór na gnéithe ábhartha uile a chur san áireamh, mar a bhí siad nuair a ceapadh an t‑ábhar sin, gan beann ar thosca seachtracha agus tar éis chruthú an ábhair sin.

27

Mar sin féin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, tá éiginnteacht fós ann maidir leis an gcaoi a ndéanfar an measúnú sonrach ar úrnuacht an ábhair agus maidir leis na tosca ba cheart a chur san áireamh chun a chinneadh an léiríonn ábhar ealaíne feidhmí pearsantacht a údair, trí léiriú a thabhairt ar a rogha saor agus cruthaitheach.

28

De réir na cúirte a rinne an tarchur, is leor go raibh méid áirithe saoirse ag údar an ábhair agus, go deimhin, go ndearna sé cineálacha éagsúla roghanna agus an t‑ábhar á chruthú aige, nach raibh na roghanna sin faoi réir cúinsí teicniúla, rialacha ná srianta, agus gur léiríodh agus gur cuireadh in iúl na roghanna sin ar bhealach éigin san ábhar sin. Chiallódh léiriú chomh leathan sin, i gcleachtas, nach mór measúnú ar úrnuacht ábhair a bhunú ar an bpróiseas cruthaitheach féin agus na roghanna a rinne an t‑údar sa phróiseas sin. Chiallódh an léiriú sin freisin, i bprionsabal, gur cheart a mheas go bhfuil na roghanna go léir a rinne an t‑údar agus an t‑ábhar sin á chruthú aige, nach raibh faoi réir breithnithe teicniúla, rialacha ná srianta, saor agus cruthaitheach.

29

I ndáil leis sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, de réir an léirithe sin, go ndíríonn an measúnú ar úrnuacht an ábhair a dhéanann an chúirt a bhfuil dlínse aici ar an bpróiseas cruthaitheach agus ar na roghanna a rinne an t‑údar sa phróiseas sin, seachas ar an gceist an léiríonn an t‑ábhar féin, nó toradh deiridh an phróisis chruthaithigh, iarracht ealaíonta i ndáiríre. Dá bhrí sin, tagann an cheist an léiríonn an t‑ábhar úrnuacht leordhóthanach chun bheith ina ‘ábhar fianaise seachas ina ábhar dlí’.

30

Ina theannta sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara gurb é atá i gceist le léiriú den sórt sin ar an gceanglas maidir le úrnuacht ábhair ná ceanglais réasúnta íseal a fhorchur maidir leis na roghanna cruthaitheacha agus saora nach mór a bheith déanta ag an údar agus a meastar go léiríonn an t‑ábhar sin iad. D'fhéadfadh sé seo a bheith mar thoradh air go mbainfeadh rudaí nach bhfuil sé tuillte acu a bheith aicmithe mar ‘shaothair’ tairbhe as chosaint cóipchirt. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air go gcosnófaí ábhar simplí, nár cruthaíodh chun críocha ealaíne nó, in aon chás, nach bhfuil ‘indibhidiúlacht ealaíne’ aige, mar shaothair.

31

Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh ceanglas maidir le húrnuacht íseal le haghaidh ábhar ealaíne feidhmí an bonn a bhaint den tábhacht a bhaineann le cosaint dearaí nach bhfuil chomh forleathan. I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur amhras in iúl maidir leis an gcaoi a réiteofaí ceanglas maidir le húrnuacht íseal le haghaidh ábhar ealaíne feidhmí leis an gceanglas maidir le carachtar sainiúil is gá chun cosaint dearaidh a fháil. Cé go bhfuil cuspóirí éagsúla ag dlí an chóipchirt agus an dlí dearaidh, ní cosúil go bhfuil sé réasúnta go bhféadfadh dearadh tairbhe a bhaint as chosaint cóipchirt mar shaothar nuair nach bhfuil gné shainiúil leordhóthanach aige chun go gcosnófaí mar dhearadh é. De réir na cúirte a rinne an tarchur, mar a chinn an Chúirt i mbreithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019Cofemel (C‑683/17, EU:C:2019:721), cé gur féidir cosaint dearaí agus cosaint cóipchirt a dheonú go carnach don ábhar céanna den ealaín fheidhmeach, ní féidir an chosaint chomhthráthach sin a bheartú ach amháin i gcásanna áirithe. Dá mbeadh ceanglas úrnuachta an‑íseal ann, bheadh an baol ann go mbeadh an cás ann ina bhféadfadh ábhar ealaíne feidhmí tairbhe a bhaint as déchosanta i bhformhór na gcásanna.

32

Mar mhalairt ar sin, d’fhéadfadh léiriú eile a bheith ann, eadhon gur cheart gurb é an t‑ábhar féin túsphointe an mheasúnaithe i dtaobh an léiríonn ábhar ealaíne feidhmí pearsantacht an údair, trí léiriú a thabhairt ar a roghanna saora agus cruthaitheacha. Ba cheart go léireodh an t‑ábhar sin, ann féin, pearsantacht an údair agus go léireodh sé céim ealaíontóra áirithe nó go sroichfeadh sé an méid ar tagraíodh dó, san am a chuaigh thart ar a laghad, sa tSualainn agus, go háirithe, sa Ghearmáin, mar ‘thairseach na húrnuachta’ (‘verkshöjd’). D’fhéadfadh measúnú de réir an léirithe sin a thabhairt le fios nach mór carachtar sainiúil áirithe a bheith ag an ábhar agus nach mór dó a bheith sách uathúil. Chun é a chur ar bhealach eile, ní mór é a bheith ina ábhar a bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais agus úrnuachta bainte amach aige agus a léiríonn indibhidiúlacht an údair.

