BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
2 Nollaig 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(7) – An coincheap ‘rialaitheoir’ – An fhreagracht atá ar oibreoir margaidh ar líne maidir le foilsiú sonraí pearsanta atá i bhfógraí arna gcur ar a mhargadh ar líne ag úsáideoirí is fógróirí – Airteagal 5(2) – Prionsabal na cuntasachta – Airteagal 26 – Freagracht chomhpháirteach leis na húsáideoirí is fógróirí sin – Airteagal 9(1) agus (2)(a) – Fógraí a bhfuil sonraí íogaire iontu – Dlíthiúlacht na próiseála – Toiliú – Airteagail 24, 25 agus 32 – Oibleagáidí an rialaitheora – Na fógraí a bhfuil sonraí den sórt sin iontu a shainaithint roimh ré – Céannacht an úsáideora is fógróir a fhíorú roimh ré – Foilsiú fógraí aindleathacha a dhiúltú – Cosaintí chun cóipeáil agus foilsiú na bhfógraí ar shuíomhanna gréasáin eile a chosc – Trádáil leictreonach – Treoir 2000/31/CE – Airteagail 12 go 15 – An fhéidearthacht d’oibreoir den sórt sin, i bhfianaise sárú ar na hoibleagáidí sin, brath ar dhíolúine ó dhliteanas le haghaidh soláthraí idirmheánach de sheirbhís sochaí faisnéise)
I gCás C‑492/23,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Curtea de Apel Cluj (Cúirt Achomhairc Cluj, an Rómáin), trí bhreith an 15 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Lúnasa 2023, sna himeachtaí
X
v
Russmedia Digital SRL,
Inform Media Press SRL,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, I. Jarukaitis, M. L. Arastey Sahún, I. Ziemele, J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, E. Regan, N. Jääskinen agus D. Gratsias, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 2 Iúil 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
X, ag I Kis, avocată, |
|
– |
Rialtas na Rómáine, ag E. Gane, L. Ghiţă agus R. I. Haţieganu, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, H. Kranenborg, P.-J. Loewenthal, agus L. Nicolae, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Feabhra 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir um thrádáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1) agus Airteagal 2(4), Airteagal 4(7) agus (11), Airteagal 5(1)(b) agus (f), Airteagal 6(1)(a) agus Airteagail 7, 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir duine nádúrtha, X, agus Russmedia Digital SRL agus Inform Media Press SRL (le chéile, ‘Russmedia’), maidir le caingean le haghaidh cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a d’fhulaing an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí mar thoradh ar phróiseáil neamhdhleathach a sonraí pearsanta agus sárú ar a ceart chun íomhá poiblí, chun onóra agus chun saoil phríobháidigh. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Treoir 2000/31
|
3 |
De bhun aithrisí 14, 42, 46 agus 52 de Threoir 2000/31:
[...]
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Cuspóir agus raon feidhme’: ‘1. Féachtar leis an Treoir seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit. [...] 5. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
I Roinn 4 de Chaibidil II de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Dliteanas soláthraithe idirmheánacha’, áirítear, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, Airteagail 12 go 15 den Treoir sin. Baineann Airteagail 12 agus 13 di, i gcomhréir lena gceannteidil faoi seach, le ‘gníomhaíocht nach bhfuil i gceist léi ach iompar (“cainéal fórach”)’, agus ‘cineál stórála a dtugtar “taisceadh” air’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 14 den Treoir sin, dar teideal ‘Óstáil’: ‘1. ‘Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nach mbeidh an soláthraí freagrach as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag gníomhú faoi údarás nó faoi rialú na soláthraithe. 3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht atá ag cúirt nó údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí na mBallstát, a cheangal ar an soláthraí deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc, ná ní dhéanfaidh sé difear ach oiread don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú lena rialófar baint nó díchumasú rochtana ar fhaisnéis den sórt sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 15(1) agus (2) den Treoir chéanna, dar teideal ‘Gan oibleagáid ghinearálta faireacháin’: ‘1. Ní bheidh ar na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar na soláthraithe, don soláthar seirbhísí dá dtagraítear in Airteagail 12, 13 agus 14, chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil acu, nó oibleagáid ghinearálta chun bheith ag lorg fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht aindleathach le fios go gníomhach. 2. Féadfaidh na Ballstáit oibleagáid a bhunú do sholáthraithe seirbhísí sochaí faisnéise chun na húdaráis phoiblí inniúla a chur ar an eolas go pras faoi ghníomhaíochtaí aindleathacha a líomhnaítear a bheith déanta ag faighteoirí a seirbhísí nó faoi fhaisnéis aindleathach líomhainte arna soláthar ag faighteoirí a seirbhísí nó chun faisnéis a chur in iúl do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, ar faisnéis í lena bhféadfar faighteoirí a seirbhísí a shainaithint lena bhfuil comhaontú maidir le hóstáil acu.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
RGCS
|
8 |
Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 4, 10, 39, 51, 74, 75, 78 agus 85 de RGCS:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
|
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 1(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’: ‘Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.’ |
|
10 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2(4) den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme ábhartha’: ‘Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm [Threoir 2000/31], go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.’ |
|
11 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
[...]
[...]’ |
|
12 |
I gCaibidil II de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail’, áirítear, inter alia, Airteagail 5 go 9. |
|
13 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 5 den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’: ‘1. Maidir le sonraí pearsanta:
[...]
[...]
2. Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’ |
|
14 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’: ‘Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:
|
|
15 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 7(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Coinníollacha maidir le toiliú’: ‘I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t‑ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.’ |
|
16 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 9(1) agus (2) de RGCS sin, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’: ‘1. Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:
[...]’ |
|
17 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 13(1)(a) den Rialachán sin, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’: ‘I gcás go mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí tráth a fhaighfear na sonraí pearsanta:
|
|
18 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 14(1)(a) den Rialachán sin, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí’: ‘I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:
|
|
19 |
I gCaibidil III den Rialachán sin, dar teideal ‘Cearta an ábhair sonraí’, foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 17 den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)’, i míreanna 1 agus 2: ‘1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas: [...] (d) rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta; [...] 2. I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n‑áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.’ |
|
20 |
I gCaibidil IV de RGCS, dar teideal ‘Rialaitheoir agus próiseálaí’, áirítear, i Roinn 1, dar teideal ‘Oibleagáidí ginearálta’, inter alia, Airteagail 24 go 26 den Rialachán sin. |
|
21 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 24(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Freagracht an rialaitheora’: ‘Agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.’ |
|
22 |
Le hAirteagal 25(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú’: ‘1. Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n‑ábhar sonraí a chosaint. 2. Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseála [a] dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.’ |
|
23 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 26(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Rialaitheoirí comhpháirteacha’: ‘I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n‑ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.’ |
|
24 |
De réir Airteagal 32 de RGCS, dar teideal ‘Slándáil na próiseála’: ‘1. Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n‑áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:
2. Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach. 3. Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. 4. Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.’ |
|
25 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 82(1) go 3 den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas’: ‘1. Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó. 2. Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo. 3. Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.’ |
|
26 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 94 den Rialachán sin: ‘1. ‘Déantar Treoir [95/46] a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.’ 2. Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. [...]’ |
Dlí na Rómáine
|
27 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 11 de Legea nr. 365/2002 privind comerțul electronic (Dlí Uimh. 365/2002 maidir le trádáil leictreonach) an 7 Meitheamh 2002 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 483 an 5 Iúil 2002), arna leasú le Legea nr. 121/2006 pentru modificarea și completarea Legii nr. 365/2002 privind comerțul electronic (Dlí Uimh. 121/2006 lena leasaítear agus lena gcomhlíontar Dlí Uimh. 365/2002 maidir le trádáil leictreonach) an 4 Bealtaine 2006 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 403 an 10 Bealtaine 2006) (‘Dlí Uimh. 365/2002’): ‘1. Beidh soláthraithe seirbhíse faoi réir na bhforálacha reachtúla maidir le dliteanas sibhialta, coiriúil agus riaracháin, mura bhforáiltear a mhalairt sa Dlí seo. 2. Tá soláthraithe seirbhíse faoi dhliteanas i leith na faisnéise a sholáthraíonn siad féin nó a sholáthraítear thar a gceann. 3. Ní bheidh soláthraithe seirbhíse faoi dhliteanas i leith faisnéis a tharchuireann siad, a stórálann siad nó a bhfaigheann siad rochtain uirthi faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 12 go 15.’ |
|
28 |
Le hAirteagal 14 de Dhlí Uimh. 365/2002, dar teideal ‘Faisnéis a choinneáil go buan, óstáil’, foráiltear: ‘1. I gcás ina bhfuil stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse i gceist le seirbhís sochaí faisnéise, ní bheidh soláthraí na seirbhíse sin faoi dhliteanas i leith na faisnéise a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 i gcás ina bhfuil an faighteoir ag gníomhú faoi údarás nó faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse. 3. Le forálacha an Airteagail seo, ní dhéanfar aon dochar don fhéidearthacht atá ag údarás breithiúnach nó riaracháin chun ceangal a chur ar an soláthraí seirbhíse an sárú ar shonraí a fhoirceannadh nó a chosc, ná don fhéidearthacht nósanna imeachta rialtais a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis a theorannú nó a dhíchumasú.’ |
|
29 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 11(1) de na Normele metodologice pentru aplicarea Legii nr. 365/2002 privind comerţul electronic (Rialacha Cur Chun Feidhme Dhlí Uimh. 365/2002 maidir le trádáil leictreonach), arna bhformheas le Hotărârea Guvernului nr. 1.308 privind aprobarea Normelor metodologice pentru aplicarea Legii nr. 365/2002 privind comerţul electronic (Cinneadh Rialtais Uimh. 1.308 maidir le faomhadh Rialacha Cur Chun Feidhme Dhlí Uimh. 365/2002 maidir le trádáil leictreonach) an 20 Samhain 2002 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 877 an 5 Nollaig 2002): ‘Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí sochaí faisnéise a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagail 12 go 15 [de Dhlí Uimh. 365/2002] faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad ná sonraí a lorg go gníomhach a bhaineann le gníomhaíochtaí nó faisnéis a ndealraítear go bhfuil siad neamhdhleathach i réimse sheirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthraíonn siad.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
30 |
Is é Russmedia Digital, cuideachta a corpraíodh faoi dhlí na Rómáine, úinéir an tsuímh gréasáin www.publi24.ro, margadh ar líne ar ar féidir fógraí saor in aisce nó fógraí íoctha a bhaineann, inter alia, le hearraí a dhíol nó le seirbhísí a sholáthar sa Rómáin, a fhoilsiú. |
|
31 |
Maíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí gur fhoilsigh tríú páirtí neamhaitheanta, an 1 Lúnasa 2018, fógra bréagach agus díobhálach ar an suíomh gréasáin sin inar cuireadh in iúl go raibh seirbhísí gnéis á dtairiscint aici. San fhógra sin bhí, inter alia, grianghraif den iarratasóir sna príomhimeachtaí, arna n‑úsáid gan toiliú uaithi, chomh maith lena huimhir teileafóin. Rinneadh an fógra sin a mhacasamhlú ar bhealach comhionann ina dhiaidh sin ar shuíomhanna gréasáin eile a bhíonn ag plé leis an bhfógraíocht, áit ar cuireadh ar líne é, agus cuireadh an fhoinse in iúl. Nuair a chuaigh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i dteagmháil leis, bhain Russmedia Digital an fógra sin dá shuíomh gréasáin níos lú ná uair an chloig tar éis dó an iarraidh a fháil. Mar sin féin, bheadh an fógra céanna fós ar fáil ar shuíomhanna gréasáin eile a ghlac leis. |
|
32 |
Agus í den tuairim gur sáraíodh a cearta chun íomhá poiblí, chun onóra agus chun cáile, agus chun saoil phríobháidigh, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, leis an bhfógra atá i gceist sna príomhimeachtaí, thug an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí caingean i gcoinne Russmedia os comhair Judecătoria Cluj-Napoca (Cúirt Chéadchéime Cluj-Napoca, an Rómáin). D’ordaigh an chúirt sin do Russmedia damáistí EUR 7000 a íoc léi as an damáiste neamhábhartha a rinneadh mar gheall ar an sárú ar an gceart chun íomhá poiblí, chun onóra agus chun cáile agus mar gheall ar an sárú ar an gceart go n‑urramófaí a saol príobháideach agus mar gheall ar phróiseáil neamhdhleathach a sonraí pearsanta chomh maith. |
|
33 |
Rinne Russmedia achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin. Sheas Tribunalul Specializat Cluj (Cúirt Speisialaithe Cluj, an Rómáin) leis an achomharc sin, agus chinn sí go raibh an chaingean a thionscain an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí gan bhunús, ós rud é nár tháinig an fógra atá i gceist sna príomhimeachtaí ó Russmedia, nach ndearna ach amháin seirbhís óstála a sholáthar don fhógra sin, gan rannpháirtíocht ghníomhach Russmedia maidir le hábhar an fhógra sin. Dá réir sin, tá feidhm ag an díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 14(1)(b) de Dhlí Uimh. 365/2002 maidir le Russmedia. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, chinn an chúirt sin nach raibh sé de cheangal ar sholáthraí seirbhísí sochaí faisnéise faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann sé ná sonraí a lorg go gníomhach a bhaineann le gníomhaíochtaí nó faisnéis a dhealraítear a bheith neamhdhleathach. I ndáil leis sin, chinn sí nach bhféadfaí Russmedia a cháineadh toisc nach ndearna sé bearta chun cosc a chur ar scaipeadh ar líne an fhógra chlúmhilltigh atá i gceist sna príomhimeachtaí, ós rud é go ndearna sé an fógra sin a léirscriosadh go pras arna iarraidh sin don iarratasóir sna príomhimeachtaí. |
|
34 |
Rinne an Chúirt Achomhairc achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Curtea de Apel Cluj (Cúirt Achomhairc Cluj, an Rómáin), agus í den tuairim go raibh Tribunalul Specializat Cluj (Cúirt Speisialaithe Cluj) ag brath ar léiriú mícheart ar Dhlí Uimh. 365/2002. Maíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, go háirithe, ós rud é nach bhfuil an dlí sin mar dhlí speisialta i gcomparáid le RGCS, gur cheart don chúirt sin scrúdú a dhéanamh ar infheidhmeacht an Rialacháin sin sa chás seo. Ina theannta sin, maíonn Russmedia nach raibh ról Russmedia teoranta d’fheiste theicniúil shonrach na rochtana ar fhreastalaí óstála a sholáthar dá chustaiméirí. Bhí ról bainistíochta aige freisin, agus idirghabháil á déanamh aige ó thaobh an ábhair de, d’fhonn bainistíocht fhónta faisnéise a éascú. Maítear go ndéanann an chuideachta sin, mar oibreoir an tsuímh gréasáin atá i gceist sna príomhimeachtaí, ábhar na faisnéise a stóráil agus a phróiseáil. Dá ndéanfaí na sonraí a stóráil agus iad a chur ar fáil don phobal i bhfoirm áirithe, bheadh anailís ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sna fógraí i gceist. Léiríonn an fhianaise sin go raibh baint dhíreach ag Russmedia le bainistiú agus scaipeadh ábhar na bhfógraí. Dá bhrí sin, áitíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí nach bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 365/2002. |
|
35 |
Thairis sin, maíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí nach bhfuil feidhm ag an díolúine ó dhliteanas atá ag soláthraí den sórt sin má bhunaítear an dliteanas faoi ghníomhartha rialála eile, amhail RGCS. D’fhoilsigh Russmedia sonraí pearsanta an iarratasóra sna príomhimeachtaí gan toiliú uaithi agus, de bhua oibriú a shuímh gréasáin, cuireann sé ar chumas aon duine aon chineál fógra a phostáil, go háirithe fógraí nach ráthaíonn slándáil sonraí pearsanta, rud a fhágann nach féidir na sonraí a foilsíodh ar líne a léirscriosadh go cinntitheach. |
|
36 |
Áitíonn Russmedia, óna thaobh féin, go bhfuil an réiteach a ghlac Tribunalul Specializat Cluj (Cúirt Speisialaithe, Cluj) ceart. Níor thaispeáin an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí gur riail speisialta é RGCS lena gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha Dhlí Uimh. 365/2002. |
|
37 |
Measann Curtea de Apel Cluj (Cúirt Achomhairc Cluj), arb í an chúirt a rinne an tarchur, agus atá ag rialú sa chás seo mar chúirt achomhairc a bhfuil an cinneadh uaithi críochnaitheach, gur gá, inter alia, teorainneacha na díolúine ó dhliteanas atá ag soláthraí seirbhísí sochaí faisnéise, amhail Russmedia, de bhun Threoir 2000/31, a chinneadh. |
|
38 |
Agus í ag tagairt do chásdlí ábhartha na Cúirte, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, cé, i gcomhréir leis an gcásdlí sin, nach bhfuil aon oibleagáid ar oibreoirí margaidh ar líne fíorú roimh ré a dhéanamh ar an bhfaisnéis nó ar na fógraí arna bpostáil ag úsáideoirí is fógróirí, gurb amhlaidh fós go bhfuil díolúine ó dhliteanas na n‑oibreoirí sin coinníollach. Dá bhrí sin, i gcomhréir le breithiúnas an 12 Iúil 2011, L’Oréal agus páirtithe eile (C‑324/09, EU:C:2011:474), ní féidir le hoibreoir seirbhíse ar líne brath ar an díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31 má tháinig sé ar an eolas faoi fhíorais nó imthosca ar a mbonn ba cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach a chinneadh go bhfuil na tairiscintí díola lena mbaineann neamhdhleathach agus, i gcás ina raibh eolas den sórt sin aige, mura ngníomhaíonn sé go pras i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(b) den Treoir sin. Ar an gcaoi chéanna, is léir ó bhreithiúnas an 11 Meán Fómhair 2014, Papasavvas (C‑291/13, EU:C:2014:2209), nach bhfuil feidhm ag na teorainneacha ar dhliteanas sibhialta a leagtar amach in Airteagail 12 go 14 de Threoir 2000/31 maidir le cuideachta a bhfuil suíomh gréasáin aige ar a bhfoilsítear an leagan leictreonach de nuachtán, ós rud é go bhfuil an chuideachta sin, a fhaigheann cúiteamh ó fhógraíocht tráchtála a scaiptear ar an suíomh gréasáin sin, ar an eolas faoin bhfaisnéis arna foilsiú agus a fheidhmíonn rialú ar an bhfaisnéis sin. |
|
39 |
Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, áfach, nach ndéantar tagairt leis an gcásdlí sin ach do thairiscintí a dhéantar a phostáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil a chineál neamhdhleathach mar thoradh ar anailís ar fhíorais agus ar imthosca a cuireadh in iúl go sainráite don rialaitheoir tar éis fhoilsiú an fhógra lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh an deis ag an gCúirt go fóill scrúdú a dhéanamh ar chás, amhail an cás sna príomhimeachtaí, ina raibh ábhar an fhógra a foilsíodh neamhdhleathach go follasach agus ina raibh sé an‑díobhálach don duine lena mbaineann. |
|
40 |
Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, sa chomhthéacs sin, an gá d’ardán a bheith fógra a fháil chun bheith faoi oibleagáid ábhar, atá neamhdhleathach go follasach agus a bhfuil dochar tromchúiseach díobhálach ag baint leis, a léirscriosadh. Sa chás seo, foilsíodh an fógra atá i gceist sna príomhimeachtaí gan céannacht an úsáideora is fógróir a fhíorú agus go follasach gan toiliú an iarratasóra sna príomhimeachtaí a bheith faighte. |
|
41 |
Thairis sin, cé go ndearnadh an fógra atá i gceist sna príomhimeachtaí a léirscriosadh ón suíomh gréasáin bunaidh tar éis don iarratasóir sna príomhimeachtaí fógra a thabhairt, rinneadh ábhar an fhógra sin, lena n‑áirítear a sonraí teagmhála agus a grianghraif, a mhacasamhlú go hiomlán ar roinnt suíomhanna gréasáin eile, agus an fhoinse á cur in iúl. Dá bhrí sin, tá an damáiste a bhain don iarratasóir sna príomhimeachtaí tar éis éirí buan agus tá sé fós ag tarlú faoi láthair. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis ina leith sin go bhféadfadh baint a bheith ag na seirbhísí gnéis a líomhnaítear a bheith á gcur ar fáil le cionta tromchúiseacha, atá inphionóis le Codul penal (an Cód Coiriúil), amhail cur i mbun striapachais agus gáinneáil ar dhaoine. |
|
42 |
Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha ginearálta úsáide an mhargaidh ar líne arna oibriú ag Russmedia, gan ceart úinéireachta a éileamh ar ábhar na bhfógraí a foilsíodh, go bhforchoimeádann an chuideachta sin, mar sin féin, an ceart an t‑ábhar sin a úsáid, lena n‑áirítear é a chóipeáil, a dháileadh, a tharchur, a fhoilsiú, a mhacasamhlú, a mhodhnú, a aistriú, a shannadh do chomhpháirtithe agus é a bhaint am ar bith, fiú gan cúis a bheith ag teastáil chun é sin a dhéanamh. |
|
43 |
Sna himthosca sin, chinn an Curtea de Apel Cluj (Cúirt Achomhairc Cluj) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
44 |
De réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Is faoin gCúirt atá sé, i ndáil leis sin, pointí dhlí an Aontais lena n‑éilítear léiriú, a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt náisiúnta ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir, i bhfianaise ábhar na díospóide (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Samhain 1978, Redmond, 83/78, EU:C:1978:214, mír 26; an 28 Samhain 2000, Roquette Frères, C‑88/99, EU:C:2000:652, mír 18, agus an 30 Aibreán 2024, M.N. (EncroChat), C‑670/22, EU:C:2024:372, mír 78). |
|
45 |
Féachtar le ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur, le chéile, a chinneadh, ar an gcéad dul síos, an bhfuil oibreoir margaidh ar líne, amhail Russmedia, lena gceadaítear dá úsáideoirí fógraí a chur go hanaithnid ar a mhargadh ar líne, bíodh sin fógraí saor in aisce nó fógraí íoctha, tar éis a oibleagáidí faoi RGCS a shárú, i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta, go háirithe sonraí íogaire, i bhfógra a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, de shárú ar an Rialachán sin, agus, ar an dara dul síos, an bhfuil feidhm ag Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31 a bhaineann le dliteanas soláthraithe idirmheánacha maidir le hoibreoir den sórt sin. |
|
46 |
Chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna sin, is iomchuí scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar an dara go dtí an ceathrú ceist, lena bhféachtar le cinneadh a dhéanamh faoi na hoibleagáidí atá ar oibreoir margaidh ar líne, faoi RGCS, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, trí na ceisteanna sin a athfhoirmliú ar bhealach nach mbaineann ach le léiriú an Rialacháin sin amháin. Ar an dara dul síos, scrúdófar an féidir le hoibreoir den sórt sin brath ar Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31, arb é, go bunúsach, is ábhar don chéad cheist. |
An dara ceist go dtí an ceathrú ceist, maidir le léiriú RGCS
Réamhbharúlacha
|
47 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, gur léir ón iarraidh ar réamhrialú gur cuireadh in iúl leis an bhfógra atá i gceist go raibh seirbhísí gnéis á dtairiscint ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, agus go raibh, inter alia, grianghraif di, arna n‑úsáid gan toiliú uaithi, chomh maith lena huimhir teileafóin, san fhógra sin. |
|
48 |
Níl aon chonspóid ann gurb ionann ‘sonraí pearsanta’ de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS, lena sainmhínítear iad mar ‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha [sainaitheanta] nó in‑sainaitheanta’ trína shonrú ‘[gurb] é is duine nádúrtha in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin’. |
|
49 |
Go deimhin, de réir cásdlí socair, léiríonn úsáid na bhfocal ‘aon fhaisnéis’, sa sainmhíniú ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ a leagtar amach in Airteagal 4(1) de RGCS, cuspóir reachtóir an Aontais ciall leathan a thabhairt don choincheap sin, a d’fhéadfadh gach cineál faisnéise a chumhdach, idir fhaisnéis oibiachtúil agus fhaisnéis shuibiachtúil i bhfoirm tuairimí nó measúnaithe, ar choinníoll ‘[go mb]aineann’ siad leis an ábhar sonraí. Baineann faisnéis le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta i gcás, mar gheall ar a hinneachar, a cuspóir nó a héifeacht go bhfuil baint aici le duine in‑sainaitheanta (breithiúnas an 3 Aibreán 2025, Ministerstvo zdravotnictví (Sonraí maidir le hionadaí duine dhlíthiúil), C‑710/23, EU:C:2025:231, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
50 |
Ina theannta sin, i measc na sonraí pearsanta sin, foráiltear le hAirteagal 9(1) de RGCS do chóras cosanta speisialta le haghaidh catagóirí speisialta sonraí, lena n‑áirítear sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha. |
|
51 |
Shonraigh an Chúirt go mbaineann cineál críochnaitheach Airteagal 9(1) den Rialachán sin chun cosaint mhéadaithe a áirithiú i gcoinne próiseáil a d’fhéadfadh a bheith, mar gheall ar íogaireacht ar leith na sonraí lena mbaineann, ina cur isteach an‑tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
52 |