33

Sna himthosca sin, chinn an Svea hovrätt, Patent‑ och marknadsöverdomstolen (an Chúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc um Maoin Intleachtúil agus Gnóthaí Eacnamaíocha), bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

Sa mheasúnú faoi chosaint fhorleathan an chóipchirt a bheith tuillte ag ábhar ealaíne feidhmí mar shaothar de réir bhrí Airteagal 2 go dtí 4 de [Threoir] [2001/29/CE], conas is cóir an scrúdú a dhéanamh – agus cad iad na cúinsí a chaithfear nó ba cheart a chur san áireamh – maidir leis an gceist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl? Ina leith sin, baineann an cheist go háirithe ar cheart go mbeadh scrúdú na húrnuachta dírithe ar chúinsí a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach agus míniú an údair ar na roghanna cearta a rinne sé i gcruthú an ábhair nó na cúinsí maidir leis an ábhar féin agus toradh deiridh an phróisis chruthaithigh agus an é go gcuirtear cuspóir ealaíonta in iúl leis an ábhar féin.

2.

Don fhreagra ar Cheist 1 agus an cheist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:

(a)

go bhfuil an t‑ábhar comhdhéanta de ghnéithe atá le haimsiú i ndearaí coitianta?

(b)

gur forbairt é an t‑ábhar ar dhearadh níos luaithe nó gur leagan de dhearadh níos luaithe é nó leagan de threocht reatha dhearaidh é?

(c)

gur cruthaíodh ábhar comhionann nó ábhar comhchosúil cheana nó – go neamhspleách agus gan a bheith ar an eolas faoi ábhar ealaíne feidhmí dá n‑éilítear cosaint mar shaothar – tar éis chruthaithe an ábhair atá i gceist?

3.

Conas ba cheart measúnú na cosúlachta a dhéanamh – agus cad é an chosúlacht atá ag teastáil – sa mheasúnú faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, nach mór a bhronnadh ar an údar de réir Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29/CE? Ina leith sin, iarrtar go háirithe leis an gceist ar cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar so-aitheantacht an tsaothair san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach nó an gcruthaítear an t‑imprisean ginearálta céanna a chruthaítear leis an saothar leis an ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach, nó cad eile ar cheart go mbeadh an measúnú dírithe?

4.

Maidir leis an bhfreagra ar Cheist 3 agus an cheist faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:

(a)

méid úrnuachta an tsaothair maidir le raon cosanta an tsaothair?

(b)

go bhfuil an saothar agus an t‑ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach comhdhéanta de ghnéithe atá le haimsiú i ndearaí coitianta agus gur forbairt é ar dhearadh níos luaithe nó gur leagan de dhearadh níos luaithe é nó leagan de threocht dhearaidh é.

(c)

gur cruthaíodh ábhar comhionann nó ábhar comhchosúil cheana nó – go neamhspleách agus gan a bheith ar an eolas faoin saothar – tar éis chruthaithe an tsaothair.’

Cás C‑795/23

34

Tá córas troscáin mhodúlaigh á mhonarú agus á mhargú ag USM faoin ainm USM Haller le blianta fada anuas. Saintréith den chóras troscáin sin is ea go ndéantar feadáin chróim chruinne lonracha a chóimeáil trí liathróidí a cheangail chun struchtúr a chruthú ina gcuirtear isteach painéil miotail dhaite. Is féidir na struchtúir a chruthaítear ar an gcaoi sin a chóimeáil gan srian agus a leagan ar bharr a chéile nó in aice lena chéile.

35

Tairgeann Konektra, trína shiopa ar líne, páirteanna athsholáthair agus sínteacha do chóras troscáin mhodúlaigh USM Haller, a gcomhfhreagraíonn a gcruth agus, den chuid is mó, a ndath do chomhpháirteanna USM. Tar éis dó é féin a theorannú ar dtús do pháirteanna athsholáthair a dhíol, gan agóid ó USM, d’atheagraigh Konektra a shiopa ar líne in 2017. Ó 2018 i leith, tá liosta ar shuíomh gréasáin Konektra de na comhpháirteanna uile is gá chun troscán USM Haller a chóimeáil ina iomláine, rud a fhógraíonn sé freisin le híomhánna den troscán cóimeáilte. Ina theannta sin, cuireann Konektra seirbhís cóimeála ar fáil dá chustaiméirí chun na páirteanna aonair a chóimeáil a sheachadadh mar throscán iomlán agus tá treoracha ag gabháil lena sheachadtaí maidir le píosaí iomlána troscáin a chóimeáil.

36

De réir USM, ní hamháin go dtairgeann Konektra páirteanna spártha do chóras Haller USM a thuilleadh, ach déanann sé a chóras troscáin féin a mhonarú, a thairiscint agus a mhargú, atá comhionann le córas USM. Measann USM go sáraíonn tairiscint Konektra a chóipcheart i gcóras Haller USM mar shaothar ealaíne feidhmí nó, ar a laghad, gur aithris neamhdhleathach í faoi dhlí na hiomaíochta.

37

Dá bhrí sin, thionscain USM caingean i gcoinne Konektra ag lorg ‘urghaire, soláthar faisnéise agus tíolacadh cuntas’, chomh maith le ‘aisíocaíocht ar na costais arna dtabhú agus rabhadh foirmiúil á thabhairt, agus dearbhú go raibh sé faoi dhliteanas damáistí a íoc’. Sheas Landgericht Düsseldorf (an Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin) leis na héilimh sin, go príomha ar bhonn dhlí an chóipchirt.