Mar sin, fágann cosaint bhreise den sórt sin gur gá sainmhíniú leathan a thabhairt ar ‘shonraí íogaire’ den sórt sin. Dá bhrí sin, chinn an Chúirt go bhfuil feidhm ag Airteagal 9(1) de RGCS maidir le hoibríochtaí próiseála a bhaineann ní hamháin leis na sonraí atá íogair ann féin lena mbaineann an fhoráil sin, ach freisin le sonraí lena nochtar go hindíreach faisnéis den chineál sin, tar éis idirbheart intleachtúil asbhainte nó cros-seiceála (breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 344 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
53 |
I gcomhthéacs an tsainmhínithe leathain sin, ní féidir cineál bréagach agus díobhálach na sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha fágáil nach bhfuil sonraí den sórt sin le haicmiú a thuilleadh mar ‘shonraí íogaire’ de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS. |
|
54 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é atá sa phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí foilsiú an fhógra sin agus, dá bhrí sin, foilsiú na sonraí sin ar mhargadh ar líne Russmedia. Go deimhin, is ionann an oibríocht ina gcuirtear, ar leathanach idirlín, sonraí pearsanta, agus próiseáil, de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
55 |
Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an dara ceist go dtí an ceathrú ceist don fhíoras go bhfuil oibreoir an mhargaidh ar líne atá i gceist sna príomhimeachtaí freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil. Mar sin, tá an chuma air gur chuir úsáideoir is fógróir anaithnid na sonraí pearsanta, arb é a bhfoilsiú is ábhar don díospóid sna príomhimeachtaí, isteach san fhógra atá i gceist, gan tionchar sonrach a bheith ag an oibreoir sin ar ábhar an fhógra sin agus gan an t‑oibreoir sin a bheith ar an eolas faoina chineál bréagach agus díobhálach. Sna himthosca sin, is gá na coincheapa ‘rialaitheoir’ agus ‘rialaitheoirí comhpháirteacha’ a shoiléiriú, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS agus Airteagal 26 den Rialachán sin, faoi seach. |
|
56 |
Sainmhínítear go ginearálta le hAirteagal 4(7) de RGCS an coincheap ‘rialaitheoir’ mar thagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó comhlacht eile a chinneann críocha agus modhanna na próiseála, ina aonar nó i gcomhpháirt. |
|
57 |
Is é cuspóir an tsainmhínithe leathain sin, i gcomhréir le RGCS, cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a áirithiú agus, go háirithe, ardleibhéal cosanta a áirithiú don cheart atá ag gach duine cosaint a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi (breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
58 |
Mar sin, féadfar a mheas gur rialaitheoir ar an bpróiseáil sin aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mbíonn tionchar aige, chun a chríoch féin, ar phróiseáil na sonraí sin agus a ghlacann páirt ar an gcaoi sin i gcinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála sin (breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
59 |
Thairis sin, ós rud é, mar a fhoráiltear go sainráite le hAirteagal 4(7) de RGCS, go ndéantar tagairt leis an gcoincheap ‘rialaitheoir’ don ghníomhaireacht a chinneann, ‘ina aonar nó i gcomhpháirt’ críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta, nach gá go dtagrófaí d’aon ghníomhaireacht amháin leis an gcoincheap sin agus go bhféadfadh roinnt gníomhaithe a bheith i gceist, a bhfuil gach ceann acu faoi réir na bhforálacha cosanta sonraí is infheidhme ansin (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C‑40/17, EU:C:2019:629, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
60 |
Foráiltear, go bunúsach, le hAirteagal 26 de RGCS, atá mar chuid den sainmhíniú ar ‘rialaitheoir’ a leagtar amach in Airteagal 4(7) den Rialachán seo, i gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus modhanna na próiseála, nach mór go ndéanfaí iad a aicmiú mar ‘rialaitheoirí comhpháirteacha’ ar an bpróiseáil sin. |
|
61 |
Ní gá go n‑éileodh freagracht chomhpháirteach den sórt sin go mbeadh cinntí comhpháirteacha ann maidir le críocha agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta lena mbaineann a chinneadh. Chinn an Chúirt gur féidir le rannpháirtíocht i gcinneadh na gcríoch agus na modhanna próiseála a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus go bhféadfadh an rannpháirtíocht sin teacht as cinneadh comhpháirteach arna dhéanamh ag dhá eintiteas nó níos mó cinntí cóineasaithe na n‑eintiteas sin a fhorlíontar, ionas go mbeidh éifeacht nithiúil ag gach ceann acu maidir le críocha agus modhanna na próiseála a chinneadh (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 43). |
|
62 |
I ndáil leis sin, ní ghlactar leis le freagracht chomhpháirteach roinnt gníomhaithe as an bpróiseáil chéanna, de bhun Airteagal 4(7) de RGCS, go mbeidh rochtain ag gach ceann acu ar na sonraí pearsanta lena mbaineann (breithiúnais an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C‑40/17, EU:C:2019:629, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 42). |
|
63 |
Ar an gcaoi chéanna, shoiléirigh an Chúirt nach gá go mbeadh freagracht choibhéiseach ar na hoibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil sonraí pearsanta chéanna mar thoradh ar fhreagracht chomhpháirteach a bheith ann. Os a choinne sin, d’fhéadfadh na gníomhaithe sin a bheith rannpháirteach ag céimeanna éagsúla den chóireáil sin agus ar leibhéil éagsúla, ionas nach mór measúnú a dhéanamh ar leibhéal freagrachta gach ceann acu trí imthosca ábhartha uile an cháis a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Iúil 2018, Jehovan todistajat, C‑25/17, EU:C:2018:551, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 42). |
|
64 |
Sa chás seo, tá comhthuiscint ann nach mór a mheas gur chinn an t‑úsáideoir is fógróir, a chuir fógra bréagach agus díobhálach ina bhfuil sonraí pearsanta an iarratasóra sna príomhimeachtaí ar an margadh ar líne arna oibriú ag Russmedia, críocha agus modhanna próiseála na sonraí sin go príomha agus, dá bhrí sin, go dtagann sé faoi choincheap an ‘rialaitheora’, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS. |
|
65 |
Mar sin féin, suitear gur foilsíodh an fógra sin ar an idirlíon agus, dá bhrí sin, nár cuireadh ar fáil d’úsáideoirí idirlín é ach amháin tríd an margadh ar líne atá á oibriú ag Russmedia. |
|
66 |
Cé gur léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 58 den bhreithiúnas seo nach féidir duine a aicmiú mar ‘rialaitheoir’ sonraí pearsanta ach amháin má dhéanann sé difear don phróiseáil sin chun a chríocha féin, ní mór a mheas, mar sin féin, go bhféadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, i gcás ina bhfoilsíonn oibreoir margaidh ar líne na sonraí pearsanta lena mbaineann chun críoch tráchtála nó fógraíochta a théann níos faide ná soláthar seirbhíse arna soláthar aige don úsáideoir is fógróir amháin. |
|
67 |
Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhfoilsíonn Russmedia fógraí ar a mhargadh ar líne chun a chríocha tráchtála féin. I ndáil leis sin, tugann téarmaí agus coinníollacha úsáide ginearálta an mhargaidh sin saoirse shuntasach do Russmedia leas a bhaint as an bhfaisnéis a fhoilsítear ar an margadh sin. Go háirithe, de réir na cúirte a rinne an tarchur, forchoimeádann Russmedia an ceart chun an t‑ábhar arna fhoilsiú a úsáid, é a dháileadh, é a tharchur, é a mhacasamhlú, é a mhodhnú, é a aistriú, é a shannadh do chomhpháirtithe agus é a scriosadh tráth ar bith agus gan gá le ‘cúis bhailí’ chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, foilsíonn Russmedia na sonraí pearsanta atá i bhfógraí ní hamháin thar ceann fógróirí, ach próiseálann sé agus is féidir leis leas a bhaint as na sonraí sin chun a chríocha fógraíochta agus tráchtála féin. |
|
68 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go raibh tionchar ag Russmedia, chun a chríocha féin, ar fhoilsiú shonraí pearsanta an iarratasóra sna príomhimeachtaí ar an idirlíon, agus é, sa chaoi sin, ag glacadh páirt i gcríocha an fhoilsithe sin agus, dá bhrí sin, na próiseála atá i gceist a chinneadh. |
|
69 |
Ní dhéantar difear don chinneadh atá faoi cheist toisc gur léir nár ghlac Russmedia páirt i gcinneadh na críche bréagaí agus dhíobhálaí a shaothraigh an t‑úsáideoir is fógróir trí fhoilsiú an fhógra atá i gceist sna príomhimeachtaí. Go deimhin, ghlac Russmedia páirt i gcríoch na próiseála a chinneadh arb é a bhí ann na sonraí pearsanta atá san fhógra atá i gceist sna príomhimeachtaí a chur ar fáil d’úsáideoirí idirlín chun leas a bhaint as na foilseacháin sin. Thairis sin, trí chead a thabhairt fógraí a chur go hanaithnid ar a mhargadh ar líne, d’éascaigh Russmedia foilsiú na sonraí sin gan toiliú a fháil ón ábhar sonraí. |
|
70 |
Thairis sin, trína mhargadh ar líne, a bhí mar bhonn le foilsíodh an fhógra atá i gceist sna príomhimeachtaí, a chur ar fáil don úsáideoir is fógróir, ghlac Russmedia páirt i gcinneadh mhodhanna próiseála an fhoilsithe sin. |
|
71 |
Go deimhin, chinn an Chúirt cheana féin, go bunúsach, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil tionchar cinntitheach aige ar bhailiú agus ar tharchur sonraí pearsanta, nó fiú an duine a bhfuil tionchar aige, trína pharaiméadarú, i bhfianaise a chuspóirí maidir lena ghníomhaíochtaí a bhainistiú nó a chur chun cinn, ar phróiseáil sonraí den sórt sin (féach, i ndáil leis sin, breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Wirtschaftsakademie Schleswig-Holstein, C‑210/16, EU:C:2018:388, mír 36, agus an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C‑40/17, EU:C:2019:629, mír 78). Is amhlaidh atá, i gcás inneall cuardaigh, nuair a bhíonn ról cinntitheach ag a ghníomhaíocht i scaipeadh foriomlán sonraí pearsanta sa ghníomhaíocht sin ina gcuirtear na sonraí sin ar fáil go poiblí ar líne ar bhealach eagraithe agus comhiomlánaithe (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Google (Díliostú ábhair a líomhnaítear a bheith míchruinn), C‑460/20, EU:C:2022:962, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
72 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, i gcás ina socraíonn oibreoir margaidh ar líne amhail Russmedia na paraiméadair le haghaidh scaipeadh fógraí ar dócha go mbeidh sonraí pearsanta iontu de réir na bhfaighteoirí beartaithe, ina gcinneann sé an cur i láthair, fad an scaipthe sin nó na ceannteidil lena struchtúraítear an fhaisnéis a fhoilsítear, nó ina n‑eagraíonn sé an rangú lena gcinnfear na rialacha mionsonraithe maidir leis an scaipeadh sin, go nglacann sé páirt i gcinneadh mhodhanna riachtanacha fhoilsiú na sonraí pearsanta lena mbaineann, agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil tionchar cinntitheach aige ar scaipeadh foriomlán na sonraí sin. |
|
73 |
I ndáil leis sin, d’fhéadfaí comharthaí a sholáthar le hábhar théarmaí agus choinníollacha ginearálta úsáide an mhargaidh ar líne atá i gceist ar dá réir go bhfuil tionchar cinntitheach ag oibreoir an mhargaidh sin ar phróiseáil na sonraí pearsanta atá á mbreithniú agus, ar an gcaoi sin, go gcinneann an oibreoir sin modhanna na próiseála sin. Is cosúil gurb amhlaidh an méid sin maidir le coinníollacha ginearálta úsáide mhargadh ar líne Russmedia, ina bhforchoimeádann Russmedia, inter alia, an ceart chun an fhaisnéis atá sna fógraí a dháileadh, a tharchur, a fhoilsiú, a léirscriosadh nó a mhacasamhlú, lena n‑áirítear na sonraí pearsanta atá iontu. |
|
74 |
In aon chás, ní féidir le hoibreoir margaidh ar líne éalú óna dhliteanas, mar rialaitheoir sonraí pearsanta, ar an bhforas nár chinn sé féin ábhar an fhógra atá i gceist a foilsíodh ar an margadh sin. Go deimhin, bheadh sé contrártha, ní hamháin d’fhoclaíocht shoiléir, ach freisin do chuspóir Airteagal 4(7) de RGCS, is é sin, trí shainmhíniú leathan a chur ar an gcoincheap ‘rialaitheoir’, eadhon cosaint éifeachtach agus iomlánach a áirithiú do na hábhair shonraí, oibreoir den sórt sin a eisiamh ón sainmhíniú sin ar an bhforas sin amháin. |
|
75 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas go raibh an ceart ag an gcúirt a rinne an tarchur a dara ceist go dtí an ceathrú ceist a bhunú ar an mbonn, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil oibreoir an mhargaidh ar líne ina rialaitheoir ar na sonraí pearsanta atá i bhfógra a fhoilsítear ar an margadh ar líne sin, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS. |
|
76 |
Is i bhfianaise na réamhbharúlacha go léir roimhe seo nach mór na ceisteanna sin a fhreagairt. |
An dara agus an tríú ceist
|
77 |
Leis an dara agus an tríú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 5(2) agus Airteagail 24 go 26 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, mar rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, ar shonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar mhargadh ar líne na rialaitheora sin, sula bhfoilseofar na fógraí sin, iad siúd a bhfuil sonraí íogaire iontu a shainaithint, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, a fhíorú an ionann an t‑úsáideoir is fógróir atá ag ullmhú chun fógra den sórt sin a chur agus an duine a bhfuil a shonraí íogaire san fhógra sin agus, murab amhlaidh an cás, diúltú é a fhoilsiú in éagmais toiliú sainráite ón ábhar sonraí, a mhéid a d’fhéadfadh an foilsiú sin a bheith ina chúis le sárú tromchúiseach ar chearta an duine sin go n‑urramófaí an saol príobháideach agus go gcosnófaí a shonraí pearsanta, a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. |
|
78 |
De bhun Airteagal 1(2) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithrisí 4 agus 10 de, gurb é is cuspóir don Rialachán sin, inter alia, ardleibhéal cosanta a ráthú do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, an ceart sin a aithnítear freisin in Airteagal 8 den Chairt agus a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gceart go n‑urramófaí an saol príobháideach, a chumhdaítear in Airteagal 7 de (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
79 |
Chuige sin, ar an gcéad dul síos, leagtar amach i gCaibidil II de RGCS na prionsabail lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta nach mór don rialaitheoir a chomhlíonadh. Go háirithe, ní mór aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí agus na coinníollacha maidir le dlíthiúlacht na próiseála sonraí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
80 |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) de RGCS, ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí. Luaitear in Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin nach mór do na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór go ndéanfar iad a choinneáil suas le dáta. Mar sin, ní mór go ndéanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil. Foráiltear le hAirteagal 5(1)(f) den Rialachán sin nach mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi go n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí sin, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach. |
|
81 |
Maidir leis na coinníollacha a bhaineann le dleathacht na próiseála, mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, leagtar síos liosta uileghabhálach sriantach de na cásanna ina bhféadfaí a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS. Ní mór do phróiseáil teacht faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear san fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse, C‑394/23, EU:C:2025:2, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
82 |
Go háirithe, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(a) de RGCS, measfar próiseáil sonraí pearsanta a bheith dleathach má tá, agus sa mhéid atá, toiliú tugtha ag an ábhar sonraí ina leith sin chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha. Sonraítear le hAirteagal 7(1) den Rialachán sin, sa chás sin, i gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, nach mór go mbeidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t‑ábhar sonraí toiliú maidir le próiseáil a shonraí pearsanta. In éagmais toiliú den sórt sin, nó i gcás nár tugadh an toiliú sin ar bhealach saor, sonrach, feasach agus gan athbhrí, de réir bhrí Airteagal 4(11), den Rialachán sin, d’fhéadfaí go mbeadh údar le próiseáil den sórt sin mar sin féin i gcás ina gcomhlíonann sé ceann de na ceanglais maidir le riachtanas dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) go (f) den Rialachán sin (breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse, C‑394/23, EU:C:2025:2, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
83 |
Leis na prionsabail agus na coinníollacha sin, cuirtear ceanglais shonracha a bhaineann leis na sonraí íogaire mar a shainmhínítear in Airteagal 9(1) de RGCS agus a bhfuil toirmeasc, i bprionsabal, ar a bpróiseáil (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 73). |
|
84 |
Ní fhéadfar maolú i dtaobh an toirmisc sin ach amháin má chomhlíontar ceann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 9(2)(a) go (j) den Rialachán sin. I measc na n‑eisceachtaí sin, nach mór léiriú docht a dhéanamh orthu, foráiltear le hAirteagal 9(2)(a) den Rialachán sin nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar phróiseáil sonraí íogaire i gcás inar thug an t‑ábhar sonraí toiliú sainráite le próiseáil a shonraí pearsanta íogaire chun críoch sonrach amháin nó níos mó, ach amháin i gcás ina bhforáiltear le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nach bhféadfaí an toirmeasc sin a bheith curtha i leataobh ag an ábhar sonraí. |
|
85 |
Ar an dara dul síos, sonraítear i gCaibidil IV de RGCS raon feidhme na n‑oibleagáidí atá ar rialaitheoir na sonraí pearsanta, de bhun phrionsabal na cuntasachta a leagtar síos in Airteagal 5(2) de RGCS. |
|
86 |
De bhun na forála sin, tá an rialaitheoir freagrach as mír 1 den Airteagal sin a chomhlíonadh agus ní mór dó a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíonann sé gach ceann de na prionsabail a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin, agus go bhforchuirtear cruthúnas den sórt sin air dá bhrí sin (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Bundesrepublik Deutschland(Bosca ríomhphoist cúirte), C‑60/22, EU:C:2023:373, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