38

Ar achomharc, áfach, dhiúltaigh Oberlandesgericht Düsseldorf (Ard-Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin) do na héilimh sin faoi dhlí an chóipchirt. Chinn an chúirt sin nach saothar ealaíona feidhmí é córas troscáin mhodúlaigh USM Haller atá faoi chosaint cóipchirt ós rud é nár chomhlíon sé na coinníollacha a leagtar síos i gcásdlí na Cúirte a eascraíonn, inter alia, as breithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel (C‑683/17, EU:C:2019:721), agus an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle (C‑833/18, EU:C:2020:461), chun a mheas gur saothar ealaíne feidhmí é, de réir bhrí Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29.

39

Thaisc USM agus Konektra achomhairc ar phointe dlí (Athbhreithniú) i gcoinne chinneadh Oberlandesgericht Düsseldorf (Ard-Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf) os comhair an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

40

Measann an chúirt a rinne an tarchur go mbraitheann toradh na díospóide sna príomhimeachtaí ar léiriú an choincheapa ‘saothar’, de réir bhrí Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, ar dá réir nach mór dhá shaintréith a bheith ag an ábhar chun é a aicmiú mar shaothar, eadhon, ar an gcéad dul síos, nach mór don ábhar atá i gceist a bheith úrnua, sa mhéid nach mór gurb é cruthú intleachtúil an údair féin é, mar léiriú ar a roghanna saora agus cruthaitheacha, agus, ar an dara dul síos, nach féidir cur i gcrích an ábhair sin a chinneadh le breithnithe teicniúla, rialacha ná srianta eile, rud nár fhág áit do shaoirse chruthaitheach.

41

Aithníonn an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, gurb ionann córas troscáin mhodúlaigh USM Haller agus ‘léiriú leordhóthanach’ de réir bhrí an dara critéar a leagtar síos sa chásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel (C‑683/17, EU:C:2019:721), lena gceanglaítear go mbeidh an t‑ábhar inaitheanta le beachtas agus oibiachtúlacht leordhóthanach fiú mura gá go mbeadh an léiriú sin buan. I dtuairim na cúirte a rinne an tarchur, ceadaítear le córas troscáin mhodúlaigh USM Haller ‘sainaithint oibiachtúil’, ós rud é go bhfuil sé comhdhéanta de líon teoranta gnéithe aonair atá comhcheangailte i gcóras agus a léiríonn imprisean foriomlán saintréitheach agus athfhillteach.

42

I ndáil leis sin, ní chuireann an chúirt a rinne an tarchur as an áireamh go bhféadfadh, i gcás ábhar ealaíne feidhmí, gaol riail-eisceachta a bheith ann idir cosaint dearaí agus cosaint cóipchirt, sa chaoi, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht an ábhair sin chun críocha cóipchirt, go bhforchuirfear ceanglais níos déine maidir le roghanna saora agus cruthaitheacha an údair ná maidir le cineálacha eile ábhair.

43

Luaitear ann freisin go n‑eascraíonn an cheist an mbraitheann an measúnú ar úrnuacht an ábhair ar dhearcadh suibiachtúil an údair nó ar cheart critéar oibiachtúil a chur i bhfeidhm. Measann an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, nár bunaíodh go soiléir fós i gcásdlí na Cúirte an féidir, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht an ábhair, imthosca seachtracha dá chruthú agus ina dhiaidh a chur san áireamh, amhail é a thaispeáint i dtaispeántais ealaíne nó i músaeim, nó é a aithint i gciorcail ghairmiúla.

44

Sna himthosca sin, chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

I gcás saothair ealaíne fheidhmeach, an bhfuil gaol riail-eisceachta ann idir cosaint faoin dlí dearaidh agus cosaint faoi dhlí an chóipchirt sa chaoi is, agus úrnuacht na saothar sin á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, nach mór ceanglais níos airde a chur ar roghanna cruthaitheacha agus saora an chruthaitheora agus úrnuacht na saothar sin?

2.

Agus úrnuacht á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, ar cheart dearcadh suibiachtúil an chruthaitheora ar an bpróiseas cruthaithe a chur san áireamh (chomh maith) agus, go háirithe, ar cheart don chruthaitheoir na cinntí cruthaitheacha saora a dhéanamh go comhfhiosach ionas gur féidir iad a mheas mar chinntí cruthaitheacha saora de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?

3.

Más rud é, mar chuid den scrúdú ar an úrnuacht, go ndírítear go príomha ar cé acu ar cuireadh cruthú ealaíonta in iúl go hoibiachtúil sa saothar agus a mhéid a chuirtear sin in iúl: an féidir imthosca a tharlaíonn tar éis an ama a cruthaíodh an dearadh atá cinntitheach don mheasúnú ar úrnuacht a chur san áireamh freisin don scrúdú sin, mar shampla an dearadh a chur i láthair i dtaispeántais ealaíne nó músaeim nó aitheantais an dearaidh i gciorcail ghairmiúla?’

Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

45

Le breith ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Bealtaine 2024, uamadh Cásanna C‑580/23 agus C‑795/23 chun críocha an nós imeachta ó bhéal agus an bhreithiúnais.

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist a tarchuireadh i gCás C‑795/23

46

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur i gCás C‑795/23, go bunúsach, an gá Treoir 2001/29 a léiriú sa chaoi go bhfuil gaol riail-eisceachta idir cosaint dearaidh agus cosaint cóipchirt, sa chaoi, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí, gur gá ceanglais níos déine a chur i bhfeidhm ná mar a leagtar síos do chineálacha eile saothar.

47

Sa chás seo, baineann ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur go sonrach le haicmiú oibiachta praiticiúla mar ‘shaothar’, de réir bhrí Threoir 2001/29. Féachann an chúirt sin, inter alia, le raon feidhme mhír 52 de bhreithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel (C‑683/17, EU:C:2019:721) a shoiléiriú, inar chinn an Chúirt, cé gur féidir, faoi dhlí an Aontais, cosaint dearaí agus an chosaint a bhaineann le cóipcheart a dheonú go carnach don ábhar céanna, nach féidir an chosaint chomhthráthach sin a bheartú ach amháin i gcásanna áirithe.

48

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gurb ionann an coincheap ‘saothair’ a chumhdaítear le hAirteagal 2(a) de Threoir 2001/29, mar is léir ó chásdlí socair na Cúirte, agus coincheap uathrialach de dhlí an Aontais nach mór a léiriú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus lena gceanglaítear dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, tugtar le fios leis go bhfuil ábhar úrnua ann, sa mhéid gur cruthú intleachtúil an údair féin é. Ar an dara dul síos, forchoimeádtar aicmiú mar shaothar do na heilimintí a léiríonn cruthú intleachtúil den sórt sin (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, míreanna 29 go 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha sin, eascraíonn sé ón gcásdlí, chun go bhféadfaí an t‑ábhar a mheas mar úrnua, tá sé riachtanach agus leordhóthanach go léiríonn sé pearsantacht a údair, mar léiriú ar a roghanna saora agus cruthaitheacha. Mar mhalairt ar sin, i gcás ina gcinntear cur i gcrích ábhair le cúinsí teicniúla, rialacha nó srianta eile, nach bhfuil aon saoirse cruthaitheach fágtha acu, ní féidir a mheas go bhfuil an úrnuacht is gá ag an ábhar sin chun go bhféadfaí é a mheas mar shaothar é (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, míreanna 30 agus 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Dá bhrí sin, tá an ceanglas go léireofar pearsantacht an údair san ábhar a n‑éilítear cosaint ina leith, trí roghanna saora agus cruthaitheacha an údair sin a léiriú, cinntitheach don choincheap ‘úrnuacht’ agus, dá bhrí sin, do chosaint cóipchirt faoi dhlí an Aontais.

51

Os a choinne sin, maidir le cosaint dearaí a chumhdaítear le Treoir 98/71, is infheidhme maidir le dearaí a chláraítear i mBallstát nó i ndáil le Ballstát, nó le Rialachán Uimh. 6/2002, is infheidhme maidir le dearaí a chosnaítear ar leibhéal an Aontais, tá feidhm ag critéar cosanta oibiachtúil eile, is é sin critéar úrnuachta agus carachtar sainiúil. Déantar measúnú ar an gcritéar sin trí thagairt a dhéanamh do dhearaí níos luaithe agus, sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh aon dearadh atá sainiúil go leor chun an tuiscint amhairc fhoriomlán difriúil a chruthú a bheith incháilithe do chosaint.

52

Mínítear an t‑idirdhealú sin idir na critéir maidir le cosaint toisc go saothraítear cuspóirí éagsúla le cosaint dearaí, ar thaobh amháin, agus leis an gcosaint a thugtar le cóipcheart, ar an taobh eile, agus go bhfuil siad faoi réir rialacha sainiúla. Is é is cuspóir do chosaint dearaí ná ábhar a chosaint, ar ábhar é atá feidhmiúil agus ar dócha go ndéanfar olltáirgeadh air, cé go bhfuil sé nua agus sainiúil. Thairis sin, beidh feidhm ag an gcosaint sin ar feadh tréimhse theoranta, ach tréimhse leordhóthanach chun toradh ar an infheistíocht is gá a áirithiú chun an t‑ábhar sin a chruthú agus a tháirgeadh, gan srian iomarcach a chur ar an iomaíocht dá bhrí sin. Maidir le cosaint cóipchirt, tá an chosaint a bhaineann leis an gcóipcheart, a bhfuil a ré i bhfad níos faide, forchoimeádta d’ábhar ar fiú é a aicmiú mar shaothair (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, mír 50).

53

Ar na cúiseanna sin, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar chosaint cóipchirt a dheonú d’ábhar atá cosanta mar dhearadh go mbainfí an bonn de chuspóirí agus d’éifeachtacht an dá chineál cosanta sin faoi seach (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721,mír 51).

54

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, ní féidir, mar riail ghinearálta, caitheamh leis an ábhar a chosnaítear mar dhearadh ar an mbealach céanna le hábhar ar saothair iad a chosnaítear le Treoir 2001/29 (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 40). Ar an dara dul síos, níl aon nasc uathoibríoch idir deonú na cosanta faoin dlí maidir le dearaí agus cosaint faoi dhlí an chóipchirt. Ar an tríú dul síos, níor cheart na coinníollacha maidir le cosaint den sórt sin, eadhon úrnuacht agus carachtar sainiúil ar thaobh amháin, agus úrnuacht ar an taobh eile, a mheascadh.

55

Cé nach bhfuil an chosaint a fhorchoimeádtar do dhearaí agus an chosaint a áirithítear le cóipcheart comheisiach (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 43) agus gur féidir iad a dheonú go carnach don ábhar céanna, tá an chosaint chomhthráthach sin teoranta do chásanna áirithe (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 52), ós rud é go meastar go gcruthaíonn údar saothar uathúil ar a bhfuil inphriontáil phearsantacht an údair, atá cosanta, dá réir sin, i gcomhréir le Treoir 2001/29.

56

Mar sin féin, níl aon ghaol idir riail agus eisceacht agus an chosaint a fhorchoimeádtar do dhearaí agus an chosaint a áirithítear le cóipcheart.

57

Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfar dearadh a aicmiú mar ‘shaothar’, de réir bhrí Threoir 2001/29, má chomhlíonann sé an dá cheanglas a leagtar amach i mír 48 den bhreithiúnas seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 48) agus nach mór úrnuacht ábhair ealaíne feidhmí a mheasúnú de réir na gceanglas céanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar úrnuacht cineálacha eile ábhair.