87 |
Tagann prionsabal na cuntasachta chun cinn, go háirithe, in Airteagal 24 de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ceanglaítear leis an bhforáil sin, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndearnadh an phróiseáil sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
88 |
Dá bhrí sin, le hAirteagal 5(2) agus Airteagal 24 de RGCS forchuirtear oibleagáidí ginearálta maidir le freagracht agus comhlíontacht ar rialaitheoir na sonraí pearsanta. Ceanglaítear leo ar an rialaitheoir sin bearta iomchuí a ghlacadh chun sáruithe féideartha ar na rialacha a leagtar síos le RGCS a chosc chun an ceart chun cosanta sonraí a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2022, Proximus (Eolairí poiblí leictreonacha), C‑129/21, EU:C:2022:833, mír 81) |
|
89 |
Chuige sin, le hAirteagal 25(1) de RGCS, ceanglaítear ar an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, ag an am a chinntear na modhanna próiseála agus tráth na próiseála féin, arb é is aidhm dóibh na prionsabail maidir le cosaint sonraí a chur chun feidhme go héifeachtach agus na coimircí is gá a chur ar fáil chun ceanglais an Rialacháin sin a chomhlíonadh agus chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 25(2), maidir le cosaint sonraí trí dhearadh, inter alia, nach mór go n‑áiritheofaí, leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí atá le cur chun feidhme ag an rialaitheoir i ndáil leis sin, nach gcuirfí na sonraí pearsanta ar fáil trí dhearadh, do líon éiginnte daoine nádúrtha gan rannpháirtíocht an duine nádúrtha lena mbaineann. |
|
90 |
Nuair is sonraí íogaire iad na sonraí pearsanta a phróiseáiltear, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, ní mór don rialaitheoir, inter alia, d’fhonn a chinneadh cad iad na bearta iomchuí, de réir bhrí Airteagail 24 agus 25 den Rialachán sin, agus é ag cur san áireamh go bhféadfadh sárú ar na prionsabail a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán sin maidir le próiseáil sonraí den sórt sin a bheith ina cur isteach an‑tromchúiseach ar na cearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. |
|
91 |
Is i bhfianaise na soiléirithe sin go léir nach mór scrúdú a dhéanamh ar an dara agus an tríú ceist, mar a athfhoirmíodh iad i mír 77 den bhreithiúnas seo. |
|
92 |
Sa chéad áit, maidir leis an gceist ar cheart d’oibreoir margaidh ar líne na fógraí a bhfuil sonraí íogaire iontu a shainaithint, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, sula bhfoilsítear iad, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 64 agus 75 den bhreithiúnas seo, nach mór an oibreoir sin agus an úsáideoir is fógróir a chuir fógra den sórt sin ar an margadh ar líne sin a mheas mar bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha, de réir bhrí Airteagal 26 den Rialachán sin, i gcás ina bhfoilsítear an fógra lena mbaineann ann. |
|
93 |
Dá bhrí sin, ceanglaítear ar an oibreoir sin agus ar an úsáideoir is fógróir araon a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 5(2) agus Airteagail 24 agus 25 de RGCS. Go háirithe, ní mór dóibh a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil na sonraí pearsanta atá san fhógra lena mbaineann foilsithe go dleathach, is é sin le rá, gur thug an t‑ábhar sonraí toiliú maidir leis an bhfoilsiú sin, ach amháin más féidir leis brath ar choinníoll eile a leagtar síos in Airteagal 6(1) de RGCS. Nuair is sonraí íogaire iad na sonraí pearsanta lena mbaineann, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, ní mór go mbeidh an toiliú maidir leis an bhfoilsiú sainráite, mar is léir ó mhír 84 den bhreithiúnas seo. Ar an gcaoi chéanna, de réir phrionsabal an chruinnis a leagtar amach in Airteagal 5(1)(d) de RGCS, ní mór do rialaitheoirí a bheith in ann a léiriú go mbeidh na sonraí pearsanta lena mbaineann cruinn. |
|
94 |
Chun a chinneadh go sonrach cé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a cheanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, mar rialaitheoir comhpháirteach ar phróiseáil sonraí pearsanta, a chur chun feidhme, de bhun Airteagail 24 agus 25 de RGCS, chun a áirithiú agus a bheith in ann a thaispeáint go ndéanfaí sonraí íogaire atá i bhfógra a fhoilsiú i gcomhréir leis an Rialachán sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ó na forálacha sin nach mór oiriúnacht na mbeart sin a mheasúnú ar bhealach nithiúil, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus cuspóirí na próiseála atá i gceist agus leibhéal dóchúlachta agus tromchúise na rioscaí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí a bhaineann go sonrach leis á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 96). |
|
95 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil rioscaí suntasacha do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí ag baint le foilsiú sonraí pearsanta ar mhargadh ar líne, ós rud é go bhfuil na sonraí sin inrochtana i bprionsabal d’aon úsáideoir idirlín. Ina theannta sin, a luaithe a fhoilseofar ar mhargadh ar líne iad, féadfar na sonraí sin a chóipeáil agus a mhacasamhlú ar shuíomhanna gréasáin eile, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé a bheith deacair, mura mbeadh sé dodhéanta, don ábhar sonraí iad a léirscriosadh, go bunúsach, ón idirlíon. |
|
96 |
Tá na rioscaí a bhaineann le foilsiú den sórt sin níos tromchúisí i gcás sonraí íogaire, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS. Mar a leagtar amach go sainráite le haithris 51 de RGCS sin, tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Lindenapotheke, C‑21/23, EU:C:2024:846, mír 75). D’fhéadfadh próiseáil sonraí den sórt sin, mar a chuirtear in iúl i mír 90 den bhreithiúnas seo, a bheith ina chur isteach an‑tromchúiseach ar na cearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Ina theannta sin, tá an dóchúlacht go sárófar na cearta sin trí fhógra a bhfuil sonraí íogaire iontu a fhoilsiú an‑ard i gcás nach é an t‑úsáideoir is fógróir féin an t‑ábhar sonraí agus i gcás ina gceadaítear leis an margadh ar líne fógraí den sórt sin a chur go hanaithnid. |
|
97 |
Dá bhrí sin, a mhéid is eol d’oibreoir margaidh ar líne, amhail an t‑oibreoir atá i gceist sna príomhimeachtaí, nó ar cheart dó a bheith ar an eolas, go ginearálta, go bhféadfaidh úsáideoirí is fógróirí fógraí a bhfuil sonraí íogaire iontu, de réir bhrí Airteagal 9(1) de RGCS, a fhoilsiú ar a mhargadh ar líne, tá an t‑oibreoir sin, mar rialaitheoir na próiseála sin, faoi oibleagáid, trí dhearadh a sheirbhíse, na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun fógraí den sórt sin a shainaithint sula bhfoilseofar iad agus, ar an gcaoi sin, a fhíorú ar foilsíodh na sonraí íogaire atá iontu i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán sin. Go deimhin, mar is léir go háirithe ó Airteagal 25(1) den Rialachán sin, tá sé d’oibleagáid air bearta den sórt sin a chur chun feidhme ní hamháin tráth na próiseála, ach cheana féin tráth a dhéantar na modhanna próiseála a chinneadh agus, dá bhrí sin, fiú sula bhfoilseofar sonraí íogaire ar a mhargadh ar líne de shárú ar na prionsabail sin, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go sonrach leis an oibleagáid sin sáruithe den sórt sin a chosc. |
|
98 |
Sa dara háit, maidir leis an gceist ar cheart d’oibreoir margaidh ar líne, ina cháil mar rialaitheoir ar na sonraí íogaire atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin, i gcomhpháirt leis an úsáideoir is fógróir, céannacht an úsáideora is fógróir sin a fhíorú sula bhfoilseofar é, ní mór a mheabhrú go leanann sé ó léamh comhcheangailte d’Airteagal 9(1) agus (2)(a) de RGCS go bhfuil toirmeasc ar fhoilsiú sonraí den sórt sin, ach amháin i gcás inar thug an t-ábhar sonraí a thoiliú go sainráite maidir le foilsiú na sonraí atá i gceist ar an margadh ar líne sin nó go gcomhlíontar ceann de na heisceachtaí eile dá bhforáiltear in Airteagal 9(2)(b) go (j), nach cosúil, áfach, gurb amhlaidh an cás sa chás seo. |
|
99 |
Dá réir sin, cé go bhféadfadh an fíoras go gcuireann ábhar sonraí fógra ina bhfuil sonraí íogaire ar mhargadh ar líne a bheith ina thoiliú sainráite, de réir bhrí Airteagal 9(2)(a) de RGCS, níl ann do thoiliú den sórt sin más tríú páirtí a chuir an fógra sin, mura féidir leis an tríú páirtí sin a léiriú gur thug an t‑ábhar sonraí a thoiliú sainráite le foilsiú an fhógra sin ar an margadh ar líne atá i gceist. Dá bhrí sin, chun bheith in ann a áirithiú, agus a thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(2)(a) de RGCS, ceanglaítear ar oibreoir an mhargaidh ar líne sin a fhíorú, sula bhfoilseofar fógra den sórt sin, an é an úsáideoir is fógróir atá ag ullmhú chun é a chur an duine a bhfuil a shonraí íogaire san fhógra sin, rud a thugann le tuiscint go mbailítear céannacht an úsáideora is fógróir sin. |