58

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist i gCás C‑795/23 nach mór Treoir 2001/29 a léiriú sa chaoi nach bhfuil gaol riail-eisceachta idir cosaint dearaidh agus cosaint cóipchirt, agus mar thoradh air sin, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí, gur gá ceanglais níos déine a chur i bhfeidhm ná mar a leagtar síos do chineálacha eile saothar.

An chéad cheist agus an dara ceist i gCás C‑580/23 agus an dara agus an tríú ceist i gCás C‑795/23

59

Leis an gcéad cheist agus an dara ceist i gCás C‑580/23 agus leis an dara agus an tríú ceist i gCás C‑795/23, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 a léiriú sa chaoi, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí, gur gá tosca a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach agus le rúin an údair a chur san áireamh, nó gnéithe a thabharfá faoi deara san ábhar féin. I ndáil leis sin, tá amhras ar na cúirteanna a rinne an tarchur maidir leis an ról a bhí ag gnéithe breise sa mheasúnú sin, amhail cruthanna atá ar fáil cheana féin a úsáid i gcruthú an ábhair lena mbaineann, inspioráid an údair ó ábhar atá ann cheana, an dóchúlacht go gcruthófaí cruthú neamhspleách comhchosúil nó go n‑aithneofaí an cruthú i gciorcail ghairmiúla.

Measúnú ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí

60

Maidir leis an measúnú ar chritéar na húrnuachta, ba cheart a mheabhrú, sa chás seo, go bhfuil amhras ar an dá chúirt a rinne an tarchur maidir leis an gcaoi a ndéanfar measúnú ar na roghanna cruthaitheacha a rinneadh i gcruthú ábhair fheidhmiúla, amhail troscán.

61

Leanann sé ón gcásdlí a luaitear i míreanna 48 agus 49 den bhreithiúnas seo, chun carachtar úrnua saothar faoi dhlí an chóipchirt a shuí, nach mór don chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair a mheas an ionann an t‑ábhar a n‑éilítear cosaint ina leith agus léiriú ar roghanna saora agus cruthaitheacha lena léirítear pearsantacht a údair.

62

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 41 dá Thuairim, ní mór an measúnú sin a dhéanamh agus cineál sonrach chineál na saothar lena mbaineann á chur san áireamh. Tá difríocht idir saothair ealaíne feidhmí agus catagóirí saothar eile toisc, sa chéad áit, gur ábhair fheidhmiúla iad. Is toradh iad na n‑ábhar sin ar fhios agus ar roghanna a gcruthaitheoirí, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srianta teicniúla, eirgeanamaíocha nó sábháilteachta, nó a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chaighdeáin nó ar choinbhinsiúin arna nglacadh san earnáil lena mbaineann.

63

I ndáil leis sin, shonraigh an Chúirt go bhféadfadh an t‑ábhar a chomhlíonann coinníoll na húrnuachta a bheith incháilithe do chosaint cóipchirt, fiú má chinntear a chur i gcrích le breithnithe teicniúla go páirteach, ar choinníoll nár chuir a leagan síos amhlaidh cosc ar an údar a phearsantacht a léiriú san ábhar sin, mar léiriú ar roghanna saora agus cruthaitheacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 26).

64

Leanann sé ón gcásdlí nach féidir critéar na húrnuachta a chomhlíonadh leis na comhpháirteanna ábhair nach ndéantar a idirdhealú ach de réir a bhfeidhme teicniúla, ós rud é nach mbaineann cosaint cóipchirt le smaointe. I gcás ina leagtar síos léiriú na gcomhpháirteanna sin de réir a bhfeidhme teicniúla, tá na modhanna éagsúla chun smaoineamh a chur chun feidhme chomh teoranta sin go mbeidh an smaoineamh agus a léiriú doscartha (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meith 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65

Dá bhrí sin, i ndlí an chóipchirt, ní féidir nádúr cruthaitheach na roghanna a dhéanann údar an ábhair a thoimhdiú. Dá bhrí sin, ní mór don chúirt a dtugtar an cheist os a comhair maidir le húrnuacht ábhar feidhmiúil na roghanna cruthaitheacha a lorg agus a shainaithint i gcruth an ábhair sin chun go mbeidh sí in ann a dhearbhú go bhfuil sé faoi chosaint cóipchirt, agus é á shonrú, fiú i gcás ina bhfuil roghanna déanta ag an údar nach bhfuil faoi réir srianta teicniúla nó srianta eile, nach féidir a thoimhdiú go bhfuil na roghanna sin cruthaitheach, chun críocha cóipchirt (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 32).

66

A mhéid a bhaineann leis na comhpháirteanna d’ábhar feidhmiúil, cuirtear faoi réir na rialacha céanna iad agus an t‑ábhar ina iomláine. Dá bhrí sin, tá cosaint ag comhpháirteanna saothair faoi Airteagal 2(a) de Threoir 2001/29 ar choinníoll go bhfuil eilimintí iontu arb ionann iad agus léiriú úrnua údair an tsaothair sin agus, dá réir sin, go bhfuil úrnuacht an tsaothair ina iomláine acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2009, Infopaq International, C‑5/08, EU:C:2009:465, míreanna 38 agus 39).

67

Ba cheart a lua freisin, cé gur fíor go bhfuil ról ag breithnithe ealaíne nó aeistéitiúla i ngníomhaíocht chruthaitheach, nach bhfágann an fíoras go ngineann dearadh éifeacht den sórt sin, ann féin, gur féidir a chinneadh an cruthú intleachtúil é an dearadh sin a léiríonn saoirse rogha agus pearsantacht a údair, agus ar an gcaoi sin ceanglas na húrnuachta a chomhlíonadh (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 54).

68

Dá bhrí sin, ós rud é go ngineann dearadh, thar a chuspóir praiticiúil, éifeacht amhairc shonrach agus shuntasach ó thaobh na haeistéitice nó na healaíne, ní leor sin ann féin chun údar a thabhairt leis an dearadh sin a aicmiú mar ‘shaothar’, de réir bhrí Threoir 2001/29 (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 55).

Breithniú ar an bpróiseas cruthaitheach agus rún an údair

69

Fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur an gá úrnuacht ábhar feidhmiúil, amhail an troscán a bhfuil cosaint cóipchirt á héileamh ina leith sa chás seo, a mheasúnú agus aird á tabhairt, inter alia, ar a bhfuil ar intinn ag a údar le linn an phróisis cruthaithe.

70

Leanann sé ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 48 agus 49 den bhreithiúnas seo, chun gur féidir an t‑ábhar a mheas mar chruthú úrnua, go bhfuil sé riachtanach agus leordhóthanach go ‘léirítear’ pearsantacht a údair, mar ‘léiriú’ ar a roghanna saora agus cruthaitheacha.

71

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 45 dá Thuairim, léiríonn úsáid na bhfocal ‘machnamh’ agus ‘léiriú’ go soiléir nach mór roghanna den sórt sin agus pearsantacht an údair a bheith infheicthe san ábhar a n‑éilítear cosaint ina leith.

72

Maidir leis an dara critéar dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, shonraigh an Chúirt gurb é atá i gceist leis an gcoincheap ‘saothar’, atá faoi réir Threoir 2001/29, ábhar a bheith ann ar féidir é a shainaithint le beachtas agus oibiachtúlacht leordhóthanach. Is é is cúis leis sin, ar an gcéad dul síos, nach mór do na húdaráis atá freagrach as a áirithiú go ndéantar na cearta eisiacha a bhaineann go dlúth le cóipcheart a chosaint a bheith in ann an t‑ábhar a chosnaítear amhlaidh a shainaithint go soiléir agus go beacht. Chomh maith leis sin, ní mór do thríú páirtithe ar féidir an chosaint a éilíonn údar an ábhair sin a dhearbhú ina gcoinne. Ar an dara dul síos, ciallaíonn an gá atá le haon ghné shuibiachtúlachta a eisiamh, rud a dhéanann dochar do dheimhneacht dhlíthiúil, agus an t‑ábhar sin á shainaithint nach mór an t‑ábhar sin a bheith curtha in iúl ar bhealach oibiachtúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, míreanna 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73

Dá bhrí sin, mar a mheabhraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo, ní mór don chúirt a n‑iarrtar uirthi scrúdú a dhéanamh ar an gceist maidir le húrnuacht an ábhair na roghanna cruthaitheacha ‘i gcruth’ an ábhair sin a lorg agus a shainaithint d’fhonn a dhearbhú go bhfuil sé faoi chosaint cóipchirt mar shaothar.

74

Tá an ceanglas sin maidir le hábhar atá inaitheanta mar shaothar bunaithe ar phrionsabal bunúsach dhlí an chóipchirt, ar dá réir nach smaointe iad a chosnaítear, ach a léiriú amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 27). Mar sin féin, tagann rúin an údair faoi réimse na smaointe. Dá bhrí sin, ní féidir iad a chosaint ach amháin a mhéid a chuir an t‑údar in iúl iad sa saothar lena mbaineann.

75

Dá bhrí sin, féadfaidh an chúirt a bhfuil an cheist maidir le húrnuacht an ábhair sin á breithniú aici an próiseas cruthaitheach agus rúin an údair a chur san áireamh, ar choinníoll go gcuirtear na gnéithe sin in iúl san ábhar sin féin, ach ní féidir léi, áfach, a measúnú a bhunú go cinntitheach ar na gnéithe sin.

Measúnú ar ghnéithe eile

76

Fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur cén tábhacht atá le tabhairt, agus measúnú á dhéanamh acu ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí, do ghnéithe amhail an úsáid a bhaineann údar na gcruthanna atá ar fáil cheana féin, an inspioráid a ghlac an t‑údar ón ábhar atá ann cheana, cruthú neamhspleách comhchosúil a bheith ann nó an fhéidearthacht go gcruthófaí é, nó gnéithe tar éis an t‑ábhar a chruthú, amhail é a thaispeáint i dtaispeántais nó i músaeim nó, ar bhonn níos ginearálta, é a aithint i gciorcail ghairmiúla.

77

Ní mór a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair, d’fhonn a mheas an cruthú úrnua é ábhar agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé cosanta ag cóipcheart, gur faoin gcúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair atá sé gnéithe ábhartha uile an cháis ar leith a chur san áireamh, mar a bhí siad nuair a dearadh an t‑ábhar sin, gan beann ar na tosca seachtracha den chruthú agus ina dhiaidh (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 37).

78

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, mar a mheabhraigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 54 dá Thuairim, ní eisiatar úrnuacht leis an úsáid a bhaineann an t‑údar as cruthanna atá ar fáil cheana féin. D’fhéadfadh ábhar atá comhdhéanta de chruthanna atá ar fáil amháin a bheith úrnua i gcás inar léirigh an t‑údar a roghanna cruthaitheacha i leagan amach na gcruthanna sin.