|
100 |
Thairis sin, mar is léir ó Airteagal 13(1)(a) agus Airteagal 14(1)(a) de RGCS, ní mór do rialaitheoirí, in aon chás, a n‑aitheantais agus a sonraí teagmhála a sholáthar don duine lena mbaineann. |
|
101 |
Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceanglaítear le hAirteagal 26 de RGCS ar rialaitheoirí comhpháirteacha na próiseála sonraí pearsanta céanna a n‑oibleagáidí faoi seach a shainiú ar bhealach trédhearcach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán sin. Mar sin, ní fhéadfadh oibleagáid den sórt sin a bheith ann dá bhfanfadh duine de na rialaitheoirí anaithnid maidir leis an rialaitheoir eile. |
|
102 |
Leanann sé ón méid roimhe seo go bhfuil sé d’oibleagáid ar oibreoir margaidh ar líne, mar an duine atá freagrach as foilsiú na sonraí íogaire atá i bhfógra a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, in éineacht leis an úsáideoir is fógróir, céannacht an úsáideora is fógróir sin a bhailiú agus a fhíorú an é an t‑úsáideoir sin an duine a bhfuil a shonraí íogaire san fhógra sin. |
|
103 |
I ndáil leis sin, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 132 dá Thuairim, is léir ó aithris 75 de RGCS, go háirithe i gcás calaois aitheantais, go bhféadfaí rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a choiscfí, mar gheall air sin, ó rialú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid sonraí pearsanta, a bheith i gceist le próiseáil sonraí pearsanta. Go ginearálta, déantar calaois aitheantais chun gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéanamh, chun dochar an duine lena mbaineann nó chun dochar tríú páirtithe. |
|
104 |
Sna himthosca sin agus na breithnithe a leagtar amach i míreanna 95 agus 96 den bhreithiúnas seo á gcur san áireamh, d’fhonn bheith in ann a áirithiú agus a thaispeáint go ndéantar na sonraí íogaire atá sna fógraí sin a phróiseáil i gcomhréir le ceanglais RGCS, ní mór d’oibreoir margaidh ar líne bearta teicniúla agus eagraíochtúla a leagan síos, agus Airteagail 24 agus 25 den Rialachán sin á gcur chun feidhme, lena gceadaítear dó ní hamháin céannacht an úsáideora is fógróir a bhailiú roimh fhoilsiú na bhfógraí sin, ach a fhíorú freisin, go háirithe chun bheith in ann a chinneadh an é an duine sin an duine a bhfuil a shonraí íogaire sna fógraí sin. Ní mór go gceadófaí le bearta den chineál sin, inter alia, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 134 dá Thuairim, an baol go ndéanfaí próiseáil aindleathach ar shonraí pearsanta na n‑ábhar sonraí a theorannú agus úsáid mhíchothrom margaidh ar líne den chineál sin a chomhrac, tríd an chaoi go mbraithfí go bhfuil saoirse ó phionós ann a theorannú agus, ar an gcaoi sin, fógróirí a spreagadh chun ceanglais RGCS a chomhlíonadh nuair a fhoilsíonn siad fógraí a bhfuil sonraí pearsanta iontu. |
|
105 |
Ar deireadh, sa tríú háit, maidir leis an gceist ar cheart d’oibreoir margaidh ar líne diúltú fógra a fhoilsiú ina bhfuil sonraí íogaire i gcás inar léir – tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh ar chéannacht an úsáideora is fógróir atá ag ullmhú chun an fógra sin a chur – nach é an fógróir sin an duine a bhfuil a shonraí íogaire san fhógra sin, ní mór a chinneadh go leanann sé ó mhíreanna 98 agus 99 den bhreithiúnas seo, nach féidir a chur as an áireamh, i gcás den chineál seo, go mbeadh an foilsiú sin de shárú ar an toirmeasc ar phróiseáil sonraí den sórt sin, dá bhforáiltear le hAirteagal 9(1) de RGCS. Dá bhrí sin, mura féidir leis an úsáideoir is fógróir sin a thaispeáint de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá gur thug an t‑ábhar sonraí a thoiliú sainráite maidir le foilsiú na sonraí atá i gceist ar an margadh ar líne sin, de réir bhrí Airteagal 9(2)(a), nó go gcomhlíontar ceann de na heisceachtaí eile dá bhforáiltear in Airteagal 9(2)(b) go (j), ní mór d’oibreoir an mhargaidh ar líne sin diúltú an fógra atá i gceist a fhoilsiú, rud nach mór dó a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme. |
|
106 |
I bhfianaise na bhforas uile roimhe seo, is é an freagra ar an dara agus an tríú ceist nach mór Airteagal 5(2) agus Airteagail 24 go 26 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, ina cháil mar rialaitheoir ar na sonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, sula bhfoilseofar na fógraí agus trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí,
|
An ceathrú ceist
|
107 |
Baineann an ceathrú ceist, go bunúsach, le cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, ina cháil mar rialaitheoir, bearta slándála a chur chun feidhme chun cóipeáil agus athdháileadh fógraí a bhfuil sonraí íogaire iontu a foilsíodh ar a mhargadh ar líne a chosc nó a theorannú. |
|
108 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, ar thaobh amháin, go ndearnadh an fógra bréagach agus díobhálach atá i gceist sna príomhimeachtaí a mhacasamhlú ar shuíomhanna gréasáin eile a bhíonn ag plé leis an bhfógraíocht, a d’fhoilsigh an fógra sin tríd an bhfoinse a chur in iúl agus, ar thaobh amháin, go bhforchoimeádann Russmedia, inter alia, an ceart chun an t‑ábhar atá sna fógraí a fhoilsítear ar an margadh ar líne sin a tharchur agus a shannadh do chomhpháirtithe. I ndáil leis sin, ní shonraíonn an chúirt a rinne an tarchur an ndearna Russmedia an fógra seo a tharchur go deonach go dtí na suíomhanna gréasáin eile sin nó, ar a laghad, ar cheadaigh sé, trí bhíthin conarthaí, d’fhoilsiú na bhfógraí sin, nó seachas sin, an eascraíonn foilsiú na bhfógraí sin as cóipeanna den fhógra bunaidh nár thug Russmedia údarú ina leith. |
|
109 |
Dá mbunófaí an chéad chuid den rogha mhalartach sin, bheadh an tarchur sin ina phróiseáil nua ar shonraí pearsanta a mbeadh Russmedia freagrach astu, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir an phróiseáil sin agus foilsiú an fhógra bhréagaigh agus dhíobhálaigh atá i gceist ag an úsáideoir is fógróir sna príomhimeachtaí ar a mhargadh ar líne. |
|
110 |
Go deimhin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir foirmeacha éagsúla próiseála sonraí pearsanta sa slabhra idirbheart céanna d’fhonn a chur san áireamh gur gá measúnú a dhéanamh ina aonar, i gcás gach duine a d’fhéadfaí a aicmiú mar rialaitheoir sonraí pearsanta, ar an leibhéal dliteanais a d’fhéadfaí a chur air. Is amhlaidh atá toisc, chun go measfaí gur rialaitheoir comhpháirteach é, nach mór do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar ‘rialaitheoir’ in Airteagal 4(7) de RGCS a chomhlíonadh go neamhspleách (breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
111 |
Dá bhrí sin, leanann sé ón méid sin, má dhéantar na sonraí pearsanta a tharchur ina dhiaidh sin i gcomhthéacs conarthaí maidir le scaipeadh idir oibreoir an mhargaidh ar líne, ar ar foilsíodh na sonraí pearsanta atá i gceist ar dtús, agus oibreoirí suíomhanna gréasáin eile, gurb é an chéad oibreoir sin, i bprionsabal, an t‑aon rialaitheoir amháin a bhaineann leis an tarchur sin. In aon chás, ceanglaítear ar aon rialaitheoir, ina aonar nó i gcomhpháirt, na hoibleagáidí uile a eascraíonn as RGCS a chomhlíonadh. |
|
112 |
Ní mór na soiléirithe sin, an ceathrú ceist, a thuiscint mar thagairt do chás nár aistrigh Russmedia chuig suíomhanna gréasáin eile ina bhfuil fógraíocht ar an bhfógra bréagach agus díobhálach atá i gceist sna príomhimeachtaí agus, dá bhrí sin, nár údaraigh sé foilsiú na bhfógraí sin ina dhiaidh sin. |
|
113 |
Anuas air sin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist sin, go bunúsach, le raon feidhme na hoibleagáide slándála nach mór do rialaitheoir sonraí pearsanta a chomhlíonadh. Mar sin féin, is é is aidhm shonrach d’Airteagal 32 de RGCS slándáil na próiseála. Cuirtear chun feidhme agus sonraítear ann gné shonrach de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 24 den Rialachán sin, lena sainítear i dtéarmaí ginearálta, in éineacht le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin, freagracht an rialaitheora. |
|
114 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 32 de RGCS le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, mar rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 4(7) den Rialachán sin, na sonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, bearta slándála iomchuí a chur i bhfeidhm lena gcuirfí bac ar fhógraí atá foilsithe ann agus a bhfuil sonraí íogaire iontu, de réir bhrí Airteagal 9(1) den Rialachán sin, a chóipeáil agus a fhoilsiú go neamhdhleathach ar shuíomhanna gréasáin eile. |
|
115 |
Foráiltear le hAirteagal 32(1) de RGCS, agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, go gcuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin. |
|
116 |
Le hAirteagal 32(2) den Rialachán sin foráiltear, agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, go dtabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach. |
|
117 |