79

Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann sé leis an gcás ina bhfuil údar an ábhair tar éis inspioráid a fháil ó ábhar atá ann cheana, beidh cosaint cóipchirt teoranta d’eilimintí cruthaitheacha an údair féin a shainaithint. I gcás inar ‘malairt’ ar shaothar atá ann cheana é an t‑ábhar atá i gceist, saothar a chruthaigh an t‑údar céanna agus an bunchóip de réir sainmhínithe, d’fhéadfadh sé a bheith incháilithe do chosaint cóipchirt fad is a fhanfaidh na ghnéithe cruthaitheacha a atáirgtear ann agus gurb ionann iad agus inphrionta phearsantacht an údair chéanna. Mar mhalairt ar sin, i gcás ina bhfuil na húdair difriúil, ní mór an t‑ábhar sin a mheas mar shaothar spreagtha, is é sin le rá, mar shaothar nach n‑atáirgeann na gnéithe cruthaitheacha de shaothar eile ann féin, ach a tharraingíonn orthu ar bhealach eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh an saothar nua tairbhe a bhaint freisin as an gcosaint sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos leis an gcásdlí a luaitear i mír 48 den bhreithiúnas seo.

80

Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, fiú mura leagtar síos ceanglas úrnuachta le dlí an chóipchirt, go bhféadfadh cruthú ábhair ag údar difriúil atá cosúil nó comhionann le hábhar sonrach, sula gcruthófar an t‑ábhar sonrach sin, a bheith ina léiriú ábhartha ar leibhéal íseal úrnuachta an ábhair sin, nó fiú ar easpa úrnuachta an ábhair sin. Is amhlaidh fós, i gcás ábhar ealaíne feidhmí, i gcás ina gcuireann srianta éagsúla a bhfuil feidhm theicniúil acu teorainn le saoirse údar, nach féidir a chur as an áireamh go hiomlán go bhféadfadh roghanna cruthaitheacha a bheith déanta ag beirt údar, go neamhspleách, comhchosúil, nó fiú comhionann.

81

Ar an gceathrú dul síos, agus ar deireadh, maidir le himthosca, amhail ábhar a thaispeáint i dtaispeántais ealaíne nó i músaeim agus a aithint i gciorcail ghairmiúla, níl na himthosca sin, atá seachtrach ar chruthú an ábhair sin agus ina dhiaidh, riachtanach ná cinntitheach iontu féin, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 77 den bhreithiúnas seo.

82

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist i gCás C‑580/23 agus ar an dara agus ar an tríú ceist i gCás C‑795/23 nach mór Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 a léiriú sa chaoi gurb ionann an t‑ábhar lena léirítear pearsantacht an údair mar léiriú ar a roghanna saora agus cruthaitheacha agus saothar, de réir bhrí na bhforálacha sin. Níl roghanna a chinntear le srianta éagsúla, go háirithe srianta teicniúla, a cheangail an t‑údar sin le linn chruthú an ábhair sin, saor agus cruthaitheach, ná na roghanna sin, cé go bhfuil siad saor, nach bhfuil lorg phearsantacht an údair orthu trí chuma uathúil a thabhairt don ábhar sin. Féadfar imthosca amhail rún an údair le linn an phróisis chruthaithigh, a fhoinsí nó a foinsí inspioráide agus úsáid cruthanna atá ar fáil cheana féin, an fhéidearthacht go mbeadh cruthú neamhspleách comhchosúil ann, nó aitheantas don ábhar sin i gciorcail ghairmiúla a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ach ní bheidh siad, in aon chás, riachtanach ná cinntitheach chun úrnuacht an ábhair a bhfuil cosaint á héileamh ina leith a shuí.

An tríú ceist agus an ceathrú ceist i gCás C‑580/23

83

Lena tríú agus a ceathrú ceist i gCás C‑580/23, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 a léiriú sa chaoi, chun sárú ar chóipcheart a bhunú, gur gá, ar an gcéad dul síos, a chinneadh ar atáirgeadh na gnéithe cruthaitheacha san ábhar ar bhealach inaitheanta, nó an leor an tuiscint amhairc fhoriomlán céanna ina leith sin, agus, ar an dara dul síos, méid úrnuacht an tsaothair lena mbaineann agus cruthú comhchosúil a chur san áireamh.

84

I ndáil leis sin, sa chéad áit, ba cheart a mheabhrú, faoi dhlí an chóipchirt, go bhfuil sárú mar thoradh ar shaothar a úsáid gan údarú an údair (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 21).

85

Chinn an Chúirt go bhféadfadh úsáid neamhúdaraithe saothair a bheith ina sárú den sórt sin fiú i gcás ina mbaineann sé le cuid réasúnta beag den saothar sin, chomh fada is go léiríonn an ghné sin, inti féin, cruthú intleachtúil an údair féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2009, Infopaq International, C‑5/08, EU:C:2009:465, mír 47).

86

Dá bhrí sin, chun sárú ar chóipcheart a shuí, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, ar an gcéad dul síos, úsáid neamhúdaraithe a bhaint as gnéithe cruthaitheacha úrnua an tsaothair faoi chosaint ar a laghad agus, ar an dara dul síos, a chinneadh ar atáirgeadh na gnéithe sin, is é sin le rá, na gnéithe sin a léiríonn roghanna a léiríonn pearsantacht an údair, ar bhealach inaitheanta san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach (féach, chuige sin agus de réir análaí, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Pelham agus páirtithe eile, C‑476/17, EU:C:2019:624, mír 39).

87

Os a choinne sin, chun measúnú a dhéanamh ar shárú cóipchirt faoi Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, ní féidir leis an gcomparáid idir an tuiscint fhoriomlán a chruthaítear leis an ábhar contrártha a bheith cinntitheach, ós rud é go mbaineann an critéar sin le cosaint dearaí.

88

Sa dara háit, maidir le leibhéal úrnuachta an tsaothair faoi chosaint a mheas, ba cheart a mheabhrú, i gcás ina bhfuil na saintréithe a leagtar amach i mír 48 den bhreithiúnas seo ag an ábhar agus, dá bhrí sin, gur saothar é, ní mór dó, sa cháil sin, a bheith incháilithe do chosaint cóipchirt, i gcomhréir le Treoir 2001/29, agus ní mór a chur leis nach mbraitheann méid na cosanta sin ar mhéid na saoirse cruthaithí a fheidhmíonn a údar, agus nach féidir, dá bhrí sin, an chosaint sin a bheith níos laige ná an chosaint a bhfuil aon saothar a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin ina teideal (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 35).

89

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt, go háirithe maidir le hábhair fheidhmiúla, cé go bhfágann cruthanna éagsúla a d’fhéadfadh na torthaí teicniúla céanna a bhaint amach gur féidir a shuíomh go bhfuil rogha ann, nach bhfuil sé cinntitheach agus measúnú á dhéanamh ar na tosca a raibh tionchar acu ar an rogha a rinne an t‑údar. Ar an gcaoi chéanna, ní bhaineann rún an tsáraitheora líomhainte le hábhar i measúnú den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Brompton Bicycle, C‑833/18, EU:C:2020:461, mír 35).

90

Sa tríú háit, maidir le foinse choiteann inspioráide a bheith ann don dá ábhar atá ag teacht salach ar a chéile, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 71 dá Thuairim, ar an gcéad dul síos, i gcás ina bhfuil an dá ábhar atá i gceist bunaithe ar an saothar céanna roimhe sin nó, go deimhin, ar dhearadh na gnéithe cruthaitheacha ‘nua’ amháin, is gnéithe úrnua den saothar díorthach iad agus ní sárú féideartha ar chóipcheart ach atáirgeadh na gnéithe nua sin. Ar an dara dul síos, ní sárú den sórt sin é an fíoras go leantar an treocht ealaíonta chéanna nó an sruth céanna le húdar saothair níos luaithe in éagmais atáirgeadh gnéithe cruthaitheacha den saothar níos luaithe sin atá inaitheanta go sonrach.

91

Ar deireadh, maidir le cruthú neamhspleách comhchosúil a bheith ann, cé go bhfuil na féidearthachtaí don chruthaitheacht teoranta ar chúiseanna teicniúla i gcás ábhar ealaíne feidhmí, ní eisiatar cás den sórt sin go hiomlán agus, fiú dá mbunófaí é, ní sárú ar chóipcheart a bheadh ann. Chun sárú féideartha ar chóipcheart a shuíomh, is faoin gcúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair atá sé a mheas an ann do chruthú neamhspleách den sórt sin i ndáiríre, agus gnéithe ábhartha uile an cháis ar leith á gcur san áireamh, mar a bhí siad nuair a cruthaíodh an t‑ábhar atá i gceist, gan beann ar thosca seachtracha ar an gcruthú agus ina dhiaidh. Ní leor cás den sórt sin a bheith ann chun údar a thabhairt le diúltú cosaint cóipchirt a dheonú.

92

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an tríú agus ar an gceathrú ceist i gCás C‑580/23 nach mór Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 a léiriú sa chaoi, chun sárú ar chóipcheart a bhunú, gur gá a chinneadh ar atáirgeadh gnéithe cruthaitheacha den saothar faoi chosaint ar bhealach inaitheanta san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach. Ní bhaineann imprisean amhairc foriomlán chéanna arna gcruthú ag an ábhar atá ag teacht salach ar a chéile agus méid úrnuachta an tsaothair lena mbaineann le hábhar. Ní féidir leis an bhféidearthacht cruthú comhchosúil a bheith ina údar le diúltú cosaint a dheonú.

Costais

93

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirteanna a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl gaol riail-eisceachta idir cosaint dearaidh agus cosaint cóipchirt, agus mar thoradh air sin, agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht ábhar ealaíne feidhmí, is gá ceanglais níos déine a chur i bhfeidhm ná mar a leagtar síos do chineálacha eile saothar.

 

2.

Maidir le hAirteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is saothar é ábhar a léiríonn pearsantacht a údair mar léiriú ar a roghanna saora agus cruthaitheacha, de réir bhrí na bhforálacha sin. Níl roghanna a chinntear le srianta éagsúla, go háirithe srianta teicniúla, a cheangail an t‑údar sin le linn chruthú an ábhair sin, saor agus cruthaitheach, ná na roghanna sin, cé go bhfuil siad saor, nach bhfuil lorg phearsantacht an údair orthu trí chuma uathúil a thabhairt don ábhar sin. Níl imthosca amhail rún an údair le linn an phróisis chruthaithigh, a fhoinsí inspioráide agus úsáid cruthanna atá ar fáil cheana féin, an fhéidearthacht go gcruthófaí ábhar neamhspleách comhchosúil nó go n‑aithneofaí an t‑ábhar sin i gciorcail ghairmiúla, riachtanach ná cinntitheach chun úrnuacht an ábhair a bhfuil cosaint á héileamh ina leith a bhunú.

 

3.

Maidir le hAirteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

chun sárú féideartha ar chóipcheart a shuí, is gá a chinneadh an ndearnadh gnéithe cruthaitheacha den saothar faoi chosaint a atáirgeadh ar bhealach inaitheanta san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach. Tá an tuiscint amhairc fhoriomlán chéanna arna gcruthú ag an dá ábhar atá ag teacht salach ar a chéile agus méid úrnuachta an tsaothair neamhábhartha. Ní féidir leis an bhféidearthacht cruthú comhchosúil a bheith ina údar le diúltú cosaint a dheonú.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teangacha an cháis: an Ghearmáinis agus an tSualainnis.