Chinn an Chúirt go léirítear leis an tagairt, a leagtar amach in Airteagal 32(1) agus (2) de RGCS, do ‘leibhéal slándála... is iomchuí don riosca sin’ go mbunaítear leis an Rialachán sin córas bainistithe rioscaí agus nach n‑éilítear leis ar bhealach ar bith go gcuirfí deireadh leis na rioscaí sáruithe sonraí pearsanta (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 29). |
|
118 |
Mar sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 32 de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24 den Rialachán sin go bhfuil Airteagal 32 teoranta do cheangal a chur ar an rialaitheoir bearta teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh atá beartaithe, sa mhéid is féidir, chun aon sárú ar shonraí pearsanta a sheachaint. Ní mór measúnú nithiúil a dhéanamh ar chineál iomchuí na mbeart sin, trí scrúdú a dhéanamh ar an gceist ar chuir an rialaitheoir na bearta sin i bhfeidhm trí na critéir éagsúla dá dtagraítear leis na hAirteagail sin agus na riachtanais cosanta sonraí a bhaineann go sonrach leis an bpróiseáil lena mbaineann agus na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil sin á gcur san áireamh (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 30). |
|
119 |
I ndáil leis sin, chun an riosca nithiúil a bhaineann leis an bpróiseáil lena mbaineann a chinneadh, ní mór íogaireacht fhéideartha na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil a chur san áireamh. Go deimhin, mar a mheabhraítear i míreanna 51 agus 90 den bhreithiúnas seo, eascraíonn an chosaint mhéadaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de RGCS, do chatagóirí áirithe sonraí, mar gheall ar íogaireacht ar leith na sonraí sin, as an bhfíoras gur dócha gurb ionann próiseáil sonraí den sórt sin agus cur isteach an‑tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
120 |
É sin ráite, a luaithe a bheidh fógra ina bhfuil sonraí pearsanta ar líne agus, dá bhrí sin, a bheidh sé inrochtana ar fud an domhain cheana féin, go n‑áirítear le scaipeadh na sonraí sin, inter alia, an riosca go gcaillfí smacht ar na sonraí pearsanta lena mbaineann, rud a bhaineann, nuair a thárlaíonn sé, gach éifeacht phraiticiúil de na cearta agus na coimircí uile dá bhforáiltear le RGCS atá chun socair an duine lena mbaineann, lena n‑áirítear go príomha an ceart go ndéanfaí léirscriosadh dá bhforáiltear le hAirteagal 17 den Rialachán sin. |
|
121 |
Chomh maith leis sin, nuair a dhéantar sonraí íogaire a fhoilsiú ar líne, ceanglaítear ar an rialaitheoir, de bhun Airteagal 32 de RGCS, gach beart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlacadh chun leibhéal slándála a áirithiú lena bhféadfaí cosc a chur, go bunúsach, ar smacht ar na sonraí sin a chailleadh. |
|
122 |
Dá réir sin, ní mór don rialaitheoir breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na bearta sonracha uile atá ar fáil i bhfianaise staid reatha an eolais theicniúil a d’fhéadfadh cosc a chur ar chóipeáil agus ar mhacasamhlú an ábhair ar líne. |
|
123 |
Mar sin, ní mór a shonrú arís nach féidir Airteagail 24 agus 32 de RGCS a thuiscint sa chaoi gur leor scaipeadh neamhdhleathach sonraí pearsanta arna bhfoilsiú ar dtús ar líne chun teacht ar an gconclúid nach raibh na bearta arna nglacadh ag an rialaitheoir lena mbaineann iomchuí, de réir bhrí na bhforálacha sin, gan fiú a cheadú don rialaitheoir sin fianaise dá mhalairt a thabhairt ar aird (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 31). |
|
124 |
Sa chás seo, is léir ón ordú tarchur, in ainneoin go ndearnadh an fógra bréagach agus díobhálach atá i gceist sna príomhimeachtaí a léirscriosadh ar mhargadh ar líne Russmedia, go bhfuil an fógra sin ar fáil fós ar shuíomhanna gréasáin eile gan é a bheith de chumas ag an iarratasóir, dealraíonn sé, é a léirscriosadh. |
|
125 |
Mar sin, is cosúil go n‑eascraíonn an caillteanas smachta sin as foilsiú neamhdhleathach tosaigh an fhógra bhréagaigh agus dhíobhálaigh atá i gceist sna príomhimeachtaí, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos le RGCS. In aon chás, ceanglaíodh ar Russmedia bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, de bhun Airteagal 32 de RGCS agus cosc a chur ar aon chóip den fhógra sin a mhéid is féidir. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a fhíorú arbh amhlaidh an cás. |
|
126 |
I bhfianaise na bhforas uile roimhe seo, ní mór freagra a thabhairt ar an gceathrú ceist nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 32 de RGCS sa chaoi go gceanglaítear ar oibreoir margaidh ar líne, ina cháil mar rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 4(7) den Rialachán sin, na sonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun bac a chur ar fhógraí atá foilsithe ann agus a bhfuil sonraí íogaire iontu, de réir bhrí Airteagal 9(1) den Rialachán sin, a chóipeáil agus a fhoilsiú go neamhdhleathach ar shuíomhanna gréasáin eile. |
An chéad cheist maidir le léiriú Threoir 2000/31
|
127 |
Mar a thugtar faoi deara i míreanna 45 agus 46 den bhreithiúnas seo, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an féidir le hoibreoir margaidh ar líne, ina cháil mar rialaitheoir na sonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, i bhfianaise sárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 5(2) agus Airteagail 24 go 26 agus 32 den Rialachán sin agus na ráitis i míreanna 106 agus 126 den bhreithiúnas seo, brath ar Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31, a bhaineann le dliteanas soláthraithe idirmheánacha. |
|
128 |
Dá bhrí sin, tagann an cheist chun cinn maidir leis an ngaol atá ann idir an dá ionstraim sin de dhlí an Aontais. Go háirithe, ní mór a chinneadh an bhféadfaí dochar a dhéanamh do na rialacha dliteanais dá bhforáiltear le RGCS le hAirteagal 12 go 15 de Threoir 2000/31. |
|
129 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go sonraítear le hAirteagal 1(5)(b) de Threoir 2000/31 nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le ceisteanna a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise a chumhdaítear le Treoracha 95/46 agus 97/66. |
|
130 |
Rinne an Chúirt léiriú ar an bhforáil sin sa chaoi nach mór measúnú a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le rúndacht cumarsáide agus sonraí pearsanta a chosaint i dtaca le RGCS agus Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), a cuireadh in ionad Threoir 95/46 agus Threoir 97/66 faoi seach, ní féidir leis an gcosaint a bhféachtar lena háirithiú le Treoir 2000/31, in aon chás, dochar a dhéanamh do na ceanglais a eascraíonn as RGCS agus as Treoir 2002/58 (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 200 agus an cásdlí dá dtagraitear). |
|
131 |
Leanann sé, go háirithe, nach féidir le tairbhe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31 ar a bhféadfadh oibreoir margaidh ar líne brath ar an bhfaisnéis arna hóstáil ar a shuíomh gréasáin, cur isteach ar chóras RGCS a bhfuil feidhm aige maidir le hoibreoir den sórt sin mar atá ag aon oibreoir eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. |
|
132 |
Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 15 de Threoir 2000/31, ar dá réir nach bhféadfaidh na Ballstáit oibleagáid ghinearálta faireacháin a fhorchur ar sholáthraithe, i ndáil le soláthar na seirbhísí dá dtagraítear, go háirithe, in Airteagal 14 den Treoir sin. Ina theannta sin, ní féidir an oibleagáid atá ar oibreoir margaidh ar líne na ceanglais a eascraíonn as RGCS a chomhlíonadh, in aon chás, a aicmiú mar oibleagáid ghinearálta faireacháin den sórt sin. |
|
133 |
Ar an taobh eile, foráiltear le hAirteagal 2(4) de RGCS go mbeidh an Rialachán sin gan dochar do Threoir 2000/31 agus go háirithe Airteagail 12 go 15 den Treoir sin a bhaineann le dliteanas soláthraithe idirmheánacha. |
|
134 |
Ní mór Airteagal 2(4) a thuiscint sa chaoi nach gcuirtear bac go huathoibríoch ar an oibreoir sin brath ar Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31 maidir le hábhair seachas na hábhair sin a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, mar gheall go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos le RGCS ag an oibreoir sin. |
|
135 |
Leanann sé mar sin ó léamh comhcheangailte ar Airteagal 1(5)(b) de Threoir 2000/31 agus ar Airteagal 2(4) de RGCS, nach féidir cur isteach ar chóras an Rialacháin sin le forálacha na Treorach sin, go háirithe, Airteagal 12 go 15 den Treoir sin. |
|
136 |
I bhfianaise na bhforas uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 1(5)(b) de Threoir 2000/31 agus Airteagal 2(4) de RGCS a léiriú sa chaoi nach féidir le hoibreoir margaidh ar líne, mar rialaitheoir ar na sonraí pearsanta atá i bhfógraí a fhoilsítear ar a mhargadh ar líne, de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, i bhfianaise sárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 5(2) agus Airteagail 24 go 26 agus 32 den Rialachán sin, brath ar Airteagail 12 go 15 den Treoir sin a bhaineann le dliteanas soláthraithe idirmheánacha. |
Costais
|
137 |
Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: Rómáinis.